Féach an leagan Béarla den leathanach seo le do thoil chun an t-eolas is déanaí a fháil.
Is féidir an táille bhliantúil mhaoirseachta a íoc trí cheann de na modhanna íocaíochta a leanas a úsáid:
Is é dochar díreach SEPA an modh íocaíochta atá molta.
Tugann an BCE fógra ar dtús d’fhéichiúnaí táillí faoi íocaíocht dochair dhírigh atá ag teacht aníos, agus ina dhiaidh sin cuireann sé tús le próiseas dochair dhírigh ionas go gcuirfear an táille mhaoirseachta isteach i gcuntas bainc an BCE faoin dáta dlite.
Le croíshainordú dochair dhírigh SEPA, tá an féichiúnaí táillí i dteideal an mhéid seo a leanas:
Sampla den fhoirm chroíshainordú dochar dírigh SEPA
I gcás aistrithe creidmheasa trí SEPA nó TARGET2, tionscnaíonn féichiúnaí táillí íocaíocht na táille maoirseachta faoi dháta dlite. Meastar go bhfuil íocaíocht íoctha laistigh de dháta dlite más rud é gur cuireadh an méid iomlán i gcuntas bainc an BCE laistigh de 35 lá ón bhfógra táillí a eisiúint.
Eisíonn an BCE fógraí táillí maoirseachta gach bliain do gach féichiúnaí táille.
Fógra táillí samplach 2019
Fógra táillí samplach 2018
Fógra táillí samplach 2017
Fógra táillí samplach 2016
Fógra táillí samplach 2015
Mura ndéantar na híocaíochtaí in am nó mura ndéantar iad ina n-iomláine, tá an BCE i dteideal méid úis a ghearradh.
Fabhrófar an méid úis ar bhonn laethúil ar an méid gan íoc ag ráta úis de phríomhráta athmhaoinithe BCE móide 8 bpointe céatadáin in aghaidh na bliana ón dáta ar a raibh an íocaíocht dlite.
Maidir le fiosruithe ginearálta faoin bhfógra táillí, féach le do thoil rannán na gceisteanna coitianta nó téigh i dteagmháil linn ag SSM-fee-enquiries@ecb.europa.eu.