Maoirseacht Eorpach a chur i riocht níos éifeachtúla, níos éifeachtaí agus níos riosca-dhírithe
Bíonn geilleagar atá láidir ag brath ar bhainc chobhsaí. Ó bunaíodh an mhaoirseacht baincéireachta Eorpach, tá bainc sa limistéar euro tar éis éirí níos cobhsaí agus caipitlithe níos fearr, agus leibhéil níos ísle iasachtaí neamhthuillmheacha acu. Tá an creat maoirseachta agus rialála atá ann faoi láthair tar éis cabhrú leis an earnáil baincéireachta a bheith athléimneach go fóill, agus dá réir sin bhí an earnáil in ann seirbhísí a sholáthar i rith an ama do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, lena n-áirítear le linn tréimhsí struis.
Is bunchloch láidir é an méid atá bainte amach ó bhí an ghéarchéim airgeadais dhomhanda ann. Ach tá an timpeallacht ina bhfuil na bainc ag feidhmiú ag athrú go tapa. De réir mar a athraíonn an teicneolaíocht go tapa agus de réir mar a thagann athrú ar an timpeallacht riosca, ní mór don mhaoirseacht a bheith freagrúil agus dul in oiriúint do dhúshláin nua ionas go mbeidh sí chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach agus is féidir. Ní mór na hacmhainneachtaí anailíseacha a bheith ag bainc agus ag maoirseoirí chun gur féidir leo aghaidh a thabhairt ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn. I bhfianaise an mhéid sin, táimid ag obair ar chlár oibre cuimsitheach don athchóiriú chun dul i ngleic le castacht mhíchuí sa mhaoirseacht – ár n-acmhainní á n-athdhíriú againn gan athléimneacht na mbanc a chur i mbaol.
Clár oibre mhaoirseacht baincéireachta na hEorpa don athchóiriú
Tá maoirseacht baincéireachta na hEorpa á cur i riocht níos éifeachtúla, níos éifeachtaí agus níos dírithe ar riosca againn trí bhíthin ceithre thionscnamh thiomnaithe.
Athchóiriú a dhéanamh ar SREP – seiceálacha sláinte rialta na mbanc
I mí Mheán Fómhair 2022, sheol an mhaoirseacht baincéireachta Eorpach athbhreithniú ag saineolaithe neamhspleácha ar an tseiceáil sláinte rialta a dhéanann sí ar na bainc – an Próiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP). Bunaithe ar na moltaí ón athbhreithniú sin, táimid ag cur SREP i riocht níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, agus béim níos mó á leagan againn ar mhaoirseacht rioscabhunaithe. Tá tuilleadh eolais faoi na hathruithe le fáil in Ceisteanna Coitianta ar SREP an lae amárach.
Cuireann athchóiriú SREP le cinntí a rinneadh roimhe seo agus tá sé á chur chun feidhme in imeacht trí bliana (2024-26). Dá bhrí sin, tiocfaidh athrú ar na tairbhí a bhaineann leis le himeacht ama, agus déanfaimid faireachán agus doiciméadú ar dhul chun cinn trí tháscairí amhail tréimhse thimthriall SREP, tréimhse agus soiléireacht chinntí SREP agus faisnéis maidir le cinntí fíorais oscailte.
Tuilleadh eolais faoi athchóiriú SREP:
Na chéad chéimeanna eile den mhaoirseacht: gníomhaíochtaí maoirseachta eile a athchóiriú
Maidir leis an aidhm atá againn a bheith níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, ach a bheith dírithe go hiomlán ar rioscaí go fóill, tá níos mó i gceist léi ná SREP. Trí úsáid a bhaint as taithí maoirseoirí agus aiseolas ó pháirtithe leasmhara seachtracha, tá sé shruth oibre cruthaithe againn lena ndéantar próisis agus nósanna imeachta na maoirseachta a chuíchóiriú tuilleadh.
I gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, is é cuspóir foriomlán gach srutha oibre díriú ar rioscaí ábhartha agus athléimneacht na mbanc a áirithiú agus, anuas air sin, an méid ama a chaitear ar iarrataí agus ar ghnáthchúraimí a laghdú. Cuirfidh sé sin ar ár gcumas acmhainní a dhíriú ar rioscaí nua atá ag teacht chun cinn agus ar réimsí ar mó an imní agus an chastacht a ghabhann leo.
- Feabhas a chur ar an gcinnteoireacht agus leas a bhaint as an digitiú:
-
Táimid ag cur dlús lenár gcinntí maoirseachta le cabhair ó uirlisí digiteacha agus le nós imeachta mear cinnteoireachta. Mar shampla, laghdaíodh meántréimhse na measúnuithe um inniúlacht agus cuibheas, arb iad bunáite mór chinntí BCE iad, go 97 lá in 2024 (i bhfad faoi bhun na sprice 120 lá a leag an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí síos). Tá píolótú á dhéanamh againn freisin ar phróiseas mear chun measúnú a dhéanamh ar aistrithe riosca suntasacha in urrúsuithe, rud a d’fhorbraíomar san idirphlé leis an gCónaidhm Baincéireachta Eorpach. Dá chionn sin tá laghdú á chur ar an méid ama is gá chun measúnú a dhéanamh ar urrúsuithe atá simplí agus caighdeánaithe go leor – gan an athléimneacht a chur i mbaol – ó thrí mhí go deich lá oibre. Maidir le hurrúsuithe casta agus nuálacha, leanfaidh BCE de mheasúnú mionsonraithe a dhéanamh agus de ghrinnscrúdú a dhéanamh ar cé acu a baineadh nó nár baineadh aistriú suntasach riosca amach.
- Samhlacha inmheánacha:
-
Na samhlacha inmheánacha a úsáidtear chun sócmhainní atá ualaithe ó thaobh riosca a ríomh, cabhraíonn siad leis an méid caipitil is gá a bheith ag banc a dhéanamh amach agus, dá bhrí sin, déanann siad difear dá athléimneacht. Dá bhrí sin, ba thosaíocht de chuid SAM ón tús é feabhas a chur ar an tírdhreach samhlacha. Ní mór do mhaoirseoirí úsáid na samhlacha sin a fhormheas roimh ré agus leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidtear iad, lena n-áirítear i gcás athruithe (ábharacha). Táimid ag féachaint ar bhealaí chun na próisis mhaoirseachta a bhaineann le samhlacha inmheánacha a chuíchóiriú. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Údarás Baincéireachta Eorpach ar a chaighdeáin theicniúla rialála maidir le haicmiú na n-athruithe ar shamhlacha; is deis mhaith é seo líon na n-athruithe ábhartha ar shamhlacha a bhfuil formheas maoirseachta ag teastáil ina leith a laghdú.
- Tástálacha struis:
-
Úsáidtear tástálacha struis maoirseachta chun measúnú a dhéanamh ar chumas na mbanc déileáil le suaití airgeadais agus eacnamaíocha. Cuidíonn na torthaí linn teacht ar leochaileachtaí agus aghaidh a thabhairt orthu go luath san idirphlé maoirseachta leis na bainc. Is mian linn feabhas a chur ar thástálacha struis – i ndlúthchomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach nuair is gá – trí dheireadh a chur le próisis atá casta agus dian ar acmhainní gan ghá. Dá chionn sin, beimid in ann déileáil níos tapúla le rioscaí a thagann chun cinn, agus laghdófar freisin na ceanglais tuairiscithe a bhaineann le tástáil struis agus na costais chomhlíontachta a bhíonn ar na bainc.
- Cinntí a bhaineann le caipiteal:
-
Tá caipitliú leordhóthanach ríthábhachtach don tsábháilteacht agus don fhóntacht. Glacann na bainc rioscaí chucu féin agus d’fhéadfaidís caillteanais a fhulaingt má thagann rioscaí i gcrích. Ní mór dóibh a bheith in ann caillteanais den sórt sin a ionsú ionas gur feidir leo leanúint ar aghaidh ag freastal ar a gcliaint le linn tréimhsí cruatain. Mar gheall ar an ról tábhachtach sin, ní mór formheas maoirseachta a dhéanamh ar chinntí áirithe a bhaineann le caipiteal. Déanfaimid ár nósanna imeachta inmheánacha le haghaidh cinntí a bhaineann le caipiteal, amhail formheas ar aischeannach scaireanna, níos rioscabhunaithe agus níos tapúla, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha. I gcás na mbanc, is éard a bheidh i gceist leis sin treoir mhaoirseachta níos soiléire, teimpléid níos caighdeánaithe agus tréimhsí níos tapúla chun na tascanna a chur i gcrích.
- Tuairisciú:
-
Chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar rioscaí agus an rialáil a fhorfheidhmiú, bíonn faisnéis ábhartha de dhíth ar na maoirseoirí — faisnéis a bhailítear trí thuairisciú caighdeánaithe de ghnáth. Tá forbairt tagtha ar chreat tuairiscithe na mbanc le himeacht ama; is léiriú é sin ar na riachtanais a ghabhann le réimsí éagsúla beartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. I bhfianaise creat tuairiscithe atá casta, tá mapáil á déanamh againn ar thimpeallacht an tuairiscithe agus an nochta stuamachta do bhainc shuntasacha agus do bhainc ar lú a suntas, agus sainorduithe náisiúnta agus Eorpacha á gcur san áireamh againn. Cuideoidh sé sin linn teacht ar fhorluí, ar cheanglais atá as dáta agus ar réimsí inar féidir tuairisciú a chuíchóiriú.
- Cigireachtaí ar an láthair:
-
Is uirlis ríthábhachtach iad cigireachtaí le haghaidh maoirseacht baincéireachta. Is éard atá i gceist leo mionanailís ar rioscaí éagsúla, ar chórais rialaithe inmheánaigh, ar shamhlacha gnó nó ar shocruithe rialachais. De thoradh na gcigireachtaí cuirtear faisnéis mhionsonraithe ar fáil maidir le staid bainc ar leith, lena n-áirítear anailís réamhbhreathnaitheach. Táimid ag cur feabhas ar éifeachtúlacht na gcigireachtaí ar an láthair, lena n-áirítear ag céim na pleanála, ag céim an chur i bhfeidhm agus ag céim na hoibre leantaí. Glacfaimid cur chuige níos rioscabhunaithe nuair a bheidh scóip agus déine na gcigireachtaí ar an láthair á sainiú againn.
Measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na maoirseachta
Cuid ríthábhachtach dár gclár oibre don athchóiriú is ea measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na maoirseachta. Ach tá breis táscairí airgeadais de dhíth orainn chun éifeachtacht na maoirseachta a thuiscint. Mar shampla, is féidir le cóimheasa airgeadais bainc feabhsú ar roinnt cúiseanna, lena n-áirítear dálaí maicreacnamaíocha níos fearr. Chun na tosca sin a scagadh i gceart, tá ár gcuid uirlisí anailíse á bhfeabhsú againn d’fhonn éifeachtacht na maoirseachta a mheas ar bhealach níos fearr.
Measúnú rialta
Tá measúnú rialta ar éifeachtacht na maoirseachta ina chuid dhílis anois dár bpróiseas bliantúil pleanála. Cuirtear béim sa phróiseas sin ar thorthaí intomhaiste agus cinntítear dá réir go mbíonn ár n-iarrachtaí dírithe ar thorthaí agus go mbíonn tionchar acu. Agus de bharr cur chuige nua cisealta chun obair leantach a dhéanamh ar thorthaí agus ar bhearta, is féidir linn déileáil ar bhealach níos éifeachtaí leis na saincheisteanna is criticiúla.
Cultúr maoirseachta riosca-dhírithe a chothú
Oibríonn BCE agus na maoirseoirí náisiúnta le chéile chun maoirseacht baincéireachta Eorpach a chur i gcrích. Sna Comhfhoirne Maoirseachta tagann baill foirne ó BCE agus ó na húdaráis náisiúnta le chéile chun maoirseacht a dhéanamh ar bhainc shuntasacha, agus déanann na húdaráis náisiúnta maoirseacht ar bhainc ar lú a suntas faoi mhaoirseacht BCE.
Chun ár gclár oibre don athchóiriú a chur i gcrích, táimid ag cothú cultúr maoirseachta rioscabhunaithe ar fud an chórais ar fad, ag cumhachtú na mbuíon foirne chun a mbreithiúnas féin a chur i gcion ar na ceisteanna atá le socrú agus cinneadh a dhéanamh maidir leis na nithe ar cheart aird mhaoirseachta a dhíriú orthu.
D’fhonn feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht i maoirseacht baincéireachta na hEorpa trí chéile, tá tionscnamh tiomnaithe seolta againn chun athrú cultúir a chur chun tosaigh go fuinniúil. Táimid ag díriú ar chultúr maoirseachta a fhorbairt atá níos comhtháite, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, agus atá bunaithe ar riosca. De thoradh cultúr aontaithe maoirseachta, neartófar ár gcuid maoirseachta agus beidh próisis níos rianúla ann do na bainc.