Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An tAontas Baincéireachta agus an Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais a thuiscint

Cad é an t-aontas baincéireachta?

Is creat institiúideach é an t-aontas baincéireachta. Is é is aidhm leis an aontas a chinntiú go bhfeidhmíonn bainc faoi sraith aonair rialacha. Tá an t-aontas baincéireachta comhdhéanta den Sásra Maoirseachta Aonair, an Sásra Réitigh Aonair agus córas scéimeanna ráthaithe taiscí náisiúnta comhchuibhithe.

Cén fáth a bhfuil gá leis an aontas baincéireachta? 

Bhí laigí in earnáil bancéireachta na hEorpa nochta ag an ngéarchéim airgeadais 2008 agus ag an ngéarchéim fiachais cheannasaigh ina dhiaidh. Dá thoradh seo, cruthaíodh an t-aontas baincéireachta. Is céim ríthábhachtach é i dtreo córas baincéireachta níos láidre, níos aontaithe agus trédhearcach – agus ar an gcaoi sin i dtreo fíor-Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

An t-aontas baincéireachta – forléargas

Tá trí cholún ag an aontas baincéireachta:

An Sásra Maoirseachta Aonair

Is córas maoirseachta ar bhaincéireacht don Eoraip é an Sásra Maoirseachta Aonair. Cuimsítear ann an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis náisiúnta maoirseachta ó na tíortha rannpháirteacha.

Tuilleadh eolais maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair
An Sásra Réitigh Aonair

Is é is feidhm leis an Sásra Réitigh Aonair ná réiteach éifeachtúil a chinntiú le haghaidh bainc a bhfuil ag teip orthu, leis na costais is lú is féidir don cháiníocóir agus don fhíorgheilleagar. Tá ról freagrach mar mhaoirseoir ag an BCE le cinneadh a dhéanamh go bhfuil banc ag cliseadh nó gur dhócha go gclisfeadh sé.

Faigh tuilleadh eolais maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair
An Scéim Eorpach Árachais Taiscí

Chinnteodh Scéim Eorpach Árachais Taiscí go gcosnófar gach taisce go cothrom beag beann suíomh an bhainc sa limistéar euro. Tá an scéim fós ag céim an togra faoi láthair. Beidh ar Pharlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, comhlachtaí reachtacha an Aontais, an togra seo a ghlacadh chun an scéim seo a fhíorú.

Tuilleadh eolais faoin Scéim Eorpach Árachais Taiscí

Conas is féidir linn earnáil baincéireachta níos comhtháithe a bheith againn?

  • An Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú. Chuirfeadh sé sin árachas níos láidre agus níos aonfhoirmí ar fáil do thaisceoirí ar fud an limistéir euro. Cabhródh sé le níos mó éileamh trasteorann a chothú freisin.
  • Comhdhlúthú trasteorann a spreagadh. Is féidir le bainc a bheith níos costéifeachtaí agus a neamhchosaint ar rioscaí a roinnt. Má tá banc i dtír atá rannpháirteach san aontas baincéireachta ag iarraidh leas mór de bhanc eile a fháil nó cumasc a dhéanamh, beidh ar an mBanc Ceannais Eorpach, mar mhaoirseoir baincéireachta Eorpach, aon athruithe a fhormheas. Tugaimid sealúchas cáilitheach ar an leas mór seo.

Cad é an Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais?

Is gréasán é an Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA) atá deartha chun maoirseacht airgeadais chomhsheasmhach agus iomchuí a chinntiú ar fud an Aontais. Tá sé dírithe ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna), an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta.

Tá trí UMÉ ann: 

Is maoirseoir baincéireachta Eorpach é an Banc Ceannais Eorpach. Oíbríonn sé go dlúth leis na trí UMÉ, go háirithe an ÚBE.

Cad a dhéanann an Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais?

Cumhdaíonn CEMA maoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal agus maoirseacht stuamachta ar an micrileibhéal araon.


Maoirseacht mhacrastuamachta Maoirseacht mhicreastuamachta
Céard é féin? Formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcóras airgeadais ina iomláine chun rioscaí don chóras airgeadais a chosc nó a mhaolú. Maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais aonair, amhail bainc, cuideachtaí árachais nó cistí pinsin.
Cé atá freagrach? An Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), atá lonnaithe in oifigí an Bhainc Ceannais Eorpaigh in Frankfurt am Main, an Ghearmáin. Na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna). Áirítear orthu sin an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ceirde agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.
Conas a dhéantar é?

Athníonn BERS rioscaí sistéamacha. Eisíonn BERS rabhaidh agus tugann sé moltaí maidir le conas dul i ngleic leo. Déanann BERS seo i gcomhar leis na ÚMEnna agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Oibríonn ÚMEnna chun maoirseacht airgeadais san Aontas a chomhchuibiú. Déanann siad seo trí leabhar rialacha aonair, sraith caighdeán stuamachta d’institiúidí airgeadais, a choinneáil. Déanann ÚMEnna cinnte go bhfuil na rialacha seo curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach chun cothrom iomaíochta a chruthú.

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht