Míniú ar mhaoirseacht baincéireachta
AR AN LEATHANACH SEO
Cuirimid topaicí casta i láthair ar bhealach sothuigthe inár mínithe
Tuilleadh eolais faoi Mhaoirseacht Baincéireachta BCE. Is féidir é sin a dhéanamh gan stró leis na téacsanna, na físeáin agus na grafaicí eolais a chuirimid i láthair. Lean na conairí foghlama agus tiocfaidh tú ar thuiscint mhaith ar cé muid féin, ar an méid a dhéanaimid agus ar an bhfáth a bhfuil sé tábhachtach duitse.
Ar mhaith leat tosú leis na bunphrionsabail? Cuirfidh tú spéis in Eolas a fháil ar na príomhchoincheapa.
Fonn ort tuilleadh a fháil amach faoin méid a dhéanaimid agus conas a dhéanaimid é? Ar aghaidh leat chuig Ár stór focal a thuiscint nó An méid a dhéanaimid a fháil amach.
Nó de rogha air sin, d’fhéadfá spléachadh a thabhairt ar Na mionphointí a chíoradh.
Ag lorg rud éigin ar leith? Féach ar liosta na mínitheoirí!
Céard is sealúchas cáilitheach ann?
Ceann de na cúraimí atá orainn ná measúnú a dhéanamh ar éadálacha beartaithe a dhéantar ar “shealúchais cháilitheacha” i mbanc. Déanann an Banc Ceannais Eorpach na cinntí sin mar chuid de na nósanna imeachta coiteanna a bhfuil feidhm acu maidir le gach banc a thagann faoin maoirseacht baincéireachta Eorpach.
Céard is sealúchas cáilitheach ann?Cad is íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ann?
Is beart forfheidhmiúcháin iad íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla – is féidir le BCE úsáid a bhaint astu chun iallach a chur ar na bainc ceanglais atá leagtha amach i gcinntí nó i rialacháin mhaoirseachta a chomhlíonadh. Má fhorchuirtear iad, caithfidh an banc pionós a íoc in aghaidh gach lae nach gcomhlíonann sé ceanglas, ar feadh uastréimhse sé mhí.
Conas a dhéanaimid íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur?Roghnaigh do chonair féin chun tuilleadh a fhoghlaim faoi mhaoirseacht baincéireachta sa Bhanc Ceannais Eorpach
Eolas a fháil ar na príomhchoincheapa
Ár stór focal a thuiscint
An méid a dhéanaimid a fháil amach
Na mionphointí a chíoradh
TUILLEADH EOLAIS UAIT?
Tuilleadh eolais faoi Mhaoirseacht Baincéireachta BCE
Féach ar an leathanach ‘‘Eolas fúinn’’
Oibrímid chun an córas baincéireachta a choinneáil slán sábháilte, ionas gur féidir leat a bheith cinnte go mbeidh dea-chuma ar do bhanc i gcónaí agus é a bheith in ann iasachtaí a thabhairt do dhaoine agus do ghnólachtaí.
Eolas fúinnAg obair sa Bhanc Ceannais Eorpach
Tá daoine fiosracha á lorg againn. Measaimid go bhfuil an ilchineálacht luachmhar agus bímid sa tóir ar dhaoine ó chúlraí éagsúla ar mian leo dul chun cinn a dhéanamh mar ghairmithe i dtimpeallacht dhinimiciúil agus ilchultúrtha atá á treorú ag sonraí. Anseo sa Bhanc Ceannais Eorpach, féadfaidh tú difear a dhéanamh do shaol mhuintir na hEorpa.
Ag obair sa Bhanc Ceannais Eorpach