Eolas fúinn
Glacaimidne páirt chun an córas baincéireachta a choinneáil slán sábháilte san Eoraip
Is rud tábhachtach do shaoránaigh na hEorpa fios a bheith acu go bhfuil a gcuid airgid sa bhanc sábháilte agus go bhfuil bainc láidir go leor chun géarchéimeanna a sheasamh. Déanaimid seo trí mhaoirseacht a dhéanamh ar bhainc ar bhealach seasmhach agus caighdeánaithe ar fud an limistéir euro.
Oibrímid chun an córas baincéireachta a choinneáil slán sábháilte, ionas gur féidir leat a bheith cinnte go mbeidh dea-chuma ar do bhanc i gcónaí agus é a bheith in ann iasachtaí a thabhairt do dhaoine agus do ghnólachtaí.
Míniú ar an maoirseacht baincéireachta Eorpach
Cén chaoi a n-oibríonn maoirseacht baincéireachta agus céard a dhéanaimid?
Foghlaim tuilleadh ón bhfíseán dhá nóiméad seo
Ag obair le chéile chun formhaoirseacht a dhéanamh ar bhainc
Oibrímid le maoirseoirí náisiúnta chun maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar bhainc móra, shuntasacha. Oibrímid i ndlúthchomhar freisin le maoirseoirí náisiúnta chun formhaoirseacht a dhéanamh ar bhainc bheaga ar lú a suntas i ngach tír. Tarlaíonn seo laistigh de struchtúr ar a dtugtar an Sásra Maoirseachta Aonair air.
Foghlaim faoi na bainc a ndéanaimid maoirseacht orthuAn t-aontas baincéireachta
Tá maoirseacht baincéireachta Eorpach ar cheann de na trí cholún atá san aontas baincéireachta a bunaíodh tar éis ghéarchéim airgeadais 2008 agus é mar aidhm leis margadh níos sábháilte, níos trédhearcaí agus níos aontaithe a chruthú do bhainc. Tá dhá cholún i bhfeidhm: Maoirseacht baincéireachta Eorpach agus An Sásra Réitigh Aonair.
Tuilleadh eolais faoin aontas baincéireachtaTáimid cuntasach do shaoránaigh na hEorpa
Is freagracht mhór í maoirseacht a dhéanamh ar bhainc. Ní mór dúinn a bheith in ann cinntí a dhéanamh go neamhspleách chun an cúram seo a bhaint amach. Táimid go hiomlán cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh, áfach, agus tugaimid tuairiscí rialta ar ár gcinntí.
Foghlaim tuilleadh faoi chuntasacht sa Bhanc Ceannais EorpachStair maidir leis an maoirseacht baincéireachta Eorpach
Ó thosaíomar ag déanamh maoirseacht ar bhainc na hEorpa níos mó ná deich mbliana ó shin, tháinig laghdú ar líon na n-iasachtaí neamhthuillmheacha, cobhsaíocht ar bhainc, agus feabhas ar an gcaoi a láimhseálann na bainc le dúshláin thimpeallacht riosca atá ag athrú.
Féach ar ár ngarspriocanna maoirseachtaÁr n-eagraíocht
Ní hionann cúraimí maoirseachta BCE agus cúraimí beartais airgeadaíochta BCE agus déantar iad ar leithligh. Tá an Bord Maoirseachta atá againn freagrach as cinntí a dhéanamh agus topaicí a bhaineann lenár n-obair mhaoirseacht baincéireachta a stiúradh. Mar sin féin, amhail gach cinneadh BCE, ní mór dár gComhairle Rialaithe aon chinneadh a fhormheas sula mbeadh siad críochnaitheach.
Léigh tuilleadh faoinár struchtúr agus ceannaireachtAn bhfuil spéis agat a bheith ag obair linn?
Ar mhaith leat chur lenár misean agus bainc na hEorpa a choinneáil slán sábháilte? An bhfuil fonn ort a bheith mar chuid d’fhoireann idirnáisiúnta agus éagsúil?
Féach tuilleadh faoi bheith ag obair leis an mBanc Ceannais EorpachDéan teagmháil linn
An bhfuil aon cheist agat faoin maoirseacht baincéireachta Eorpach agus faoin méid a dhéanaimid? Féach ar fhreagraí ar na ceisteanna is coitianta a fhaighimid nó seol do cheist féin chugainn.