Cé sinne
Táimid mar chuid de chóras maoirseacht ar bhaincéireacht don Eoraip ar a dtugtar an Sásra Maoirseachta Aonair air. Cuimsítear ann – an Banc Ceannais Eorpach – agus údaráis mhaoirseachta náisiúnta na dtíortha rannpháirteacha.
Cad é an cúram atá orainn?
Is é an cúram atá orainn sábháilteacht agus cobhsaíocht an chórais baincéireachta Eorpaigh a áirithiú. Oibrímid chun comhtháthú agus cobhsaíocht airgeadais a méadú freisin.
Conas a bhainimid an cúram seo amach?
Déanaimid ár maoirseacht agus cinntímid go gcaitear le bainc ar bhealach comhsheasmhach. Déanaimid ár gcúraimí ar an mbonn sin. Tá cigireachtaí ar an láthair, imscrúduithe inmheánacha ar shamhlacha, athbhreithnithe spriocdhírithe agus iarratais ar údarú ar fad mar chuid dár gcuid oibre.
Féach ar ár ngníomhaíochtaí maoirseachtaTáimid níos láidre trí bheith ag obair le chéile
Tá maoirseacht baincéireachta Eorpach ar cheann de na trí cholún atá san aontas baincéireachta. Is iad an Sásra Réitigh Aonair agus an Scéim Eorpach Árachais Taiscí an dá cholún eile. Ar mhaithe le córas airgeadais láidir agus bearnaí sa chreat réitigh a dhúnadh, tá sé tábhachtacht an t-aontas baincéireachta a chríochnú.
Tuilleadh eolais faoin aontas baincéireachtaTáimid freagrach daoibh
Táimid freagrach d’údaráis Eorpacha agus náisiúnta agus daoibh – muintir na hEorpa. Táimid tiomanta go hiomlán go gcomhlíonaimid leis an reachtaíocht ábhartha. Agus go ndéanaimid ár gcuid oibre a chur in iúl go héifeachtúil.
Léigh ár dtuarascáil bhliantúil chun tuilleadh eolais a fháil faoinár ngníomhaíochtaíTuilleadh eolais uait?
Má tá tuilleadh eolais uait maidir linn agus conas a n-oibríonn maoirseacht baincéireachta Eorpach, caith súil ar ár gceisteanna coitianta.
Caith súil ar ár gceisteanna coitiantaAn bhfuil fonn ort cur le do chuid eolais maidir le maoirseacht baincéireachta Eorpach? Féach ar ár quiz ar Kahoot!