Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cuntasacht

Mar phríomhúdarás maoirseachta baincéireachta na hEorpa, ní mór dúinn a bheith in ann ár gcinntí maoirseachta a mhíniú. Áirithítear le creat cuntasachta cuimsitheach go bhfuil na cinntí sin trédhearcach, dlisteanach, neamhspleách agus faoi réir grinnscrúdú iomchuí.

Táimid freagrach as an gcaoi a ndéanaimid ár gcúraimí maoirseachta faoin Sásra Aonair Mhaoirseachta (SAM), an córas maoirseachta baincéireachta san Eoraip. 

Ár gcreat cuntasachta

Faoi Airteagal 20 de Rialachán SAM, tá Maoirseacht Baincéireachta BCE cuntasach do Pharlaimint na hEorpa, áit a ndéantar ionadaíocht ar leasanna shaoránaigh an Aontais, agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a dhéanann ionadaíocht ar rialtais Bhallstáit uile an Aontais, agus trí roinnt bealaí eile chomh maith.

Tá an-tábhacht ag baint leis an gcreat cuntasachta a choinneáil agus a chur i bhfeidhm go hiomlán, creat a leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe sna nithe seo a leanas:

Thar na blianta, leathnaíomar ár n-idirghníomhaíochtaí le Parlaimint na hEorpa thar cheanglais an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh, rud a léiríonn an tiomantas atá againn don chuntasacht.

Ár bpríomhbhealaí cuntasachta

Éisteachtaí agus malartuithe tuairimí

Freastalaíonn Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta go rialta ar éisteachtaí agus ar mhalartú tuairimí os comhair Choiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON) agus sa Ghrúpa Euro chun nuashonruithe a sholáthar maidir le hobair mhaoirseachta BCE. Is féidir le parlaimintí náisiúnta cuireadh a thabhairt freisin don Chathaoirleach nó do chomhalta eile den Bhord Maoirseachta in éineacht le hionadaí ón maoirseoir náisiúnta.

Ceisteanna i scríbhinn

Is féidir le Parlaimint na hEorpa agus leis an nGrúpa Euro ceisteanna i scríbhinn a chur faoi bhráid Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta. Foilsíonn BCE na freagraí ar na ceisteanna sin ar a shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta. Is féidir le parlaimintí náisiúnta a iarraidh ar BCE freisin freagra a thabhairt ar aon bharúlacha nó ar aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith acu.

Tuarascálacha bliantúla

Cuireann BCE tuarascálacha bliantúla atá ar fáil go poiblí maidir leis an gcaoi ar chuir sé a chúraimí maoirseachta i gcrích faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an Choimisiúin Eorpaigh, an Ghrúpa Euro agus pharlaimintí náisiúnta na mBallstát atá rannpháirteach in SAM. Cuirtear gach tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Ghrúpa Euro.

Cuairteanna neamhfhoirmiúla ar BCE

Gach bliain, cuireann Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta – in éineacht le comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin – fáilte roimh thoscaireacht Choiste ECON ag BCE. Sa chomhthéacs sin, óstálann an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach plé neamhfhoirmiúil ar shaincheisteanna i réimsí inniúlachta Mhaoirseacht Baincéireachta BCE.

Comhroinnt rialta doiciméad

Roinneann BCE gníomhartha dlí BCE le Coiste ECON Pharlaimint na hEorpa chun barúlacha a fháil má bhíonn siad faoi réir nós imeachta comhairliúcháin phoiblí ina dhiaidh sin. Tugann sé cuntas cuimsitheach fóinteach don Choiste freisin ar na cruinnithe uile den Bhord Maoirseachta.

Bealaí eile 

Tuarascálacha iniúchóireachta

Féadfaidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchtaí a dhéanamh ar éifeachtúlacht oibríochtúil chúraimí maoirseachta BCE. Foilsítear freagraí BCE ar na barúlacha sa tuarascáil iniúchóireachta in iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil.

Athbhreithnithe riaracháin agus breithiúnacha

Is féidir le bainc agus daoine aonair cur in aghaidh chinntí maoirseachta BCE a dhéanann difear díreach dóibh trína iarraidh ar an mBord Riaracháin Athbhreithnithe athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar chomhlíonadh an chinnidh leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha. Is féidir cinntí atá faoi chonspóid a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh freisin.

Dearbhuithe chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta

Dearbhaíonn comhaltaí an Bhoird Maoirseachta a leasanna ar bhonn bliantúil. Áirítear sna dearbhuithe sin faisnéis faoina ngníomhaíocht ghairme roimhe seo, a ngníomhaíochtaí príobháideacha, a sainorduithe oifigiúla agus a leasanna airgeadais, chomh maith le faisnéis faoi aon ghníomhaíocht ghairme shochrach atá ag a gcéile nó a bpáirtí a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar imní maidir le coinbhleacht leasa.

FÉACH FREISIN

Tuilleadh eolais faoi ábhar gaolmhar

Gach leathanach sa rannóg seo