An t-athrú aeráide, caillteanas an dúlra agus maoirseacht baincéireachta
Is foinsí riosca airgeadais iad an t-athrú aeráide agus caillteanas an dúlra
Bíonn tionchar ag na géarchéimeanna aeráide agus dúlra ar shábháilteacht ár n-earnáil baincéireachta trí rioscaí fisiciúla agus aistrithe. Áirítear sna rioscaí fisiciúla, mar shampla, teagmhais adhaimsire. Eascraíonn na rioscaí aistrithe as na hathruithe a dhéanaimid agus muid ag dul chuig geilleagar ísealcharbóin.
Mar mhaoirseoir baincéireachta na hEorpa, oibrímid chun a chinntiú go ndéanann bainc rioscaí a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh i gceart. Áirítear orthu sin rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide agus as caillteanas an dúlra. Cuidíonn sé sin leis na bainc a bheith níos athléimní. Cuireann sé mar sin le sábháilteacht earnáil baincéireachta an limistéir euro agus an chórais airgeadais ina iomláine.
Treoir maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil
Cén chaoi go díreach a bhfuilimid ag súil go ndéanfaidh bainc rioscaí airgeadais aeráide a bhainistiú agus a nochtadh? Cuirimid míniú mionsonraithe ar fáil inár dtreoir mhaoirseachta.
Léigh an phreaseisiúintCeann de na tosaíochtaí maoirseachta atá againn
Athníonn ár dtosaíochtaí maoirseachta rioscaí aeráide agus comhshaoil mar phríomh-leochaileacht do bhainc. Déanann na tosaíochtaí cur síos ar an gcaoi a dtabharfaimid aghaidh ar an tsaincheist seo inár ról mar mhaoirseoir.
Féach ar ár dtosaíochtaí maoirseachta do 2025-27AN BHFUIL AN SCÉAL IS DÉANAÍ UAIT MAIDIR LEIS AN ATHRÚ AERÁIDE?
GHEOBHAIDH TÚ THÍOS É
An bhfuil bainc ullmhaithe go leordhóthanach?
Bíonn tionchar ag aistriú chuig geilleagar dícharbónaithe ar phunann creidmheasa na mbanc. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nach mbeadh cuideachtaí nach bhfuil bearta á ndéanamh acu chun a ngníomhaíochtaí a oiriúnú chomh hiomaíoch céanna amach anseo. Agus na cuideachtaí sin á maoiniú acu, ní mór do bhainc riosca creidmheasa méadaithe a chur san áireamh.
Faigh tuilleadh eolais faoi neamhchosaint na mbanc ar rioscaí aistritheNí mór do bhainc gníomhú
Ní mór do na bainc dlús a chur lena n-iarrachtaí rioscaí aeráide agus comhshaoil a thomhas agus a bhainistiú. Tá spriocdhátaí leagtha síos againn do na bainc chun é sin a dhéanamh, bunaithe ar ár n-ionchais mhaoirseachta.
Léigh an phreaseisiúintTorthaí thástáil struis 2022 ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid
Léiríodh sa chéad tástáil struis maidir le riosca aeráide go raibh roinnt dul chun cinn déanta ag na bainc. Tá siad fós ag titim ar gcúl i roinnt réimsí.
Féach ar an bpreaseisiúintDea-chleachtais do bhainc
Tá nuashonrú déanta againn ar ár gcoimre dea-chleachtas maidir le bainistiú riosca a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra. Cuidíonn sé leis na bainc ailíniú lenár n-ionchais mhaoirseachta. Chun a chinntiú go bhfuil an choimre úsáideach do bhainc bheaga agus do bhainc nach bhfuil chomh neamhchosanta céanna freisin, léirímid dea-chleachtais a mbaineann leibhéil éagsúla sofaisticiúlachta leo.
Féach ar na dea-chleachtaisAn t-athrú aeráide agus an Banc Ceannais Eorpach
Mar bhanc ceannais agus mar mhaoirseoir, bíonn tionchar suntasach ag an athrú aeráide ar ár bhfreagrachtaí go léir. Sin an fáth go bhfuilimid ag gníomhú i ngach réimse chun ár gcuid féin a dhéanamh chun dul i ngleic leis an dúshlán domhanda seo.
Gníomhaíochtaí eile BCE maidir leis an athrú aeráide