Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ceisteanna coitianta

Roinn 1 – Cé muid féinRoinn 2 – An chaoi a n-oibríonn ár maoirseachtRoinn 3 – Leanúint de bheith cuntasachRoinn 4 – Cosaint tomhaltóirí

Roinn 1 – Cé muid féin

Céard é an Sásra Aonair Maoirseachta?

Is é an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) an córas maoirseachta baincéireachta san Eoraip. Tá sé ar cheann de na trí cholún atá san aontas baincéireachta ina bhfuilimid féin – an Banc Ceannais Eorpach – agus údaráis mhaoirseachta náisiúnta na dtíortha uile atá sa limistéar euro.

Is iad seo a leanas príomhaidhmeanna SAM:

  • sábháilteacht agus cobhsaíocht an chórais baincéireachta Eorpaigh a áirithiú;
  • an comhtháthú airgeadais agus an chobhsaíocht airgeadais san Eoraip a neartú.

Cén fáth a bhfuil gá le maoirseacht baincéireachta Eorpach?

Léirigh géarchéimeanna airgeadais a thapa agus a láidre is féidir le fadhbanna in earnáil airgeadais tíre amháin leathadh go tír eile, go háirithe in aontas airgeadaíochta amhail an limistéar euro. Is féidir leis na fadhbanna sin tionchar díreach a imirt ar shaoránaigh agus ar a gcuid airgid.

Oibrímid chun an córas airgeadais a chosaint agus muinín a choinneáil in earnáil baincéireachta na hEorpa. Lenár sásra comhchoiteann maoirseachta Eorpach, déanaimid maoirseacht sna tíortha rannpháirteacha uile ar bhealach comhsheasmhach.

Cé na tíortha atá rannpháirteach sa mhaoirseacht baincéireachta?

Úsáideann 21 tír an euro agus glacann siad páirt sa mhaoirseacht baincéireachta Eorpach go huathoibríoch. Is féidir le tíortha an Aontais nach bhfuil an euro mar airgeadra acu cinneadh a dhéanamh páirt a ghlacadh ann freisin trí “dhlúthchomhar” leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach meabhráin tuisceana a thabhairt i gcrích le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta thíortha an Aontais nach bhfuil rannpháirteach sa mhaoirseacht agus le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na dtíortha sin nach bhfuil san Aontas chun comhordú a dhéanamh ar mhaoirseacht na mbanc ábhartha agus ar a bhfochuideachtaí agus a mbrainsí trasteorann.

Roinn 2 – An chaoi a n-oibríonn ár maoirseacht

Cad é an ról beacht atá ag an mBanc Ceannais Eorpach?

maoirseacht á déanamh againn ar na bainc is mó san Eoraip ó mhí na Samhna 2014 i leith. Déanaimid seo trí:

  • ceadúnais na mbanc uile sna tíortha rannpháirteacha a dheonú agus a aistarraingt;
  • fáil agus diúscairt sealúchas sna bainc a mheasúnú;
  • a áirithiú go gcomhlíonann na bainc na ceanglais stuamachta uile a leagtar síos i rialacha baincéireachta an Aontais agus, i gcás inar gá, ceanglais stuamachta níos airde a leagan síos do na bainc chun an chobhsaíocht airgeadais a chosaint;
  • faireachán a dhéanamh ar rioscaí na mbanc ar bhonn rialta chun a bhfóntacht airgeadais agus a gcobhsaíocht airgeadais a thomhas;
  • a chinntiú go bhfuil bainistiú éifeachtach agus próisis fhónta chinnteoireachta i bhfeidhm ag na bainc.

Conas a oibrímid?

Déanann an Bord Maoirseachta cúraimí maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh a phleanáil agus a chur i gcrích. Áirítear orthu sin treoir a ullmhú do na bainc agus cinntí maoirseachta a ghlacadh, a ndéanann an Chomhairle Rialaithe, príomhchomhlacht cinnteoireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, iad a ghlacadh ansin, faoi nós imeachta neamhagóide.

Is iad na Comhfhoirne Maoirseachta a dhéanann maoirseacht ar na bainc shuntasacha ó lá go lá. Déanann foirne cothrománacha saineolaithe cigireachtaí ar an láthair agus lasmuigh den láthair agus forbraíonn siad modheolaíochtaí maoirseachta agus treoracha faoi ábhair ar leith nó réimsí riosca ar leith.

Cad iad na Comhfhoirne Maoirseachta?

Comhfhoirne Maoirseachta (JSTanna) ar cheann de na príomhchineálacha comhair idir an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta. I gcás gach banc suntasach, bunaímid foireann ar a mbíonn baill foirne de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus na maoirseoirí náisiúnta. Déanann an Banc Ceannais Eorpach comhordú ar an bhfoireann le cuidiú ó gach maoirseoir náisiúnta.

Déanann a JSTanna maoirseacht leanúnach ar na bainc shuntasacha; díríonn siad ar anailís riosca agus molann siad cláir mhaoirseachta agus gníomhaíochtaí iomchuí do na bainc.

Cé na bainc a ndéanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht orthu?

Maoirseacht dhíreach

Déanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht dhíreach ar níos mó ná 100 banc suntasach, arb ionann iad agus thart ar 85% de na sócmhainní baincéireachta iomlána sna tíortha rannpháirteacha.

Meastar go bhfuil bainc suntasach bunaithe ar an méid seo a leanas:

  • a méid – bainc a bhfuil luach iomlán sócmhainní os cionn €30 billiún acu nó atá ar cheann de na trí bhanc is mó i dtír;
  • an tábhacht a bhaineann leo do gheilleagar na tíre ina bhfuil siad lonnaithe nó don Aontas ina iomláine;
  • tábhacht a ngníomhaíochtaí trasteorann;
  • ar iarr siad nó an bhfuair siad cúnamh airgeadais go díreach ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach nó ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais.
Féach cé na bainc a ndéanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht dhíreach orthu

Maoirseacht indíreach

Déanann na maoirseoirí náisiúnta maoirseacht dhíreach ar níos mó ná 2,000 banc ar lú a suntas sa limistéar euro agus déanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht indíreach orthu. Mar sin féin, is féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach a chinneadh am ar bith maoirseacht dhíreach aon cheann de na bainc sin a ghlacadh chuige féin chun a áirithiú go gcuirfear ardchaighdeáin mhaoirseachta i bhfeidhm go comhsheasmhach.

Conas is féidir liom sárú ar dhlí an Aontais maidir le maoirseacht baincéireachta a thuairisciú?

Moltar duit aon sárú amhrasta ar dhlíthe an Aontais a bhaineann le cúraimí maoirseachta BCE a thuairisciú don Bhanc Ceannais Eorpach. Áirítear leis sin aon sárú a líomhnaítear a rinne bainc faoi mhaoirseacht, maoirseoirí náisiúnta nó an Banc Ceannais Eorpach féin. Láimhsealfar faoi rún daingean an fhaisnéis go léir a chuirfear ar fáil.

Roinn 3 – Leanúint de bheith cuntasach

Conas atá an Banc Ceannais Eorpach cuntasach as an maoirseacht a dhéanann sé?

Tá roinnt socruithe cuntasachta i bhfeidhm chun an Banc Ceannais Eorpach a thabhairt chun cuntais go daonlathach as a chuid gníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear:

  • plé rialta le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh;
  • ceanglais tuairiscithe maidir le parlaimintí náisiúnta na mBallstát atá rannpháirteach sa mhaoirseacht baincéireachta Eorpach;
  • iniúchadh arna dhéanamh ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa;
  • rialú dlíthiúil ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Conas a sheachnaíonn an Banc Ceannais Eorpach coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann idir a chúraimí maoirseachta agus a chúraimí beartais airgeadaíochta?

Sainítear deighilt chúraimí an Bhainc Ceannais Eorpaigh i ndlí an Aontais, ionas go ndéanfaidh BCE a chuid maoirseachta ar bhealach atá neamhspleách ar an mbeartas airgeadaíochta. Tá an Bord Maoirseachta freagrach as an taobh maoirseachta de ghníomhaíochtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus tá an Chomhairle Rialaithe freagrach as saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas airgeadaíochta. Déanann an Bord Maoirseachta dréachtchinntí maoirseachta a mholadh agus cuirtear faoi bhráid na Comhairle Rialaithe iad lena nglacadh.

Le deighilt eagraíochtúil na mball foirne a bhíonn ag obair go díreach ar na cúraimí beartais airgeadaíochta, seachnaítear freisin coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

Roinn 4 – Cosaint tomhaltóirí

Má tá gearán agam faoi bhanc, cad ba cheart dom a dhéanamh?

Má tá gearán agat faoi do bhanc, déan teagmháil dhíreach le do bhanc nó seol do ghearán chuig an údarás atá i gceannas ar chosaint tomhaltóirí i do thír féin.

Déanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht ar bhainc mhóra shuntasacha sa limistéar euro agus i dtíortha a roghnaíonn páirt a ghlacadh sa mhaoirseacht baincéireachta Eorpach, ach tá cúraimí amhail cosaint tomhaltóirí agus sciúradh airgid a chomhrac lasmuigh de raon feidhme dhualgais an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, is iad na húdaráis náisiúnta atá freagrach astu. Is faoi dhlínse na ngníomhaireachtaí náisiúnta forfheidhmithe dlí iomchuí a thagann líomhaintí maidir le gníomhaíocht choiriúil.

An féidir liom faisnéis shonrach faoi mo bhanc féin a fháil ó mBanc Ceannais Eorpach?

Ní féidir. Mar gheall ar cheanglais dhlíthiúla, níl cead ag an mBanc Ceannais Eorpach faisnéis ná sonraí a nochtadh maidir le bainc aonair faoi mhaoirseacht. Ba cheart duit teagmháil dhíreach a dhéanamh le do bhanc féin.

Conas a dhéanann an mhaoirseacht baincéireachta Eorpach do chuid airgid a choinneáil sábháilte?

Déanann bainc atá láidir agus cobhsaí do chuid airgid a choinneáil sábháilte. Tá an mhaoirseacht Eorpach ann chun cabhrú leis na bainc rioscaí inmheánacha agus seachtracha a bhainistiú go cúramach ionas go mbeidh siad athléimneach i gcoinne suaití. Tá sé de chumhacht ag BCE a iarraidh ar bhainc níos mó maoláin chaipitil a choinneáil mar líontán sábhála i gcás go dtarlódh fadhbanna. Is féidir leis freisin ceadúnais bhaincéireachta a dheonú nó a tharraingt siar agus smachtbhannaí a chur ar bhainc má sháraíonn siad na rialacha. I dtíortha an Aontais, cinntíonn scéimeanna ráthaithe taiscí arna maoiniú ag bainc go gcosnaítear taiscí suas le €100,000 freisin.

Má tá tuilleadh ceisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar fhaisnéis nó glaoigh orainn ar +49 69 1344 1300.

Sceithireacht