Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tuarascáil bhliantúil

Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil bhliantúil ar an gcaoi ar chuir sé a chuid cúraimí maoirseachta i gcrích. Is i mí an Mhárta den bhliain dar gcionn a fhoilsítear an tuarascáil de ghnáth agus cuireann Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í ag éisteacht phoiblí.

2025

NA PRÍOMHFHIGIÚIRÍ

16.1%

Cóimheas CET1

Tá na bainc dea-chaipitlithe ar an iomlán le staideanna láidre caipitil agus staideanna leachtachta. B’ionann cóimheas caipitil chomhiomlán Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1) na mbanc agus 16.1% sa tríú ráithe de 2025, i gcomparáid le 15.7% aon bhliain amháin roimhe sin.

Tuilleadh faoi athléimneacht banc
9.9%

RoE

Sa tríú ráithe de 2025, b’ionann toradh comhiomlán bliantúlaithe bliain-go-dáta na mbanc ar chothromas agus 9.9%, síos ó 10.2% aon bhliain amháin roimhe sin.

Tuilleadh eolais faoi fheidhmíocht na mbanc
2,549

Cinntí maoirseachta

Rinne an Bord Maoirseachta 2,549 chinneadh maoirseachta in 2025. Bhain a bhformhór le measúnuithe cuí cóir (48.8%), cistí dílse (11.2%), samhlacha inmheánacha (8.1%), nósanna imeachta coiteanna (7.7%), tuairisciú maoirseachta (7.5%), cumhachtaí náisiúnta (6.8%), agus an Próiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (4.0%).

Tuilleadh eolais faoi chinnteoireacht

Cur i láthair do Pharlaimint na hEorpa

Léigh an ráiteas tosaigh a rinne Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta Claudia Buch os comhair Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa nuair a chuir sí an tuarascáil bhliantúil i láthair.

Léigh an ráiteas tosaigh

An tuarascáil iomlán

Caith súil siar ar a bhfuil déanta againn i Maoirseacht Baincéireachta BCE le bliain anuas.

Léigh an tuarascáil iomlán

Oibleagáidí tuairiscithe

Cuireann an Banc Ceannais Eorpach an Tuarascáil Bhliantúil ar ghníomhaíochtaí maoirseachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an Ghrúpa Euro, an Choimisiúin Eorpaigh agus pharlaimintí náisiúnta thíortha an limistéir euro.

Léigh tuilleadh
FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

CRAOLTAÍ GRÉASÁIN

Tagann Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta os comhair Pharlaimint na hEorpa go tráthrialta.

Éisteachtaí i bParlaimint na hEorpa

Gach leathanach sa rannóg seo