Tuarascáil Bhliantúil BCE ar ghníomhaíochtaí maoirseachta 2025
Ráiteas tosaigh ó Christine Lagarde, Uachtarán BCE

In 2025, ba phríomhthosaíocht i gcónaí é athléimneacht na mbanc a chosaint faoin maoirseacht Eorpach ar bhaincéireacht. Bhí dúshláin eacnamaíocha agus gheopholaitiúla domhanda ag cur isteach go fóill ar chórais airgeadais, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le formhaoirseacht láidir chun a chinntiú go bhféadfaidh earnáil baincéireachta an limistéir euro leanúint de bheith ag tacú leis an bhfíorgheilleagar.
Tar éis breis agus deich mbliana de dhul chun cinn láidir faoin Sásra Aonair Maoirseachta, bhí na bainc athléimneach i gcónaí d’ainneoin éiginnteacht gheopholaitiúil agus brúnna maicreacnamaíocha. Sa tríú ráithe de 2025, b’ionann cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus 16.1%, agus bhí an cóimheas cumhdaigh leachtachta láidir i gcónaí ag 158%, an dá cheann i bhfad os cionn na gceanglas is infheidhme. D’éirigh go maith le brabúsacht freisin, agus chobhsaigh an meántoradh ar chothromas ag tuairim is 10%. Chuidigh sé sin le tacaíocht na mbanc a choimeád ar bun do theaghlaigh agus do ghnólachtaí le linn tréimhse fáis níos moille agus aistrithe struchtúracha leanúnacha.
I gcláir chomhardaithe na mbanc, ní léirítear ina n-iomláine go fóill na dúshláin a bhaineann le teannas trádála atá ag dul in olcas, leis an éiginnteacht mhéadaithe agus le leochaileachtaí atá sonrach d’earnálacha ar leith. Ar a shon sin, féadfaidh tarchur turraingí a bheith moillithe agus neamhlíneach, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh bainc agus maoirseoirí réamhbhreathnaitheach i gcónaí agus go ngníomhóidh siad ar mhodh tráthúil nuair a fheicfidh siad go bhfuil rioscaí ag carnadh.
Thairis sin, i bhfianaise na díospóireachta leanúnaí domhanda maidir le castacht rialacha airgeadais, tá moltaí curtha faoi bhráid comhreachtaitheoirí Eorpacha ag BCE chun cuidiú le cuíchóiriú a dhéanamh ar an gcreat stuamachta rialála, maoirseachta agus tuairiscithe Eorpach. I gcomhthreo leis sin, tá sraith athchóirithe á cur chun feidhme ag Maoirseacht BCE ar Bhaincéireacht, i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta, ar a próisis mhaoirseachta sa chaoi go ndíreoidh siad níos mó ar rioscaí agus chun go mbeidh siad níos éifeachtúla. Leis na hiarrachtaí comhpháirteacha seo, féachtar le castacht rialála a laghdú i gcomhthráth le hathléimneacht agus neart earnáil báincéireachta na hEorpa a chothabháil.
Idir an dá linn, táthar ag díriú leis an gclár maoirseachta ar na dúshláin struchtúracha a bhfuil an timpeallacht baincéireachta á múnlú acu. Tá rioscaí aeráide agus dúlra ina bpríomhthosaíocht i gcónaí de réir mar a bhíonn pleananna inchreidte um aistriú á bhforbairt ag na bainc. Thairis sin, le digitiú agus glacadh mear na hintleachta saorga, cuirtear deiseanna ar fáil maidir le nuálaíocht agus le héifeachtúlacht, ach ag an am céanna, fágtar na bainc neamhchosanta ar rioscaí oibríochtúla nua, amhail cibearbhagairtí agus leochaileachtaí i mbonneagair TCF, mar aon le hiomaíochas méadaithe.
Ar deireadh thiar, neartaítear an argóint maidir le “tuilleadh Eorpachais” i bhfianaise an méid a tharla le linn 2025. Ag cur leis an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an gcreat bainistíochta géarchéime agus árachais taiscí, tá sé riachtanach go gcuirfí an dlaoi mhullaigh ar an aontas baincéireachta - lena n-áirítear scéim ráthaíochta taiscí Eorpach a bhunú - agus go ndaingneofaí an Margadh Aonair chun comhtháthú a chothú, iomaíochas a neartú agus scód a ligean le hionchas eacnamaíoch na hEorpa.
Ag féachaint romhainn, tá BCE fós daingean ina thiomantas d’earnáil baincéireachta láidir, sholúbtha a chothú sa limistéar euro. Trí bhíthin maoirseacht éifeachtach, éifeachtúil, rioscabhunaithe, cuideoidh BCE le cobhsaíocht airgeadais a chosaint, le tacaíocht a thabhairt don fhás inbhuanaithe agus lena chinntiú go mbeidh earnáil baincéireachta an limistéir euro athléimneach i gcónaí agus ábalta freastal ar an bhfíorgheilleagar i ndomhan atá ag athrú go mear.
Ráiteas tosaigh ó Claudia Buch, Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta

In 2025, rinne Maoirseacht BCE ar Bhaincéireacht dul chun cinn breise maidir lena clár oibre chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an maoirseacht agus athléimneacht an limistéir euro a chosaint ag an am céanna. De bhun an athchóirithe ar an bPróiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta, a chuirfear i gcrích ina iomláine in 2026, rinneamar athbhreithniú ar ár bpróisis mhaoirseachta i gcoitinne.
Tá sé mar phríomhchuspóir againn an mhaoirseacht Eorpach ar bhaincéireacht a dhéanamh níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos rioscabhunaithe. Ag cur leis an ionchur ó pháirtithe leasmhara éagsúla, chuireamar clár cuimsitheach athchóirithe le chéile atá á chur chun feidhme faoi láthair, mar a mhínítear inár dtuarascáil Streamlining supervision, safeguarding resilience: the ECB’s agenda for more effective, efficient and risk-based European banking supervision. Tabharfaimid an t-eolas is déanaí ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na hathchóirithe seo, agus ar an tionchar a bhíonn acu, i dTuarascáil Bhliantúil BCE ar ghníomhaíochtaí maoirseachta, ag tosú leis an eagrán seo.
Trí chuíchóiriú a dhéanamh ar an maoirseacht, cuidítear leis an athléimneacht a chosaint. Is é is cuspóir don mhaoirseacht na bainc a choinneáil slán sábháilte. Ciallaíonn sé go n-aithneofar leochaileachtaí ag céim luath chun a chinntiú go rachaidh na bainc i ngleic go láidir leo agus, nuair is gá, go ngéarófar bearta maoirseachta. Trí bhíthin athchóirithe den sórt sin, tá cumas breise maoirseachta againn chun díriú ar an timpeallacht rioscaí agus, ar an gcaoi sin, ár solúbthacht a choinneáil i dtimpeallacht atá ag athrú go mear. Cuirfidh sé seo ar chumas maoirseoirí laigí a bhrath níos luaithe agus a chinntiú go ngníomhóidh na bainc ar mhodh tráthúil chun a n-athléimneacht leathan a chothabháil. Tá níos mó i gceist leis an athléimneacht ná airgeadas láidir amháin - tá solúbthacht oibríochtúil, rialachas fónta agus dea-bhainistíocht riosca i gceist léi freisin. Cuireann an athléimneacht ar chumas na mbanc leanúint dá seirbhísí airgeadais a chur ar fáil fiú le linn tréimhsí struis. Bíonn tábhacht ag baint léi ó thaobh iomaíochas agus samhlacha fadtéarmacha gnó na mbanc freisin.
Tá tábhacht ar leith ag baint leis an athléimneacht a chosaint sa timpeallacht reatha. Tá móréiginnteacht beartais, eacnamaíoch agus gheopholaitiúil ann. Ach ní léirítear an éiginnteacht seo go leormhaith i dtáscairí margadhbhunaithe maidir le strus airgeadais, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hathphraghsáil thobann ar riosca. Faoi láthair, tá maoláin chaipitil agus leachtachta na mbanc i bhfad os cionn na gceanglas rialála agus tá brabúsacht fhónta acu. Mar sin féin, tá an t-ionchas meántéarmach agus fadtéarmach don chobhsaíocht airgeadais ag éirí níos éiginnte. I bhfianaise teannas geopholaitiúil ardaithe, luachálacha sínte i ndeighleoga áirithe den mhargadh airgeadais, idirnaisc mhéadaitheacha le hidirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc agus an riosca a bhaineann le haistrithe tobanna ar mheon an mhargaidh, d’fhéadfadh turraingí teacht chun cinn gan choinne agus leathnú go sciobtha.
Dá bhrí sin, ní mór dúinn léargas níos leithne a bheith againn ná díreach táscairí gearrthéarmacha maidir le feidhmíocht na mbanc, agus leochaileachtaí i leith fobairtí díobhálacha seachtracha a aithint. Is é seo an comhthéacs inar leagamar amach ár gcuid tosaíochtaí maoirseachta do thimthriall 2026-28.
An chéad tosaíocht is ea athléimneacht na mbanc a neartú i leith rioscaí polaitiúla agus éiginnteachtaí macrairgeadais. Áirítear sa mhéid sin, caighdeáin fhónta chreidmheasa a chothabháil, caipitliú leordhóthanach agus bainistíocht stuama ar rioscaí aeráide agus dúlra. Mar chuid den obair sin, tabharfaimid faoi thástáil struis droim ar ais in 2026 chun cásanna rioscaí geopholaitiúla a bhaineann go sonrach le bainc a aithint, ar cásanna iad ina bhféadfaí difear mór a dhéanamh do staid airgeadais banc aonair.
Díríonn an dara tosaíocht ar athléimneacht oibríochtúil na mbanc agus ar stóinseacht a gcuid teicneolaíochta. Ní mór do na bainc rioscaí oibríochtúla a bhainistiú ar bhealach níos fearr, laigí sa chaoi ina mbailíonn agus ina n-úsáideann siad faisnéis riosca a réiteach, agus ní mór dóibh a chinntiú go dtacaítear leis an gclaochlú digiteach - lena n-áirítear úsáid na hintleachta saorga - trí bhíthin rialachas láidir riosca agus rialuithe láidre riosca.
Is freagairt straitéiseach ar an timpeallacht athraitheach riosca í an mhaoirseacht shofhreagrúil, le béim shoiléir ar rioscaí ábhartha agus ar chosaint athléimneacht leathan na mbanc sa limistéar euro. D’fhonn ár sainordú chun na bainc a choinneáil slán sábháilte a bhaint amach, tá creat láidir rialála de dhíth orainn. Laistigh den Eoraip, thacódh comhchuibhiú níos fearr ar rialacha baincéireachta agus ar árachas taiscí Eorpach leis an gcomhtháthú agus an simpliú. Agus chuirfí éifeachtúlacht na hearnála baincéireachta chun cinn tríd an Margadh Aonair a chothú.
Ar bhonn idirnáisiúnta, tá córas airgeadais athléimneach domhanda ríthábhachtach don fhás agus don chobhsaíocht. Bíonn sé ag brath ar chomhchaighdeáin rialála agus ar chomhordú fónta i measc maoirseoirí. Ní mór na ráillí cosanta seo a choimeád ar bun agus an teannas geopholaitiúil ag méadú. D’fhéadfadh ilroinnt nó lagú caighdeán an bonn a bhaint ó chumas na mbanc forbairtí díobhálacha a sheasamh.
© An Banc Ceannais Eorpach, 2026
Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Teileafón +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.bankingsupervision.europa.eu
Gach ceart ar cosaint Ceadaítear atáirgeadh chun críocha oideachais agus neamhthráchtála fad is a aithnítear an fhoinse.
Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach ar ghluais SAM (ar fáil i mBéarla amháin).
HTML ISBN 978-92-899-7579-7, ISSN 2443-5805, doi:10.2866/4840675, QB-01-25-292-EN-Q