Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An Banc Ceannais Eorpach ag Comhrá leis an Óige

Tuigimid gur féidir leis na cinntí a dhéanaimid tionchar a imirt ar do shaol ó lá go lá. Sin é an fáth a bhfuilimid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh deis agat labhairt linn go díreach, seachas díreach a bheith ag cloisteáil uainn agus fúinn.

Cruthaítear deis chun é sin go díreach a dhéanamh leis an mBanc Ceannais Eorpach ag Comhrá leis an Óige. Reáchtálaimid imeachtaí ar fud na hEorpa – agus ar líne – a chuireann tú i dteagmháil go díreach le déantóirí beartas an Bhainc Ceannais Eorpaigh ionas gur féidir leat aon cheist atá agat a chur agus do chuid dearcthaí a roinnt linn.

Comhrá leis an Óige maidir le topaicí a bhaineann le baincéireacht cheannais

Comhrá leis an Óige le Andrea Enria, an Róimh, Nollaig 2019

Labhair mic léinn agus céimithe ó Ollscoil Sapienza na Róimhe le Andrea Enria, Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta, maidir le maoirseacht ar bhaincéireacht na hEorpa, trédhearcacht, digitiú agus topaicí eile. D’iarr an Cathaoirleach Enria ar na rannpháirtithe faoi na dúshláin atá rompu chomh maith mar ghairmithe ar mhaith leo oibriú san earnáil airgeadais.

Ba dheis iontach í an ócáid, a reáchtáladh i gcomhpháirtíocht le Foireann Acadúil Eacnamaíochta na hollscoile, le go gcuirfeadh na rannpháirtithe a gcuid ábhar imní agus dearcthaí maidir le todhchaí na maoirseachta ar bhaincéireacht na hEorpa in iúl i dteannta déantóir sinsearach beartas. Chuir an Cathaoirleach Enria comhairle agus moltaí praiticiúla ar fáil dóibh siúd a raibh suim acu tabhairt faoi ghairm sa mhaoirseacht ar bhaincéireacht. Seo chugat buaicphointí an phlé!

…maidir le trédhearcacht

Tá méadú tagtha ar íogaireacht an phobail i gcoitinne i leith na mbanc ó tharla an ghéarchéim. Mar mhaoirseoirí is gá dúinn a bheith níos trédhearcaí faoina ndéanaimid, an tslí a ndéanaimid measúnú ar bhainc san áireamh.
–Andrea Enria

…maidir lena dtugann spreagadh dó ina mhaoirseoir Eorpach

Spreagann an Eoraip go mór mé féin. Bíonn comhoibriú suimiúil, saibhrithe agus fíorspreagúil i gcónaí. Agus ceadaíonn an mhaoirseacht dom an paisean atá agam a bheith ag obair ar mhaithe leis an bpobal a cheangal le bheith ceannródaíoch sa mhéid atá ag tarlú sa domhan.
– Andrea Enria

…maidir leis na dúshláin a dtugann bainc aghaidh orthu

Beidh mórdhúshláin ag baint leis an digitiú do bhainc sa todhchaí.
– Andrea Enria

…maidir lenar féidir linn a dhéanamh chun troid in aghaidh an athraithe aeráide

Mar mhaoirseoirí, tá tástálacha struis a dhéanamh ar cheann de na rudaí is féidir linn a dhéanamh. Féadfaidh siad sin cabhrú le bainc a gcuid rioscaí a bhainistiú go fadtéarmach.
– Andrea Enria

…maidir lena fhís don Eoraip

B’am stairiúil é tabhairt isteach an euro. Anois is gá dúinn gach iarracht dá bhfuil ann a dhéanamh chun an t-aontas baincéireachta a chríochnú agus a chinntiú go mbeimid in ann géarchéimeanna baincéireacht a bhainistiú sa todhchaí.
– Andrea Enria

…maidir le noda do ghairmithe óga

Is cuid thábhachtach den phost é an t-ionracas: glac freagracht agus glac riosca nuair a cheapann tú go bhféadfaí rudaí a fheabhsú! Bíonn tairbhe ag baint le labhairt amach i ndeireadh na dála.
– Andrea Enria

Féach ar an imeacht iomlán

Imeachtaí roimhe seo

Comhrá leis an Óige le Andrea Enria agus Elisa Ferreira, Liospóin, Iúil 2019

Labhair gairmithe óga a bhí ag obair i dtionscal an airgeadais i Liospóin le Andrea Enria, Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta, agus le Elisa Ferreira, Leas-Ghobharnóir Banco de Portugal, maidir le maoirseacht ar bhaincéireacht na hEorpa, eitic san airgeadas, digitiú agus topaicí eile.

Ba dheis iontach í an ócáid, a reáchtáladh i gcomhpháirtíocht le Banco de Portugal, do ghairmithe óga chun a gcuid smaointe, taithí agus na dúshláin a dtugann siad aghaidh orthu a phlé le déantóirí sinsearacha beartas, agus iad ag foghlaim ó léargais a chéile. Seo chugat blaiseadh den phlé!

…maidir le héagsúlacht inscne

Dearcthaí daoine difriúla a fháil, daoine a bheith agat atá inniúil dúshlán a chur roimh chinntí na bhfeidhmeannach, sin iad na príomhrudaí dar liom a theastaíonn le haghaidh dea-rialachais.
– Andrea Enria

…maidir le cuideachtaí teicneolaíochta móra

Tá líon mór faisnéise ag cuideachtaí móra teicneolaíochta agus tá greim acu ar thomhaltóirí. Is réimse é seo a bhfuil imní orm faoi: íocaíochtaí, malairt eachtrach agus creidmheas tomhaltóirí – agus an tslí ar féidir leis tionchar a imirt ar bhaincéireacht.
– Andrea Enria

…maidir leis an ngá leis an Scéim Eorpach Árachais Taiscí

Nó go mbeidh an mhian pholaitiúil ann a theastaíonn chun na píosaí atá in easnamh ar an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích – lena n-áirítear scéim taiscí comónta iomlán – caithfimid céimeanna beaga teicniúla a ghlacadh chun na rioscaí móra cobhsaíochta a eascraíonn as an leagan amach neamhchríochnaithe atá ann anois a mhaolú.
– Elisa Ferreira

…maidir lena bhféadfadh intleacht shaorga a dhéanamh don bhaincéireacht

Is féidir intleacht shaorga a úsáid ar an taobh maoirseachta chomh maith. D’fhéadfaimis í a úsáid chun soilse dearga a aithint, rud a chabhraíonn le bainc a gcuid rioscaí a bhainistiú.
– Andrea Enria

Caithfimid oibriú ar intleacht shaorga thrédhearcach agus inmhínithe chun a chinntiú go mbíonn na haschuir cóir, trédhearcach agus iontaofa don tsochaí i gcoitinne.
–Bernardo Caldas, rannpháirtí (Ceann na hEolaíochta Sonraí agus na hIntleachta Saorga ag Novo Banco)

…maidir le rioscaí a bhaineann le haeráid

Is gá do bhaincéirí féachaint chun cinn ar na teorainneacha gearrthéarmacha agus rioscaí á mbainistiú acu chun dul i ngleic le hathrú aeráide. Níl dúshlán curtha againn faoin nós gar-radhairc seo go fóill.
– Andrea Enria

…maidir le dúshláin reatha le haghaidh baincéirí óga

Bhí tionchar ar leith ag an ngéarchéim airgeadais ar bhur nglúin, agus caithfidh go raibh an-deacracht le tús a chur le gairm san airgeadas ag an am sin. An príomhathrú a theastaíonn ná an cultúr, i.e. an tslí a smaoiníonn baincéirí ar a gcuid freagrachtaí – agus ar an tsochaí i gcoitinne chomh maith. Ní féidir é seo a leigheas le rialacha, caithfear é a chothú laistigh den earnáil féin,
– Andrea Enria

Féach ar an imeacht iomlán

Grianghraif
Comhrá leis an Óige le Danièle Nouy agus Sabine Lautenschläger, Frankfurt, Samhain 2018

Bhí deis ag mic léinn agus ag céimithe ó Scoil Airgeadais agus Bainistíochta Frankfurt labhairt le cinn na maoirseachta ar bhaincéireacht na hEorpa maidir lena gcuid oibre na bainc a choinneáil sábháilte agus earnáil airgeadais na hEorpa a choinneáil láidir agus socair, ar mhaithe le cách.

Agus a dtéarmaí oifige ag teacht chun deiridh, d’fhéach Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta Danièle Nouy agus an Leas-Chathaoirleach Sabine Lautenschläger siar ar ar baineadh amach ó bunaíodh maoirseacht ar bhaincéireacht na hEorpa in 2014 agus roinn siad a dtaithí maidir leis an tslí a mbraitheann sé rud nach ndearnadh riamh cheana a dhéanamh.

Seo chugat blaiseadh den phlé!

…maidir le bunú na Maoirseachta ar Bhaincéireacht de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh

B’eagraíocht nuathionscanta sinn i ngorlann chumhachtach. – Danièle Nouy

Bhíomar in ann leas a bhaint as seirbhísí Acmhainní Daonna agus TF, mar shampla, a bunaíodh sa Bhanc Ceannais Eorpach cheana féin. – Sabine Lautenschläger

…maidir le maoirseacht mar ghairm

Má bhíonn oideachas láidir agat, is féidir an chuid eile a fhoghlaim. Agus níl sé leadránach ar aon chor – ba mhaith liom go mbeadh sé níos leadránaí uaireanta! Bíonn obair le déanamh i gcónaí. – Danièle Nouy

…maidir le criptea-airgeadraí

Ní airgeadraí iad seo – is sócmhainní digiteacha iad. – Sabine Lautenschläger

Is saghas casino iad! – Danièle Nouy

…maidir leis an gcéad ghéarchéim eile

Is é an post atá againne ná a chinntiú go mbíonn na bainc athléimneach ionas go mbeidh siad réidh don chéad ghéarchéim eile, pé uair a thagann sí. – Danièle Nouy

…maidir le maorlathas

Má bhíonn ort breis agus 26 údarás agus 3,000 ball foirne a aistriú agus a chinntiú go gcaitear go cothrom le cách, is gá duit nósanna imeachta a bheith agat. Ní maorlathas é sin, mar sin, is slí é le creidiúnacht a chinntiú. – Sabine Lautenschläger

…maidir leis an dúshlán is mó go dtí seo

Thosaigh bainc Eorpacha amach le €1 trilliún i ndrochiasachtaí. Táimid ag €650 billiún anois toisc gur chuireamar na huirlisí cearta i bhfearas. – Danièle Nouy

…maidir leis an Aoine

Is breá liom mo phost ar an Aoine thar aon lá eile! Bíonn go leor againn le chéile le haghaidh cruinniú rialta ar an lá sin agus bíonn sé fíorfhiúntach i gcónaí dúthracht gach duine a fheiceáil, foghlaim ó na réimsí taithí difriúla agus todhchaí na maoirseachta ar bhaincéireacht na hEorpa a leagan amach lena chéile. – Sabine Lautenschläger

…maidir le cúrsaí oiliúna

Cuireann an Banc Ceannais Eorpach cúrsaí oiliúna sa mhaoirseacht ar fáil do mhic léinn ó go leor réimsí staidéir éagsúla. Bí cinnte súil a choimeád ar an suíomh gréasáin! – Danièle Nouy

Foghlaim tuilleadh!
Féach ar an imeacht iomlán Grianghraif
Comhrá leis an Óige le Danièle Nouy, Maidrid/an Spáinn, Bealtaine 2018

Bhuail Danièle Nouy, Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta, le grúpa gairmithe óga a bhí ag obair san earnáil airgeadais i Maidrid. Bhí go leor ceisteanna acu uirthi, ní hamháin maidir le baincéireacht Eorpach agus le cobhsaíocht airgeadais, ach maidir le heitic san airgeadas, digitiú agus topaicí eile a bhí níos pearsanta, ar nós an méid a spreagann í an obair a dhéanann sí a dhéanamh.

Ba dheis iontach í an ócáid, a reáchtáladh i gcomhpháirtíocht le Banco de España, do ghairmithe níos óige a gcuid smaointe agus taithí a phlé le déantóir sinsearach beartas, agus foghlaim ó léargais a chéile.

Seo chugat blaiseadh den phlé!

…maidir le heitic

D’fhulaing clú na mbanc mar gheall ar an ngéarchéim. Conas a mhúsclaímid iontaoibh daoine arís?

Tá an eitic ríthábhachtach. Is gá do bhainc radharc níos fadtréimhsí a ghlacadh agus gníomhú go heiticiúil. Is féidir leat cabhrú an bhaincéireacht a dhéanamh níos sábháilte agus níos fearr.

…maidir le digitiú

Táimid ag obair go dian chun dul in oiriúint don timpeallacht nua ina bhfuilimid. An bhfuil rialaitheoirí ag déanamh amhlaidh?

Tá, táimid ag obair chomh crua libhse le dul in oiriúint. Tá mé i mbun maoirseachta le 40 bliain, ach foghlaimím rud éigin nua gach lá. Sin buntáiste mór a bhaineann leis an bpost. Tá an post seo fíorspreagthach go hintleachtúil!

…maidir le teicneolaíocht airgeadais

Dar liom, tá na hiomaitheoirí nua atá ag teacht isteach ar cheann de na bagairtí is mó le haghaidh baincéireacht Eorpach. Cad é do thuairim ar theicneolaíocht airgeadais?

Is dóigh liom gurb í an nuálaíocht atá i réim. Beidh custaiméirí ann i gcónaí a íocfaidh as seirbhísí baincéireachta traidisiúnta, agus beidh daoine eile, ar nós mo ghariníne, a dhéanfaidh gach rud ar an nguthán. Tá spás ann le haghaidh gach saghas bainc. Ach déanfar maoirseacht ar na seirbhísí baincéireachta a ofrálann teicneolaíocht airgeadais ar nós na mbanc.

…maidir le cumaisc

An dóigh leat gur cheart go mbeadh níos mó cumasc agus éadálacha san Eoraip?

Tá níos lú banc ag teastáil uainn, ach tá slite difriúla ann chun an fhadhb seo a réiteach. Is féidir bainc a thabhairt chun críche nó is féidir leo cumasc. Ach caithfidh cumaisc a bheith straitéiseach agus go mbeadh bainc inbhuanaithe mar thoradh orthu. Ní ghineann dhá lacha eala – go háirithe dhá lacha thinne!

…Danièle Nouy ag caint faoi bhualadh leis na gairmithe óga
…na gairmithe óga ag caint faoi bhualadh le Danièle Nouy

Bhain mé an-taitneamh as bualadh leis na daoine óga seo – bhí ceisteanna an-mhaithe acu maidir le go leor topaicí. Ní raibh cúthail orthu!

Bhí sí an-soiléir agus is dóigh liom gur eispéireas iontach saibhrithe agus fíordhearfach a bhí ann. Bhí sé neamhfhoirmeálta nádúrtha, agus bhraith mé an-chompordach. – Marcela Nario

Is dóigh liom gur slí iontach é seo le tuairimí a mhalartú le daoine óga atá ag obair i mbainc. – Federico Power Esteban

Grianghraif ón imeacht

Foghlaim tuilleadh

Ar mhaith leat níos mó eolais a fháil faoi ábhair a bhaineann le BCE ag Comhrá leis an Óige? Féach ar na leathanaigh seo a leanas!

FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht