Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ócáidí Tábhachtacha

Taispeánann an amlíne seo príomhchéimeanna na maoirseachta ar bhaincéireacht na hEorpa – ó na tograí tosaigh i dtaca le haontas baincéireachta, trí phróiseas reachtach an Aontais Eorpaigh chuig seoladh an tSásra Maoirseachta Aonair agus ina dhiaidh sin.

2021

24 Feabhra 2021

Ceaptar Frank Elderson ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta

Ceapann Comhairle an Aontais Eorpaigh Frank Elderson ina Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag tosú ar an 24 Feabhra 2021. De réir mar a éillítear i Rialachán an tSásra Mhaoirseachta Aonair, roghnaíodh an Leas-Chathaoirleach as comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

2020

1 Deireadh Fómhair 2020

Téann an Bhulgáir agus an Chróit isteach sa mhaoirseacht ar bhaincéireacht na hEorpa

Glacann an Bhulgáir agus an Chróit páirt sa Sásra Maoirseachta Aonair trí dhlúthchomhar a thosaigh ar an 1 Deireadh Fómhair 2020. Rinne an Banc Ceannais Eorpach cinneadh ar an 10 Iúil 2020 dlúthchomhar a bhunú le Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) agus le Hrvatska narodna banka (Banc Náisiúnta na Cróite).

2019

4 Deireadh Fómhair 2019

Ceaptar Yves Mersch ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta

Ceapann Comhairle an Aontais Eorpaigh Yves Mersch ina Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag tosú ar an 7 Deireadh Fómhair 2019. De réir mar a éillítear i Rialachán an tSásra Mhaoirseachta Aonair, roghnaíodh an Leas-Chathaoirleach as comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

2018

6 Nollaig 2018

Ceaptar Andrea Enria ina Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta

Ceapann Comhairle an Aontais Eorpaigh Andrea Enria ina Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh le haghaidh tréimhse cúig bliana ag tosú ar an 1 Eanáir 2019.

CV: Andrea Enria

2016

1 Eanáir 2016

Téann an Bord Réitigh Aonair i bhfeidhm

Déanann an Bord Réitigh Aonair cinneadh an gcuirfear banc i réiteach agus cathain a dhéanfar é agus leagann sé amach, i scéim na réiteach, creat le haghaidh úsáid na n-uirlisí réitigh agus úsáid an Chiste Réitigh Aonair.

2015

1 Eanáir 2015

Téann an Liotuáin isteach sa Sásra Maoirseachta Aonair

Tríd an euro a ghlacadh chucu, téann an Liotuáin isteach in SMA go huathoibríoch agus í ar an 19ú tír rannpháirteach ann. Titeann na trí bhanc is mó sa tír faoi mhaoirseacht dhíreach an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Preaseisiúint

2014

11 Feabhra 2014

Ceaptar Sabine Lautenschläger ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta

Ceapann Comhairle an Aontais Eorpaigh Sabine Lautenschläger ina Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag tosú ar an 12 Feabhra 2014. De réir mar a éillítear i Rialachán an tSásra Maoirseachta Aonair, roghnaíodh an Leas-Chathaoirleach as comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

15 Bealtaine 2014

Téann Creat-Rialachán an tSásra Maoirseachta Aonair i bhfeidhm

Leagann Creat-Rialachán an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA) amach struchtúr dlíthiúil le haghaidh chomhoibriú an Bhainc Ceannais Eorpaigh le húdaráis maoirseachta náisiúnta laistigh de SMA. Rialaítear leis caidrimh idir an Banc Ceannais Eorpach agus maoirseoirí náisiúnta agus áirítear rialacha ann a bhfuil baint dhíreach acu le bainc.

Creat-Rialachán an tSásra Maoirseachta Aonair 19 Lúnasa 2014

Téann rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair i bhfeidhm

Leagtar amach sa Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair rialacha agus nósanna imeachta aonfhoirmeacha le haghaidh réiteach na mbanc faoin Sásra Réitigh Aonair, le tacaíocht ó Chiste Réitigh Aonair. Oibreoidh Bord Réitigh Aonair i ndlúthchomhar le húdaráis réitigh náisiúnta na dtíortha rannpháirteacha.

4 Meán Fómhair 2014

Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach liosta d’institiúidí creidmheasa

Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach liosta de na hinstitiúidí creidmheasa suntasacha faoi mhaoirseacht dhíreach an Bhainc Ceannais Eorpaigh chomh maith le liosta de na bainc a bhfuil níos lú suntais ag baint leo sa limistéar euro, atá fós faoi mhaoirseacht na maoirseoirí náisiúnta.

Preaseisiúint 8 Meán Fómhair 2014

Ceaptar Comhaltaí an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin

Ceapann Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh cúigear comhaltaí agus beirt ionadaithe ar an mBord Riaracháin Athbhreithniúcháin. Is féidir le bainc iarradh ar an gcomhlacht neamhspleách seo athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Preaseisiúint 26 Deireadh Fómhair 2014

Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach torthaí ó mheasúnú cuimsitheach

I ndiaidh an measúnú cuimsitheach a chur i gcrích, foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach na torthaí le haghaidh bainc aonair agus le haghaidh tíortha iomlána, mar aon le moltaí le haghaidh bearta maoirseachta.

Measúnú cuimsitheach 4 Samhain 2014

Téann Rialachán ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le táillí maoirseachta i bhfeidhm

Leagtar amach i Rialachán ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le táillí maoirseachta an tslí a ríomhtar an táille maoirseachta bhliantúil le haghaidh banc agus an tslí a gcuirtear i bhfeidhm í, agus an tslí a ngearrtar í ar na bainc uile a ndéantar maoirseacht orthu.

Rialachán BCE maidir le táillí maoirseachta 4 Samhain 2014

Téann an Sásra Maoirseachta Aonair i bhfeidhm

Ghlac an Banc Ceannais Eorpach freagracht iomlán maoirseachta as bainc sna Ballstáit atá páirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair.

19 Nollaig 2014

Ceaptar Comhaltaí an Bhoird Réitigh Aonair

Ceapann Comhairle an Aontais Eorpaigh comhaltaí an Bhoird Réitigh Aonair agus glacann an mhodheolaíocht le haghaidh ranníocaíochtaí banc chuig na cistí réitigh.

2013

23 Deireadh Fómhair 2013

Tosaíonn an Banc Ceannais Eorpach ar mheasúnú cuimsitheach

Tosaíonn an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhar leis na maoirseoirí náisiúnta, an measúnú cuimsitheach, is é sin “seiceáil sláinte airgeadais” ar 130 banc. Tá torthaí an mheasúnaithe chuimsithigh le foilsiú sula nglacann an Banc Ceannais Eorpach a ról maoirseachta i mí na Samhna 2014.

Preaseisiúint 3 Samhain 2013

Téann Rialachán an tSásra Maoirseachta Aonair i bhfeidhm

Déantar foráil le Rialachán an tSásra Maoirseachta Aonair go nglacfaidh an Banc Ceannais Eorpach a thascanna maoirseachta iomlána ar an 4 Samhain 2014.

Príomhchéimeanna

16 Nollaig 2013

Ceaptar Danièle Nouy ina Cathaoirleach ar an mBord Maoirseachta

Ceapann Comhairle an Aontais Eorpaigh Danièle Nouy ina Cathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh le haghaidh tréimhse cúig bliana ag tosú ar an 1 Eanáir 2014.

Preaseisiúint

2012

29 Meitheamh 2012

Déanann an Chomhairle Eorpach réamhobair le haghaidh aontas baincéireachta

Déanann Cinn Stáit nó Rialtais an limistéar euro cinneadh tascanna maoirseachta a shannadh don Bhanc Ceannais Eorpach laistigh de Shásra Maoirseachta Aonair.

Príomhchéimeanna

12 Meán Fómhair 2012

Cuireann an Coimisiún Eorpach tograí reachtacha i láthair

Cuireann an Coimisiún Eorpach dréachtrialacháin i láthair, a shannann tascanna maoirseachta sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach (Rialachán SMA) agus a ailíníonn ról agus freagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh leis an gcreat nua le haghaidh maoirseacht ar bhaincéireacht. Chruthaigh sé treochlár i dtreo aontas baincéireachta chomh maith.

Treochlár i dtreo aontas baincéireachta 5 Nollaig 2012

Leagann “Tuarascáil an Cheathrair Uachtarán” amach pleananna sonracha le haghaidh Fíor-Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Cuireann Uachtaráin na Comhairle Eorpaí, an Choimisiúin Eorpaigh, an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus an Ghrúpa Euro “Tuarascáil an Cheathrar Uachtarán” i láthair, a thógann ar an bhfís a chuir Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Herman Van Rompuy, i láthair ar an 26 Meitheamh 2012 agus leagtar amach treochlár le haghaidh cruthú Fíor-Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

I dtreo Fíor-Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht