Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ceisteanna Coitianta maidir leis an gcaoi a ndearnamar SREP a chuíchóiriú

An nuashonrú is déanaí: 24 Lúnasa 2026

Cén fáth a ndearnamar athbhreithniú ar SREP?

Tá an tírdhreach ina n-oibríonn Maoirseacht Baincéireachta BCE ag athrú de shíor, agus timpeallacht an-éiginnte á cruthú de bharr athruithe struchtúracha, suaití seachtracha agus rioscaí nua. Chun go leanfaimid ag comhlíonadh an tsainordaithe atá tugtha dúinn bainc na hEorpa a choinneáil slán sábháilte, rinneamar athbhreithniú in 2024 ar ár ngnáthsheiceáil sláinte ar na bainc – an Próiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP). Ba é an mhórsprioc a bhí ann éifeachtúlacht agus éifeachtacht SREP a fheabhsú, agus aiseolas ó athbhreithniú an tSainghrúpa ar SREP agus ón tuarascáil a d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa á chur san áireamh chomh maith le haiseolas ó pháirtithe leasmhara eile maidir leis an gcaoi ar cheart SREP a chuíchóiriú.

Cén aidhm a bhí againn le hathchóiriú SREP?

De thoradh an athchóirithe tugadh isteach próisis mhaoirseachta níos simplí agus níos solúbtha mar aon le hamlíne níos giorra le haghaidh SREP. Tá sé d’aidhm aige freisin cultúr maoirseachta a chothú agus a choinneáil ar bun lena ndírítear níos mó ar phríomhrioscaí, lena ndéantar breithiúnas cáilíochtúil a bhaineann go sonrach leis an mbanc a chur chun cinn, agus lena spreagtar gníomhaíocht láidir thráthúil nuair is gá. Ar deireadh, cuidíonn na hathruithe linn anois cumarsáid níos soiléire a dhéanamh leis na bainc a ndéanaimid maoirseacht orthu agus ár gcuid oibre a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla, níos trédhearcaí agus níos intuartha.

Cén chaoi ar athraíomar SREP?

  • Measúnú riosca atá níos sainiúla: Táimid tar éis an tsolúbthacht a dheonaítear do na maoirseoirí a mhéadú ionas gur féidir leo tús áite a thabhairt dá measúnuithe ar phríomhrioscaí agus díriú go sainiúil ar na rioscaí sin. Baineann na maoirseoirí úsáid anois as cur chuige ilbhliantúil lena gcuirtear ar a gcumas athbhreithniú domhain a dhéanamh ar na rioscaí ábhartha uile i gcaitheamh tréimhse ilbhliantúil, i gcomhréir leis an gcreat lamháltais riosca, seachas athbhreithniú a dhéanamh ar na rioscaí uile gach aon bhliain. Leis an gcur chuige solúbtha sin, tá ár gComhfhoirne Maoirseachta (JSTanna) in ann acmhainní a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla, gan ár gcaighdeáin mhaoirseachta a lagú.
  • Gníomhaíochtaí maoirseachta a chomhtháthú ar bhealach níos fearr: Neartaíomar an chaoi a gcomhtháthaímid pleanáil na gcigireachtaí ar an láthair, anailísí mionsonracha agus athbhreithnithe téamacha cothrománacha chun léargas struchtúrtha cuimsitheach a thabhairt ar rioscaí na mbanc. Ach feabhas a chur ar phróisis phleanála na ngníomhaíochtaí maoirseachta, is féidir an leas is mó is féidir a bhaint as sineirgí, agus cuidítear leis na bainc tuiscint níos soiléire a fháil ar na tosaíochtaí maoirseachta.
  • Úsáid a bhaint as an tsraith iomlán uirlisí maoirseachta: Tá feabhas á chur againn ar ár gcreat uasligin d’fhonn na maoirseoirí a spreagadh chun an tsraith iomlán uirlisí maoirseachta a úsáid nuair nach ndéantar easnaimh a leigheas go pras. Ar áireamh sa tsraith straitéisí tá ceanglais cháilíochtúla cheangailteacha agus bearta forfheidhmiúcháin agus pionóis, i measc nithe eile.
  • Cumarsáid fheabhsaithe: Le cinntí SREP, tugtar aghaidh go díreach anois ar na príomhrioscaí agus ar na hionchais mhaoirseachta. Tá athbhreithniú déanta againn ar ár dtreoirleabhair ionas, má léiríonn measúnuithe nach bhfuil aon athrú ábhartha tagtha ar phróifíl riosca bainc agus mura gá aon cheanglas nua a eisiúint, gur féidir cinntí SREP a thabhairt cothrom le dáta níos annaimhe ná uair sa bhliain.
  • Modheolaíochtaí níos cobhsaí: Rinneamar ár modheolaíochtaí maoirseachta a shimpliú agus chuireamar i riocht níos cobhsaí iad: ní dhéantar nuashonruithe ar lámhleabhar SREP chomh minic céanna anois; déantar na hathruithe a ghrúpáil agus ní dhéantar iad a eisiúint le chéile ach i mblianta áirithe, ionas nach dtugtar gnéithe nua ar an bhfód gach uile bhliain. De bharr creat modheolaíochta cobhsaí a bheith ann, déantar deimhin de go mbíonn measúnuithe SREP comhsheasmhach le himeacht ama freisin. Fágann sé sin go bhfuil an mhaoirseacht níos intuartha ó thaobh na mbanc de agus ciallaíonn sé gur féidir torthaí SREP a thagarmharcáil ar bhealach níos cruinne le himeacht ama agus i measc institiúidí éagsúla.
  • Úsáid níos fearr a bhaint as córais TF agus as anailísíocht: áirítear ar ár gclár oibre digiteach leanúnach go ndéanfaimid infheistíochtaí móra i gcórais TF agus in anailísíocht sonraí d’fhonn ardteicneolaíochtaí amhail an intleacht shaorga ghiniúnach a leathadh amach mar thacaíocht do na maoirseoirí agus iad ag tabhairt faoina ngnáthchúraimí.

Conas a d’athraíomar amlíne SREP?

Cuireadh barr feabhais ar amlíne SREP in 2025. Tugtar an próiseas chun críche anois faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair gach bliain, tráth níos luaithe ná mar a bhí amhlaidh sular cuireadh na coigeartuithe chun feidhme. Chomh maith lena áirithiú go dtugtar fógra do na bainc faoi chinntí deiridh SREP in am trátha, tá na hathruithe ag teacht leis na spriocanna éifeachtúlachta atá leagtha amach faoi thionscnamh athchóirithe SREP agus tá de thoradh orthu go bhfuil an mhaoirseacht níos éifeachtaí.

Príomh-gharspriocanna:

  • Cuirtear tús leis na cruinnithe idirphlé maoirseachta ag deireadh mhí an Mheithimh agus cuirtear críoch leo faoi lár mhí Iúil. Leis an tráthchlár sin, ceanglaítear ar na bainc aon choigeartuithe riachtanacha a dhéanamh ar a gcuid pleanála agus ullmhú go héifeachtúil chun go bhféadfar plé fóinteach maoirseachta a dhéanamh.
  • Cuirtear tús leis an tréimhse éisteachta ag tús mhí Lúnasa. Ós rud é gurb é sin tréimhse shaoire an tsamhraidh, cuireadh síneadh leis an gceart chun éisteacht a fháil ó dhá sheachtain go ceithre seachtaine, go deireadh na míosa, chun breis ama do bhainc a gcríonnacht a dhéanamh ar dhréachtchinntí SREP agus chun feidhm a thabhairt dá gceart chun éisteacht a fháil.
  • Fógraítear cinntí críochnaitheacha SREP faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair, seachas i mí na Nollag – an cleachtas sular tugadh na leasuithe isteach. Tá gealltanas déanta ag na maoirseoirí laghdú a chur ar an tréimhse a ghlacann sé orthu cinntí a dhéanamh; cabhraíonn sé sin freisin le pleanáil an chéad timthrialla maoirseachta eile ina dhiaidh sin agus an phleanáil sin a fheabhsú.

Conas a d’fheabhsaíomar teimpléad cinntí SREP?

Tá cinntí SREP níos cuíchóirithe anois – dírítear ar na rioscaí agus na bearta maoirseachta is tábhachtaí ionas go ndéantar ábhair imní mhaoirseachta a chur in iúl go soiléir do na bainc.

Rinneadh athbhreithniú ar fhormáid chinntí SREP chun soiléireacht agus fócas a fheabhsú. Leagtar amach na príomhúdair imní agus na ceanglais is infheidhme i gcodanna tiomnaithe den chinneadh SREP. Cuirtear ceanglais agus moltaí cáilíochtúla i láthair in iarscríbhinn, rud a chuireann ar chumas na mbanc na príomhghníomhaíochtaí a aimsiú go tapa agus teacht a bheith acu fós ar mhíniú críochnúil ar na hionchais mhaoirseachta. Cuirtear i gcuimhne do na bainc, ar aon nós, gur gá dóibh obair leantach a dhéanamh in am trátha ar aon ghníomhaíochtaí maoirseachta a chuirtear in iúl i rith na bliana.

Mar thoradh ar an bhformáid fheabhsaithe sin cuirtear leis an trédhearcacht agus cuidítear leis na bainc a dtorthaí SREP a thuiscint. Ní chiallaíonn sé go bhfuil athrú ar bhéim na maoirseachta nó laghdú ar an maoirseacht i gceist. Mar thoradh ar an bhformáid athbhreithnithe sin, chuireamar deireadh le húsáid na “litreacha feidhmiúcháin” mar dhoiciméid a ghabhann le cinntí SREP. Bíonn na cruinnithe idirphlé maoirseachta ina gcomhlánú ar an gcumarsáid sin, agus tugtar tuilleadh faisnéise iontu a moltar do na bainc iad a chomhroinnt lena mboird.

Conas a d’athraíomar an obair leantach a dhéanaimid ar chinntí fíorais maoirseachta?

D’fhorbraíomar cur chuige cisealta nua maidir leis an obair leantach a dhéanaimid ar chinntí fíorais maoirseachta agus ar bhearta maoirseachta. Cuidíonn an cur chuige sin leis na maoirseoirí díriú ar na saincheisteanna is suntasaí agus an obair leantach ar chinntí fíorais ísealdéine a láimhseáil ar bhealach níos éasca. Ciallaíonn sé sin:

  • Go ndéileáiltear le cinntí fíorais nach bhfuil chomh dian céanna (gach cinneadh fíorais F1 agus an chuid is mó de chinntí fíorais F2) mar réamhshocrú i bhfoirm “meabhrúcháin i dtaobh aghaidh a thabhairt” (moltaí) nó i bhfoirm “meabhrúcháin i dtaobh comhlíonadh” a bhaineann le himscrúduithe ar shamhlacha inmheánacha (oibleagáidí). Chun na cinntí fíorais sin a chur ina gceart, ní bhíonn ar na bainc ach a dheimhniú go bhfuil gníomhaíocht leordhóthanach déanta acu chun a gcomhlíontacht a áirithiú; ciallaíonn sé sin nach mbíonn orthu tuilleadh doiciméadachta a chur isteach. Ní mór go gcoinneoidís ina seilbh go ceann cúig bliana, áfach, an fhianaise uile lena gcruthaítear gur tugadh aghaidh mar is ceart ar na saincheisteanna sin, faoi choinne spotseiceálacha ex post a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo. Áirítear sna bearta le haghaidh cinntí fíorais F1 agus F2 foclaíocht chaighdeánaithe agus sprioc-am réamhshocraithe, mura gcinneann an JST a mhalairt.
  • I gcás cinntí fíorais diana (F3 agus F4), leanann na JSTanna dá ngnáthfhaireachán.
  • Trínár dtairseach sheachtrach tá teacht ag na bainc ar stádas na gcinntí fíorais agus na mbeart uile tráth ar bith agus is féidir leo féin deimhniú a thabhairt gur cuireadh clabhsúr le bearta atá bunaithe ar chur chuige cisealta.

Tá na bainc freagrach as aghaidh a thabhairt ar a gcinntí fíorais ísealdéine trí nós imeachta rialachais inmheánaigh iomchuí a leanúint. Ní dhéanann na JSTanna grinnscrúdú gníomhach ar an gcaoi ar thug na bainc aghaidh ar na cinntí fíorais sin ach féadfaidh siad spotseiceálacha randamacha a dhéanamh. Má thagann aon neamhréireachtaí chun solais maidir le stádas na nithe a bhí le cur ina gceart, cuireann na JSTanna iad sin san áireamh ina measúnuithe leanúnacha agus féadfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, cinntí fíorais sonracha nua a cheapadh. Ag brath ar chineál agus ar atarlú na saincheiste, d’fhéadfadh obair leantach mhaoirseachta nó, i gcásanna níos tromchúisí, gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a bheith mar thoradh air sin.

Cathain a chrom BCE ar úsáid a bhaint as modheolaíocht nua cheanglas Cholún 2?

Foilsíodh modheolaíocht athbhreithnithe cheanglas Cholún 2 (P2R) an 18 Samhain 2025, agus chrom BCE ar úsáid a bhaint as an modheolaíocht sin ag tús thimthriall SREP, 2026. Tiocfaidh P2Ranna atá bunaithe ar an modheolaíocht nua i bhfeidhm an 1 Eanáir 2027. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ár leathanach gréasáin tiomnaithe maidir le P2R.

Cad a d’fhoghlaimíomar ón gcleachtadh trialach? An dtiocfaidh athrú ar na ceanglais chaipitil?

Rinneamar cleachtadh trialach in 2025 chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na n-athruithe. Leis an aiseolas a fuaireamar ó shaineolaithe, deimhnítear go bhfuil an mhodheolaíocht nua níos simplí agus níos éasca le cur i bhfeidhm ná an cur chuige a bhí ann roimhe seo agus go gcinntítear go socraítear P2Ranna i gcomhréir le measúnú riosca SREP ar bhealach comhsheasmhach. Leis an modheolaíocht nua ní dhéanfar aon athrú ar an gcaoi a ndéanaimid athbhreithniú agus measúnú ar na rioscaí a bhíonn roimh na bainc aonair.

Ós rud é go bhfuil dlúthnasc fós idir an mhodheolaíocht athbhreithnithe agus measúnuithe riosca SREP, lena léirítear ár dtuairim mhaoirseachta ar phróifíl riosca gach bainc, ní mheasaimid go dtiocfaidh athruithe tobanna córasleibhéil ar na ceanglais chaipitil mar thoradh uirthi. Le P2Ranna do bhainc Eorpacha, leanfar de bheith ag léiriú phróifíl riosca aonair na mbanc agus na rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm acu chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí atá rompu.

An t-aistriú chuig an modheolaíocht nua, céard a chiallaíonn sé do na bainc sa chleachtas?

Tá an mhodheolaíocht athbhreithnithe á cur i bhfeidhm mar chuid de phróiseas SREP; is é an toradh a bhíonn ar an bpróiseas sin fós an príomhbhealach chun ionchais agus ceanglais mhaoirseachta a chur in iúl do na bainc. Cé go bhfuil athrú ag teacht ar an gcur chuige i leith P2Ranna a chinneadh, leanfaidh na bainc de léargas soiléir a fháil i dtaobh mar a chuireann measúnuithe riosca aonair leis an toradh deiridh.

Mar thoradh ar an modheolaíocht nua, is fusa do na bainc tuiscint a fháil ar thorthaí de chuid Cholún 2 agus gníomhú dá réir.

Cén chaoi a gcuimsítear na moltaí ó thuarascáil Shainghrúpa SREP, 2023 i modheolaíocht athbhreithnithe an P2R?

Chinn an Bord Maoirseachta athbhreithniú a dhéanamh ar mhodheolaíocht an P2R mar chuid den athchóiriú níos leithne ar SREP, agus chuir sé moltaí ó shainghrúpa neamhspleách a foilsíodh in 2023 san áireamh chun an mhodheolaíocht a chur i riocht níos simplí agus níos láidre.

Tá an mhodheolaíocht athbhreithnithe éifeachtach agus i bhfad níos simplí le cur i bhfeidhm, mar a deimhníodh i gcleachtadh trialach a rinneadh le maoirseoirí. Tá scóir SREP, ar eochairghné dár modheolaíocht mhaoirseachta iad, fós mar thúsphointe don chinneadh P2R. Leis an modheolaíocht nua, áirithítear i gcónaí gur féidir tionchar an-díreach a bheith ag rioscaí ábhartha nach gcumhdaítear, nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach, i gColún 1 ar an P2R a eascraíonn as sin. Tá an úsáid a bhaintear as breithiúnas fós ina cuid lárnach den mhodheolaíocht, ach tá srian léi agus tá sí faoi réir athbhreithniú ag an líne chosanta thánaisteach.

Ina theannta sin, le modheolaíocht nua an P2R, níltear ag brath ar shonraí ICAAP a thuilleadh. Mar sin féin, tá an measúnú ar fhóntacht ICAAP fós á chur chun tairbhe do mheasúnuithe SREP ar mhúnlaí gnó, ar rialachas inmheánach, ar rialuithe riosca agus ar bhainistíocht riosca fhoriomlán, agus dá bhrí sin is féidir tionchar a bheith aige ar cheanglais chaipitil. Leis sin, tugtar aghaidh ar Mholadh 2.3 ó thuarascáil Shainghrúpa 2023 go háirithe.

Anuas air sin, leis an modheolaíocht nua, beifear in ann tionchar níos dírí a imirt ar P2Ranna sa chás nach réitítear go pras laigí a d’fhéadfadh a bheith ina laigí seanbhunaithe, amhail na laigí sin a bhaineann le rialuithe inmheánacha nó fadhbanna rialachais, agus má tharlaíonn sé nach leor bearta maoirseachta eile, i gcomhréir le Moladh 3.2 ón Sainghrúpa.