Ráiteas tosaigh ó Christine Lagarde, Uachtarán BCE

Bliain speisialta a bhí in 2024 agus ceiliúradh á dhéanamh againn ar chothrom deich mbliana an tSásra Maoirseachta Aonair, a seoladh an 4 Samhain 2014. Ní hamháin gur deimhníodh le deich mbliana anuas gurb í an mhaoirseacht Eorpach ar bhaincéireacht ceann de na spriocanna ba shuntasaí a baineadh amach i gcomhthéacs na lánpháirtíochta Eorpaí ó seoladh an euro ach, ina theannta sin, sáraíodh na hionchais a bhí ann ó thaobh a cuid cúraimí a chomhlíonadh.
Na bainc atá faoi mhaoirseacht Eorpach ar bhaincéireacht, d’éiríodar i bhfad ní b’athléimní le linn na tréimhse sin. Cé gur thug paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim fuinnimh dúshlán do gheilleagar na hEorpa, bhí brabúsacht láidir, leordhóthanacht caipitil agus leachtacht ag na heintitis mhaoirsithe i gcónaí.
Faoin tríú ráíthe de 2024, b’ionann cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus cóimheas cumhdaigh leachtachta agus 15.7% agus 158.5% faoi seach. Leis an láidreacht airgeadais seo, cumasaíodh do na bainc tacaíocht éifeachtach a thabhairt don gheilleagar níos leithne agus cuidiú le tarchur rianúil bheartais BCE maidir le rátaí úis.
In 2024, agus an próiseas díbhoilscithe ar an mbóthar ceart, tharla athrú ríthábhachtach ar an mbeartas airgeadaíochta nuair a laghdaigh BCE a rátaí agus muid ag tabhairt faoi chéim “aisiompaithe” ár mbeartais. Rinne na bainc coigeartú éifeachtach ar a gcuid coinníollacha maidir le hiasachtú d’fhonn na hathruithe seo a chur san áireamh. Bhí dúshláin leanúnacha ann i rith na bliana, áfach, de bharr timpeallacht luaineach sheachtrach agus meastar go leanfaidh sé sin. Baineann éiginnteacht leis an timpeallacht gheopholaitiúil dhomhanda, lena n-áirítear cogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, coinbhleachtaí sa Mheánoirthear agus teannas leanúnach i dtrádáil idirnáisiúnta. Leanann na tosca seo d’athléimneacht na mbanc a thástáil, rud a léiríonn an gá atá le formhaoirseacht airdeallach chun cosaintí a neartú in aghaidh bagairtí macrairgeadais agus turraingí geopholaitiúla.
Ní mór do na bainc a bheith solúbtha i gcónaí i bhfianaise dúshláin struchtúracha chlaochlaitheacha. Tá an timpeallacht baincéireachta á hathmhúnlú ag an athrú aeráide agus an digitiú. Tá tubaistí a bhaineann leis an aeráid amhail falscaithe agus tuilte ag tarlú níos minice toisc go bhfuil teochtaí domhanda ag ardú. Leanfaidh cumas na mbanc chun rioscaí aeráide agus comhshaoil a bhainistiú agus a mhaolú de bheith ina thosaíocht ar an gclár oibre maoirseachta.
Ag an am céanna, tá athmhúnlú á dhéanamh ar thionscail, lena n-áirítear an earnáil baincéireachta, de bharr an dul chun cinn teicneolaíochta. Tá an claochlú digiteach bunriachtanach do na bainc chun go leanfaidh siad de bheith iomaíoch ach is gá go mbeidh bainistíocht fhónta riosca ag gabháil leis an gclaochlú sin, sa chaoi go rachfar i ngleic le saincheisteanna amhail an róspleáchas ar sholáthraithe seirbhísí TF agus an bhagairt sheasmhach a bhaineann le cibirionsaithe. Tá sé i gceist ag BCE a chuid gníomhaíochtaí maoirseachta a ghéarú sa réimse seo in 2025 mar a shainordaítear leis an nGníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil.
Tríd an obair seo, táimid tiomanta i gcónaí d’earnáil baincéireachta a chothú a bheidh láidir, athléimneach agus réamhbhreathnaitheach agus a bheidh ábalta dúshláin agus deiseanna araon a ionramháil, rud a tacóidh leis an ngeilleagar níos leithne.
Ráiteas tosaigh ó Claudia Buch, Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta

In 2024, bhí muid in ann breathnú siar ar thréimhse deich mbliana de dhul chun cinn maidir le hearnáil baincéireachta Eorpach a fhobairt. Ní bheadh éachtaí na maoirseachta Eorpaí ar bhaincéireacht indéanta gan saineolas agus tiomantas ár gcomhghleacaithe i BCE agus sna húdaráis inniúla náisiúnta. Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil leo as an obair chrua a dhéanann siad. Bhí a gcuid iarrachtaí ríthábhachtach chun cobhsaíocht agus sláine na hearnála baincéireachta Eorpaí a chothabháil.
Tá an earnáil baincéireachta Eorpach níos athléimní anois ná mar a bhí deich mbliana ó shin de bharr maoirseacht níos fearr, rialáil níos láidre, bainistíocht riosca fheabhsaithe sna bainc agus freagairtí beartais cinntitheacha ar thurraingí amhail paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim airgeadais. Caighdeáin láidre rialála agus maoirseacht éifeachtach chun a chinntiú go leanfaidh na bainc de bheith fónta agus cobhsaí i dtimpeallacht sheachtrach dhúshlánach. Bíonn bainc athléimneacha, dhea-chaipitlithe i riocht níos fearr chun tacú leis an bhfíorgheilleagar agus chun seirbhísí airgeadais a chur ar fáil don fhíorgheilleagar, lena n-áirítear le linn tréimhsí anáis.
Tá an athléimneacht ag éirí níos tábhachtaí fós i bhfianaise go bhfuil an timpeallacht ina bhfeidhmíonn na bainc ag athrú. Tá na rioscaí maicreacnamaíocha agus geopholaitiúla méadaithe, ní mór aird chuí a thabhairt ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus an dúlra, tá an claochlú digiteach san earnáil airgeadais ag déanamh difear don timpeallacht iomaíochta, agus d’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag an athrú struchtúrach san fhíorgheilleagar ar cháilíocht sócmhainní. I bhfianaise an chúlra seo, ní mór do na bainc a gcreataí bainistíochta riosca a oiriúnú chun a chinntiú go bhfuil siad ullmhaithe do chásanna díobhálacha.
Ag an am céanna, is gá go mbeidh an mhaoirseacht dírithe ar rioscaí, agus go mbeidh sí réamhbhreathnaitheach agus freagrúil do thimpeallacht athraitheach − mar a léirítear inár dtosaíochtaí maoirseachta do 2025-27.
Ar an gcéad dul síos, is gá go mbeidh na bainc sách athléimneach chun déileáil le bagairtí macrairgeadais agus turraingí geopholaitiúla ionchasacha díobhálacha. Léiríodh i SREP 2024 go bhfuil suíomhanna láidre caipitil agus leachtachta ag na hinstitiúidí suntasacha a ndéanann BCE maoirseacht orthu. Is amhlaidh atá freisin i gcás na n-institiúidí ar lú a suntas agus a ndéanann na húdaráis inniúla náisiúnta maoirseacht orthu. Ag an am céanna, is gá aird mhéadaithe a thabhairt ar mheath ionchasach ar cháilíocht sócmhainní agus ar shuaitheadh eacnamaíoch féideartha de bharr coinbhleachtaí geopholaitiúla nó éifeachtaí smachtbhannaí airgeadais, agus is gá do na bainc caipiteal leordhóthanach agus córais láidre rialachais agus bainistíochta riosca a bheith acu. Thairis sin, tá athléimneacht oibríochtúil, go háirithe i réimse na cibearshlándála, chomh tábhachtach leis an athléimneacht airgeadais.
Ar an dara dul síos, ní mór do na bainc dul i ngleic ar mhodh tráthúil le laigí aitheanta san athléimneacht agus sa bhainistíocht riosca. Áirítear orthu sin, easnaimh a bhaineann le rialachas agus le bainistíocht riosca aeráide agus comhshaoil. Ina theannta sin, tá córais leordhóthanacha de dhíth ó na bainc le haghaidh comhiomlánú sonraí riosca agus cumas tuairiscithe riosca sa chaoi go mbeidh a gcuid comhlachtaí bainistíochta in ann cinntí eolasacha a dhéanamh i dtimpeallacht atá ag athrú go tapa. Leanfaimid d’fhaireachán a dhéanamh ar na réimsí seo agus de ghníomh maoirseachta a ghlacadh más gá.
Ar an tríú dul síos, ní mór do na bainc freagairt straitéiseach a thabhairt ar dhigitiú na seirbhísí airgeadais agus na rioscaí gaolmhara a bhainstiú. De réir mar a théann na bainc i muinín uirlisí sofaisticiúla digiteacha chun a n-éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun freastal ar ionchais a gcustaiméirí, leanfaimid de mheasúnú a dhéanamh ar straitéisí digiteacha chun a chinntiú go maolófar rioscaí.
Díreach cosúil leis na bainc, ní mór do mhaoirseoirí dul in oiriúint do thimpeallacht athraitheach. Dá bhrí sin, chinn an Bord Maoirseachta in 2024 go ndéanfaí athchóiriú ar an bPróiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP) d’fhonn ár bpróisis a shruthlíniú agus ár n-éifeachtúlacht a fheabhsú. Le hathchóiriú SREP, ba cheart go ndéanfaí maoirseacht níos éifeachtúla, níos éifeachtaí agus níos dírithe ar rioscaí a bhaineann go sonrach le bainc, rud a chinnteoidh go ndéanfar fionnachtana maoirseachta a réiteach ar mhodh níos sciobtha agus níos seasmhaí.
Ag féachaint romhainn, beimid ag díriú i gcónaí ar shábháilteacht agus ar fhóntacht na mbanc a bhíonn á maoirsiú againn agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais. Leis seo, cumasófar don earnáil baincéireachta dul in oiriúint do na dúshláin agus deiseanna a thagann chun cinn i ndomhan atá ag athrú.
I dteannta obair mhaoirseachta, tá creat rialála láidir a bheidh dírithe ar athléimneacht ríthábhachtach chun cobhsaíocht airgeadais a chothabháil. Tá dul chun cinn reachtach maidir leis an gcreat bainistíochta géarchéime agus árachais taiscí ag teastáil chun a chumasú do na húdaráis san aontas baincéireachta, go háirithe an Bord Réitigh Aonair, déileáil le cliseadh banc ar bhealach níos éifeachtaí agus taisceoirí a chosaint. Is príomhthosaíochtaí iad an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích agus dul chun cinn breise a dhéanamh i dtreo aontas margaí caipitil d’fhonn athléimneacht agus comhtháthú chóras airgeadais na hEorpa a neartú.
Tá sé bunriachtanach dul i mbun idirphlé leis an tsochaí shibhialta chun tacaíocht do mhaoirseacht láidir, éifeachtach a áirithiú. Táimid tiomanta i gcónaí d’ardleibhéal trédhearcachta agus cuntasachta do lucht déanta beartas na hEorpa, agus tá níos mó teagmhála againn le heagraíochtaí ón tsochaí shibhialta. Tá ár gcomhoibriú le húdaráis idirnáisiúnta neartaithe againn -- rud atá thar a bheith tábhachtach i bhfianaise na ndúshlán geopholaitiúil nua. Leanfaimid de bheith ag obair i gcomhar lenár bpáirtithe leasmhara go léir chun córas airgeadais athléimneach, éifeachtúil a chur chun cinn a bheidh mar bhonn taca faoi fhás inbhuanaithe eacnamaíoch ar fud an limistéir euro.
© An Banc Ceannais Eorpach, 2025
Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Teileafón +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.bankingsupervision.europa.eu
Gach ceart ar cosaint. Ceadaítear atáirgeadh chun críocha oideachais agus neamhthráchtála fad is a aithnítear an fhoinse.
Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach ar ghluais SAM (ar fáil i mBéarla amháin).
HTML ISBN 978-92-899-6974-1, ISSN 2600-5115, doi:10.2866/1447011, QB-01-24-061-GA-Q