Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ár bhfreagairt ar an bpaindéim

Murab ionann agus an cás in 2008, ní hiad na bainc is cúis leis an bhfadhb anois. Ach is gá dúinn a chinntiú gur cuid den réiteach iad.

Andrea Enria, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Tá sinne sa Bhanc Ceannais Eorpach tar éis bearta beartais airgeadaíochta agus maoirseachta baincéireachta a chur i bhfeidhm chun maolú a dhéanamh ar thionchar phaindéim an Choróinvíris ar gheilleagar an limistéir euro agus chun tacaíocht a chur ar fáil do shaoránaigh Eorpacha.

Rochtain ar chreidmheas a chinntiú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí

Tá ról ríthábhachtacha ag bainc a chinntiú go bhfuil rochtain ag saoránaigh agus ag gnólachtaí ar na cistí atá uathu le haghaidh infheistíochta agus coigiltis. I ngeall ar a ról speisialta sa gheilleagar, is gá do bhainc cloí le rialacha ar leith le cinntiú go bhfuil siad láidir go leor chun turraingí a sheasamh. Leagtar síos i gceann de na rialacha sin gur gá do bhainc cistí breise a nglaoitear caipitil mhaolánacha orthu a choimeád i gcomhair drochthréimhsí.

Is príomhchuid dár mbearta i rith na géarchéime bainc a spreagadh chun a gcaipitil mhaolánacha a úsáid anois. Leis sin cuirtear €120 billiún de chaipiteal ar fáil. Is féidir le bainc na cistí sin a úsáid chun caillteanais a sheasamh arna n-eascairt as an ngéarchéim nó is féidir leo iad a úsáid chun cistiú ar luach €1.8 trilliún ar a mhéad a chur ar fáil i bhfoirm iasachtaí do theaghlaigh agus do ghnólachtaí.

Is le linn tréimhsí mar seo anois ba cheart do bhainc a gcaipitil mhaolánacha a úsáid. Is bealach é sin chun rochtain chreidmheasa a chinntiú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí i rith na tréimse dúshlánaí seo.

Preasráiteas: Faoiseamh sealadach caipitil agus oibríochta curtha ar fáil ag Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar fhreagairt ar an gcoróinvíreas Míniú ar an Maoirseacht: Cén fáth ar gá do bhainc caipiteal a choinneáil?

Rioscaí na mbanc a laghdú agus a gcumas iasachta a mhéadú

Is gá do bhainc rialacha a leanúint maidir leis na hiasachtaí a dhéanann siad. Níor cheart dóibh iasachtaí a thabhairt ach do dhaoine agus do ghnólachtaí a gceapann siad go bhfuil cumas aisíocaíochta acu.

Ceanglaímid ar bhainc freisin súil ghéar a choinneáil ar na hiasachtaí atá déanta acu. Nuair a chinneann bainc nach dócha go n-aisíocfaidh custaiméir iasacht, is gá don bhainc an iasacht a rangú mar ‘iasacht neamhthuillmheach’ nó mar “dhrochiasacht” agus tá orthu airgead a chur ar leataobh i leith an chaillteanais fhéideartha a bhaineann léi. Má bhíonn caillteanas ann, bíonn níos lú airgid ag bainc chun iasachtaí eile a dhéanamh.

Tuigimid gur féidir le custaiméirí fónta deacrachtaí sealadacha a bheith acu iasachtaí a aisíoc i gcás géarchéime. Ionas nach mbeidh cás ann ina mbeadh easpa cistí ag bainc toisc go mbeadh orthu na custaiméirí sin a rangú mar “chustaiméirí neamhthuillmheacha”, táimid tar éis níos mó roghanna a thabhairt do bhainc agus iad ag rangú iasachtaí a bhfuil ráthaíocht phoiblí acu.

Ní rabhamar chomh dian céanna ach oiread maidir leis an méid ba cheart do bhainc a chur ar leataobh chun ullmhú le haghaidh caillteanais ar iasachtaí arna ráthú ag rialtais. Leis na bearta sin, cuirtear tuilleadh caipitil ar fáil do bhainc chun iasachtaí a dhéanamh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí.

Preasráiteas: Solúbthacht curtha ar fáil ag Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar fhreagairt ar an gcoróinvíreas Míniú ar an Maoirseacht: Cad iad iasachtaí neamhthuillmheacha? Preasráiteas: Tugann an Banc Ceannais Eorpach síneadh leis an moladh gan díbhinní a íoc go dtí Eanáir 2021 agus soiléiríonn sé na hamlínte maidir le maoláin a thabhairt ar ais

Cuidiú leis na bainc díriú ar mhaoiniú a chur ar fáil don gheilleagar

Cuidíonn an mhaoirseacht linn a chinntiú go bhfuil an córas airgeadais seasmhach. Ceanglaítear ar bhainc freisin raon leathan riachtanas a chomhlíonadh. Tá amhras ar mhórán banc faoi dheacrachtaí oibriúcháin de dheasca na géarchéime seo. Chuireamar tuilleadh solúbthachta leis na hamlínte ar gá do bhainc cloí leo, ionas gur féidir leo díriú ar a bpríomhról: iasachtaí a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnólachtaí,

Chuige sin, athraímid amlínte, próisis agus spriocamanna maoirseachta de réir chás gach bainc. Mar shampla, is féidir linn athsceidealú a dhéanamh ar chigireachtaí i mbainc faoi mhaoirseacht agus is féidir linn síneadh a chur le spriocamanna chun easpaí a réiteach a aithníodh i gcigireachtaí le déanaí.

Tá cur chuige praiticiúil glactha againn maidir leis an bPróiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (SREP) freisin. Is é an aidhm a bhí ann measúnú éifeachtach agus éifeachtúil a dhéanamh ar na bainc atá faoi mhaoirseacht dhíreach an Bhainc Ceannais Eorpaigh fad is a laghdaítear an t-uallach a bhaineann le gnáth-thimthriail SREP. Dírítear ar inniúlacht banc déileáil leis na dúshláin atá anois ann agus leis na rioscaí agus na leochaileachtaí is mó a bhaineann le paindéim an Choróinvíris.

Preasráiteas: Faoiseamh sealadach caipitil agus oibríochta curtha ar fáil ag Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar fhreagairt ar an gcoróinvíreas Cén chaoi a ndéantar maoirseacht baincéireachta? Tosaíochtaí maoirseachta SREP: An Próiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta

Bainc a spreagadh lena gcion a dhéanamh

Is deacair do dhaoine agus do ghnólachtaí ar fud an limistéir euro déileáil leis an ngéarchéim. Spreagamar bainc lena gcion a dhéanamh agus d’iarramar orthu gan díbhinní a íoc ná athcheannaigh scaireanna a dhéanamh - nó teorainn a chur le díbhinní agus le bónais ar a laghad. Ina ionad sin, ba cheart do bhainc na cistí breise atá ar fáil a úsáid chun caillteanais a sheasamh nó chun iasachtaí a dhéanamh. Mar sin beidh siad in ann a bheith páirteach sa réiteach.

Preasráitis

Iarrann an Banc Ceannais Eorpach ar bhainc gan díbhinní a íoc nó teorainn a chur leo go dtí Meán Fómhair 2021 Iarrann an Banc Ceannais Eorpach ar bhainc gan díbhinní a íoc go dtí Deireadh Fómhair 2021 ar a luaithe Cuireann an Banc Ceannais Eorpach síneadh leis an moladh gan díbhinní a íoc go dtí Eanáir 2021 agus soiléiríonn sé na hamlínte chun maoláin a thabhairt ar ais

Tacú leis an ngeilleagar turraingí a sheasamh trí mheán ceannacháin sócmhainní agus iasachtaí fadtéarmacha do bhainc

Sheol an Banc Ceannais Eorpach pacáiste bearta beartais airgeadaíochta chun a chinntiú go bhfuil dóthain cistí ar fáil ag bainc agus ag gnólachtaí.

Mar shampla, táimid ag ceannach cineálacha éagsúla sócmhainní faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime a bhfuil luach €1,850 billiún leis. Mar shampla, ceannaímid bannaí go díreach ó bhainc. Ar an mbealach sin, cuirimid tuilleadh cistí ar fáil is féidir le bainc a thabhairt ar iasacht do theaghlaigh nó do ghnólachtaí. Ceannaímid bannaí comhlachtaí freisin agus sa chaoi sin cuirimid creidmheas breise ar fáil dóibh. Spreagann an dá chineál ceannacháin sin caiteachas agus infheistíocht a thacaíonn leis an bhfás eacnamaíoch.

Táimid ag cur iasachtaí fadtéarmacha ar fáil freisin ar choinníollacha fíormhaithe do bhainc a gcoinníonn orthu ag tabhairt iasachtaí dóibh siúd a bhfuil gá leo. Tá rialacha nach bhfuil chomh dian céanna á gcur i bhfeidhm againn maidir leis na sócmhainní is ceart do bhainc a thabhairt mar árachas nó mar “chomhthaobhacht” ar na hiasachtaí sin, le cinntiú go bhfuil dóthain comhthaobhachta acu. Cuidíonn sé sin leo leanúint d’iasachtaí a dhéanamh.

Preasráitis

Cinntí beartais airgeadaíochta 10 Nollaig 2020 Cuireann an Banc Ceannais Eorpach síneadh le tacaíocht do bhainc a thugann iasachtaí don fhíorgheilleagar Cuireann an Banc Ceannais Eorpach síneadh le hoibríochtaí athmhaoinithe fadtéarmacha éigeandála Cinntí beartais airgeadaíochta 4 Meitheamh 2020 Fógraíonn an Banc Ceannais Eorpach pacáiste beart sealadach maolaithe comhthaobhachta Fógraíonn an Banc Ceannais Eorpach clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime Fógraíonn an Banc Ceannais Eorpach maolú ar choinníollacha TLTROIII
FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

BEARTA BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Is é a dúirt Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Christine Lagarde: “Bíonn gá le bearta eisceachtúla i rith tréimhsí eisceachtúla. Níl teorainn lenár dtiomantas don euro.” Tá roinnt bearta beartais airgeadaíochta curtha i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chun tionchar na paindéime a mhaolú.

Tuilleadh eolais
Sceithireacht