Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Aontas baincéireachta

Céim thábhachtach i dtreo Fíor-Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta is ea an t-aontas baincéireachta. Cumasaíonn sé cur i bhfeidhm leanúnach rialacha baincéireachta an Aontais Eorpaigh sna tíortha rannpháirteacha. Cabhraíonn na nósanna imeachta agus uirlisí nua cinnteoireachta margadh níos trédhearcaí, níos aontaithe agus níos sábháilte a chruthú le haghaidh banc.

Cad chuige an t-aontas baincéireachta?

D’eascair an gá le haontas baincéireachta ó ghéarchéim airgeadais 2008 agus an ghéarchéim fiachais cheannasaigh a tháinig ina diaidh. De réir a chéile ba léir, go háirithe in aontas airgeadaíochta ar nós an limistéir euro, gur féidir le fadhbanna a chruthaíonn dlúthnaisc idir airgeadas na hearnála poiblí agus na hearnála baincéireachta scaipeadh go héasca thar theorainneacha náisiúnta agus anacair airgeadais a chruthú i dtíortha AE eile.

Is é cuspóir an aontais baincéireachta baincéireacht Eorpach a dhéanamh:

níos trédhearcaí trí rialacha agus caighdeáin riaracháin comónta a chur i bhfeidhm go leanúnach le haghaidh maoirseacht, téarnamh agus réiteach na mbanc.
aontaithe trí chaitheamh le gníomhaíochtaí baincéireachta náisiúnta agus trasteorann go cothrom agus tríd an nasc idir sláintiúlacht airgeadais banc agus na tíortha ina bhfuil siad a bhriseadh
níos sábháilte trí idirghabháil a dhéanamh go luath má bhíonn fadhbanna ag bainc, ar mhaithe le cabhrú leo teip a sheachaint agus – más gá – trí bhainc a réiteach go héifeachtúil
Teachtaireacht ón gCoimisiún: A roadmap towards a banking union

Gnéithe an aontais baincéireachta

Tá dhá cholún ag an aontas baincéireachta:

  • An Sásra Maoirseachta Aonair (SMA)
  • An Sásra Réitigh Aonair (SRA)

Tá an dá cholún sin suite ar bhonn an leabhair rialacha aonair, a bhaineann le gach tír san Aontas Eorpach.

An Sásra Maoirseachta Aonair

Is córas nua maoirseachta ar bhaincéireacht don Eoraip é an Sásra Maoirseachta Aonair. Cuimsítear ann an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta ó na tíortha rannpháirteacha.

An Sásra Maoirseachta Aonair

An Sásra Réitigh Aonair

Is é is feidhm leis an Sásra Réitigh Aonair ná réiteach éifeachtúil a chinntiú le haghaidh bainc a bhfuil ag teip orthu, leis na costais is lú is féidir don cháiníocóir agus don fhíorgheilleagar. Cinnteoidh Bord Réitigh Aonair nósanna imeachta cinnteoireachta tapa, trína bhféadfar banc a réiteach i gcaitheamh deireadh seachtaine. Mar mhaoirseoir, tá ról tábhachtach ag an mBanc Ceannais Eorpach i gcinneadh a dhéanamh an bhfuil ag teip ar bhanc nó an bhfuil an dóchúlacht ann go dteipfidh air.

Beidh Ciste Réitigh Aonair, a mhaoiníonn ranníocaíochtaí ó bhainc, ar fáil chun íoc as bearta réitigh.

An Sásra Réitigh Aonair

Leabhar rialacha aonair

Cuireann an tacar rialacha seo caighdeáin dhlíthiúla agus riaracháin ar fáil chun an earnáil airgeadais i ngach tír san Aontas Eorpach a rialáil, a mhaoirsiú agus a rialú i slí níos éifeachtúla. Áiríonn sé rialacha maidir le riachtanais chaipitil, próisis téarnaimh agus réitigh agus córas Scéimeanna Ráthaithe Taiscí náisiúnta comhchuibhithe.

Baineann pacáiste dhlíthe an Aontais Eorpaigh faoin leabhar rialacha aonair le gach tír san Aontas. Cinntíonn an t-aontas baincéireachta go gcuirtear na rialacha seo i bhfeidhm go leanúnach ar fud an limistéir euro agus i dtíortha rannpháirteacha eile.

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht