Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ráiteas ar fhonn riosca SMA

Is é príomhchuspóir SMA earnáil baincéireachta athléimneach a fheidhmeoidh go maith a bhaint amach

Cuireann an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) le cobhsaíocht an chórais airgeadais trí earnáil baincéireachta athléimneach a fheidhmeoidh go maith a chur chun cinn, earnáil ar féidir léi a feidhm soláthair seirbhísí a chomhlíonadh don gheilleagar.

Cloíonn SMA le cur chuige maoirseachta bunaithe ar dhea-chleachtas le haghaidh maoirseacht neamhspleách, fhorásach, chothrom agus bunaithe ar riosca. Le linn do SMA a bheith ag úsáid an chumais chun bainc a chur i gcomparáid lena chéile agus measúnú a dhéanamh ar a bpróifílí riosca agus ar a n-inmharthanacht i ndeireadh na dála, díríonn SMA a acmhainní ar na réimsí sin a gceaptar go bhfuil na rioscaí is mó iontu, ag leibhéil na mbanc aonair agus don chóras baincéireachta ina iomláine. Nuair a fheiceann SMA easnaimh mhóra i leibhéil chaipitil nó leachtachta na mbanc nó ina mbainistíocht riosca agus rialuithe, méadaítear déine na maoirseachta mar is cuí. Úsáideann SMA na cumhachtaí a dtugann an reachtóir dó, agus é mar phríomhaidhm aige an tionchar is fearr a bhaint amach agus an riosca ar an taobh thíos a laghdú chomh maith le hiarmhairtí neamhbheartaithe.

Níl sé mar aidhm ag SMA teipeanna bainc a chosc, ach a rioscaí agus a dtionchar a laghdú

In earnáil baincéireachta shláintiúil, tiocfaidh borradh ar roinnt banc agus imeoidh roinnt eile, trí chomhdhlúthú nó, sa chás tromchúiseach, de bharr teip amach is amach. Is gné riachtanach é sin de mhargadh iontaofa ina bhfuil iomaíocht shláintiúil i measc a rannpháirtithe.

Cuireann SMA chun cinn inbhuanaitheacht samhlacha gnó bainc atá comhsheasmhach le bainistíocht riosca agus rialuithe fónta, a bhfuil dóthain caipitil agus leachtachta mar thaca acu ionas go mbeidh siad in ann coinníollacha díobhálacha airgeadais agus eacnamaíocha a sheasamh. Ní mór do na bainc nach gcomhlíonann na coinníollacha tairsí sin bearta cuí a ghlacadh chun a staid a neartú nó d’fhéadfadh go mbeadh orthu imeacht ón margadh.

Mar sin, ní hé aidhm SMA teipeanna bainc iad féin a chosc. Níl beartas nach gceadaíonn aon teip praiticiúil ná inmhianaithe. Is féidir le bainc imeacht ón margadh agus ba cheart dóibh imeacht má bhainistítear iad ar bhealach rioscúil nó neamhfhónta, nó mura bhfuil siad in ann a n-iomaíochas a choinneáil go struchtúrach bunaithe ar shamhail ghnó fhónta. Ina theannta sin, bheadh beartas nach gceadaíonn aon teip neamhréireach leis an bprionsabal gurb iad na húinéirí agus na bainisteoirí bainc atá freagrach i ndeireadh na dála as na hiarmhairtí a bhaineann lena gcinntí agus lena ngníomhartha. Mar sin, chothódh beartas nach gceadaíonn aon teip baol morálta.

Tar éis measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht samhla gnó bainc, ar a phróifíl riosca agus ar a bhearta téarnaimh indéanta, d’fhéadfadh SMA a chinneadh nach bhfuil an banc inmharthana ó thaobh caipitil agus leachtachta níos mó, agus a dhearbhú go bhfuil teipthe ar bhanc nó gur dócha go dteipfear air. Mar sin, bíonn an Bord Réitigh Aonair (BRA) i bhfeighil an chinnte ina dhiaidh sin ar cheart an banc atá i gceist a réiteach.

Ó tharla go bhféadfadh teip ar bhanc an córas baincéireachta a dhíchobhsú ina iomláine, mura mbainistítear i gceart é, is é ár ról freisin ullmhú le haghaidh imeacht ordúil an bhainc ón margadh, más gá. Mar sin, cuirimid le pleanáil téarnaimh agus réitigh ordúil i mbainc, ag obair go dlúth leis an mBord Réitigh Aonair (BRB), atá freagrach as straitéisí réitigh go príomha.

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht