Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais

Is líonra é an Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA) atá bunaithe timpeall ar thrí Údarás Maoirseachta Eorpacha (ÚMEnna), an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach agus maoirseoirí náisiúnta. Is é an príomhchuspóir atá aige maoirseacht airgeadais leanúnach agus oiriúnach a chinntiú ar fud an Aontais Eorpaigh.

Agus é ina mhaoirseoir ar bhaincéireacht Eorpach, comhoibríonn an Banc Ceannais Eorpach go dlúth le ÚMEnna, go háirithe leis an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

Cuimsíonn CEMA maoirseacht mhacrastuamachta agus mhicreastuamachta araon.

Maoirseacht mhacrastuamachta

Baineann maoirseacht mhacrastuamachta le formhaoirseacht ar an gcóras airgeadais ina iomláine. Is é an phríomhaidhm atá leis rioscaí don chóras airgeadais a chosc nó a mhaolú.

An Bord Eorpach um Riosca Sistéamach

Tá an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) freagrach as maoirseacht mhacrastuamachta ar an gcóras airgeadais san Aontas Eorpach.

Cé nach cuid den Bhanc Ceannais Eorpach é, tá BERS lonnaithe in oifigí an Bhainc Ceannais Eorpaigh in Frankfurt am Main, an Ghearmáin, agus áirithíonn an Banc Ceannais Eorpach go bhfuil rúnaíocht ar fáil dó.

Tascanna

Is iad príomhthascanna BERS:

  • sonraí ábhartha a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu chun rioscaí sistéamacha a shainaithint
  • rabhaidh a thabhairt nuair a chinntear go bhfuil rioscaí sistéamacha áirithe suntasach
  • moltaí a thabhairt i dtaca le gníomhaíocht mar fhreagra ar na rioscaí a sainaithníodh
  • monatóireacht a dhéanamh i ndiaidh rabhaidh agus moltaí a thabhairt
  • comhoibriú agus comhordú le ÚMEnna agus le fóraim idirnáisiúnta

Comhdhéanamh

Is é Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpach Cathaoirleach BERS.

Le BERS, tugtar le chéile ionadaithe na mbanc ceannais náisiúnta i dtíortha an Aontais Eorpaigh agus Cathaoirligh na dtrí Údarás Maoirseachta Eorpacha.

An Bord Eorpach um Riosca Sistéamach

Maoirseacht mhicreastuamachta

Is é atá i gceist le maoirseacht mhicreastuamachta ná maoirseacht ar institiúidí aonair, ar nós bainc, cuideachtaí árachais nó cistí pinsin.

Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha

Is iad seo a leanas na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna):

  • An tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE)
  • An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC)
  • An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)

Tascanna

Oibríonn ÚMEnna ar chomhchuibhriú na maoirseachta airgeadais san Aontas Eorpach go príomha tríd an leabhar rialacha aonair a fhorbairt, is é sin an tacar caighdeán stuamachta le haghaidh institiúidí airgeadais aonair. Cabhraíonn ÚMEnna le cur i bhfeidhm leanúnach an leabhair rialacha a chinntiú chun iomaíocht chothrom a chruthú. Tá siad faoi shainordú measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus ar laigí san earnáil airgeadais.

Comhdhéanamh

Bíonn Cathaoirleach ag gach údarás a dhéanann ionadaíocht ar son na heagraíochta. Mar sin féin, is iad a mBoird Maoirseoirí faoi seach, atá comhdhéanta d’ionadaithe de chuid maoirseoirí náisiúnta gach tír, a ghlacann cinntí oibríochtúla.

Comhchomhlachtaí

An Bord Achomhairc

Is comhlacht neamhspleách é an Bord Achomhairc atá freagrach as achomhairc atá déanta acu siúd a raibh tionchar ag cinntí na dtrí ÚME orthu.

Seisear comhaltaí agus seisear ionadaithe, a cheapann ÚMEnna, atá air.

Comhchoiste

Cinntíonn Comhchoiste ÚMEnna leanúnachas trasearnála i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm an leabhair rialacha aonair.

Glacann ionadaithe ó gach ceann de na trí ÚME páirt i gcruinnithe an Chomhchoiste, agus mar sin cinntítear comhoibriú agus malartú rialta faisnéise.

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht