Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

1 Réamhrá

Na tosaíochtaí maoirseachta do 2026-28, is léiriú iad ar straitéis mheántéarmach BCE um Maoirseacht Baincéireachta do na trí bliana amach romhainn. Socraíonn Bord Maoirseachta BCE na tosaíochtaí sin de réir measúnú cuimsitheach a dhéantar ar na príomhrioscaí agus na príomhleochaileachtaí a bhaineann le heintitis faoi mhaoirseacht. Déantar athbhreithniú bliantúil orthu chun athruithe ar an timpeallacht riosca agus ar thoradh na gcleachtaí maoirseachta éagsúla a thabhairt san áireamh, go háirithe an Próiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP).[1] Déantar athbhreithniú ar na tosaíochtaí sin freisin chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na bainc i gcomparáid le tosaíochtaí agus ceanglais rialála na mblianta roimhe sin. Tá an cineál sin athbhreithnithe bhliantúil fabhrach do straitéis rioscabhunaithe agus réamhbhreathnaitheach lena gcothaítear leithdháileadh éifeachtúil na n-acmhainní maoirseachta, lena gcuirtear na gníomhaíochtaí maoirseachta i riocht níos trédhearcaí agus níos intuartha do na bainc, agus lena n-áirithítear solúbthacht leordhóthanach fós chun na tosaíochtaí a choigeartú más gá.

Tá dea-phróifíl riosca agus buntréithe láidre ag gabháil le córas baincéireachta na hEorpa; tá sé sa riocht, dá bhrí sin, gur féidir leis dul i ngleic le timpeallacht gheopholaitiúil agus mhacra-airgeadais an lae inniu atá thar a bheith éiginnte agus tacú go héifeachtach le geilleagar na hEorpa. Le bliain anuas, thuairiscigh an earnáil go bhfuil staideanna láidre caipitil agus leachtachta i réim mar aon le leibhéil ísle iasachtaí neamhthuillmheacha, agus go dtí seo tá na leibhéil bhrabúsachta ag seasamh an fhóid in aghaidh na rátaí úis atá ag titim. De bharr na mbuntréithe láidre sin, a eascraíonn go páirteach as feabhsú na gcreataí stuamachta agus maoirseachta ó bhí an ghéarchéim airgeadais dhomhanda ann, bhí an earnáil in ann déileáil leis na dúshláin eacnamaíocha a d’eascair as an ngéarú ar na teannais agus na coinbhleachtaí trádála domhanda, agus déileáil leis na tréimhsí ina dhiaidh sin ina raibh an-ghuagacht sa mhargadh airgeadais. Thairis sin, le blianta beaga anuas, tá athléimneacht na hearnála baincéireachta tar éis tairbhe as bearta poiblí arb é is aidhm dóibh tacú leis an bhfíorgheilleagar agus tionchar suaití díobhálacha a mhaolú. Léirítear athléimneacht fhoriomlán na hearnála baincéireachta i leith staid dhíobhálach a d’eascródh as teannais gheopholaitiúla freisin i dtástáil struis uile-Aontais na bliana seo.

Mar sin féin, ní mór do na bainc a bheith réidh chun na dúshláin atá romhainn a bhainistiú. Tá méadú as cuimse tagtha ar na héiginnteachtaí domhanda; dá bharr sin tá timpeallacht leochaileachta méadaithe tagtha i dtreis, áit a bhfuil rioscaí a ceapadh a bheith neamhdhóchúil ag éirí níos dóchúla. Mar gheall ar theannais gheopholaitiúla agus beartais trádála atá ag athrú, ar ghéarchéimeanna a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra, ar an athrú déimeagrafach agus suaití teicneolaíochta, tá leochaileachtaí struchtúracha ag dul in olcas, rud a fhágann gur mór an seans anois go dtarlóidh teagmhais fhoircneacha ísealdóchúlachta (earr-rioscaí). Tá an-éiginnteacht ann. Leis an meascán tosca sin, méadaítear an riosca go mbeidh suaití tobanna tromchúiseacha ann agus go mbeidh iarmhairtí forleathana ann do na geilleagair, do na margaí airgeadais agus do na bainc araon. Tá sé ag teacht leis an méid a iarradh ar na bainc le blianta beaga anuas, is é sin a bheith san airdeall agus gan na maidí a ligean le sruth.

I bhfianaise an ionchais dhúshlánaigh sin, léirítear leis na tosaíochtaí maoirseachta le haghaidh 2026-28 gur gá do na bainc a bheith athléimneach go fóill i bhfianaise rioscaí geopholaitiúla agus éiginnteachtaí macra-airgeadais (Tosaíocht 1), agus athléimneacht láidir oibríochtúil agus cumais TFC láidre á gcinntiú acu (Tosaíocht 2) ag an am céanna.

Fíor 1

Tosaíochtaí maoirseachta le haghaidh 2026-28, lena dtugtar aghaidh ar leochaileachtaí sainaitheanta sna bainc

Foinse: BCE.
Nótaí: Léirítear san fhíor seo an dá thosaíocht mhaoirseachta don tréimhse 2026-28 agus na leochaileachtaí comhfhreagracha a bhfuil ar na bainc aghaidh orthu sna trí bliana amach romhainn. Déanfaidh Maoirseacht Baincéireachta BCE gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun measúnú, faireachán agus obair leantach a dhéanamh ar na leochaileachtaí a sainaithníodh. Ar thaobh na láimhe deise den fhíor léirítear an chatagóir riosca uileghabhálach a bhaineann le gach leochaileacht.

Díríonn gach tosaíocht mhaoirseachta ar thacar sonrach leochaileachtaí in earnáil na baincéireachta ar leagadh síos cuspóirí straitéiseacha tiomnaithe ina leith agus ar forbraíodh cláir oibre shaincheaptha ina leith. Liostaítear i bhFíor 1 cúig chuspóir chun aghaidh a thabhairt ar phríomhleochaileachtaí sna bainc agus leagtar amach ann straitéis mheántéarmach go fadtéarmach lena ndírítear ar straitéisí digiteacha na mbanc agus, go háirithe, ar straitéisí a bhaineann leis an intleacht shaorga, ar rialachas agus ar bhainistiú riosca. Is léiriú iad an dá thosaíocht sin ar an rún daingean atá ag Maoirseacht Baincéireachta BCE earnáil baincéireachta Eorpach atá láidir, athléimneach agus inbhuanaithe a chothú – earnáil baincéireachta a bheidh in ann dul i ngleic le timpeallacht riosca atá ag éirí níos casta.

Is é is aidhm do na tosaíochtaí maoirseachta aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí is ábhartha agus is uileghabhálaí atá os comhair na mbanc agus rannchuidiú leis an obair uile atá idir lámha ag Maoirseacht Baincéireachta BCE. Ag an am céanna, tugann Maoirseacht Baincéireachta BCE faoi ghníomhaíochtaí maoirseachta rialta chun aghaidh a thabhairt ar réimsí riosca ábhartha eile chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’athléimneacht earnáil baincéireachta na hEorpa i leith rioscaí institiúidsonracha. Beidh an obair leantach ar thosaíochtaí roimhe seo fós ina príomhfhócas, mar aon le hobair leanúnach mhaoirseachta leis na bainc.

Cuireann na tosaíochtaí maoirseachta éifeachtacht agus comhsheasmhacht chun cinn in obair phleanála na gComhfhoirne Maoirseachta (JSTanna) agus tacaíonn siad le leithdháileadh éifeachtúil acmhainní i gcomhréir le leibhéil lamháltais riosca réamhshainithe. [2] Cuidíonn siad freisin le maoirseoirí náisiúnta a dtosaíochtaí féin a leagan síos maidir le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí ar lú a suntas ar bhealach comhréireach. Tá ról ríthábhachtach ag cur in iúl trédhearcach na dtosaíochtaí sin maidir leis na hionchais atá ag na bainc a shoiléiriú, an tionchar atá ag an maoirseacht sin a neartú maidir le hathléimneacht earnáil baincéireachta na hEorpa a mhéadú tuilleadh, agus cothrom iomaíochta a bhaint amach sna hinstitiúidí trí chéile.

Tugtar forléargas sna míreanna seo a leanas ar mheasúnú riosca 2025 mar aon le cuntas mionsonraithe ar na tosaíochtaí maoirseachta agus ar na cláir oibre don tréimhse 2026-28.

2 Measúnú riosca agus tosaíochtaí maoirseachta le haghaidh 2026-28

2.1 An timpeallacht mhaicreacnamaíoch agus oibriúcháin le haghaidh eintitis faoi mhaoirseacht

Le bliain anuas, tá géarú ar na teannais trádála domhanda agus rioscaí geopholaitiúla níos leithne le sonrú ar an timpeallacht mhaicreacnamaíoch, rud a fhágann go bhfuil beartais trádála ag athrú agus go bhfuil éiginnteacht níos airde ann tríd is tríd. Nuair a rinneadh an fógra maidir le taraifí allmhairiúcháin nua na Stát Aontaithe go luath i mí Aibreáin 2025, cuireadh tús le díol tobann bannaí ar an margadh, rud a chuir leis an eagla go raibh cúlú eacnamaíoch domhanda ar na bacáin. Tháinig méadú ar éiginnteacht beartais, go háirithe ó thaobh na trádála idirnáisiúnta de, go leibhéil nach raibh ann roimhe seo, agus dá bharr sin bhí luaineacht shuntasach sna margaí airgeadais.[3] Na fógraí ina dhiaidh sin – an chéad fhógra go raibh na méaduithe ar tharaifí le cur ar athló go sealadach agus, níos déanaí, an fógra maidir le comhaontú trádála a raibh de thoradh air nach mbeadh cogadh trádála ann idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas – bhí de thoradh orthu gur tháinig borradh faoi na margaí cothromais. Cé gur aisiompaíodh na caillteanais tosaigh, tá na margaí cothromais fós luaineach agus leochaileach i leith athphraghsáil bhreise de bharr luachálacha arda agus comhchruinniú riosca.[4]

D’ainneoin luaineachtaí sa ghníomhaíocht eacnamaíoch, tacaíonn na dálaí i gcónaí le neartú fíorfhás OTI sa limistéar euro sa tréimhse réamh-mheasta, agus meastar go gcobhsóidh an boilsciú thart ar an sprioc mheántéarmach 2%.[5] Meastar go mbeidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis sa chéad ráithe de 2025, arna spreagadh go páirteach ag tús-ualú onnmhairí in oirchill taraifí níos airde, agus meastar go dtiocfaidh maolú ar an bhfás sin sa dara leath den bhliain. Meastar, áfach, go dtiocfaidh méadú ar an bhfíorfhás OTI sa limistéar euro sa mheántéarma, de thoradh feabhas ar an bhfíorioncam indiúscartha, laghdú ar an éiginnteacht, éileamh eachtrach níos láidre agus spreagadh fioscach a bhaineann le cúrsaí cosanta agus bonneagair. Tugann táscairí suirbhé le fios freisin go bhfuil méadú beag tagtha ar an earnáil monaraíochta agus ar an earnáil seirbhísí araon, rud a léiríonn móiminteam bunúsach dearfach sa gheilleagar. Meastar go bhfanfaidh an boilsciú ceannlíne thart ar an sprioc mheántéarmach 2%, agus meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcroí-bhoilsciú de bharr brúnna costais saothair a bheith ag laghdú agus de bharr luachmhéadú an euro.

Cé gur tháinig maolú ar an éiginnteacht beagán sa dara leath den bhliain, tá éiginnteacht mhéadaithe fós ann i gcomparáid leis na noirm stairiúla, rud a chruthaíonn rioscaí don ionchas eacnamaíoch.[6] Tá na rioscaí don fhás eacnamaíoch tar éis éirí níos cothroime de réir mar a maolaíodh ar an éiginnteacht de thoradh comhaontuithe trádála.[7] Mar sin féin, d’fhéadfadh géarú athnuaite ar theannais trádála domhanda tionchar a imirt ar fhás onnmhairí agus infheistíocht agus tomhaltas a mhaolú. Tá na teannais geopholaitiúla leanúnacha fós ina mhórfhoinse riosca don ionchas maicreacnamaíoch. D’fhéadfadh dálaí maoiniúcháin níos déine a bheith ann mar thoradh ar mheath a d’fhéadfadh teacht ar mheon an mhargaidh airgeadais, agus d’fhéadfadh breis col riosca agus lagú ar an bhfás a bheith ann dá réir. Thairis sin, d’fhéadfadh meascán d’fhás níos laige ná mar a bhíothas ag dréim leis, de riachtanais níos airde i dtaobh caiteachas ar chosaint agus de dhúshláin struchtúracha – amhail táirgiúlacht íseal, daonra atá ag dul in aois, an t-athrú aeráide agus an digitiú – dochar a dhéanamh d’inbhuanaitheacht an fhiachais cheannasaigh, go háirithe i dtíortha a bhfuil fiachais ollmhóra acu.[8]

Go dtí seo, tá athléimneacht láidir léirithe ag na margaí airgeadais agus ag earnáil baincéireachta na hEorpa in aghaidh suaití seachtracha; chuidigh sraith beart poiblí tacúil, lena n-áirítear beartais fhioscacha agus airgeadaíochta, leis sin uaireanta. Bhí ról ríthábhachtach ag leachtacht leordhóthanach laistigh den chóras airgeadais maidir leis srian a chur leis an líon suíomhanna ar chlis orthu le linn dhíolachán bannaí an mhargaidh i mí Aibreáin. Cé go raibh an suaitheadh a bhaineann le taraifí agus an méadú ar luaineacht mhaicreacnamaíoch a ghabhann leis ábhartha, níor mhair siad i bhfad. Tháinig na margaí cothromais chucu féin go tapa tar éis an fhógra go raibh na méaduithe ar tharaifí le cur ar athló, agus bhí na bunphrionsabail láidre a ghabhann leo ina gcrann taca ag praghsanna sócmhainní bainc Eorpacha. Tar éis na suaití a d’eascair as beartais trádála, is mór an seans fós go mbeidh tuilleadh teannais gheopholaitiúla agus mhacra-airgeadais ann, agus méadú dá réir ar an mbaol go ndéanfar athphraghsáil thobann ar an margadh a bhféadfadh impleachtaí díobhálacha a bheith aici ar an gcobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro agus sa gheilleagar domhanda. D’fhéadfadh an riosca sin éirí níos measa dá réir sin mar gheall ar an idirnasc idir na hinstitiúidí airgeadais bainc agus na hinstitiúidí airgeadais neamhbhainc – idirnasc atá ag méadú.[9]

Ina theannta sin, d’fhéadfadh riachtanais arda caiteachais phoiblí mar aon le spás fioscach teoranta atá ar fáil a bheith ina n-ábhar imní maidir le hinbhuanaitheacht an fhiachais cheannasaigh i roinnt tíortha, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh méadú ar chostais chistiúcháin agus ar sheach-iarmhairtí na mbanc agus na gcorparáidí.[10] Amach anseo, d’fhéadfadh sé sin teorainn a chur leis an spás beartais atá ar fáil chun suaití san fhíorgheilleagar a mhaolú.

2.2 Tosaíocht 1: Athléimneacht na mbanc i leith rioscaí geopholaitiúla agus éiginnteachtaí macra-airgeadais a neartú

Leis an timpeallacht mhacra-airgeadais agus gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, is cinnte go bhfuil gá le hathléimneacht láidir airgeadais in earnáil baincéireachta na hEorpa agus ní foláir an aird mhaoirseachta a mhéadú i réimsí roghnaithe. Go háirithe, ba cheart do na bainc a áirithiú go ndéanann siad riosca a ghlacadh ar bhealach stuama agus go bhfuil caighdeáin fhónta chreidmheasa i bhfeidhm acu ionas nach gcarnfar iasachtaí neamhthuillmheacha nua. Ina theannta sin, tabharfaidh maoirseoirí aird ar leith ar an gcaoi a ndéanann na bainc na cuir chuige chaighdeánaithe nua atá níos íogaire ó thaobh riosca de a chur chun feidhme – cuir chuige atá ceaptha chun cuidiú le ríomh na gceanglas caipitil faoi phacáiste baincéireachta CRR III/CRD VI. Leis na creataí nua ceanglas caipitil sin, déantar ceanglais chaipitil a ailíniú ar bhealach níos fearr le rioscaí iarbhír na mbanc agus meastar go dtiocfaidh méadú ar a dtionchar ar na ríomhanna sócmhainní atá ualaithe ó thaobh riosca le himeacht ama agus an t-íosráta aschuir nua á chéimniú isteach. Ar deireadh, mar gheall ar a mhinice atá tubaistí a bhaineann leis an aeráid ag tarlú agus an dul chun cinn mall i dtreo na spriocanna glan-nialasachta faoi Chomhaontú Pháras, tá de dhualgas ar na bainc an bainistiú a dhéanann siad ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra (C&N) a neartú tuilleadh.

Tá rioscaí geopholaitiúla ar chuid de na rudaí is mó a chuireann leis an éiginnteacht mhaicreacnamaíoch, agus is iad is mó atá mar thosaíocht mhaoirseachta ag BCE. Dá réir sin, i dtástáil struis théamach 2026 déanfar measúnú ar chásanna féideartha institiúidsonracha um riosca geopholaitiúil agus an chaoi a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag na cásanna féideartha sin, dá dtarlóidís i ndáiríre, ar shócmhainneacht na mbanc.[11] Cuideoidh sé freisin lena fháil amach conas a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag na cásanna féideartha um riosca geopholaitiúil arna mbreithniú ag na bainc ar dhálaí cistiúcháin agus leachtachta na mbanc. Ós rud é gur rioscaí trasearnála iad na rioscaí geopholaitiúla, tiocfar orthu le linn gníomhaíochtaí maoirseachta tosaíochta agus rialta araon. Mar chuid dá ngníomhaíochtaí rialta, déanfaidh maoirseoirí measúnú ar chumas na mbanc suaití geopholaitiúla a sheasamh agus déanfaidh siad athbhreithniú ar ráitis inmheánacha leordhóthanachta caipitil agus leachtachta na mbanc, ar a bpróisis pleanála leachtachta agus cistiúcháin, ar a bpleananna téarnaimh agus ar a gcreataí inmheánacha tástála struis.

2.2.1 Leochaileacht a bhfuil tosaíocht tugtha di: Deimhin a dhéanamh de go bhfuil caighdeáin stuama ann maidir le dul i riosca mar aon le caighdeáin fhónta chreidmheasa

Cuspóir straitéiseach: Chun dul i riosca stuama a chothú, ba cheart d’eintitis faoi mhaoirseacht caighdeáin fhónta chreidmheasa agus praghsáil rioscabhunaithe a bheith i bhfeidhm acu agus a choinneáil ar bun, agus iad ag dul in oiriúint ag an am céanna d’athruithe ar an timpeallacht mhacrairgeadais agus d’imthosca sonracha a n-institiúide.

D’fhan cáilíocht na sócmhainní atá ag na heintitis faoi mhaoirseacht cobhsaí, ar an iomlán, le bliain anuas, le tacaíocht ó athléimneacht na dteaghlach agus na gcorparáidí i leith rátaí úis níos airde. Cé gur tháinig méadú beag ar mhéideanna na n-iasachtaí neamhthuillmheacha le bliain anuas, i ndeighleoga na dtomhaltóirí agus na bhfiontar beag agus meánmhéide den chuid is mó, tháinig feabhas ar chóimheasa iasachtaí neamhthuillmheacha fhormhór na n-eintiteas faoi mhaoirseacht. Tá ionchas eacnamaíoch an limistéir euro fós tacúil den chuid is mó, agus de thoradh rátaí úis níos ísle agus leibhéil fiachais níos sláintiúla meastar go laghdófar an brú atá ar sheirbhísiú fiachais. Meastar freisin go mbeidh na margaí réadmhaoine cónaithe athléimneach go fóill, agus iad ag baint tairbhe as dálaí fabhracha sa mhargadh saothair, agus tá comharthaí ann go bhfuil deighleog an eastáit réadaigh tráchtála ag cobhsú de réir a chéile, cé go bhfuil earnáil na n-oifigí fophríomha fós lag de bharr éileamh níos ísle ar bhonn leanúnach.[12] An tráth céanna, tá rioscaí neamhfhabhracha suntasacha ann go fóill, go háirithe mar thoradh ar theannais trádála idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas agus rioscaí geopholaitiúla níos leithne, agus d’fhéadfadh na rioscaí sin cur isteach ar earnálacha a sheolann méideanna móra onnmhairí chuig na Stáit Aontaithe, amhail earnáil na ngluaisteán, earnáil na gceimiceán nó earnáil na cógaisíochta, rud a d’fhéadfadh cáilíocht sócmhainní a laghdú. Mar fhreagairt ar na héiginnteachtaí domhanda sin, chrom roinnt banc ar a gcuid soláthairtí in aghaidh neamhchosaintí creidmheasa a mhéadú, ach d’fhan costas comhiomlán an riosca agus na leibhéal soláthair cobhsaí ar an iomlán. Ós rud é go bhféadfadh na dálaí maicreacnamaíocha dul in olcas mar thoradh ar ghéarú ar na teannais gheopholaitiúla agus trádála domhanda, ní foláir, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfidh na bainc caighdeáin fhónta frithgheallta i bhfeidhm maidir le táirgeadh iasachtaí nua.[13]

Léirítear i measúnuithe maoirseachta gurb amhlaidh, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta, atá easnaimh fós ar roinnt banc ina gcreataí IFRS 9 agus ina gcreataí bainistíochta riosca creidmheasa ó thaobh punanna leochaileacha atá acu. In athbhreithnithe ar an láthair agus lasmuigh den láthair léiríodh go raibh feabhsuithe le sonrú ar an gcaoi a dtagtar ar rioscaí atá ag teacht chun cinn,[14]amhail rioscaí C&N, ach tá saincheisteanna leanúnacha fós ann amhail forleaganacha treallacha agus gan bheith ag teacht ar rioscaí ar bhealach leordhóthanach.[15] Shonraigh na maoirseoirí laigí sa soláthar in aghaidh neamhchosaintí creidmheasa agus i gcreataí IFRS 9 in SREP 2025 agus leanfaidh siad d’obair leantach a dhéanamh ar na heasnaimh atá ann go fóill ina ngnáthobair mhaoirseachta. Thairis sin, lean maoirseoirí de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an mbainistiú a dhéanann bainc ar fhéichiúnaithe níos leochailí. In athbhreithniú spriocdhírithe a rinneadh ar phunann na bhfiontar beag agus meánmhéide thángthas ar easnaimh ábhartha i réimsí an rialachais (lena n-áirítear bainc a bheith ag úsáid sonraí atá as dáta chun measúnuithe a dhéanamh), córais luathrabhaidh (a bhíonn ag brath go minic ar rátálacha amháin) agus ullmhacht i gcomhair anás airgeadais na n-iasachtaithe. Sna cigireachtaí riosca creidmheasa ar an láthair (OSInna) ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, chomh maith le punanna leochaileacha eile amhail réadmhaoin tráchtála, thángthas arís ar shaincheisteanna a bhaineann le soláthar in aghaidh neamhchosainí creidmheasa, próisis bainistithe riosca creidmheasa (lena n-áirítear luacháil comhthaobhachta), rialachas agus cáilíocht sonraí.

As seo amach, tabharfaidh maoirseoirí tús áite do chaighdeáin stuama um dhul i riosca agus um fhrithghealladh creidmheasa sna bainc ionas nach dtiocfaidh iasachtaí neamhthuillmheacha chun cinn amach anseo. Déanfar athbhreithniú téamach, ag tógáil ar chleachtadh 2019, chun measúnú[16] a dhéanamh ar an gcaoi a maolaíonn na bainc caillteanais fhéideartha trí bhíthin a gcreataí um iasachtú creidmheasa. Ina dhiaidh sin, beidh tionscnaimh spriocdhírithe ann, lena n-áirítear bearta feabhsúcháin agus OSInna riosca creidmheasa lena gcumhdófar caighdeáin frithgheallta. I gcás na mbanc sin ina sonraítear san athbhreithniú téamach go bhfuil saincheisteanna i dtreis maidir le praghsáil iasachta nó bainistiú costais, déanfar athbhreithnithe breise chun a mheas an bhfuil cleachtais iasachtaithe i gcomhréir le spriocanna brabúsachta inbhuanaithe.

2.2.1.1 Príomhghníomhaíochtaí faoin gclár oibre le haghaidh na dtosaíochtaí maoirseachta sin

  • Athbhreithniú téamach ar chaighdeáin frithgheallta creidmheasa, ag díriú ar iasachtú nua chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag na bainc caillteanais chreidmheasa fhéideartha amach anseo a mhaolú
  • Athbhreithniú spriocdhírithe ar phraghsáil iasachtaí, mar obair leantach ar an athbhreithniú téamach, chun measúnú a dhéanamh ar chleachtais agus caighdeáin praghsála iasachtaí na mbanc
  • OSInna riosca creidmheasa spriocdhírithe, lena n-áirítear creataí na mbanc um thionscnamh iasachta agus um fhrithghealladh creidmheasa

2.2.2 Leochaileacht a bhfuil tosaíocht tugtha di: Caipitliú leordhóthanach agus cur chun feidhme comhsheasmhach CRR III a áirithiú

Cuspóir straitéiseach: Chun caipitliú leordhóthanach a choinneáil ar bun, ní mór do na heintitis faoi mhaoirseacht an cur chuige caighdeánaithe nua a chur chun feidhme chun a n-íoscheanglais chaipitil faoi CRR III a ríomh, go comhsheasmhach agus go cruinn.

Is é is aidhm do chreat deiridh Basel III – a forbraíodh mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais dhomhanda – go mbeadh na bainc níos ullmhaithe chun suaití eacnamaíocha a sheasamh agus, ag an am céanna, iad a bheith in ann go fóill gníomhaíocht eacnamaíoch a mhaoiniú agus tacú leis an bhfás. San Aontas, cuireadh an creat sin chun feidhme trí phacáiste CRR III/CRD VI, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025. Leis an bpacáiste reachtach sin, neartaítear na ceanglais Eorpacha maidir le maoirseacht agus rialachas baincéireachta agus tugtar isteach athruithe tábhachtacha ar ríomh shócmhainní na mbanc atá ualaithe ó thaobh riosca sna catagóirí riosca stuamachta uile.

Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfidh na bainc an cur chuige caighdeánaithe nua chun feidhme go comhsheasmhach agus go cruinn chun a áirithiú go mbeidh na ceanglais chaipitil ailínithe ar shlí níos dlúithe le rioscaí iarbhír na mbanc. Cé go raibh na hathbhreithnithe maoirseachta ábhartha a rinneadh san am a chuaigh thart beagán teoranta, is minic a tharraing anailísí spriocdhírithe JST agus OSI ar chur chun feidhme an chur chuige chaighdeánaithe ag na bainc aird ar easnaimh ábhartha a d’eascair as aicmithe míchearta neamhchosaintí, as leithdháiltí míchearta ualaithe riosca, as luachálacha míchearta comhthaobhachta nó as rialuithe laga ag a bhfeidhmeanna rialúcháin riosca.

Beidh gá le grinnscrúdú maoirseachta níos dlúithe amach anseo chun go gcuirfear san áireamh an ról méadaitheach a bheidh ag an gcur chuige caighdeánaithe ó thaobh sócmhainneacht na mbanc a chinneadh, lena n-áirítear tríd an íosráta aschuir nua a ríomh. Maidir le riosca creidmheasa, déanfaidh maoirseoirí measúnú ar chur chun feidhme an chur chuige chaighdeánaithe ag na bainc tar éis na n-athruithe ábhartha a tugadh isteach le CRR III. Déanfaidh na maoirseoirí OSInna spriocdhírithe a chomhcheangal le hathbhreithnithe spriocdhírithe chun measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht chreataí caipitil na mbanc. Tabharfar aghaidh ar an bhfeabhsú a bheidh le déanamh de dhroim na dtorthaí maoirseachta gaolmhara trí obair leantach rialta na gcomhfhoirne maoirseachta. Maidir le riosca oibriúcháin, tugtar isteach le CRR III cur chuige nua nach bhfuil bunaithe ar shamhail agus is infheidhme maidir le gach banc – cur chuige a ghlacann ionad an chur chuige a bhí ann roimhe sin. Mar a dhéantar i gcás riosca creidmheasa, déanfaidh na maoirseoirí athbhreithniú tosaigh chun cásanna asluiteacha féideartha a shainaithint, bunaithe ar na sócmhainní ualaithe ó thaobh riosca atá tuairiscithe ag na bainc agus ar mheasúnuithe cáilíochtúla eile, agus ina dhiaidh sin déanfaidh siad athbhreithniú spriocdhírithe ar na bainc sin a bhfuil riosca níos airde mí-ríomha ag baint leo. Maidir le riosca margaidh, ós rud é gur cuireadh siar céad-dáta chur i bhfeidhm an Athbhreithnithe Bhunúsaigh ar an Leabhar Trádála, ní dhéanfar na hathbhreithnithe maoirseachta spriocdhírithe ábhartha ach amháin arna iarraidh sin do na comhfhoirne maoirseachta, ag brath ar thoradh a n-idirphlé leanúnaigh leis na bainc sa réimse sin.

2.2.2.1 Príomhghníomhaíochtaí faoin gclár oibre le haghaidh na dtosaíochtaí maoirseachta sin

  • Riosca creidmheasa: athbhreithnithe spriocdhírithe agus cigireachtaí spriocdhírithe ar an láthair, lena ndírítear ar shócmhainní atá ualaithe ó thaobh riosca a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe
  • athbhreithnithe spriocdhírithe ar ríomh chomhpháirt an táscaire gnó chun cuidiú le ríomh na gceanglas caipitil comhfhreagrach

2.2.3 Leochaileacht a bhfuil tosaíocht tugtha di: Bainistiú stuama ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra a áirithiú

Cuspóir straitéiseach: Ba cheart do na bainc measúnú agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a eascraíonn as na géarchéimeanna aeráide agus dúlra, agus easnaimh leanúnacha ina gcreataí bainistithe riosca gaolmhara a leigheas.

Agus teochtaí domhanda ag sárú 1.5°C os cionn an mheáin réamhthionsclaíoch agus an Eoraip ar an mór-roinn is tapúla téamh ar domhan,[17] tá tarlúintí tromchúiseacha aeráide agus dúlra ag titim amach níos minice agus níos costasaí. Léiríonn tarlúintí amhail na tuilte agus na falscaithe a tharla le déanaí thart timpeall na hEorpa go bhfuil an cruatan daonna agus eacnamaíoch a eascraíonn as géarchéimeanna aeráide agus dúlra ag dul i méid.[18] Ag an am céanna, tá rioscaí breise ann d’fhás OTI agus, b’fhéidir, do neamhchosaintí cláir comhardaithe na mbanc mar gheall ar an mbearna cosanta árachais atá ard agus ag dul i méid, agus gan ach thart ar 25% de na caillteanais guaise nádúrtha á n-árachú.[19] Thairis sin, tá méadú ag teacht ar an riosca aistrithe mar go bhfuil dul chun cinn gheilleagair an domhain i dtreo na spriocanna glan-nialasachta faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach tar éis titim ar gcúl.[20] D’fhéadfadh caillteanais shuntasacha chreidmheasa agus caillteanais riosca margaidh[21] do bhainc Eorpacha a bheith mar thoradh ar aistriú mí-ordúil “oll-aistarraingt as donn” a tharlódh in éineacht le cúlú eacnamaíoch.[22]

Tá dul chun cinn fónta déanta ag institiúidí suntasacha agus tá siad in ann ceanglais stuamachta maidir le pleanáil don aistriú a chomhlíonadh. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag bainc Eorpacha ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as na géarchéimeanna aeráide agus dúlra. Níos lú ná an ceathrú cuid de bhainc an limistéir euro a bhí tar éis machnamh a dhéanamh na rioscaí sin in 2019, ach tá méadú ag teacht anois ar líon na n-ardchleachtas atá i bhfeidhm acu chun rioscaí aeráide agus dúlra a shainaithint, faireachán a dhéanamh orthu agus – níos tábhachtaí fós – iad a bhainistiú. In 2022, ní raibh ach bunchleachtais bainistithe riosca i bhfeidhm ag beagnach 80% de na bainc nó ní raibh aon chleachtas den sórt sin i bhfeidhm ar chor ar bith acu. Bunaithe ar a leibhéil mheasartha ullmhachta ag an am, tar éis athbhreithniú téamach 2022 ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus tar éis thástáil struis 2022 maidir le riosca aeráide, mhol Maoirseacht Baincéireachta BCE do bhainc dlús a chur lena ndul chun cinn, sprioc-amanna eatramhacha soiléire a leagan síos do 2023 agus sprioc-amanna deiridh a leagan síos do dheireadh 2024 chun a gcleachtais a ailíniú leis na hionchais mhaoirseachta, agus a sainiúlachtaí féin á gcur san áireamh acu. Mar phointe dearfach, tá laghdú mór tagtha le blianta beaga anuas ar líon na mbanc nach bhfuil eilimintí bunúsacha acu.[23] Thairis sin, de bharr an dul chun cinn atá déanta ag na bainc maidir leis an mbainistiú a dhéanann siad ar rioscaí aeráide agus dúlra tá siad in ann a gcumais inmheánacha a neartú chun rioscaí eile, amhail rioscaí geopholaitiúla, a bhainistiú go héifeachtach. Anailís riosca ar an slabhra soláthair agus ar chomhchruinniú – e.g. tuiscint a fháil ar loirg gheografacha, spleáchais agus leochaileachtaí na gcliant – agus pleanáil cásanna féideartha agus creat tástála struis – e.g. cásanna féideartha sochreidte ach neamhchinnte a dhearadh agus a thástáil – níl iontu sin ach cuid de na réimsí a bhain tairbhe as feabhsú rioscaí aeráide agus dúlra na mbanc le blianta beaga anuas agus is féidir iad a chur i bhfeidhm chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag tiomántóirí riosca cothrománacha eile, amhail rioscaí geopholaitiúla.

Mar sin féin, tá ní foláir iarracht leanúnach a dhéanamh i gcónaí. Cheana féin, léiríonn an timpeallacht riosca atá ag athrú go bhfuil na rioscaí aeráide agus dúlra ag dul i méid[24] agus, murab ionann agus tiomántóirí riosca timthriallacha, gur suaitheadh buan é an riosca aeráide nach bhfuil ag gluaiseacht ach in aon treo amháin, agus go bhfuil éifeachtaí tromchúiseacha fadtéarmacha aige ar phraghsanna tithe agus ar luachanna sócmhainní eile.[25] Is léiriú ar an treocht sin freisin an dul chun cinn is déanaí i measúnuithe ábharthachta na mbanc, ina bhfuarthas amach go measann 90% de na bainc a ndearnadh suirbhé orthu go bhfuil neamhchosaintí riosca ábhartha acu ar rioscaí aeráide agus dúlra, méadú ó thart ar 50% in 2021. Thairis sin, tá samhaltú agus cainníochtú rioscaí aeráide agus dúlra fós ina dtús agus an-ghannmheastachán déanta orthu, mar shampla i samhlacha riosca fhisicigh.[26] Tugann Maoirseacht Baincéireachta BCE faoi deara freisin go bhfuil dúshláin leanúnacha ann, lena n-áirítear rioscaí fisiceacha aeráide agus dúlra, agus go bhfuil laigí institiúidsonracha á gcarnadh i mbainc aonair, go háirithe i dtéarmaí a chuimsithí atá a gcuid cleachtas. Dá bhrí sin, déanfaidh maoirseoirí obair leantach ar na heasnaimh sin mar chuid dá ngníomhaíochtaí rialta maoirseachta.

Amach anseo, leanfaidh maoirseoirí den fhaireachán ar dhul chun cinn na mbanc agus ar leigheas na n-easnamh, agus ag an am céanna díreoidh siad cleachtaí spriocdhírithe maoirseachta ar cheanglais maidir le pleanáil stuamachta um an aistriú agus ar dhúshláin leanúnacha maidir le comhlíonadh na n-ionchas maoirseachta agus na gceanglas rialála ag na bainc chun rioscaí aeráide agus dúlra a bhainistiú. I gcomhréir le CRD VI, iarrfar ar na bainc pleananna stuamachta um an aistriú a fhorbairt, agus déanfaidh maoirseoirí athbhreithniú ar na pleananna sin i gcomhréir le treoirlínte ÚBE maidir le rioscaí ESG a bhainistiú. Glacfaidh Maoirseacht Baincéireachta BCE cur chuige de réir a chéile agus spriocdhírithe, ag díriú ar na gnéithe nua ó na treoirlínte seo, ar dtús trí bhíthin idirphlé neamhfhoirmiúil leis na bainc agus trí bhíthin athbhreithniú téamach ina dhiaidh sin. Leanfaidh maoirseoirí freisin dá bhfaireachán ar chomhlíontacht na mbanc le ceanglais Cholún 3 um nochtadh le haghaidh saincheisteanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais agus déanfaidh siad athbhreithniú spriocdhírithe ar a nochtaí riosca fhisiciúil. Déanfaidh Maoirseacht Baincéireachta BCE tuilleadh anailísí ar chumais na mbanc aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le riosca fisiceach. Ina theannta sin, díreofar sna cigireachtaí spriocdhírithe ar an láthair freisin ar an mbainistiú a dhéanann na bainc ar rioscaí aeráide agus dúlra, ar bhonn neamhspleách, agus béim á leagan go príomha ar rioscaí aeráide agus dúlra, nó mar chuid de chigireachtaí ar an láthair a bhaineann go sonrach le riosca, amhail iad siúd a bhaineann le riosca creidmheasa. Ar deireadh, tá sé d’aidhm ag Maoirseacht Baincéireachta BCE a choimre ar dhea-chleachtas maidir le rioscaí aeráide agus dúlra a thabhairt cothrom le dáta amach anseo.

Príomhghníomhaíochtaí faoin gclár oibre le haghaidh na dtosaíochtaí maoirseachta sin

  • Obair leantach spriocdhírithe agus faireachán ar leigheas na mbanc ar na heasnaimh atá fós ann de dhroim athbhreithniú téamach 2022 agus as tástáil struis maidir le riosca aeráide
  • Athbhreithniú téamach ar phleanáil na mbanc don aistriú i gcomhréir le pacáiste CRD VI
  • Measúnú cothrománach ar chomhlíontacht na mbanc le ceanglais Cholún 3 um nochtadh le haghaidh saincheisteanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais
  • Scrúdú cuimsitheach ar chumais na mbanc aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha, lena n-áirítear riosca fisiceach
  • OSInna spriocdhírithe ar riosca aeráide agus dúlra, ar bhonn neamhspleách nó mar chuid d’athbhreithnithe beartaithe ar réimsí riosca eile

2.3 Tosaíocht 2: Athléimneacht oibríochtúil na mbanc a neartú agus cumais láidre TFC a chothú

Tá creataí bainistithe riosca oibriúcháin láidre athléimneacha agus cumais láidre TFC ríthábhachtach chun rioscaí atá ag teacht chun cinn a mhaolú agus chun nach gcuirfear isteach ar oibríochtaí agus ar sheirbhísí criticiúla. Agus an Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA) ag teacht i bhfeidhm ag tús 2025, ní mór do na bainc a áirithiú anois go gcuirfidh siad na ceanglais ábhartha chun feidhme go comhsheasmhach agus go pras, go háirithe na ceanglais sin maidir le bainistiú riosca tríú páirtí agus freagairt ar theagmhais TFC. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach i gcónaí aghaidh a thabhairt ar easnaimh ábhartha ar thángthas orthu in athbhreithnithe maoirseachta a rinneadh roimhe seo ar an gcibearshlándáil, ar bhainistiú riosca tríú páirtí agus ar chomhiomlánú sonraí riosca agus ar thuairisciú riosca tríú páirtí (RDARR). Ina theannta sin, mar chuid de straitéis mheántéarmach go fadtéarmach agus de réir mar a éiríonn oibríochtaí baincéireachta níos digití, cuirfidh Maoirseacht Baincéireachta BCE dlús de réir a chéile lena iarracht dul i dteagmháil leis na bainc maidir leis an gcaoi a n-úsáideann siad teicneolaíochtaí nua, agus an intleacht shaorga go háirithe, chun leas a bhaint as na gnóthachain fhéideartha agus ag an am céanna a bheith ar an eolas faoi na rioscaí gaolmhara. Cuideoidh sé sin i dtaca le cur chuige maoirseachta a fhorbairt amach anseo.

2.3.1 Leochaileacht a bhfuil tosaíocht tugtha di: Creataí láidre athléimneacha um bainistiú riosca oibriúcháin a chur chun feidhme

Cuspóir straitéiseach: Chun a gcumas a chothú maidir le cur isteach ar oibríochtaí agus seirbhísí criticiúla a chosc, a sheasamh agus téarnamh uaidh, ba cheart do na bainc creataí láidre athléimneacha um bainistiú riosca oibriúcháin a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Ba cheart dóibh leanúint dá n-iarrachtaí aghaidh a thabhairt go pras agus go héifeachtach ar easnaimh a sainaithníodh roimhe seo i réimse na cibearshlándála agus an bhainistithe riosca tríú páirtí agus DORA a chomhlíonadh go hiomlán.

Mar gheall ar an timpeallacht cibearbhagairtí atá ag athrú go tapa, agus méadú ag teacht air sin de dheasca rioscaí geopholaitiúla, tá dúshlán ann go fóill do chumais chibearshlándála agus bainistithe riosca tríú páirtí na mbanc. Tá a dhá oiread cibeartheagmhais shuntasacha á dtuairisciú le blianta beaga anuas[27], agus is bagairtí leanúnacha iad na hionsaithe le bogearraí éirice atá ag éirí níos sofaisticiúla agus na gníomhaíochtaí státurraithe, lena n-áirítear bagairtí hibrideacha amhail ionramháil faisnéise; ciallaíonn sé sin ar fad go gcaithfear a bheith san airdeall i gcónaí.[28] Cé go raibh na bainc athléimneach in aghaidh ionsaithe den sórt sin – chomh maith le teagmhais eile de chineál oibríochtúil – agus go raibh siad in ann mórshuaití a sheachaint, le teagmhais a tharla le déanaí amhail na bristeacha cumhachta a tharla san Eoraip, léirítear a thábhachtaí atá sé do na bainc maolaitheoirí a fhorbairt agus pleananna teagmhasacha éifeachtacha a chur in úsáid le haghaidh na rioscaí a bhaineann lena mbonneagair chriticiúla, lena gcumhdaítear na córais faisnéise chriticiúla uile agus an iliomad cásanna féideartha sochreidte. [29] De bharr dul chun cinn i bhforbairt feidhmchlár intleachta saorga d’fhéadfaí cibearshlándáil na mbanc a thástáil go suntasach freisin, toisc go bhféadfadh aon ghannmheastachán ar na rioscaí slándála gaolmhara sula n-úsáidfí iad a bheith ina chúis le leochaileachtaí criticiúla a bheith á dtabhairt isteach ina gcórais TFC.[30] Ina theannta sin, léiríonn tuairisciú maoirseachta rialta go bhfuil na bainc ag brath go mór ar dhornán soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, agus a lán acu sin bunaithe lasmuigh den Aontas. [31] Cuireann sé sin le castacht shocruithe seachfhoinsithe na mbanc agus fágann sé go bhfuil siad neamhchosanta ar leochaileachtaí méadaithe, go háirithe i bhfianaise teannais gheopholaitiúla.

Is deimhniú iad na torthaí comhiomlánaithe ó SREP 2025 agus an léargas ó na gníomhaíochtaí maoirseachta gur gá cleachtais bainistíochta riosca TFC na mbanc a neartú. Go fóill féin, tá na meánscóir is measa in SREP á bhfáil ag an riosca oibriúcháin agus ag an riosca TFC. Léiríodh in athbhreithnithe maoirseachta go bhfuil laigí athfhillteacha le sonrú ar straitéisí cibearshlándála, go bhfuil easnaimh sa bhainistiú cibeartheagmhas agus go bhfuil bearnaí sna creataí bainistithe riosca tríú páirtí. [32] Chuir Maoirseacht Baincéireachta BCE bailchríoch le déanaí ar a Treoir maidir le néalseirbhísí a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe néalseirbhísí chun aghaidh a thabhairt ar an úsáid mhéadaitheach a bhaineann bainc as réitigh néalbhunaithe. Leagtar amach sa treoir na hionchais mhaoirseachta maidir le cur chun feidhme na gceanglas a bhaineann le DORA. Tugtar samplaí sa treoir de dhea-chleachtais maidir le bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar riosca seachfhoinsithe néalríomhaireachta agus é mar aidhm leis cothrom iomaíochta a áirithiú i measc na n-eintiteas uile faoi mhaoirseacht.

Amach anseo, cothóidh Maoirseacht Baincéireachta BCE cur chun feidhme fónta agus comhsheasmhach na gceanglas a bhaineann le DORA. Is i measc raon leathan gníomhaíochtaí a dhéanfar measúnú ar an gcomhlíontacht le DORA. Tar éis athbhreithnithe maoirseachta a rinneadh roimhe seo ar shlándáil TF/cibear-athléimneacht TF agus ar bhainistiú riosca seachfhoinsithe TF, déanfar obair leantach spriocdhírithe anois leis na bainc sin a bhfuil easnaimh ábhartha acu sna réimsí sin ionas go gcuirfear na heasnaimh sin ina gceart go héifeachtach tráthúil. Chuige sin, seolfar dhá fheachtas cigireachtaí ar an láthair ina ndíreofar ar an gcibearshlándáil agus ar bhainistiú riosca tríú páirtí agus díreofar go háirithe ar bhainc níos leochailí, arna sainaithint ag na comhfhoirne maoirseachta. Mar chuid den sainordú nua maoirseachta faoi DORA, déanfar tástáil treáite bunaithe ar bhagairtí freisin chun feabhsuithe ar straitéisí cibear-athléimneachta na mbanc a chur chun cinn. Bunaithe ar an treoir fhoilsithe maidir le néalseirbhísí a sheachfhoinsiú, déanfaidh na maoirseoirí scrúdú cuimsitheach freisin chun meastóireacht a dhéanamh ar ullmhacht na mbanc spriocdhírithe le haghaidh suaití seirbhíse a d’fhéadfadh tarlú mar thoradh ar ghníomhaíocht mórsholáthraí néalseirbhíse. Ar deireadh, ós rud é gur minic a bhíonn athruithe ar an gcóras TFC ina bpríomhchúis le haga neamhfhónaimh neamhphleanáilte sna bainc, déanfaidh Maoirseacht Baincéireachta BCE athbhreithniú spriocdhírithe ar an mbainistiú athruithe TFC chun go dtiocfar ar bhearnaí sna creataí bunúsacha rialúcháin agus chun feabhas a chur ar chumais bainistithe athruithe na mbanc.

Is i mí Eanáir 2026 a sheolfar an fhormhaoirseacht ar sholáthraithe criticiúla tríú páirtí faoi chreat formhaoirseachta DORA. Tacaíonn Maoirseacht Baincéireachta BCE go láidir leis an gcreat nua maoirseachta sin, a chuideoidh leis an athléimneacht dhigiteach oibríochtúil a neartú in earnáil airgeadais an Aontais trí chéile. Is éard atá i gceist le formhaoirseacht na n-institiúidí ar sholáthraithe tríú páirtí criticiúla an bainistiú fónta riosca tríú páirtí a chomhlánú, ach gan é a ionadú.

2.3.1.1 Príomhghníomhaíochtaí faoin gclár oibre le haghaidh na dtosaíochtaí maoirseachta sin

  • Obair leantach spriocdhírithe ar straitéisí feabhsúcháin do na bainc sin a thuairiscíonn easnaimh ábhartha ar an tslándáil TFC/cibear-athléimneacht agus ar an seachfhoinsiú TFC
  • Dhá fheachtas cigireachtaí ar an láthair maidir le bainistiú cibearshlándála agus bainistiú riosca tríú páirtí, i gcomhréir le ceanglais nua DORA
  • Tástáil treáite bunaithe ar bhagairtí chun leochaileachtaí na mbanc a aimsiú agus chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht cibearshlándála
  • Athbhreithniú spriocdhírithe ar bhainistiú athruithe TFC
  • Scrúdú cuimsitheach ar spleáchas na mbanc ar sholáthraithe néalseirbhísí chun measúnú a dhéanamh ar a n-ullmhacht le haghaidh suaití féideartha seirbhíse

2.3.2 Leochaileacht a bhfuil tosaíocht tugtha di: Easnaimh ar chumais tuairiscithe riosca agus ar chórais faisnéise ghaolmhara a leigheas

Cuspóir straitéiseach: D’fhonn tacú le bainistiú fónta riosca agus cinnteoireacht éifeachtach, ba cheart do na bainc a n-iarracht a neartú chun laigí ábhartha arna sainaithint ina gcreataí RDARR a leigheas go héifeachtach agus go tráthúil agus iad a chur i gcomhréir leis na hionchais mhaoirseachta a leagtar síos sa Treoir ábhartha ó BCE.

Leis an timpeallacht gheopholaitiúil éiginnte agus digitiú tapa oibríochtaí agus sheirbhísí na mbanc, cuirtear i dtábhacht an gá atá le córais faisnéise inmheánacha athléimneacha agus cumais láidre RDARR. Tá faisnéis thráthúil chruinn i dtaobh rioscaí fíor-riachtanach le haghaidh stiúradh éifeachtúil, cinnteoireacht straitéiseach thráthúil agus bainistiú éifeachtach géarchéime. Thairis sin, le creat láidir RDARR cuirtear ar chumas na mbanc leas a bhaint as uirlisí agus teicneolaíochtaí digitithe amhail an intleacht shaorga agus ardanailísíocht.[33]

Mar sin féin, tá an dul chun cinn atá déanta ag eintitis faoi mhaoirseacht chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh struchtúracha ar a gcreataí RDARR fós mall agus léiríonn na gníomhaíochtaí maoirseachta le bliain anuas gur gá leanúint dá n-iarrachtaí feabhsúcháin a neartú chun bearnaí a dhúnadh i gcomparáid leis na hionchais mhaoirseachta. Léiríonn torthaí SREP 2025 go bhfuil easnaimh leanúnacha ar chreataí RDARR na mbanc, gan aon fheabhas ar an meán-fhoscór ábhartha i gcomparáid leis an mbliain seo caite. I bhfeachtas cigireachtaí ar an láthair 2022-24 agus in athbhreithnithe spriocdhírithe 2024 ar na creataí RDARR léiríodh laigí sna nithe seo a leanas ó thaobh na mbanc de: (i) creataí rialachais sonraí, lena n-áirítear a chuimsithí nó a leordhóthanaí a bhí rannpháirtíocht na gcomhlachtaí bainistíochta; (ii) bonneagar sonraí agus ailtireacht TF; agus (iii) cruinneas agus sláine sonraí. Léiríodh in athbhreithnithe spriocdhírithe 2024 freisin bearnaí i leith phrionsabail CBMB 239 agus ionchais mhaoirseachta ábhartha, mar a leagtar amach sa Treoir ó BCE maidir le comhiomlánú éifeachtach sonraí riosca agus tuairisciú riosca.

Cuirfear dlús leis na hiarrachtaí maoirseachta chun a áirithiú go gcuirfidh na bainc feabhas ar a gcreataí agus a gcumais RDARR agus go gcomhlíonfaidh siad na hionchais mhaoirseachta ábhartha. I mí na Nollag 2024, d’fhormheas Bord Maoirseachta BCE straitéis uile-chórais, lena gcumhdaítear na heintitis uile faoi mhaoirseacht, chun faireachán a dhéanamh ar a gcomhlíontacht leis na hionchais mhaoirseachta, agus chun obair leantach a dhéanamh ar a straitéisí feabhsúcháin, i gcás inarb infheidhme. Díríodh sa straitéis sin ar dtús ar chuntasacht na gcomhlachtaí bainistíochta maidir le formhaoirseacht agus cur chun feidhme an chreata RDARR, sular leathnaíodh de réir a chéile chuig ionchais mhaoirseachta eile, amhail bainistiú cáilíochta sonraí agus ailtireacht TF/sonraí. Le próiseas feabhsúcháin agus géarúcháin atá sainithe go soiléir, treorófar gníomhaíochtaí na maoirseoirí agus bainfidh siad úsáid as an tsraith straitéisí maoirseachta atá ann cheana, más gá. Déanfar cigireachtaí spriocdhírithe ar an láthair chun faisnéis bhreise a fháil faoi dhul chun cinn na mbanc maidir leis an mbearna a dhúnadh i gcás torthaí maoirseachta an-dian agus torthaí maoirseachta níos casta.

2.3.2.1 Príomhghníomhaíochtaí faoin gclár oibre le haghaidh na dtosaíochtaí maoirseachta sin

  • Straitéis uile-chórais agus athbhreithnithe maoirseachta gaolmhara chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na mbanc leis na hionchais mhaoirseachta le haghaidh na gcreataí RDARR, chomh maith le feabhsúchán éifeachtach ar fhormhór na dtorthaí maoirseachta ábhartha
  • Cigireachtaí spriocdhírithe ar an láthair ar na creataí RDARR le haghaidh na mbanc sin a bhfuil measúnaithe breise ag teastáil ina leith, chomh maith le cigireachtaí spriocdhírithe ar an láthair ar thorthaí maoirseachta tromchúiseacha a sainaithníodh roimhe seo

2.3.3 Straitéis tosaíochta mheántéarmach go fadtéarmach lena ndírítear ar straitéisí digiteacha na mbanc agus, go háirithe, ar straitéisí a bhaineann leis an intleacht shaorga, ar rialachas agus ar bhainistiú riosca

Cuspóir straitéiseach: Agus leas á bhaint as teicneolaíochtaí nua, agus as an intleacht shaorga go háirithe, chun éifeachtúlacht agus nuálaíocht a fheabhsú, beidh straitéisí ag bainc lena léireofar go héifeachtach deiseanna agus rioscaí a eascraíonn as na feidhmchláir ghaolmhara agus cuirfidh siad rialuithe láidre rialachais agus riosca i bhfeidhm chun na rioscaí foluiteacha a bhainistiú.

Ba cheart d’eintitis faoi mhaoirseacht tosaíocht a thabhairt dá n-iarrachtaí digitithe chun a n-iomaíochas a neartú agus chun rioscaí a eascraíonn as teicneolaíochtaí nua a bhainistiú go héifeachtach. Tá athstruchtúrú á dhéanamh ag athruithe meara teicneolaíochta, go háirithe i réimse na hintleachta saorga, ar earnáil na baincéireachta agus ní mór d’institiúidí gníomhú go straitéiseach chun luach fadtéarmach a bhreith chucu féin agus chun a samhlacha gnó a oiriúnú. Mar thoradh ar thosca ó thaobh an tsoláthair de, lena n-áirítear infhaighteacht níos inacmhainne agus níos leithne acmhainní teicniúla amhail forbairt samhlacha agus néalstóráil, agus tosca ó thaobh an éilimh de, lena n-áirítear gnóthachain éifeachtúlachta a bhfuiltear ag dréim leo agus iomaíocht mhéadaithe, tá úsáid níos leithne á baint as IS i mbainc, ag tógáil go minic ar chumais samhaltaithe atá bunaithe go hinmheánach. Cé go bhféadfadh IS feabhas a chur ar bhainistiú riosca agus ar phróiseáil faisnéise, chomh maith le gnóthachain éifeachtúlachta a sholáthar trí uathoibriú, d’fhéadfadh rioscaí gaolmhara éirí níos suntasaí de réir mar a úsáidtear na feidhmchláir chomhfhreagracha IS ar bhonn níos forleithne. I ndáil leis an méid sin, is dul chun cinn suntasach teicneolaíochta iad uirlisí intleachta saorga giniúnaí, agus d’fhéadfadh an-tionchar a bheith acu ar na bainc. Cé go mbíonn an teicneolaíocht ag síorathrú, beidh an fócas maoirseachta fós neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus dírithe ar na cásanna úsáide agus ar na rioscaí. Dá bhrí sin, mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an úsáid a bhaintear as uirlisí IS in institiúidí stuamachta agus neamhstuamachta araon, tá gá le cur chuige struchtúrtha iomlánaíoch lena gcomhtháthaítear straitéis, rialachas agus bainistiú riosca a bhaineann leis an intleacht shaorga. Dá réir sin, ní mór do mhaoirseoirí a gcreataí measúnaithe a bheachtú laistigh dá bhfócas maoirseachta chun gur féidir leo meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar straitéisí IS na mbanc, chun glacadh dea-chleachtas tionscail a chur chun cinn agus chun a áirithiú go bhfuil na coimircí iomchuí i bhfeidhm. Is é is aidhm don tosaíocht seo seasamh straitéiseach maoirseachta a ghlacadh maidir leis na deiseanna agus na rioscaí a bhaineann go dlúth le feidhmchláir atá bunaithe ar IS agus an bealach a réiteach do choigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an tsraith straitéisí maoirseachta. Ar an gcaoi sin, is féidir le Maoirseacht Baincéireachta BCE cabhrú le bainc aghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn, agus gnáthfhócas gearrthéarmach go meántéarmach na dtosaíochtaí maoirseachta a cheangal go héifeachtach le peirspictíocht straitéiseach níos fadtéarmaí.

Le blianta beaga anuas, shonraigh Maoirseacht Baincéireachta BCE gnéithe tábhachtacha ar gá díriú orthu chun claochlú digitithe na mbanc a stiúradh ar bhealach atá inbhuanaithe, dea-rialaithe agus feasach ar rioscaí. I dtuarascáil Mhaoirseacht Baincéireachta BCE a foilsíodh anuraidh maidir leis na príomhchritéir mheasúnaithe agus na dea-chleachtais i réimse an digitithe, léiríodh méadú suntasach ar an ráta glactha IS i seirbhísí baincéireachta. Deimhníodh an fhorbairt sin sna hathbhreithnithe spriocdhírithe agus sna cigireachtaí spriocdhírithe ar an láthair a rinneadh le linn 2024-25. Cé go gcuimsítear raon leathan gníomhaíochtaí sna cásanna úsáide IS, leagadh béim i ngrinnscrúdú maoirseachta roimhe seo ar a thábhachtaí atá glacadh méadaithe IS le haghaidh scóráil creidmheasa agus brath calaoise, agus le haghaidh acmhainneacht na hintleachta saorga giniúnaí – atá fós ina tús ach a d’fhéadfadh a bheith an-suaiteach. [34] In 2025, chuir Maoirseacht Baincéireachta BCE dlús lena fhaireachán ar úsáid IS agus IS giniúnach trí shonraí a bhailiú ó na bainc. Ina theannta sin, rinne na maoirseoirí tuilleadh plé leis na bainc chun tuiscint níos fearr a fháil ar chásanna úsáide sonracha agus chun measúnú a dhéanamh ar a dtionchar agus ar a n-ábharthacht ó thaobh riosca micreastuamachta de.

Amach anseo, leanfaidh Maoirseacht Baincéireachta BCE dá fhaireachán ar úsáid ghinearálta na hintleachta saorga, agus cur chuige níos spriocdhírithe á ghlacadh ag an am céanna chun díriú ar fheidhmchláir intleachta saorga giniúnaí na mbanc. Is é is aidhm don fhócas ar IS giniúnach go leathnófaí scóip na n-imscrúduithe leanúnacha ar fheidhmchláir IS na mbanc sin a bhfuil impleachtaí stuamachta acu. Mar thoradh air sin, ba cheart measúnú níos leithne a dhéanamh ar an tábhacht stuamachta a bhaineann le forbairtí reatha na mbanc agus leis na forbairtí a dhéanfaidh siad amach anseo sa réimse sin agus ba cheart seasamh maoirseachta a ghlacadh maidir le hábharthacht na bhfeidhmchlár intleachta saorga sin agus maidir leis na rioscaí bunúsacha, agus an bealach á réiteach i gcomhair athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo. Ag an am céanna, tá Maoirseacht Baincéireachta BCE gníomhach freisin sa phlé a bhaineann le cur chun feidhme Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga agus tá sé beartaithe aici comhoibriú le húdaráis faireachais margaidh ar an leibhéal náisiúnta agus leis an Údarás Baincéireachta Eorpach.

Lasmuigh den intleacht shaorga, leanfaidh Maoirseacht Baincéireachta BCE dá gníomhaíochtaí um fhaire na fáistine chun go mbeidh sí chun tosaigh ar an méid atá ag titim amach sna cúrsaí seo. Ós rud é go bhfuil earnáil na baincéireachta ag feidhmiú i dtimpeallacht atá ag athrú go tapa agus atá á spreagadh ag nuálaíocht teicneolaíochta agus ag teacht chun cinn na n-institiúidí airgeadais neamhbhainc araon, fágann na gníomhaíochtaí sin gur féidir treochtaí struchtúracha agus tiomántóirí riosca a mheastar a mhúnlóidh todhchaí na mbanc sa mheántéarma agus san fhadtéarma a shainaithint agus a thuiscint. Ina theannta sin, cothaíonn siad comhtháthú céimneach na dtorthaí maoirseachta foluiteacha ina creataí maoirseachta agus ina straitéis mhaoirseachta. I bhfianaise an mhéid sin, d’fhéadfadh rioscaí ábhartha a bheith ag baint le fás tapa cripteamhonaí cobhsaí agus le líon méadaitheach na gcásanna úsáide agus leis an gcastacht fholuiteach, ach d’fhéadfadh impleachtaí a bheith ann freisin do na bainc – lena n-áirítear soláthar seirbhísí airgeadais d’eisitheoirí cripteamhonaí cobhsaí – mura dtuigtear agus mura mbainistítear i gceart iad. Dá réir sin, déanfaidh na maoirseoirí faireachán ar fhorbairtí sa réimse sin freisin, agus rachaidh siad i dteagmháil le bainc ar bhealach spriocdhírithe, chun a áirithiú go gcuirfear bainistiú láidir riosca i bhfeidhm ansin freisin.

2.3.3.1 Príomhghníomhaíochtaí faoin gclár oibre le haghaidh na dtosaíochtaí maoirseachta sin

  • Ceardlanna cothrománacha spriocdhírithe le líon áirithe banc ar fheidhmchláir intleachta saorga giniúnaí chun an tuiscint mhaoirseachta ar an gcaoi a n-úsáideann na bainc na feidhmchláir sin a neartú
  • Comhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh atá freagrach as an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus leis an Údarás Baincéireachta Eorpach

Bosca 1
An timthriall maoirseachta – pleanáil chomhtháite na ngníomhaíochtaí maoirseachta

Ní foláir tosaíochtaí maoirseachta agus pleanáil straitéiseach a fhorbairt ionas go mbeidh maoirseacht éifeachtach ann agus chun go mbeidh próiseas pleanála éifeachtúil ar fáil do na bainc. Trí bhíthin cur chuige comhtháite, cuireann na tosaíochtaí maoirseachta bonn eolais faoi phleanáil na ngníomhaíochtaí maoirseachta don timthriall atá le teacht. Áirítear ar na príomhghnéithe pleanáil a dhéanamh i leith gníomhaíochtaí cothrománacha, misin ar an láthair agus tionscnaimh comhfhoirne maoirseachta.[35]

Áirítear le pleanáil chomhtháite na gníomhaíochtaí maoirseachta uile, lena n-áirítear gníomhaíochtaí lasmuigh den láthair agus ar an láthair, gníomhaíochtaí cothrománacha agus gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le bainc faoi leith. A luaithe a bheidh na tosaíochtaí maoirseachta foriomlána socraithe agus na gníomhaíochtaí cothrománacha roghnaithe, sainíonn na comhfhoirne maoirseachta na príomhchuspóirí agus na príomhghníomhaíochtaí do gach eintiteas faoi mhaoirseacht. Déantar achoimre air seo i gClár na Scrúduithe Maoirseachta (SEP). Áirítear leis an bpróiseas sin measúnú a dhéanamh ar ábharthacht gach riosca i bhfianaise leochaileachtaí an bhainc féin agus gníomhaíochtaí maoirseachta a chinneadh i gcomhréir leis na tosaíochtaí maoirseachta agus na leibhéil lamháltais riosca. Bunaithe ar na measúnuithe sin, forbraíonn maoirseoirí cláir oibre, atá saincheaptha do phróifíl riosca an eintitis faoi mhaoirseacht agus lena gcuimsítear na gníomhaíochtaí maoirseachta uile. De ghrá na trédhearcachta agus na hintuarthachta, cuirtear na SEPanna in iúl do na bainc ag tús an timthrialla maoirseachta gach bliain.

Roghnaítear gnéithe éagsúla na gclár oibre chun a áirithiú go bhfuil maoirseacht BCE rioscabhunaithe agus comhréireach, agus go n-úsáidtear acmhainní na mbanc agus na maoirseoirí ar bhealach chomh héifeachtúil agus is féidir. Ciallaíonn sé sin go n-athraíonn leibhéil na hoibre maoirseachta ó institiúid go chéile – dá mhéad riosca a bhaineann le banc, is ea is déine an mhaoirseacht. Tá nasc díreach idir próifíl riosca fhoriomlán na hinstitiúide agus leibhéal na hoibre maoirseachta.

Sna hathchóirithe leanúnacha atá idir lámha aige chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht na maoirseachta baincéireachta a fheabhsú, agus fócas soiléir riosca á choinneáil ag an am céanna, tá a phróiseas pleanála maoirseachta á bheachtú ag BCE. Is é is aidhm do na feabhsuithe sin na gníomhaíochtaí maoirseachta a ailíniú agus a chomhtháthú ar bhealach níos fearr, ionas go bhfuil comhlántacht níos fearr ann agus nach dtarlaíonn dúbailt iarrachta. Áirítear ar fheabhsuithe inláimhsithe a théann chun tairbhe do na bainc agus do na maoirseoirí (1) sainiú na dtosaíochtaí maoirseachta lena ndírítear ar leochaileachtaí sonracha na mbanc agus gníomhaíochtaí maoirseachta níos cuíchóirithe a fhorbairt ina dhiaidh sin arb é is aidhm dóibh na cuspóirí straitéiseacha comhfhreagracha a bhaint amach; (2) sineirgí a neartú idir gníomhaíochtaí cothrománacha, misin ar an láthair agus gníomhaíochtaí na gcomhfhoirne maoirseachta, as a dtiocfaidh laghdú ar iarrataí forluiteacha ar bhainc maidir le saincheisteanna comhchosúla; agus (3) na SEPanna a chur in iúl níos luaithe, ionas gur féidir iarrachtaí feabhsúcháin na mbanc a phleanáil agus a sheicheamhú ar bhealach níos fearr.

Gníomhaíochtaí maoirseachta a áirítear sna cláir oibre

  • Athbhreithnithe téamacha: Is gníomhaíochtaí a chomhordaítear go lárnach iad athbhreithnithe téamacha lena gcumhdaítear formhór na n-eintiteas faoi mhaoirseacht. Dírítear iontu ar aimsiú fíoras agus ar thagarmharcáil a bhaineann leis na tosaíochtaí maoirseachta arna sainiú ag an mBord Maoirseachta. Féadfar torthaí na n-athbhreithnithe téamacha a úsáid chun cabhrú le BCE treoir mhaoirseachta a fhorbairt,[36] sainaithint riosca ar fud an chórais a fheabhsú agus dea-chleachtais a chur chun cinn.
  • Athbhreithnithe spriocdhírithe: Tá cuspóirí ag na hathbhreithnithe spriocdhírithe atá cosúil leo siúd a ghabhann leis na hathbhreithnithe téamacha ach dírítear iontu ar shraith saincheisteanna níos sonraí agus cumhdaítear iontu líon níos lú eintiteas faoi mhaoirseacht, agus cur chuige rioscabhunaithe á leanúint. Roghnaítear an sampla d’institiúidí i gcomhréir leis an lamháltas riosca arna shainiú ag gach comhfhoireann maoirseachta don eintiteas faoi mhaoirseacht atá i gceist.
  • Scrúduithe cuimsitheacha: Is éard a bhíonn i gceist leis na scrúduithe cuimsitheacha go hiondúil go ndéantar mionanailísí ar thopaicí neamhghnácha arna roghnú ag comhfhoireann maoirseachta chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní shonracha.
  • Cigireachtaí ar an láthair: Is é is aidhm do chigireachtaí ar an láthair mionanailís a chur ar fáil ar rioscaí éagsúla, ar chórais rialaithe inmheánaigh, ar shamhlacha gnó agus ar rialachas. Déanann BCE agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta cigireachtaí laistigh de raon feidhme agus tráthchlár réamhshainithe, ar áitreabh na n-eintiteas dlítheanach a ndéantar cigireacht orthu. Déantar iad mar chuid den phróiseas foriomlán maoirseachta agus ní mór dóibh a bheith rioscabhunaithe, comhréireach, réamhbhreathnaitheach agus dírithe ar ghníomhaíocht. Déantar úsáid na gcigireachtaí ar an láthair a chomhordú go dlúth le comhfhoirne maoirseachta a rannchuidíonn le pleanáil na gcigireachtaí (e.g. trí bhíthin SEP), le hullmhú moltaí don bhanc agus leis an obair leantach ar aon ghníomhaíochtaí feabhais nó aon bhearta maoirseachta.

Úsáidtear torthaí na n-athbhreithnithe uile a liostaítear thuas chun bonn eolais a chur faoin SREP bliantúil nó faoi ghníomhaíochtaí maoirseachta eile. D’fhéadfadh forbairt beart cáilíochtúil agus/nó cainníochtúil a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí faoi leith a bheith mar thoradh ar na torthaí maoirseachta ábhartha.

Agus cláir oibre á bhforbairt aige chun tacú leis na tosaíochtaí maoirseachta agus chun na huirlisí maoirseachta is iomchuí a chinneadh chun a chuspóirí a bhaint amach, leanann BCE cur chuige “sainaithint riosca-feabhsúchán riosca”. Is éard atá i gceist leis sin cleachtais na n-eintiteas faoi mhaoirseacht a athbhreithniú agus a thagarmharcáil ar dtús. Déantar measúnú ansin ar thorthaí maoirseachta na n-athbhreithnithe sin thaobh a n-ábharthachta, agus iarrtar ar na heintitis faoi mhaoirseacht aghaidh a thabhairt orthu ina dhiaidh sin de réir módúlachtaí agus amlínte a phléitear leis na maoirseoirí. Má tharlaíonn dialltaí, féadfaidh BCE bearta ceangailteacha a dhéanamh chun leigheas tráthúil na dtorthaí maoirseachta ábhartha a áirithiú agus féadfaidh sé a chumhachtaí forfheidhmithe agus smachtbhannaí a fheidhmiú chun a áirithiú go gcuirfear an feabhsúchán i gcrích go héifeachtach agus laistigh den tréimhse ama shonraithe.[37]

An Banc Ceannais Eorpach, 2025

Seoladh Poist 60640 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
Guthán +49 69 1344 0
Suíomh gréasáin www.bankingsupervision.europa.eu

Gach ceart ar cosaint. Ceadaítear atáirgeadh ar mhaithe le hoideachas agus le cúiseanna nach mbaineann le tráchtáil ar an gcoinníoll go dtugtar aitheantas don fhoinse.

Tá téarmaíocht ar leith ar fáil i ngluais SAM (ar fáil i mBéarla amháin).

PDF ISBN 978-92-899-7464-6, ISSN 2599-8420, doi:10.2866/9317889, QB-01-25-230-EN-N
HTML ISBN 978-92-899-7463-9, ISSN 2599-8420, doi:10.2866/0409681, QB-01-25-230-EN-Q


  1. Féach “Aggregated results of the 2025 SREP”, BCE, Samhain 2025.

  2. Féach Bosca 1: An timthriall maoirseachta – pleanáil chomhtháite na ngníomhaíochtaí maoirseachta.

  3. Féach Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2025 ón gCoimisiún Eorpach, Bealtaine 2025.

  4. Féach an chuid dar teideal “Financial markets”, Financial Stability Review, BCE, Bealtaine 2025.

  5. Féach ECB staff macroeconomic projections for the euro area, BCE, Meán Fómhair 2025.

  6. Féach ECB staff macroeconomic projections for the euro area, BCE, Meán Fómhair 2025.

  7. Féach ráiteas BCE maidir le beartas airgeadaíochta, BCE, 11 Meán Fómhair 2025.

  8. Féach Financial Stability Review, BCE, Bealtaine 2025.

  9. ibid.

  10. ibid.

  11. Féach “Introductory statement by Claudia Buch, Chair of the Supervisory Board of the ECB, at the Hearing of the Committee on Economic and Monetary Affairs of the European Parliament”, 15 Iúil 2025.

  12. Féach Financial Stability Review, BCE, Bealtaine 2025.

  13. Féach EBA Guidelines on loan origination and monitoring (EBA/GL/2020/06).

  14. Is deacair rioscaí atá ag teacht chun cinn a ghabháil/a shamhaltú le samhlacha traidisiúnta um chaillteanais chreidmheasa ionchasacha toisc iad a bheith neamhchinnte agus toisc easpa sonraí stairiúla.

  15. Féach “IFRS 9 overlays and model improvements for novel risks”, BCE, Iúil 2024.

  16. Cuireadh torthaí chleachtadh 2019 in iúl don phobal i gcoitinne i bhfoilseachán tiomnaithe don tionscal; féach “Trends and risks in credit underwriting standards of significant institutions in the Single Supervisory Mechanism”, BCE, Meitheamh 2020.

  17. Féach “European state of the climate: Report 2024”, Clár Copernicus: an tseirbhís um an athrú aeráide (C3S) agus an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO), 2025.

  18. Féach “Climate change impacts, risks and adaptation”, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Meitheamh 2025.

  19. Féach “Insurance protection gaps”, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC), Feabhra 2024.

  20. Tá céatadán mór de na cuideachtaí atá liostaithe go poiblí nach bhfuil ailínithe leis an gconair i dtreo an téamh domhanda a laghdú go 2°C nó níos lú; féach MSCI Transition Finance Tracker, March 2025.

  21. Sa chás féideartha ‘oll-aistarraingt as donn’, dírítear ar rioscaí gearrthéarmacha a bhaineann leis an aeráid a thagann chun cinn i bhfoirm ceartuithe ar phraghsanna sócmhainní arna spreagadh ag athmheasúnú tobann ar an riosca aistrithe.

  22. Féach “Fit-for-55 climate scenario analysis”, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach agus BCE, Samhain 2024.

  23. Féach Tuarascáil Bhliantúil BCE ar ghníomhaíochtaí maoirseachta 2024, BCE, Márta 2025.

  24. Féach Swiss Re Institute, “Natural catastrophes: insured losses on trend to USD 145 billion in 2025”, sigma report, No 1, 29 Aibreán 2025.

  25. Féach Clark, P., “How the next financial crisis startFinancial Times, 26 Meitheamh 2025.

  26. Trust, S. et al., “Planetary Solvency – finding our balance with nature”, Institiúid agus Dámh na nAchtúirí, Ollscoil Exeter, Eanáir 2025.

  27. Féach Tuominen, A., “Operational resilience in the digital age”, The Supervision Blog, ECB, 17 Eanáir 2025.

  28. Féach Montagner, P., “Information and communications technology resilience and reliability”, óráid ag Cruinniú Mullaigh Baincéireachta Frankfurt, Frankfurt am Main, 2 Iúil 2025.

  29. Féach “What we can learn about building a resilient energy grid from the Iberian power outage an Fóram Eacnamaíoch Domhanda, 16 Bealtaine 2025.

  30. Féach an tuarascáil dar teideal “Global Cybersecurity Outlook 2025”, an Fóram Eacnamaíoch Domhanda, 13 Eanáir 2025.

  31. Féach “Outsourcing trends in the banking sector”, Supervision Newsletter, BCE, 19 Feabhra 2025.

  32. Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach “Aggregated results of the 2025 SREP”, BCE, Samhain 2025.

  33. Féach “Sound risk data reporting: key to better decision-making and resilience”, Supervision Newsletter, BCE, Feabhra 2025.

  34. Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach “Aggregated results of the 2025 SREP”, BCE, Samhain 2025.

  35. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin timthriall maoirseachta agus faoin gcur chuige comhtháite, féach an Lámhleabhar Maoirseachta, BCE, Eanáir 2024; chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chigireachtaí ar an láthair, féach an Treoir maidir le cigireachtaí ar an láthair agus imscrúduithe ar shamhlacha inmheánacha, BCE, Meán Fómhair 2018.

  36. Féach, mar shampla, Treoracha maoirseachta BCE.

  37. Féach freisin Bearta maoirseachta ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Sceithireacht