Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cleachtais mhaoirseachta

Cinntímid gur féidir leis na bainc a ról ríthábhachtach a chomhlíonadh

Oibrímid le maoirseoirí náisiúnta le cinntiú go bhfuil an córas baincéireachta san Eoraip slán sábháilte. Sa roinn seo, gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoinár gcleachtais, faoi na bainc a ndéanaimid maoirseacht orthu agus faoi na bearta a úsáidimid.

An Próiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta

Mar mhaoirseoirí, déanaimid measúnú ar na rioscaí a bhaineann le bainc. Ina theanna sin, seiceáilimid cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad in ann na rioscaí sin a bhainistiú i gceart. Tugtar an Próiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta, nó SREP, air sin. Is é is cuspóir dó measúnú a dhéanamh go comhsheasmhach ar phróifílí riosca na mbanc agus cinntí a ghlacadh maidir leis na bearta maoirseachta a bhfuil gá leo.

Tuilleadh eolais faoi SREP

Tosaíochtaí maoirseachta

Is sna tosaíochta maoirseachta a leagaimid amach na réimsí sainairde a bheidh againn don bhliain atá romhainn. Sainítear go bliantúil iad ach is féidir athbhreithniú a dhéanamh orthu tráth ar bith má bhíonn údar leis de dheasca forbairtí riosca. Tá na tosaíochtaí maoirseachta bunaithe ar ár measúnú ar na príomhrioscaí agus na leochaileachtaí a bhíonn ag institiúidí faoi mhaoirseacht.

Tuilleadh eolais faoinár dtosaíochtaí maoirseachta

Liosta na mbanc faoi mhaoirseacht

Déanaimid maoirseacht dhíreach ar na bainc is mó sna tíortha rannpháirteacha, i ndlúthchomhar leis na maoirseoirí náisiúnta. Déanann siadsan maoirseacht freisin ar na bainc bheaga ina dtíortha féin.

Tuilleadh eolais faoi na bainc a ndéanaimid maoirseacht orthu

Tástálacha struis

Bainimid úsáid as tástálacha struis chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na mbanc déileáil le turraingí airgeadais agus eacnamaíochta. Cuidíonn na tástálacha linn laigí na mbanc a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu go luath sa phlé maoirseachta a bhíonn againn leis na bainc.

Tuilleadh eolais faoi thástálacha struis

Sonraí maoirseachta

Bunaímid ár gcuid oibre ar shonraí iontaofa agus inchomparáide. Leis na sonraí sin, cuirtear bonn eolais faoi na cinntí agus na gníomhartha a dhéantar. Chun trédhearcacht a chinntiú, foilsímid ár staidreamh maoirseachta baincéireachta comhiomlánaithe go tráthrialta.

Sonraí maoirseachta

Comhfhoirne Maoirseachta

Oibríonn maoirseoirí Eorpacha agus náisiúnta le chéile nuair a dhéanann siad maoirseacht dhíreach ar bhainc shuntasacha. Ceann de na príomhchineálacha comhair is ea Comhfhoirne Maoirseachta (JSTanna). Déanann siad an ghnáthobair mhaoirseachta agus cothaíonn siad cultúr maoirseachta coiteann. Cuireann siad gnásanna maoirseacht coiteanna chun cinn freisin.

Tuilleadh eolais faoi na Comhfhoirne Maoirseachta

Foghlaim tuilleadh faoinár gcleachtais

Bearta maoirseachta

Is é is aidhm lenár mbearta maoirseachta a chinntiú go gcomhlíonfaidh na bainc a ndéanaimid maoirseacht orthu na ceanglais stuamachta. Lenár mbearta, spreagaimid bainc le gníomhartha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí a luaithe is féidir.

Bearta maoirseachta
Forfheidhmiú

Má theipeann ar na bainc ceanglais stuamachta nó ár mbearta maoirseachta a chomhlíonadh, is féidir linn bearta forfheidhmiúcháin a fhorchur freisin. Ní féidir linn na bearta sin a fhorchur ach amháin i gcás sáruithe leanúnacha.

Forfheidhmiú
Smachtbhannaí

Is é is aidhm do smachtbhannaí pionós a chur ar mhí-iompar agus tionchar a imirt ar iompar na mbanc aonair agus ar iompar na hearnála baincéireachta trí chéile. Lenár smachtbhannaí, féachaimid le cultúr bunaithe ar chomhlíontacht a spreagadh i gcóras baincéireachta na hEorpa.

Smachtbhannaí
Údaruithe

Sa mhaoirseacht baincéireachta, tá an Banc Ceannais Eorpach freagrach as údaruithe banc. Cuireann an Banc Ceannais Eorpach leabhar rialacha aonair ÚBE, agus nuair is ábhartha, an dlí náisiúnta, i bhfeidhm.  Oibríonn sé le maoirseoirí eile freisin chun cur chuige coiteann agus ardchaighdeáin a chinntiú i mórán tíortha.

Údaruithe
Measúnuithe cuí agus cóir

Tá stiúrthóirí oiriúnacha ríthábhachtach d'fheidhmiú banc. Is gá do bhainc a oiriúnacht na stiúrthóirí sin a mheas ar bhonn tráthrialta. Feidhmíonn an Banc Ceannais Eorpach mar gheatóir agus measann sé oiriúnacht bhaill comhlachtaí bainistíochta na n-institiúidí faoina mhaoirseacht dhíreach. 

Measúnithe ar dhaoine cuí agus cóir
Athbhreithniú riaracháin

Gan dochar don cheart imeachtaí a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Bord Athbhreithnithe Riaracháin athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ón mBanc Ceannais Eorpach lena bhforchuirtear pionóis nó bearta forfheidhmithe nó maoirseachta, arna iarraidh sin ag an mbanc lena mbaineann. 

An Bord Athbhreithnithe Riaracháin

Covid‑19

Ár bhfreagairt ar an bpaindéim

ARDÁIN CHUMARSÁIDE

Tuilleadh eolais faoi fhaisnéis a roinnt linn

Tairseach maoirseachta baincéireachta

Is féidir le bainc an tairseach a úsáid chun teacht ar ár seirbhísí ar líne don mhaoirseacht baincéireachta. Is féidir leat faisnéis a chur isteach agus cumarsáid a dhéanamh le maoirseoirí tríd an tairseach.

Tairseach maoirseachta baincéireachta

Sceithireacht

Is féidir leat úsáid a bhaint as ár n-ardán sceithireachta chun sárú amhrasta ar dhlí maoirseachta baincéireachta an Aontais a thuairisciú, ar sárú é arna dhéanamh ag an mbanc faoi mhaoirseacht, ag údarás maoirseachta náisiúnta nó ag an mBanc Ceannais Eorpach.

Tuilleadh eolais faoi sceithireacht

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht