Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Gairmeacha

Oibrigh ar son na hEorpa, déan difear

Oibrímid ar son na hEorpa. Má oibríonn tú linn oibríonn tú chun praghsanna a choinneáil cobhsaí sa limistéar euro agus chun an t-airgead atá ag daoine i mbainc a choinneáil slán sábháilte.

Tá daoine atá fiosrach á lorg againn. Measaimid go bhfuil an éagsúlacht luachmhar agus bímid sa tóir ar dhaoine ó chúlraí éagsúla ar mian leo dul chun cinn a dhéanamh mar ghairmithe i dtimpeallacht dhinimiciúil agus ilchultúrtha atá treoraithe ag sonraí. Anseo sa Bhanc Ceannais Eorpach, féadfaidh tú difear a dhéanamh do shaol mhuintir na hEorpa.

Faigh tuilleadh eolais faoi na folúntais atá againn

Folúntais

Cad atá á thairiscint againn

Tá meas againn ar ár bhfostaithe agus beidh neart deiseanna agat le do scileanna pearsanta agus gairmiúla a fhorbairt ar feadh do ghairmré linn. Breathnaigh ar cad atá á thairiscint againn: is iomaí rud atá tarraingteach faoi bheith ag obair leis an mBanc Ceannais Eorpach, anuas ar an bpá maith.

Sochair agus luach saothair

Tá meas againn ar an éagsúlacht

Anseo sa Bhanc Ceannais Eorpach, creidimid go gcuireann an éagsúlacht sármhaitheas chun cinn. Bíonn raon tuairimí níos leithne san áit ina mbíonn lucht foirne níos éagsúla agus bíonn torthaí níos fearr agus níos láidre ann dá bharr. Bíonn an tallann is fearr á lorg againn ionas gur féidir linn na cinntí is fearr a dhéanamh ar son leasa na ndaoine atá ina gcónaí sa limistéar euro.

An fáth a bhfuil meas againn ar an éagsúlacht

Clár do Chéimithe

Má tá iarchéim agat agus suim mhór agat sa bhaincéireacht cheannais, caith súil ar ár gClár do Chéimithe. Is clár dhá bhliain é seo a chuireann deiseanna forbartha uathúla agus taithí oibre luachmhar ar fáil in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.

Foghlaim tuilleadh faoinár gClár do Chéimithe

Tréimhsí Oiliúna

Má tá céim bhaitsiléara agus nach mó ná 12 mhí de thaithí ghairmiúil oibre agat ón dáta ar bhain tú an chéim sin amach, bheadh tréimhse oiliúna leis an mBanc Ceannais Eorpach an-oiriúnach duit chun tús a chur le do ghairm bheatha. Bíonn ár bhfeachtais fostaithe d'oiliúnaithe ar siúl ag tréimhse éagsúla le linn na bliana.

Foghlaim tuilleadh faoinár dtréimhsí oiliúna

Cé sinne

Táimid féin chomh héagsúil leis an Eoraip. Is as gach cearn den Aontas sinn, agus tugaimid an iliomad cúlraí agus eispéireas saoil linn. Oibrímid chun tacú le folláine eacnamaíoch na milliún duine agus táimid an-bhródúil as an obair a dhéanaimid.

Buail leis an bhfoireann

Eispéireas an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Ag comhoibriú le comhghleacaithe ó thíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Ag roinnt dearcthaí éagsúla. Ag mothú go bhfuil tionchar fiúntach ag do chuid oibre. Níl anseo ach roinnt de na rudaí a bhaineann leis an eispéireas a bhíonn ag daoine a oibríonn leis an mBanc Ceannais Eorpach. Foghlaim faoin áit seo.

AG CÓNAÍ IN FRANKFURT
Foghlaim tuilleadh faoinár mbaile
FAIGH AN NUACHT IS DÉANAÍ

Fan i dteagmháil linn

Féach ar ár bpróifíl ar LinkedIn

Faigh an scéal is déanaí maidir lena bhfuil ar siúl ag an mBanc Ceannais Eorpach agus na poist a fhógraímid. Bímid ag postáil go minic faoi fholúntais, aontaí gairmeacha, nuacht ón tionscal agus neart rudaí eile.

Lean an Banc Ceannais Eorpach ar LinkedIn
NOT AN EXPERT? CHECK OUT OUR EXPLAINER
LEARN MORE
Céard é an Banc Ceannais Eorpach?

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht