Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tuarascáil Bhliantúil

Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil bhliantúil gach bliain ar an gcaoi ar chuir sé a chuid cúraimí maoirseachta i gcrích. Is i mí an Mhárta den bhliain dar gcionn a fhoilsítear an tuarascáil de ghnáth agus cuireann Cathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í ag éisteacht phoiblí.

2022

NA PRÍOMHFHIGIÚIRÍ

14.7%

Cóimheas CET1

D’fhan earnáil baincéireachta an limistéir euro athléimneach, le cóimheas comhiomlán chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1) na mbanc ag 14.7% ag deireadh an tríú ráithe de 2022, gan é ach beagán faoin leibhéal a bhí ann ag deireadh 2019. Agus an earnáil baincéireachta ag tuairisciú leibhéil na brabúsachta le linn 2022, ba é fás na sócmhainní is mó a spreag an laghdú ar chóimheas comhiomlán chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

Léigh tuilleadh
7.6%

Toradh ar ghnáthscaireanna

Tháinig ardú ar thoradh ar ghnáthscaireanna na mbanc go 7.6% – an leibhéal is airde le roinnt blianta – ach d’fhan sé faoina meánchostas gnáthscaireanna. Tuillimh láidre a bhain le rátaí úis a bheith ag ardú ba mhó a spreag an t-ardú ar thoradh ar ghnáthscaireanna, agus thacaigh costas íseal riosca leis sin.

Léigh tuilleadh
2,582

Chinneadh maoirseachta

Rinne Bord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh 2,582 chinneadh maoirseachta in 2022. Bhain formhór na gcinntí sin le measúnuithe cuí cóir (44.9%), cumhachtaí náisiúnta (9.7%), an Próiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (8.7%), samhlacha inmheánacha (8.5%), cistí dílse (7.7%), agus tuairisciú ad hoc (4.7%).

Léigh tuilleadh

Cur i láthair do Pharlaimint na hEorpa

Léigh an ráiteas tosaigh a rinne Cathaoirleach an Bhord Maoirseachta Andrea Enria os comhair Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa nuair a chuir sé an tuarascáil bhliantúil i láthair.

Léigh an ráiteas tosaigh

An tuarascáil iomlán

Caith súil siar ar a bhfuil déanta againn i réimse na maoirseachta baincéireachta le bliain anuas.

Léigh an tuarascáil iomlán

Oibleagáidí tuairiscithe

Cuireann an Banc Ceannais Eorpach an Tuarascáil Bhliantúil ar ghníomhaíochtaí maoirseachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh, An Ghrúpa Euro, an Choimisiúin Eorpaigh agus pharlaimintí náisiúnta thíortha an limistéir euro.

Léigh tuilleadh
FÉACH FREISIN

Faigh amach tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

CRAOLTAÍ GRÉASÁIN

Tagann Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta os comhair Pharlaimint na hEorpa go tráthrialta.

Éisteachtaí i bParlaimint na hEorpa

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht