Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ráiteas tosaigh ó Christine Lagarde, Uachtarán BCE

Bhí na bainc Eorpacha ag oibriú i dtimpeallacht dhúshlánach arís in 2023. Bhí geilleagar lag an limistéir euro agus rioscaí geopholaitiúla rompu, go háirithe mar gheall ar chogadh gan údar na Rúise in aghaidh na hÚcráine mar aon leis an gcoimhlint thragóideach sa Mheánoirthear. Bhí tionchar ag teannas airgeadais i ndlínsí eile ar na margaí maoinithe san earrach. Agus, i bhfianaise go meastar go bhfanfaidh boilsciú ró-ard ar feadh tréimhse rófhada, lean BCE dá bheartas airgeadaíochta a dhaingniú.

É sin ráite, d’éirigh leis an obair chrua a rinneadh roimhe seo chun na bainc sa limistéar euro a dhéanamh níos athléimní. Chothabháil na bainc staid láidir caipitil agus leachtachta, agus b’ionann agus 15.6% Gnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1) comiomlán na mbanc maoirsithe, gar don leibhéal is airde riamh. Ba chúnamh é sin chun an earnáil a chosaint ar thurraingí seachtracha agus chuir sé ar chumas na mbanc daingniú beartais BCE a tharchur chuig an ngeilleagar.

Ach tá roinnt dúshlán ann i gcónaí. Fad a bhí tionchar ag rátaí úis níos airde ar ghlanchorrlaigh úis na mbanc sa limistéar euro, rud ba chionsiocair le meántoradh 10% ar chothromas sa tríú ráithe de 2023, tá rátaí taiscí ag ardú agus tá iasachtaí neamhthuillmheacha ag méadú. Leanfaidh maoirseoirí d’fhaireachán géar a dhéanamh ar rioscaí. Go háirithe, coinneoidh siad súil ghéar ar neamhchosaintí na mbanc ar earnálacha leochaileacha, amhail réadmhaoin thráchtála, agus tabharfaidh siad aghaidh ar ábhair imní maidir le rialachas agus creataí inmheánacha rialaithe riosca na mbanc.

Beidh athléimneacht agus inoiriúnaitheacht ríthábhachtach chun dul i ngleic leis na dúshláin struchtúracha a bhaineann leis an athrú aeráide agus an digitiú. Táthar ag súil go gcomhlíonfaidh na bainc ionchais mhaoirseachta BCE maidir le rioscaí aeráide agus comhshaoil in 2024 agus go ndéanfaidh siad na rioscaí sin a leabú ina gcuid straitéisí agus próiseas bainistíochta riosca. Agus de réir mar a éireoidh úsáid na hintleachta saorga níos forleithne, leanfaidh maoirseoirí d’iniúchadh a dhéanamh ar straitéisí um dhigitiú de chuid na mbanc, mar aon lena n-athléimneacht in aghaidh cibirionsaithe. Cabhróidh sé seo ar fad lena chinntiú go mbeidh na bainc láidir i gcónaí agus go leanfaidh siad dá gcion a dhéanamh chun tacú le geilleagar an limistéir euro agus é ag triall ar thodhchaí níos glaise agus níos digití.

Agallamh tosaigh le Claudia Buch, Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta

Thosaigh tú i mbun oibre mar Chathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE i mí Eanáir 2024. Cén treoirphrionsabal a bheidh agat le linn duit an cúram tábhachtach seo a chomhlíonadh?

Ní foláir dúinn cuimhneamh i gcónaí go mbímid ag gníomhú mar mhaoirseoirí thar ceann an phobail. Bíonn páirt ollmhór ag na bainc inár saol laethúil: bíonn taiscí á gcosaint acu, íocaíochtaí á n-eascú acu agus tugann siad airgead ar iasacht do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Ní mór dúinne a chinntiú go bhfuil na bainc sábháilte agus nach nglacann siad an iomarca rioscaí.

Bíonn impleachtaí praiticiúla aige seo: ní mór dúinn a bheith réamhbhreathnaitheach agus meon criticúil a bheith againn, mar atá leagtha amach i gCroíphrionsabail Choiste Basel maidir le Maoirseacht Éifeachtach ar Bhaincéireacht. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an ngné réamhbhreathnaitheach anois i bhfianaise go bhfuil cor cinniúnach ann do go leor geilleagar agus sochaithe. Agus ní mór dúinn a bheith criticiúil agus féachaint ar rudaí ar bhealach úr. Is léir gur chun leas an phobail bainc a fheidhmíonn go maith. Ach is eintitis phríobháideacha iad bainc agus, ar deireadh thiar, bíonn siad ag gníomhú ar mhaithe le leas a gcuid scairshealbhóirí. Ní mór dúinne mar mhaoirseoirí a chinntiú go ngníomhaíonn siad ar son leas an phobail freisin.

In 2024, déanfar comóradh ar chothrom deich mbliana na maoirseachta Eorpaí ar bhaincéireacht. An bhfuil an mhaoirseacht sin seanbhunaithe anois agus an féidir aon cheo a fheabhsú?

Leis an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM), tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Eoraip maidir le bunú institiúide agus tarmligean cumhachtaí ar an leibhéal Eorpach. Deich mbliana ó shin, bhí an tírdhreach maoirseachta scoilte san Eoraip, i dtéarmaí institiúidí agus cleachtas araon. Tugadh neamhaird go minic ar rioscaí trasteorann, agus bhí sé dodhéanta na bainc a thagarmharcáil taobh lena bpiaraí. Níorbh ionann na caighdeáin mhaoirseachta sna tíortha éagsúla.

Tá cumhachtaí maoirseachta láidre againn anois ar leibhéal Eorpach, fad atáimid ag obair i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta. Sílim gur eiseamláir é an chaoi ina bhfuil an mhaoirseacht Eorpach ar bhaincéireacht eagraithe sa lá atá inniu ann do réimsí beartais eile ina bhfuil gá le tuilleadh comhtháthaithe.

Ach, ar ndóigh, is féidir linn feabhas a chur uirthi i gcónaí. I measc na spriocanna atá agam, is mian liom an mhaoirseacht Eorpach a chomhtháthú tuilleadh. Tá “bliain an chomhtháthaithe” tugtha againn ar 2024, cothrom deich mbliana ó bunaíodh sinn. Beidh tionscnaimh éagsúla i gceist chun comhroinnt eolais a chur chun cinn, chun infheistiú a dhéanmh i dteicneolaíochtaí maoirseachta comónta agus chun leas a bhaint as saineolas na maoirseoirí náisiúnta. Ar an gcaoi sin, cothófar ár gcultúr “d’fhoireann aonair”.

Cén chaoi ar éirigh leis na bainc maoirsithe in 2023, dar leat?

Tá sé léirithe ag na bainc Eorpacha go bhfuil siad athléimneach i leith na dturraingí a bhain dár ngeilleagair le blianta beaga anuas. Cuireadh ár ngeilleagair faoi bhrú ag paindéim COVID-19, ag praghsanna ardaitheacha fuinnimh agus boilsciú méadaitheach, ag ionradh na Rúise ar an Úcráin agus, le déanaí, ag an gcoimhlint sa Mheánoirthear. Léirítear éifeachtaí na dturraingí sin i mboilsciú agus rátaí úis níos airde agus i bhfás eacnamaíoch níos laige. Chonacthas na méaduithe ba mhó riamh i stair BCE ar rátaí úis.

Is cinnte gur spreagadh tábhachtach iad na rátaí úis níos airde seo ó thaobh an méadú mór ar bhrabúsacht na mbanc de, agus toisc go raibh na bainc sách mall ag cur na méaduithe sin ar aghaidh chuig na rátaí taiscí. Tá staid chaipitil na mbanc láidir i gcónaí agus go mór os cionn na gceanglas rialála. Tá caillteanais neamhréadaithe na mbanc Eorpach ó dhíluacháil urrús sách srianta freisin. Agus tá a staid leachtachta láidir i gcónaí, fiú tar éis do BCE a thacaíocht urghnách leachtachta a tharraingt siar de réir a chéile. Tá sé seo inchurtha do na hathruithe rialála agus maoirseachta a cuireadh chun feidhme i ndiaidh na géarchéime airgeadais. Ach ní mór dúinn a admháil freisin gur thairbhigh na bainc de na bearta láidre airgeadaíochta agus fioscacha a rinneadh mar fhreagra ar thurraingí roimhe seo.

Mar sin, ní feidir linn a bheith réchúiseach. Tá na rioscaí macra-airgeadais agus geopholaitiúla méadaithe agus, i roinnt mhaith tíortha, ní mór don fhíorgheilleagar dul in oiriúint do na hathruithe struchtúracha. Féadfaidh sé seo difear a dhéanamh do na bainc trí riosca méadaithe creidmheasa agus leachtachta. Go deimhin, tá roinnt de na rioscaí a bhí ag teacht chun cinn, le feiceáil anois. Tá méaduithe le feiceáil ar iasachtaí atá ag tearcfheidhmiú, ar fhéimheachtaí corparáideacha agus ar rátaí mainneachtana. Leanfaimid lenár gcuid iarrachtaí chun athléimneacht na mbanc maoirsithe a neartú. Agus rachaimid i ngleic le haon easnaimh atá aitheanta ina rialachas agus ina mbainistíocht riosca.

Cad iad na ceachtanna atá le foghlaim ag an maoirseacht Eorpach ar bhaincéireacht ón suaitheadh margaidh a tharla i Márta 2023?

An príomhcheacht, dar liomsa, is ea go dtarlaíonn géarchéimeanna nuair a nochtar drochbainistíocht riosca na mbanc trí thurraingí diúltacha seachtracha. Bíonn dhá impleacht aige seo dúinne.

Ar an gcéad dul síos, ní mór dúinne, mar mhaoirseoirí, a bheith réamhghníomhach agus dul i ngleic le tátail go luath. Léiríonn an méid a tharla i Márta 2023 go bhféadfaidh impleachtaí domhanda a bheith ag strus i mbainc níos lú a bhíonn gníomhach go háitiúil, mura rachfar i ngleic leo go réamhghníomhach. Dá bhrí sin, ar leibhéal idirnáisiúnta, tá athbhreithniú á dhéanamh againn ar easnaimh sa chreat rialála, mar shampla i réimsí riosca leachtachta agus riosca rátaí úis, agus tá na himpleachtaí don éifeachtacht maoirseachta á bplé againn.

Ar an dara dul síos, tá tuiscint mhaith de dhíth orainn ar an gcaoi ina ndéanann athruithe sa mhacrai-thimpeallacht difear do na bainc. Admhaíonn na húdaráis sna Stáit Aontaithe agus san Eilvéis go raibh easnaimh i mbainistíocht riosca agus i rialachas ann sular tharla an suaitheadh. I dtimpeallacht mhaicreacnamaíoch shéimh, ní dhéanann éasclínte den sórt sin mórán dochair. Ach, nuair a bhíonn athrú scéil ann, nochtar iad agus is féidir leo damáiste a dhéanamh don chóras airgeadais ina iomláine.

Ar ndóigh, leibhéal leordhóthanach caipitil sa chóras is ea an chéad líne chosanta in aghaidh teagmhais gan choinne agus turraingí seachtracha. Chomh maith leis sin, maolaíonn sé an iarmhairt dhiúltach a bhíonn ag an droch-rialachas agus ag easnaimh i mbainistíocht riosca.

Is saincheist thráthúil í maoirseacht éifeachtach agus rinneadh moladh ina leith i measúnú seachtrach a rinneadh ar an bPróiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP). Conas atá sé i gceist agat an mhaoirseacht Eorpach ar bhaincéireacht a dhéanamh níos éifeachtaí?

Chun a bheith níos éifeachtaí mar mhaoirseoir, ní mór a chinntiú go mbainfear leas as tátáil ábhartha chun feabhsuithe praiticiúla a chur ar phróifíl riosca agus athléimneacht na mbanc. Is mórcheacht é seo ón méid a tharla an t-earrach seo caite. Chun a bheith éifeachtach, ní mór díriú ar rioscaí ábhartha.

Go deimhin, táimid ag díriú ar éifeachtacht na maoirseachta Eorpaí ar bhaincéireacht le tamall anuas. Táim fíorbhuíoch d’Andrea Enria as grúpa comhairleach saineolaithe a cheapadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar SREP. I dtuarascáil an ghrúpa, tá moltaí soiléire dúinne: ba chóir dúinn a bheith níos inoiriúnaithe, níos treallúsaí agus níos riosca-bhunaithe; ba chóir dúinn ár n-éifeachtúlacht agus ár n-éifeachtacht a fheasbhsú; agus ba chóir dúinn lánúsáid a bhaint as na huirlisí maoirseachta go léir atá againn.

Tá mionphlé déanta againn sa Bhord Maoirseachta ar na moltaí sin. Cuireadh roinnt díobh chun feidhme le linn thimthriall 2023 SREP. Tá creat nua lamháltais riosca agus measúnú ilbhliantúil SREP againn, rud a thugann níos mó solúbthachta do mhaoirseoirí chun díriú ar leochaileachtaí na mbanc aonair. Breithneofar moltaí eile i dtimthriall 2025 SREP. Ina theannta sin, tá ár maoirseacht á neartú againn trí bhearta níos treallúsaí a úsáid mar a mhínigh Frank Elderson in óráid a thug sé le déanaí.

Cad iad na dúshláin is mó atá i ndán do na bainc Eorpacha sa ghearrthéarma, dar leat?

Déarfainn gurb iad na hathruithe sa timpeallacht mhacra-airgeadais agus gheopholaitiúil agus an tírdhreach iomaíoch atá ag teacht chun cinn na dúshláin is mó atá rompu.

Tá tréimhse de rátaí fíorísle úis á cur dínn againn. Seans gur spreag an timpeallacht sin na bainc chun níos mó riosca a ghlacadh chun tacú le brabúis. D’ainneoin na dturraingí le déanaí ar OTI, tá leibhéil fhíorísle dócmhainneachta agus mainneachtana ann, agus tá soláthairtí le haghaidh caillteanas ar iasachtaí ag leibhéal fíoríseal freisin. Tá an neamhréir seo ann mar gheall ar an tacaíocht fhioscach agus airgeadaíochta nach bhfacthas riamh cheana agus a chosain cláir chomhardaithe na mbanc ó na turraingí sin,

Tá impleachtaí aige seo do mheasúnuithe riosca amach anseo, ó tharla nach léiríonn sonraí roimhe seo maidir le mainneachtain iasachtaí na rioscaí atá i ndán do cháilíocht sócmhainní. Agus i gcás roinnt mhaith de na rioscaí a bhfuil na bainc neamhchosanta orthu, amhail cibear-riosca, rioscaí aeráide agus comhshaoil agus rioscaí geopholaitiúla, níor thángadar chun cinn ach le déanaí.

Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh na bainc a gcuid cleachtas bainistíochta riosca a oiriúnú don timpeallacht nua.

An dara dúshlán atá roimh na bainc is ea an timpeallacht iomaíoch atá ag athrú. Tá a gcion margaidh méadaithe ag institiúidí airgeadais neamhbhainc, agus cé go gcuireann nuálaíocht amhail teicneolaíocht mórleabhar dáilte, agus intleacht shaorga deiseanna ar fáil do na bainc a gcuid táirgiúlachta a mhéadú, cumasaíonn siad d’iontrálaithe nua sa mhargadh dúshlán a thabhairt do shamhlacha reatha gnó freisin. Féadfaidh nuálaíocht agus iomaíochas méadaithe leas eacnamaíoch a fheabhsú, ach cruthaíonn siad rioscaí nua freisin. Má fheictear do na bainc go bhfuil a gcuid corrlach á laghdú, féadfaidh go rachaidh siad i muinín gníomhaíochtaí a mbaineann níos mó riosca leo. B’fhéidir, mar shampla, go maolóidh siad a gcuid caighdeán frithgheallta. Dá bhrí sin, tá súil ghéar á coinneáil againn ar neamhchosaintí na mbanc ar neamhbhainc agus ar an éiceachóras digiteach agus tá faireachán á dhéanamh againn ar an gcaoi ina ndéanann iomaíochas breise difear dá samhlacha gnó.

Meas tú cén todhchaí atá i ndán don aontas baincéireachta?

Tá dul chun cinn an-mhaith déanta againn maidir leis an gcéad dá cholún den aontas baincéireachta - maoirseacht agus réiteach – ach tá dul chun cinn níos moille i gceist maidir leis leis an tríú colún, cosaint taiscí. Sílim go bhféadfadh moilleanna breise ar chur i gcrích an aontais baincéireachta dochar a dhéanamh. Ní mór dúinn a bheith ullamh le haghaidh timpeallacht níos diúltaí fós, agus chuige sin, is gá na bearnaí atá fós ann i mbainistíocht géarchéime agus i gcreataí árachais taiscí a dhúnadh.

I ndáiríre, tá trí cholún an aontais baincéireachta dlúthnasctha. Leis an maoirseacht, cinntítear nach dócha go gclisfidh ar bhainc, nó má chliseann, nach mbeidh sé tromchúiseach. Ach ní féidlr le maoirseacht ar bith, fiú maoirseacht ar an gcaighdeán is airde, gach cliseadh a sheachaint. Nuair a tharlaíonn cliseadh, ba chóir go n-íoslaghdófar an cur isteach ar sheirbhísí baincéireachta agus go gcosnófar airgead cáiníocóirí. Chuige sin, tá an dara colún ann - córas réitigh iontaofa éifeachtúil faoi choimirce an Bhoird Réitigh Aonair.

Is léir go bhfuil tuilleadh oibre ag teastáil ar an tríú colún - scéim chomónta árachais taiscí. Tá árachas taiscí riachtanach chun taisceoirí a chosaint. Ach, mar aon le hárachas ar bith, féadfaidh sé baol morálta agus glacadh riosca a chothú. Sin é an fáth a gcinntíonn maoirseacht Eorpach ar bhaincéireacht go gcuirtear ardchaighdeáin mhaoirseachta i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na dtíortha rannpháirteacha go léir.

Faoi láthair, eagraítear árachas taiscí ar leibhéal náisiúnta den chuid is mó, rud nach bhfuil ag teacht le maoirseacht agus réiteach ar leibhéal Eorpach. Tá scéim Eorpach árachais taiscí ag teastáil uainn chun leibhéal aonfhoirmeach cosanta taisceoirí a áirithiú ar fud an limistéir euro. Leis seo, d’fhéadfaí comhtháthú níos fearr na margaí baincéireachta agus comhroinnt riosca trasteorann a chur chun cinn.

Ba mhaith liom a rá freisin nach cúis a thuilleadh iad sócmhainní leagáide le moill a chur ar na chéad chéimeanna eile. Nuair a cuireadh tús le tionscadal an aontais baincéireachta, luigh sé le réasún go ndíreofaí ar dtús ar shócmhainní leagáide a bhaint de chláir chomhardaithe na mbanc. Tá sé sin bainte amach anois - laghdaigh cóimheas na n-iasachtaí neamhthuillmheacha ó 7.5% in 2015 go 1.9% sa tríú ráithe de 2023, gar don leibhéal is ísle riamh.

© An Banc Ceannais Eorpach, 2024

Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Teileafón +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.bankingsupervision.europa.eu

Gach ceart ar cosaint. Ceadaítear atáirgeadh chun críocha oideachais agus neamhthráchtála fad is a aithnítear an fhoinse.

Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach ar ghluais SAM (ar fáil i mBéarla amháin).

HTML ISBN 978-92-899-6435-7, ISSN 2600-5115, doi:doi:10.2866/758, QB-BU-24-001-GA-Q

Sceithireacht