An mhaoirseacht a chuíchóiriú, an athléimneacht a chosaint
Bíonn geilleagar atá láidir ag brath ar bhainc chobhsaí. Ó bunaíodh an mhaoirseacht baincéireachta Eorpach, tá bainc sa limistéar euro tar éis éirí níos cobhsaí agus caipitlithe níos fearr, agus leibhéil níos ísle iasachtaí neamhthuillmheacha acu. Tá an creat maoirseachta agus rialála atá ann faoi láthair tar éis cabhrú leis an earnáil baincéireachta a bheith athléimneach go fóill, agus dá réir sin bhí an earnáil in ann seirbhísí a sholáthar i rith an ama do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, lena n-áirítear le linn tréimhsí struis.
Is bunchloch láidir é an méid atá bainte amach ó bhí an ghéarchéim airgeadais dhomhanda ann. Ach tá an timpeallacht ina bhfuil na bainc ag feidhmiú ag athrú go tapa. De réir mar a athraíonn an teicneolaíocht agus de réir mar a thagann athrú ar an timpeallacht riosca, ní mór don mhaoirseacht a bheith freagrúil agus dul in oiriúint do dhúshláin nua ionas go mbeidh sí chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach agus is féidir. Ní mór na hacmhainneachtaí anailíseacha a bheith ag na bainc agus ag na maoirseoirí chun gur féidir leo aghaidh a thabhairt ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn.
Sa chomhthéacs sin, táimid ag obair leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar chlár oibre cuimsitheach don athchóiriú ar mhaithe leis an maoirseacht baincéireachta Eorpach a chuíchóiriú agus a shimpliú – déanfaimid ár n-acmhainní a athdhíriú ar na spriocanna sin ach gan athléimneacht na mbanc a chur i mbaol. Inár dtuarascáil, ‘Streamlining supervision, safeguarding resilience’ [Maoirseachta chuíchóiriú, athléimneacht a chosaint] leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe na ceithre thionscnamh thiomnaithe don athchóiriú.
Clár oibre na maoirseachta baincéireachta Eorpaí don athchóiriú
Seiceáil sláinte rialta na mbanc a athchóiriú
In 2022, sheol an mhaoirseacht baincéireachta Eorpach athbhreithniú ag saineolaithe neamhspleácha ar an tseiceáil sláinte rialta a dhéanann sí ar na bainc – an Próiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP). Bunaithe ar na moltaí ón athbhreithniú sin, chuireamar athchóirithe chun feidhmhe chun SREP a chur i riocht níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, agus béim níos mó á leagan againn ar mhaoirseacht rioscabhunaithe.
Mar thoradh ar na hathruithe seo, tá amlíne SREP níos giorra agus cinntí níos luaithe do bhainc ann, comhréireacht níos mó san obair leantach ar bhearta agus cumarsáid níos trédhearcaí leis na bainc. Tá tuilleadh eolais faoi na hathruithe le fáil inár dtuarascáil agus sna Ceisteanna Coitianta ar SREP an lae amárach.
Tuilleadh eolais faoi athchóiriú SREP:
Athchóiriú SREP: i dtreo maoirseacht níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ICAAP: measúnú maoirseachta feabhsaithe ar mhaithe le bainistiú caipitil níos láidre sna bainc Modheolaíocht le haghaidh cheanglas nua Cholún 2Na chéad chéimeanna eile den mhaoirseacht: gníomhaíochtaí maoirseachta eile a athchóiriú
Le cois athchóiriú a dhéanamh ar SREP, chuireamar tús leis an dara sraith leathan de na hathchóirithe leis an tionscadal “na chéad chéimeanna eile den mhaoirseacht”. Is é is aidhm don tionscadal seo éifeachtúlacht agus éifeachtacht a fheabhsú tuilleadh sna príomhghníomhaíochtaí maoirseachta uile, agus fanacht dírithe go hiomlán ar riosca ag an am céanna. Mar chuid den tionscadal, táimid le breis úsáide a bhaint as uirlisí digiteacha le haghaidh na maoirseachta.
Seolfar tuilleadh tionscnamh, lena n-áirítear athbhreithniú ar chur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta maidir leis an maoirseacht a dhéantar ar institiúidí creidmheasa beaga neamhchasta (SNCIanna).
Faigh tuilleadh eolais faoin tionscadal “na chéad chéimeanna eile den mhaoirseacht”Cultúr maoirseachta riosca-dhírithe a chothú
Oibríonn BCE agus na maoirseoirí náisiúnta le chéile chun an mhaoirseacht baincéireachta Eorpach a chur i gcrích. Sna Comhfhoirne Maoirseachta tagann baill foirne ó BCE agus ó na húdaráis náisiúnta le chéile chun maoirseacht a dhéanamh ar bhainc shuntasacha; is iad na húdaráis náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar bhainc ar lú a suntas, faoi mhaoirseacht BCE.
Chun ár gclár oibre don athchóiriú a chur i gcrích, táimid ag cothú cultúr maoirseachta rioscabhunaithe ar fud an chórais ar fad, ag cumhachtú na mbuíon foirne chun a mbreithiúnas féin a chur i gcion ar na ceisteanna atá le socrú agus cinneadh a dhéanamh maidir leis na nithe ar cheart aird mhaoirseachta a dhíriú orthu. Dá thoradh sin cuirfear na hathchóirithe chun feidhme go comhsheasmhach agus go héifeachtach ar fud an aontais baincéireachta.
D’fhonn feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht sa mhaoirseacht baincéireachta Eorpach trí chéile, tá tionscnamh tiomnaithe seolta againn chun athrú cultúir a chur chun tosaigh go fuinniúil. Táimid ag díriú ar chultúr maoirseachta níos comhtháite a fhorbairt atá éifeachtúil, éifeachtach agus rioscabhunaithe. De thoradh cultúr aontaithe maoirseachta, neartófar ár gcuid maoirseachta agus beidh próisis níos rianúla ann do na bainc.
Faigh tuilleadh eolais i dtaobh thionscnamh an chultúir maoirseachtaÉifeachtacht na maoirseachta a thomhas
Cuid ríthábhachtach dár gclár oibre don athchóiriú is ea measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na maoirseachta. Ach tá níos mó ná táscairí airgeadais de dhíth orainn chuige sin, ós rud é, mar shampla, go bhféadfadh feabhas teacht ar chóimheasa airgeadais bainc ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear dálaí maicreacnamaíocha níos fearr.
Dá bhrí sin, tá modheolaíochtaí á bhforbairt ag an maoirseacht baincéireachta Eorpach le meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na maoirseachta chun maoirseacht atá dírithe níos mó ar thorthaí a chothú agus chun an chuntasacht a neartú.
Faigh tuilleadh eolais faoin meastóireacht atá á déanamh againn ar éifeachtacht na maoirseachtaConas atáimid ag cuidiú leis na tionscnaimh shimpliúcháin ar an leibhéal Eorpach?
Is mian linn go mbeadh an mhaoirseacht éifeachtúil, éifeachtach agus dírithe go soiléir i gcónaí ar riosca. Chuige sin, cé nach rialtóir ná reachtóir muid, tacaímid leis na húdaráis ábhartha agus iad ag déanamh measúnú ar bhealaí chun an creat rialála agus maoirseachta a shimpliú.
Foilsíodh an tuarascáil ar ár dtionscnaimh mhaoirseachta ag an am céanna leis na moltaí ó Thascfhórsa Ardleibhéil Chomhairle Rialaithe BCE (HLTF) maidir le Simpliú, ina n-éilítear athruithe reachtacha chun creataí rialála, maoirseachta agus tuairiscithe a shimpliú. Comhlánaíonn ár dtionscnaimh mhaoirseachta na moltaí sin ach is féidir iad a chur i ghcrích go neamhspleách orthu freisin.
Bhí moltaí HLTF mar bhonn le freagairt an Eurochórais ar chomhairliúchán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hiomaíochas earnáil baincéireachta an Aontais. Leagtar amach go soiléir sa fhreagairt conas is féidir le bearta chun an creat rialála a shimpliú agus a chomhchuibhiú aghaidh a thabhairt ar ghlaonna níos leithne chun cabhrú le bainc Eorpacha a bheith níos iomaíche.