Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ceisteanna coitianta faoi Threoirleabhair BCE maidir leis na próisis inmheánacha mheasúnaithe ar leordhóthanacht caipitil agus leachtachta (ICAAPanna agus ILAAPanna)

AR AN LEATHANACH SEO

Réamhrá

Measann BCE gur croíphróisis inmheánacha bainistithe riosca iad na próisis inmheánacha mheasúnaithe ar leordhóthanacht caipitil agus leachtachta (ICAAPanna agus ILAAPanna) i gcomhair institiúidí i dtaca le leordhóthanacht caipitil agus leachtachta a bhainistiú. Dá réir sin, is ionchuir thábhachtacha iad an ICAAP agus an ILAAP sa Phróiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (SREP) atá idir lámha ag an Maoirseacht Baincéireachta Eorpach. Baintear úsáid astu i measúnuithe uile SREP agus sna próisis chun ceanglais chaipitil agus leachtachta Cholún 2 a chinneadh. Tá sé beartaithe ag BCE an ról tábhachtach atá ag an ICAAP agus an ILAAP i measúnú SREP a mhéadú a thuilleadh. I measc nithe eile, beidh ról feabhsaithe ag na gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla ICAAP atá ag institiúid – arb iad na rioscaí atá sainaitheanta agus cainníochtaithe ag an institiúid iad – maidir le ceanglais cistí dílse breise a chinneadh ar bhonn riosca ar riosca, mar shampla.

An Próiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta

I bhfianaise ról lárnach an ICAAP agus an ILAAP maidir le hathléimneacht na n-institiúidí a neartú agus faisnéis luachmhar a sholáthar do mhaoirseoirí maidir le staid chaipitil agus leachtachta na n-institiúidí, léiríonn taithí BCE gur gá ICAAPanna agus ILAAPanna a fheabhsú sna hinstitiúidí trí chéile. Chuige sin, thionscain BCE plean ilbhliantúil chun tacar feabhsaithe d’ionchais mhaoirseachta ICAAP agus ILAAP a fhorbairt i gcomhair institiúidí suntasacha, i ndlúth-idirphlé leis an tionscal. Leagtar amach i dTreoirleabhair BCE maidir leis an ICAAP agus leis an ILAAP (Treoirleabhair) an tuiscint atá ag BCE ar cheanglais ICAAP agus ILAAP i gcomhair institiúidí suntasacha mar a shonraítear in CRD IV. (Féach Airteagail 73 agus 86 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).) Moltar do na hinstitiúidí suntasacha an méid a bhfuiltear ag súil leis sna Treoirleabhair a chur i bhfeidhm sa chleachtas. Mar sin féin, ní foláir a rá nach bhfuil na Treoirleabhair sin ceangailteach ó thaobh dlí de agus, dá bhrí sin, nach nglacann siad ionad aon dlí (náisiúnta) is infheidhme.

D’fhonn tuiscint chomhchoiteann ar na Treoirleabhair a chothú, is éard atá sa mhéid seo a leanas na freagraí ó BCE ar cheisteanna a fuair sé go minic le linn a phléití inmheánacha agus seachtracha ar an ICAAP agus ar an ILAAP.

Ceisteanna coitianta

An gciallaíonn foilsiú na dTreoirleabhar nach bhfuil ICAAPanna ná ILAAPanna leordhóthanacha i bhfeidhm ag institiúidí suntasacha faoi láthair?

Léiríonn taithí BCE gur gá ICAAPanna agus ILAAPanna a fheabhsú sna hinstitiúidí trí chéile. Níor tugadh dul chun cinn mór faoi deara ach amháin in ICAAPanna agus ILAAPanna de chuid institiúidí suntasacha áirithe.

Tá an ICAAP agus an ILAAP ríthábhachtach d’institiúidí maidir lena leordhóthanacht caipitil agus leachtachta a bhainistiú. Chun feabhas ar ICAAPanna agus ar ILAAPanna na n-institiúidí suntasacha a chur chun cinn, feidhmíonn BCE de réir plean ilbhliantúil. Bunaithe ar dhian-idirphlé le hinstitiúidí agus le rannpháirtithe eile sa tionscal maidir leis an dréacht-treoraíocht a foilsíodh in 2017 agus ionchur breise á chur san áireamh, rinne BCE a threoraíocht mhaoirseachta maidir leis an ICAAP agus leis an ILAAP a bheachtú agus a shaibhriú. Ní foláir a chur i dtábhacht go moltar do na hinstitiúidí suntasacha tús a chur gan mhoill le chur i bhfeidhm ionchais mhaoirseachta BCE a leagtar amach sna Treoirleabhair, fiú mura mbeidh siad in úsáid ag maoirseoirí BCE ach ón 1 Eanáir 2019. Má chinneann institiúidí suntasacha na Treoirleabhair a leanúint, iarrtar orthu é sin a dhéanamh i ndlúthchomhar lena gComhfhoireann Maoirseachta (JST), agus iad a chur ar an eolas go réamhghníomhach faoi mar a sheasann cúrsaí leo agus faoina bpleananna.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nár athraigh BCE fealsúnacht fhoriomlán na dTreoirleabhar ó foilsíodh na chéad ionchais ICAAP agus ILAAP i mí Eanáir 2016. Níor shoiléirigh sé na hionchais sin ach i dtrí chéim, eadhon i mí Feabhra 2017, i mí an Mhárta 2018 agus le foilsiú na leaganacha deiridh i mí na Samhna 2018.

Cén bhaint atá ag na Treoirleabhair le faisnéis ICAAP agus ILAAP a cuireadh isteach in 2019?

Is é an 31 Nollaig 2018 an dáta tagartha i gcomhair institiúidí suntasacha nuair a chuireann siad faisnéis ICAAP agus ILAAP (lena n-áirítear an teimpléad ICAAP mar shampla) faoi bhráid a gcuid JSTanna in 2019. Is ón 1 Eanáir 2019 amháin a bhainfidh BCE úsáid as na Treoirleabhair chun measúnú a dhéanamh ar ICAAPanna agus ILAAPanna na n-institiúidí suntasacha.

Táthar ag dréim leis go gcuirfear na Treoirleabhair nuafhoilsithe san áireamh sna sonraí agus san fhaisnéis maidir le ICAAPanna/ILAAPanna a chuir institiúidí suntasacha faoi bhráid BCE in 2019. Ba cheart a thabhairt faoi deara nár athraigh BCE fealsúnacht fhoriomlán na dTreoirleabhar ó foilsíodh na chéad ionchais ICAAP agus ILAAP i mí Eanáir 2016. Níor shoiléirigh sé na hionchais sin ach i dtrí chéim, eadhon i mí Feabhra 2017, i mí an Mhárta 2018 agus le foilsiú na leaganacha deiridh i mí na Samhna 2018. Ina theannta sin, tá na Treoirleabhair i gcomhréir go hiomlán leis na hionchais ICAAP agus ILAAP a foilsíodh i mí Eanáir 2016. Ní foláir a nótáil gur faisnéis ó pheirspictíocht eacnamaíoch ba cheart a bheith san fhaisnéis ICAAP a sholáthraítear trí bhíthin an teimpléid ICAAP.

Ar thug sibh faoi deara aon athrú ar ICAAPanna agus ILAAPanna a n-institiúidí suntasacha?

Mar gheall ar na difríochtaí suntasacha i láimhseáil agus i ról an ICAAP agus an ILAAP sna Ballstáit éagsúla, is cosúil go raibh an-éagsúlacht sna cleachtais i measc na n-institiúidí suntasacha. Ba léir go raibh difríochtaí san ICAAP, mar shampla, i measc nithe eile, i ról foriomlán an ICAAP i mbainistiú agus i gcinnteoireacht na n-institiúidí, i róil na bpeirspictíochtaí eacnamaíocha i gcomparáid leis na peirspictíochtaí normatacha (nó rialála) agus sa chur chuige ginearálta ICAAP, i.e. na coincheapa “gnóthais leantaigh” mar a thugtar orthu i gcomparáid leis na coincheapa “gnóthais fhoirceanta”. I roinnt Ballstát meastar gurb iad an ICAAP agus an ILAAP croílár phróisis bainistithe riosca na n-institiúidí; i mBallstáit eile tá baint acu leis an bpróiseas chun tuarascáil a ullmhú maidir leis an leordhóthanacht caipitil agus leachtachta don mhaoirseoir nó úsáidtear iad mar chomhchiallaigh do na tuarascálacha sin. Tá sé tugtha dá aire ag BCE nach bhfuil dul chun cinn mór déanta maidir leis na ICAAPanna agus na ILAAPanna atá acu ach ag institiúidí suntasacha áirithe.

Moltar do gach institiúid shuntasach feabhas a chur ar a gcuid ICAAPanna agus ar a gcuid ILAAPanna. Measaimid go mbeidh foilsiú ár dTreoirleabhar, atá feabhsaithe go mór, ina chuidiú dóibh ina leith sin.

Conas a áirithíonn sibh go bhfuil ICAAPanna agus ILAAPanna leordhóthanacha ag a hinstitiúidí suntasacha?

Ar an gcéad dul sios, is ionchuir thábhachtacha iad an ICAAP agus an ILAAP sa Phróiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (SREP) atá idir lámha ag an Maoirseacht Baincéireachta Eorpach. Cuirtear san áireamh iad agus baintear leas astu sna measúnuithe ar na heilimintí uile de SREP agus i bpróisis cinnteoireachta caipitil agus leachtachta Cholún 2. Amach anseo, tá sé beartaithe ról an ICAAP agus an ILAAP in SREP a leathnú tuilleadh.

Is codanna fíorthábhachtacha d’athléimneacht na n-institiúidí iad ICAAPanna agus ILAAPanna. Dá bhrí sin, déanann BCE measúnú bliantúil ar na próisis sin mar chuid de SREP. Má thagann BCE ar aon laigí, féadfaidh sé bearta maoirseachta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna san institiúid atá i gceist. Féadfar a áireamh ar na bearta sin freisin forlíontáin chaipitil nó leachtachta chun aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht mhéadaithe i mbainistiú riosca na n-institiúidí agus chun na hinstitiúidí suntasacha a dhreasú chun aghaidh a thabhairt ar na laigí sin.

Conas a bhaineann an Treoirleabhair le cuir chuige “gnóthais fhoirceanta” ICAAP?

Tá BCE dírithe ar earnáil na baincéireachta a choinneáil cobhsaí trína áirithiú go ndéanfaidh na hinstitiúidí leanúnachas a n-oibríochtaí a choimeád slán. Dá bhrí sin, tugtar tuairisc sa Treoirleabhar ICAAP ar chur chuige ICAAP arb é is aidhm dó rannchuidiú le leanúnachas na n-institiúidí trína gcaipitliú leordhóthanach a áirithiú. Ó mhí Eanáir 2016 i leith, tá BCE ag spreagadh na n-institiúidí suntasacha de shíor chun go n-athróidís ó chuir chuige “gnóthais fhoirceanta” ICAAP go cuir chuige atá dírithe ar a leanúnachas.

Cad é an difríocht idir na peirspictíochtaí normatacha agus eacnamaíocha inmheánacha ICAAP agus ILAAP agus cad is brí le “faisnéis fhrithpháirteach”?

Tá an ICAAP agus an ILAAP araon bunaithe ar dhá cholún atá chomh tábhachtach céanna agus atá comhlántach: an pheirspictíocht eacnamaíoch agus an pheirspictíocht normatach. Tugann an dá pheirspictíocht léargas ar rioscaí a bhfuil institiúid neamhchosanta orthu agus ar a leordhóthanacht caipitil agus leachtachta ó pheirspictíochtaí an-difriúil. Chun léargas grinn a fháil ar na rioscaí a bhfuil institiúid neamhchosanta orthu, ba cheart don institiúid a machnamh a dhéanamh ar a leordhóthanacht caipitil agus leachtachta a bhainistiú ón bpeirspictíocht normatach agus ón bpeirspictíocht eacnamaíoch araon.

Ní mór d’institiúidí ceanglais chaipitil agus leachtachta Cholún 1 agus Cholún 2 a chomhlíonadh i gcónaí (arna measúnú sa pheirspictíocht normatach). Ní leor feidhmiú de réir na peirspictíochta sin amháin, áfach, chun marthanas na n-institiúidí a áirithiú i gcónaí, mar a léiríodh sa ghéarchéim airgeadais a bhí ann le déanaí. Mar shampla, bhí roinnt institiúidí ann a raibh cuma shláintiúil orthu ó pheirspictíocht caipitil rialála, ach bhí deacrachtaí acu leibhéil leordhóthanacha leachtachta agus chistiúcháin a chinntiú toisc nach raibh muinín leordhóthanach ag a gcontrapháirtithe astu agus toisc nár ghlac na contrapháirtithe sin leo mar chontrapháirtithe iontaofa a thuilleadh. Bhí a fhios ag na contrapháirtithe sin go raibh meath tagtha ar shubstaint eacnamaíoch na n-institiúidí sin, ach níor léiríodh é sin (go fóill) ina gcláir chomhardaithe ná, mar shampla, ina gcóimheasa caipitil rialála. Baineadh úsáid sa litríocht as an téarma “bainc zombaí” mar chur síos ar institiúidí den sórt sin.

Dá bhrí sin, ní féidir peirspictíocht amháin a chur in ionad na peirspictíochta eile. Ina ionad sin, ba cheart don dá pheirspictíocht a chéile a chomhlánú agus, go háirithe, a bheith ina mbonn eolais dá chéile.

An bhfuil an pheirspictíocht normatach inchomparáide leis na cuir chuige “gnóthas leantach” a bhí in úsáid ag roinnt institiúidí san am a chuaigh thart?

San am a chuaigh thart, bhain roinnt institiúidí suntasacha úsáid as cuir chuige ICAAP ar thagair siad dóibh mar chuir chuige “gnóthais leantaigh”. Ba é bunphrionsabal na gcur chuige sin go bhfaighfí amach ag an bpointe ama sin (t0) an gcomhlíonfaidís fós na héilimh rialála agus mhaoirseachta ar chistí dílse dá dtiocfadh na rioscaí a chainníochtaigh siad ina gcuid ICAAPanna don 12 mhí bhí le teacht i gcrích. Go bunúsach, le haghaidh an mheasúnaithe sin, d’asbhain siad óna gcistí dílse reatha (t0) sa chlár comhardaithe an chuid a bhí riachtanach chun na héilimh chaipitil mhaoirseachta/rialála a chomhlíonadh. Rinne siad comparáid ansin idir an fuílleach – dá ngairtear “saorchistí dílse” uaireanta – agus an neamhchosaint ar riosca a bhí cainníochtaithe acu. Ar áireamh i méid an riosca bhí gach uile riosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na cistí dílse rialála agus do chóimheasa Cholún 1 sna 12 mhí ina dhiaidh sin. Go mion minic, rinneadh an riosca a chainníochtú trí úsáid a bhaint as samhlacha arb é an toradh a bhí orthu, mar shampla, VaR ag a raibh leibhéal muiníne 99% (i gcásanna áirithe, roghnaíodh leibhéil mhuiníne níos ísle chun gné leanúnachais a ngnó a mheas mar ghné a bhí i gcodarsnacht leis an gcur chuige “gnóthais fhoirceanta”).

Go bunúsach, cuireadh a gcistí dílse reatha i gcomparáid lena n-éilimh faoi Cholún 1 móide faoi Cholún 2, móide na rioscaí uile arna gcainníochtú san ICAAP (riosca creidmheasa, riosca margaidh, riosca oibriúcháin, IRRBB, etc.) le haghaidh t0.

Tá an pheirspictíocht normatach, mar a shainmhínítear sa Treoirleabhar ICAAP, difriúil leis na cuir chuige sin toisc nach ndéantar foráil ann maidir le cainníochtú riosca ICAAP ar leithligh le haghaidh t0. Ina ionad sin, táthar ag dréim leis go ndéanfaidh institiúidí suntasacha tráth a dtarlóidh t0 cóimheasa de chuid Cholún 1 a chinneadh agus iad a chur i gcomparáid lena gceanglais caipitil sheachtraigh (Colún 1, ceanglas caipitil Cholún 2, maoláin) agus treoir chaipitil Cholún 2. Déantar an ghníomhaíocht sin arís bliain amháin dár gcionn trí chóimheasa Cholún 1 a réamh-mheas ag t1, agus do na blianta ina dhiaidh sin, t2, agus t3 ar a laghad. Táthar ag dréim leis, ar ndóigh, go gcuirfear san áireamh sna réamh-mheastacháin sin na héifeachtaí uile a mbeidh tionchar acu ar chóimheasa Cholún 1 sa todhchaí faoi na cásanna hipitéiseacha faoi seach. Áirítear leis sin athruithe ar shócmhainní atá ualaithe ó thaobh riosca, mar aon le héifeachtaí brabúis agus caillteanais agus éifeachtaí cistí dílse eile a eascraíonn as creidmheasanna mainneachtana, as gluaiseachtaí i margadhphraghsanna, as athruithe ar rátaí úis, etc.

Tá an pheirspictíocht normatach inchomparáide leis an méid a rinne a lán de na hinstitiúidí nuair a bhí a gcaipiteal rialála á phleanáil acu. Mar sin féin, ba cheart do na hinstitiúidí suntasacha a bheith ar an eolas gur fairsinge i bhfad iad ionchais BCE don phleanáil chaipitil i gcomparáid leis an méid a rinne a lán de na hinstitiúidí roimhe seo, mar shampla, i ndáil le cásanna hipitéiseacha díobhálacha a chinneadh agus maidir le déine na dtoimhdí i dtaobh forbairtí amach anseo arna measúnú i gcásanna hipitéiseacha díobhálacha.

An bhfuiltear ag dréim leis go mbainfidh institiúidí úsáid as Colún 1 mar íosleibhéal le haghaidh a gcainníochtaithe riosca?

Nílimid. Mar sin féin, tá BCE ag dréim leis go mbeidh na hinstitiúidí suntasacha stuama agus coimeádach. Ciallaíonn sé sin gur cheart dóibh a bheith chomh coimeádach céanna, ar a laghad, tríd is tríd nuair a bhíonn na paraiméadair agus na toimhdí eile is bun lena modheolaíochtaí cainníochtaithe riosca á socrú acu sa pheirspictíocht eacnamaíoch.

Níor cheart aon mhearbhall a bheith ann idir é sin agus íosrátaí a bheith á gcur i bhfeidhm ag na maoirseoirí. Mar a fhoráiltear sna Treoirlínte SREP ó ÚBE, cuirfidh an maoirseoir íosráta de chuid Cholún 1 i bhfeidhm maidir le rioscaí sonracha.

Treoirlínte maidir le nósanna imeachta agus modheolaíochtaí coiteanna don phróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta (EBA/GL/2014/13)
Conas a bhaineann na Treoirleabhair le dlíthe náisiúnta agus le forálacha agus treoirleabhair ábhartha eile?

Go ginearálta, níl na Treoirleabhair ceangailteach ó thaobh dlí de agus dá bhrí sin ní ghlacann siad ionad aon dlí is infheidhme lena gcuirtear Airteagail 73 agus 86 de CRD IV chun feidhme. Más rud é, i gcásanna áirithe, nach raibh na Treoirleabhair i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, chuirfeadh BCE an dlí is infheidhme i bhfeidhm ina mheasúnú ar ICAAPanna agus ILAAPanna na n-institiúidí suntasacha. Mar sin féin, d’fhorbair BCE na Treoirleabhair i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta. Dá bhrí sin, ní mheasann sé go mbeidh coinbhleachtaí den sórt sin ann idir na Treoirleabhair agus an dlí náisiúnta.

Cén fáth a bhfuil BCE ag dréim le maoláin bhainistíochta san ICAAP agus san ILAAP? An bhfuil sé ag iarraidh na Treoirleabhair a úsáid chun ceanglais nua chaipitil agus leachtachta a shocrú a théann níos faide ná forálacha CRD/CRR?

Níl sé. Soiléiríonn BCE sna Treoirleabhair gur míthuiscint a bheadh ansin, ós rud é nach leagtar síos le coincheap an mhaoláin bainistíochta go mbeadh ceanglais chaipitil/leachtachta nua ann os cionn na n-íoscheanglas dlíthiúil atá ann cheana. Ní dhéantar cur síos i gcoincheap an mhaoláin bainistíochta ach ar an bhfíoras go n-oibreoidh na hinstitiúidí os cionn na n-íoscheanglas maoirseachta de ghnáth ar a dtionscnamh féin, toisc nach mbeidís in ann teacht ar na contrapháirtithe, ar na cliaint, ar na fostaithe ná ar na hinfheisteoirí a bheadh de dhíth orthu chun a samhail ghnó a leanúint murach sin. Mar sin féin, iarrtar sna Treoirleabhair ar na hinstitiúidí measúnú sainráite a dhéanamh ar an leibhéal caipitil/leachtachta atá de dhíth orthu féin le haghaidh gach ceann de na cásanna hipitéiseacha arna measúnú. Nuair a shocraíonn siad, i gcás inarb ábhartha, maoláin bhainistíochta nithiúla, moltar dóibh údar maith a thabhairt leo sin. Tagann sé sin le meon ginearálta an ICAAP, sa mhéid is gur cheart d’institiúidí a bheith ar an eolas go hiomlán faoi na rioscaí atá rompu agus gur cheart dóibh na rioscaí sin a bhainistiú go gníomhach.

An gceanglaítear ar bhainc maoláin bhainistíochta a shocrú le bheith incháilithe do na nósanna imeachta meara um laghdú caipitil?

Ní hamhlaidh atá. Is uirlisí de bhainistíocht riosca inmheánach na mbanc iad na maoláin bhainistíochta agus ní dhéantar measúnú orthu i gcomhthéacs phróisis laghdaithe caipitil BCE. Chun cáiliú do phróiseáil mhear, ní mór do na bainc na critéir a leagtar amach don chineál laghdaithe atá i gceist a chomhlíonadh, mar a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin BCE agus mar a shonraítear tuilleadh sna teimpléid do phróiseáil mhear. I gcás inarb infheidhme, dírítear sna critéir mheara ar an lamháil iarbhír os cionn na n-íosleibhéal maoirseachta, ach ní ar mhaoláin bhainistíochta inmheánaí. Féadfar iarratais ar laghduithe caipitil nach gcomhlíonann na critéir do phróiseáil mhear a fhormheas fós faoin ngnáthnós imeachta.

Cad iad na cásanna díobhálacha hipitéiseacha sa pheirspictíocht normatach?

Ní thugtar tuairisc sna Treoirleabhair ar chásanna hipitéiseacha díobhálacha nithiúla faoin bpeirspictíocht normatach, toisc go bhfuiltear ag dréim leis go bhfuil siad sin i gcomhréir le gníomhaíochtaí gnó, timpeallachtaí oibriúcháin agus próifílí riosca na n-institiúidí agus, dá bhrí sin, le leochaileachtaí na n-institiúidí, a bhfuil gach ceann acu an-difriúil lena chéile ó institiúid go hinstitiúid. Soiléirítear an méid seo a leanas sna Treoirleabhair faoi Phrionsabal 7: “Táthar ag dréim leis go gcumhdófar go leordhóthanach sna cásanna hipitéiseacha díobhálacha éagsúla géarchora chun donais eacnamaíocha agus suaití géara airgeadais, leochaileachtaí institiúidsonracha ábhartha, neamhchosaintí ar chontrapháirtithe móra, agus teaglamaí sochreidte díobh sin”.

Maidir leis an leibhéal déine a mheastar a bheidh mar bhonn le cásanna hipitéiseacha díobhálacha, soiléirítear sna Treoirleabhair i ndáil le Prionsabal 7 go dtuigeann BCE go gciallaíonn “díobhálach” strus dian: “Táthar ag dréim leis go gcomhfhreagróidh an leibhéal déine d’fhorbairtí atá inchreidte, ach atá chomh dian céanna ó thaobh na hinstitiúide de le haon fhorbairt a d’fhéadfaí a thabhairt faoi deara le linn staid ghéarchéime sna margaí, agus go gcumhdófar leis fachtóirí nó réimsí is mó ábharthacht maidir le leordhóthanacht caipitil/leachtachta na hinstitiúide”.

Cad é an sainmhíniú ar chaipiteal inmheánach agus ar leachtacht inmheánach?

Táthar ag dréim leis go mbeidh an sainmhíniú ar chaipiteal inmheánach comhsheasmhach le coincheap leordhóthanachta caipitil eacnamaíoch agus le cainníochtuithe riosca inmheánacha na hinstitiúide. Is coincheap inmheánach é coincheap na leordhóthanachta caipitil eacnamaíoch arb é is aidhm dó a áirithiú – faoin bpeirspictíocht eacnamaíoch – go gcuirfidh acmhainní airgeadais (caipiteal inmheánach) na hinstitiúide ar a cumas a cuid rioscaí a chumhdach agus leanúnachas a cuid oibríochtaí a choimeád slán ar bhonn leanúnach.

Tugtar faoi deara go bhféadfadh difríocht shuntasach a bheith idir méideanna an chaipitil inmheánaigh agus méideanna an chaipitil rialála, mar gheall ar na coincheapa éagsúla is bun leis na sainmhínithe. Is é is cúis leis sin go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh an caipiteal inmheánach ina léiriú ar luach eacnamaíoch na hinstitiúide, ach go bhfuil an caipiteal rialála bunaithe go príomha ar shainmhínithe rialála, ach go bhféadfadh toimhdí cuntasaíochta a bheith ar áireamh ann de ghnáth freisin. Ag brath ar chás faoi leith gach institiúide agus ar na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, is féidir le luachanna eacnamaíocha atá éagsúil le luachanna de réir na leabhar a bheith ina gcúis le difríochtaí suntasacha.

Is amhlaidh atá maidir le cainníochtú rioscaí i gcás ina ndéantar measúnú leis an dearcadh normatach ar thionchair na rioscaí uile ar a cóimheasa rialála, agus rialacha cuntasaíochta agus sainmhínithe rialála á leanúint dá bhrí sin. Os a choinne sin, leis an bpeirspictíocht eacnamaíoch déantar measúnú ar an gcaoi a bhféadfadh na rioscaí uile a bhfuil an institiúid neamhchosanta go hábhartha orthu tionchar a imirt ar a luach eacnamaíoch. Is sampla tipiciúil de rioscaí a mheastar a láimhseálfar ar bhealaí difriúla faoin dá pheirspictíocht iad rioscaí um raon difríochta creidmheasa le haghaidh suíomhanna nach dtaifeadtar ar luach cóir.

Táthar ag dréim leis go mbeidh an sainmhíniú ar mhaoláin inmheánacha leachtachta comhsheasmhach le coincheap na leordhóthanachta caipitil eacnamaíoch agus le cainníochtuithe riosca inmheánacha na hinstitiúide. Is coincheap inmheánach é coincheap na leordhóthanachta leachtachta eacnamaíche arb é is aidhm dó a áirithiú – faoin bpeirspictíocht eacnamaíoch – go gcuirfidh acmhainní airgeadais (leachtacht inmheánach) na hinstitiúide ar a cumas na rioscaí agus na heis-sreafaí ionchasacha a chumhdach agus leanúnachas a cuid oibríochtaí a choimeád slán ar bhonn leanúnach. Anseo, arís, d’fhéadfadh toimhdí agus coincheapa foluiteacha éagsúla a bheith ina gcúis le difríochtaí móra i méid na leachtachta atá ar fáil agus i bhfoinsí cobhsaí cistiúcháin.

An féidir le fofhiachas a bheith mar chuid de chaipiteal inmheánach?

I gcás ionstraimí caipitil de Leibhéal 2/ionstraimí fiachais fo-ordaithe, de ghnáth ní bhíonn aon fhoráil sa bhileog téarmaí lena sonraítear go n-ionsúidís caillteanais i gcásanna seachas leachtú. Aisíocfar suíomhanna iasachta fo-ordaithe le sealbhóirí fiachais sa staid ina bhfuiltear ag leanúint ar aghaidh, faoi na coinníollacha/téarmaí eisiúna.

Dá bhrí sin, tar éis na toimhde go leanfar ar aghaidh atá mar bhonn leis na hionchais ICAAP atá ag BCE, is féidir ionstraimí caipitil de Leibhéal 2, lena n-áirítear go háirithe fofhiachas, a lascainiú go ginearálta mar ionsú riosca i staid leanúna ar aghaidh. Dá réir sin, de ghnáth ní bhítear ag dréim leis go mbeidh ionstraimí den sórt sin ina gcuid den chaipiteal inmheánach. Mar sin féin, tá sé de rogha ag an institiúid míniú a thabhairt ar an bhfáth nach bhfuil an loighic sin ábhartha i gcás ar leith.

Nach bhfuil leibhéal déine na gcásanna díobhálacha hipitéiseacha sa pheirspictíocht normatach ICAAP ró-ard chun críocha “pleanála” caipitil?

I gcásanna hipitéiseacha díobhálacha faoin bpeirspictíocht normatach, táthar ag dréim leis go nglacfaidh an institiúid le forbairtí atá eisceachtúil ach sochreidte agus leibhéal leordhóthanach déine a bheith ag baint leo i dtéarmaí a dtionchair ar a cóimheasa caipitil rialála, go háirithe an cóimheas CET1. Táthar ag dréim leis go gcomhfhreagróidh an leibhéal déine d’fhorbairtí atá inchreidte, ach atá chomh dian céanna ó thaobh na hinstitiúide de le haon fhorbairt a d’fhéadfaí a thabhairt faoi deara le linn staid ghéarchéime sna margaí, fachtóirí nó réimsí is mó ábharthacht maidir le leordhóthanacht caipitil/leachtachta na hinstitiúide”.

Ar ndóigh, níltear ag dréim leis go ndéanfaidh institiúidí “pleanáil” le haghaidh cásanna hipitéiseacha den sórt sin. Mar sin féin, táthar ag dréim leis go n-ullmhóidh siad do chás inchreidte ina bhféadfaidís teacht chun cinn. Sa chiall sin, ná tuigtear le “pleanáil” gurb é is aidhm dó tabhairt faoi imthosca díobhálacha. Ina ionad sin, ciallaíonn “pleanáil” “a bheith ullamh” le haghaidh teagmhais struis amach anseo agus “a bheith in ann teacht roimh” na teagmhais sin chun tearc-chaipitliú a sheachaint sna himthosca díobhálacha sin.

An bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfaidh institiúidí tástáil struis freisin sa pheirspictíocht eacnamaíoch ICAAP?

Táthar ag dréim leis cheana féin go mbeidh an leibhéal coimeádachais is bun leis na cainníochtuithe riosca sa pheirspictíocht eacnamaíoch an-ard agus, dá bhrí sin, ba cheart teacht ar léargas grinn ar theagmhais an-annamh leo freisin. Ag brath ar an modheolaíocht cainníochtaithe riosca a úsáidtear, léirítear é sin, mar shampla, in ardleibhéil mhuiníne. Tarraingíonn sé sin anuas an cheist an bhfuiltear ag dréim le tástáil struis bhreise sa pheirspictíocht eacnamaíoch.

Tá dhá fhreagra ar an gceist seo: ar an gcéad dul síos, níltear ag dréim leis go ndéanfar tástáil struis ar na cainníochtuithe riosca sa pheirspictíocht eacnamaíoch trí bhíthin cásanna hipitéiseacha díobhálacha (bunaithe ar strus ilbhliantúil), mar a dhéantar sa pheirspictíocht normatach. Mar sin féin, ós rud é gur cheart don ICAAP léargas grinn a thabhairt ar fhorbairtí amach anseo, táthar ag dréim leis go ndéanfaidh institiúidí measúnú ar íogaireachtaí a gcainníochtaithe riosca i leith forbairtí eacnamaíocha a d’fhéadfadh tarlú amach anseo agus nach dtugtar léargas grinn orthu leis na sonraí a úsáidtear chun riosca a chainníochtú.

Mar shampla, tháinig ardú leanúnach ar phraghsanna tithe sna Stáit Aontaithe in imeacht tréimhse an-fhada roimh thús na géarchéime in 2008. Is é an tátal a baineadh as na modheolaíochtaí cainníochtaithe riosca siarbhreathnaitheacha amháin a d’úsáid an tionscal go forleathan nach n-athródh an treocht fhadtéarmach sin choíche, agus bhí sé le tuiscint as sin gur chiallaigh méadú leanúnach ar phraghsanna tithe nach raibh aon riosca creidmheasa ag baint le hiasachtaí morgáiste. Nuair a d’athraigh an treocht, léirigh an stair go raibh an tátal sin mícheart.

Is féidir rud den sórt céanna a thabhairt faoi deara nuair a bhraitheann institiúidí, mar shampla, ar shamhlacha “luach faoi riosca” (VaR) chun a riosca margaidh a chainníochtú. Tar éis tréimhse fhada de phraghsanna stocmhargaidh atá cobhsaí nó ag ardú, dá n-úsáidfí, mar shampla, an coincheap ionsamhlúcháin stairiúil chun VaR a chainníochtú, bheadh figiúirí riosca an-íseal ann. I ndáiríre, áfach, is féidir le treochtaí athrú i gcónaí ionas gur féidir gannmheastachán ábhartha a dhéanamh ar an bhfíor-riosca má théitear i muinín an léargais a thugtar ar an am atá caite sna samhlacha. Sa dá chás, is gannmheastachán bunúsach ar na rioscaí a bheadh mar thoradh ar leibhéal muiníne an-ard fiú.

Dá bhrí sin, táthar ag dréim leis – ón bpeirspictíocht eacnamaíoch freisin – go mbeidh clár tástála struis réamhbhreathnaitheach ann atá cuimsitheach, fónta agus coimeádach sa chiall go ndéanfar measúnú ar pharaiméadair éagsúla, ós rud é go bhfuil sé sin ríthábhachtach chun a áirithiú nach ndéanfar gannmheastachán ar rioscaí agus gur féidir le hinstitiúidí leibhéil leordhóthanacha chaipitil a choinneáil ar bun, ón bpeirspictíocht eacnamaíoch freisin. De réir choincheap na “faisnéise frithpháirtí” idir an dá pheirspictíocht ICAAP, táthar ag dréim leis go mbainfidh na hinstitiúidí úsáid freisin as cásanna hipitéiseacha díobhálacha de chuid na peirspictíochta normataí nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh acu ar a leordhóthanacht caipitil faoin bpeirspictíocht eacnamaíoch.

Tugtar faoi deara go n-úsáidtear an téarma “tástáil struis” uaireanta mar chomhchiallach do thástálacha struis ilbhliantúla de réir nós ÚBE. Ní hé sin an rud atá i gceist sa chomhthéacs seo. Luaitear go soiléir sa Treoirleabhar ICAAP nach bhfuil BCE ag dréim leis go dtáirgfidh institiúidí réamh-mheastacháin ilbhliantúla ar a staid leordhóthanachta caipitil eacnamaíoch trí, mar shampla, úsáid a bhaint as samhail aon fhachtóra amháin atá bunaithe ar aon bhliain amháin chun réamh-mheastachán a dhéanamh le haghaidh trí bliana eile.

Cad é an leibhéal coimeádachais a bhfuiltear ag dréim leis sna cainníochtuithe riosca sa pheirspictíocht eacnamaíoch?

Táthar ag dréim leis go mbeidh na modheolaíochtaí cainníochtaithe riosca agus na toimhdí a úsáidtear faoin bpeirspictíocht eacnamaíoch agus faoin bpeirspictíocht normatach láidir, cobhsaí go leor, riosca-íogair agus coimeádach ionas gur féidir caillteanais a d’fhéadfadh teacht i gcrích a chainníochtú, fiú in imthosca nach dtiteann amach ach go hannamh.

Dar le BCE, in ICAAP fónta, bíonn leibhéal foriomlán an choimeádachais faoin bpeirspictíocht eacnamaíoch, go ginearálta, ar aon dul ar a laghad leis an leibhéal is bun le modheolaíochtaí cainníochtaithe riosca shamhlacha inmheánacha Cholún 1. Seachas cur chuige ceann ar cheann, déantar leibhéal foriomlán an choimeádachais a chinneadh trí na toimhdí agus na paraiméadair fholuiteacha a chomhcheangal. Ciallaíonn “comhcheangal” sa chiall sin gur féidir le cuir chuige a bheith i gcomhréir leis an treoraíocht sin, in ainneoin paraiméadair aonair áirithe, mar shampla, leibhéal muiníne na samhlacha caipitil eacnamaíoch gan bheith chomh coimeádach céanna agus atá i gColún 1. I gcásanna den sórt sin, áfach, bítear ag dréim leis go léireoidh na hinstitiúidí an chaoi a ndéantar na toimhdí sin nach bhfuil chomh coimeádach céanna a fhritháireamh, chun go mbeidh siad, agus iad i gcomhcheangal lena chéile, ar aon dul ar a laghad leis an leibhéal coimeádachais is bun le Colún 1.

Maidir le leibhéal an choimeádachais, soiléirítear sa Treoirleabhar ICAAP, cé go bhfuiltear ag dréim leis go ginearálta go n-úsáidfear an ICAAP sa chinnteoireacht, nach bhfuiltear ag dréim leis go mbunófar gach uile chinneadh gnó ar an leibhéal is airde coimeádachas.

Féadfar leibhéil éagsúla a chur i bhfeidhm chun críocha éagsúla. Mar sin féin, táthar ag dréim leis go mbeidh na hinstitiúidí in ann freisin na rioscaí arna gcainníochtú de réir leibhéal an-ard coimeádachais a iompar. Mar shampla, féadfaidh institiúid praghsáil díorthach agus, dá bhrí sin, an cinneadh táirgí áirithe a thairiscint nó a cheannach sa mhargadh, a bhunú ar an toimhde nach bhfuil géarchéim i ndán don mhargadh sin. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh an institiúid in ann – ó thaobh an chaipitil atá ar fáil agus ó thaobh na bpróiseas bainistithe riosca araon – teacht slán as aon chás ina dtiocfadh an riosca sin i gcrích. Sa sampla sonrach, chiallódh sé sin gur cheart go mbeadh an institiúid in ann aon chaillteanais a thabhódh sí ón idirbheart díorthach sin a sheasamh, fiú dá dtiocfadh géarchéim sa mhullach ar an margadh.

An féidir leis an bhfeidhm iniúchóireachta inmheánaí bailíochtú neamhspleách a dhéanamh ar ghnéithe cainníochtúla den ICAAP agus den ILAAP?

Luaitear sna Treoirleabhair go bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfaidh na trí líne chosanta na hathbhreithnithe inmheánacha a chur i gcrích go cuimsitheach, lena n-áirítear línte gnó agus na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh neamhspleácha (bainistiú riosca, comhlíontacht agus iniúchadh inmheánach), i gcomhréir lena róil agus lena bhfreagrachtaí faoi seach. Chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil córas fónta srianta agus ceartúchán ann, ní mór don réimse (an dara líne chosanta) atá freagrach as modheolaíochtaí cainníochtaithe riosca a fhorbairt agus a bhailíochtú a bheith ina réimse atá neamhspleách ar aonaid glactha riosca (an chéad líne chosanta). Ina theannta sin, ní foláir do na gníomhaíochtaí uile laistigh den institiúid (lena n-áirítear gníomhaíochtaí an dara líne chosanta) a bheith faoi réir athbhreithniú rialta ag feidhm iniúchóireachta inmheánaí eile atá neamhspleách go hiomlán (an tríú líne chosanta), agus a thuairiscíonn go díreach don chomhlacht bainistíochta.

Ag brath ar mhéid agus ar chastacht na hinstitiúide, féadfar réitigh eagraíochtúla éagsúla a ghlacadh chun neamhspleáchas a áirithiú idir forbairt na modheolaíochtaí cainníochtaithe riosca agus bailíochtú na modheolaíochtaí sin. Táthar ag dréim leis, áfach, go n-urramófar na coincheapa is bun leis na línte éagsúla cosanta, i.e. táthar ag dréim leis gur aonad seachas an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí féin a dhéanfaidh an bailíochtú neamhspleách.

Dá réir sin, maidir leis na gníomhaíochtaí bailíochtaithe, a bhfuiltear ag dréim leis gurb í an fheidhm bainistithe riosca (i.e. an dara líne chosanta) a dhéanfaidh iad, táthar ag dréim leis go ndéanfaidh an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí (i.e. an tríú líne chosanta) athbhreithnithe rialta orthu. Táthar ag dréim leis freisin go mbeidh leordhóthanacht na modheolaíochtaí cainníochtaithe riosca san áireamh ina plean iniúchóireachta ag an iniúchóireacht inmheánach.

Tá dálaí anáis le sonrú ar na toimhdí LCR. Nach dúbailt struis sa ríomh a bheadh mar thoradh ar réamh-mheastachán ar an LCR i gcás díobhálach hipitéiseach?

Ní hamhlaidh atá. Leis na réamh-mheastacháin LCR le haghaidh cásanna hipitéiseacha díobhálacha (i.e. faoi dhálaí struis) leantar go beacht na forálacha maidir le hualaí, rátaí caillteanais, etc. atá sonraithe i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún, i.e. bíonn an bealach a ríomhtar an LCR mar an gcéanna i gcónaí. Mar sin féin, tá BCE ag dréim leis go gcinnfidh na hinstitiúidí iarmhéideanna gan íoc na sócmhainní, na ndliteanas agus na ngealltanas lasmuigh den chlár comhardaithe a úsáidtear i ríomh an LCR le linn tréimhse dálaí anáis agus ansin na hiarmhéideanna sin a iolrú faoi na hualaí nó na rátaí caillteanais dá bhforáiltear sa Rialachán.

Is é cuspóir an ionchais sin go mbeidh institiúidí ar an eolas faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag forbairtí áirithe atá dian ach sochreidte amach anseo ar chóimheasa LCR (a bheadh orthu a ríomh amach anseo freisin faoi dhálaí den sórt sin). Táthar ag dréim leis go ndéanfaidh na hinstitiúidí anailís ar thorthaí na réamh-mheastachán sin agus go gcinnfidh siad an gá dóibh gníomhaíocht a dhéanamh chun ullmhú don staid réamh-mheasta nó chun í a chosc.

Mar shampla, d’fhéadfadh sé gurb é an toradh a bheadh ar mheasúnú den sórt sin go dtitfeadh an LCR go 60%. Cé go bhforáiltear in CRR go bhféadfadh an LCR titim faoi bhun 100% uaireanta, bheifí ag dréim leis fós go bhfreagródh an institiúid an cheist an mbeadh sí fós in ann a samhail ghnó a chur i bhfeidhm go hinbhuanaithe le LCR 60% faoi na himthosca a bhí mar thoimhde aici sa chás hipitéiseach díobhálach atá i gceist.

Cén tréimhse a bhfuiltear ag dréim le léargas grinn a thabhairt uirthi sa phlean caipitil?

Deirtear an méid seo a leanas sa Treoirleabhar ICAAP: “Táthar ag dréim leis go mbeidh cásanna hipitéiseach bunlíne agus díobhálacha ar áireamh sa phlean caipitil agus go gcumhdófar tréimhse réamhbhreathnaitheach trí bliana ar a laghad sa phlean sin”. Ciallaíonn sé sin go bhfuiltear ag dréim leis go gcuirfidh na hinstitiúidí próiseas pleanála caipitil chun feidhme – laistigh de raon feidhme a ngnáthphróisis pleanála ilbhliantúil go minic – lena gcuimseofar an tréimhse iomlán trí bliana ar a laghad nuair a bheidh sé á fhormheas. Táthar ag dréim leis go n-áiritheoidh na hinstitiúidí go ndéanfar an plean caipitil a choigeartú i rith na bliana má théann sé as dáta de bharr athruithe réadacha ar chúrsaí. Ina theannta sin, táthar ag dréim leis go rachaidh na hinstitiúidí tríd an bpróiseas iomlán pleanála caipitil – lena mbaineann na feidhmeanna ábhartha uile, amhail rannóg na heacnamaíochta, réimsí an riosca, an airgeadais agus an ghnó – uair sa bhliain ar a laghad.