Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Aghaidh a thabhairt ar thionchar an riosca gheopholaitiúil

Ní riosca nua é an riosca geopholaitiúil. Cuireann sé leis an riosca go ginearálta in earnálacha éagsúla agus is féidir leis tionchar a imirt ar chatagóirí traidisiúnta riosca na mbanc. Ach tá na rioscaí geopholaitiúla ag dul i méid, agus iad ag cur isteach dá réir ar ghnólachtaí, ar an ngeilleagar agus agus ar earnáil baincéireachta na hEorpa. Chuige sin, ní mór díriú tuilleadh ar an maoirseacht.

Ní mór do na bainc a bheith athléimneach an t-am ar fad agus a chinntiú go bhfuil siad ullmhaithe go maith chun tionchar an riosca gheopholaitiúil ar a gcuid gníomhaíochtaí a bhainistiú. Chun an córas airgeadais a chosaint, tá maoirseacht baincéireachta na hEorpa ag obair leis na bainc chun dea-chleachtais a fhorbairt maidir le bainistiú na rioscaí sin. Más gá, úsáidtear uirlisí maoirseachta chun a áirithiú go gcuirfidh na bainc feabhas ar an mbainistiú riosca.

Cad is riosca geopholaitiúil ann?

Ciallaíonn riosca geopholaitiúil bagairt, réadú agus formhéadú tarlúintí díobhálacha a bhaineann le cogaí, sceimhlitheoireacht agus teannas i measc stát agus gníomhaithe polaitiúla lena ndéantar difear don chaidreamh idirnáisiúnta síochánta.

“Measuring Geopolitical Risk”, American Economic Review, 2022

Neamhchinnteacht maidir leis an mbeartas eacnamaíoch

Tá méadú tagtha ar na rioscaí geopholaitiúla le blianta beaga anuas, agus méadú suntasach dá réir ar éiginnteacht an bheartais eacnamaíoch san Eoraip agus ar fud an domhain.

Foinse: policyuncertainty.com.

Nótaí: Is innéacs nuachtbhunaithe é an t-innéacs agus faigheann sé léargas ar an neamhchinnteacht beartais eacnamaíoch – comhaireann sé líon na n-alt nuachtáin ina bhfuil na téarmaí ‘éiginnte’ nó ‘neamhchinnteacht’, ‘eacnamaíoch’ nó ‘geilleagar’, agus téarma amháin nó níos mó a bhaineann le beartas. Baineann na sonraí leis an tréimhse ó Eanáir 1997 go Lúnasa 2025 i gcás innéacs na héiginnteachta beartais eacnamaíoch san Eoraip agus leis an tréimhse ó Eanáir 1997 go hIúil 2025 i gcás innéacs na héiginnteachta beartais eacnamaíoch domhanda. Tá an t-innéacs Eorpach bunaithe ar nuachtáin sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Spáinn agus sa Ríocht Aontaithe. Is meán ualaithe de réir OTI (ag na praghsanna reatha) é an t-innéacs domhanda – tá sé bunaithe ar innéacsanna náisiúnta Neamhchinnteachta Beartais Eacnamaíoch na dtíortha seo a leanas: an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSile, an tSín, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an India, Éire, an Iodáil, an tSeapáin, an Rúis, an Chóiré Theas, an Spáinn, an tSualainn, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe. 

Conas a dhéanann rioscaí geopholaitiúla difear do bhainc?

D’fhéadfadh rioscaí geopholaitiúla teacht chun cinn mar rioscaí creidmheasa, margaidh, oibríochtúla agus cistiúcháin. Is féidir le suaití geopholaitiúla dul i gcion ar bhainc agus ar a dtimpeallacht oibriúcháin ar bhealaí éagsúla.

Is féidir le suaitheadh geopholaitiúil difear a dhéanamh do bhainc trí bhíthin:

An cainéal margaidh airgeadais

D’fhéadfadh neamhchinnteacht mhéadaithe agus col riosca i measc infheisteoirí agus ilroinnt an mhargaidh airgeadais a bheith ina gcúis le luaineachtaí i bpraghsanna sócmhainní – chuirfí isteach ar shreafaí caipitil domhanda agus chuirfí leis an luaineacht sa mhargadh. Dá bharr sin d’fhéadfadh laghdú teacht ar luach phunanna sócmhainní na mbanc nó d’fhéadfadh caillteanais dhíreacha a bheith ann ar phunanna trádála, rud a chuirfeadh leis na rioscaí margaidh agus cistiúcháin.

An cainéal fíorgheilleagair

Mar thoradh ar tharaifí, ar smachtbhannaí agus ar shreafaí trádála agus slabhraí soláthair suaite d’fhéadfadh brúnna boilscitheacha teacht chun tosaigh, d’fhéadfadh athrú teacht ar iompraíocht na gcorparáidí agus na dtomhaltóirí agus d’fhéadfadh lagú teacht ar na dálaí eacnamaíocha ginearálta atá mar bhonn taca le punanna creidmheasa na mbanc. Is féidir leis sin cur leis an riosca creidmheasa agus d’fhéadfadh rátaí mainneachtana níos airde, soláthar méadaithe do chaillteanais iasachtaí agus brú ar staid chuntais chaipitil na mbanc a bheith mar thoradh air.

An cainéal sábháilteachta agus slándála

Is féidir le coinbhleacht agus corraíl, mar aon le cibirionsaithe a n-eiríonn leo, cur isteach ar athléimneacht oibríochtúil na mbanc. D’fhéadfadh rioscaí oibríochtúla ó chibirionsaithe agus ó bhristeacha seirbhíse a bheith ann do na bainc. D’fhéadfaí damáiste a dhéanamh freisin dá mbonneagar fisiceach nó do bhonneagar soláthraithe seirbhíse tríú páirtí criticiúla.

Teannais gheopholaitiúla a tharchur chuig na bainc

Teannais gheopholaitiúla a tharchur chuig na bainc

Nóta: Taispeántar na cainéil tarchuir ar bhealach níos mionsonraithe sa léaráid seo.

Conas a dhéanaimid riosca geopholaitiúil a chuimsiú inár maoirseacht?

Tosaíochtaí maoirseachta

Is féidir leis an riosca geopholaitiúil difear a dhéanamh do na rioscaí traidisiúnta baincéireachta agus, dá bhrí sin, cuimsíodh é cheana féin idtosaíochtaí maoirseachta BCE le haghaidh 2024-26. Neartaíomar an bhéim ar an riosca sin sna tosaíochtaí maoirseachta le haghaidh 2025-27.

Tástáil struis maidir le cibear-athléimneacht

In 2024, rinneamar tástáil struis maidir le cibear-athléimneacht chun measúnú a dhéanamh ar athléimneacht na mbanc i leith rioscaí féideartha, ós rud é go bhféadfadh suaitheadh geopholaitiúil a bheith bainteach le rioscaí oibríochtúla agus le cibirionsaithe. Bhí an riosca geopholaitiúil ina eochairghné freisin den tástáil struis a rinneadh ar fud an Aontais in 2025 agus díreofar air go háirithe sa tástáil struis théamach atá le déanamh in 2026.

Treoir mhaoirseachta

I bhfianaise chineál trasearnálach na rioscaí geopholaitiúla, is féidir ról tábhachtach a bheith ag an treoir mhaoirseachta atá ann cheana chun cabhrú leis na bainc na rioscaí sin a bhainistiú. Tá grinnscrúdú á dhéanamh againn ar phróisis phleanála fhoriomlána na mbanc. Áirítear leis sin scrúdú a dhéanamh ar a bpróisis inmheánacha maidir le measúnú ar leordhóthanacht caipitil agus leachtachta, ar a bpleananna téarnaimh agus ar na creataí inmheánacha tástála struis atá acu ionas gur feidir linn a ullmhaithe atá siad chun aghaidh a thabhairt ar shuaití geopholaitiúla a mheas.

Gníomhaíochtaí faisnéise margaidh

Ina theannta sin, tá maoirseacht baincéireachta BCE ag déanamh gníomhaíochtaí rialta faisnéise margaidh agus grinnscrúduithe chun tuiscint níos fearr a fháil ar na rioscaí a eascraíonn as na suaití geopholaitiúla atá ag teacht chun cinn, chun na rioscaí sin a shainaithint agus chun measúnú níos fearr a dhéanamh orthu agus chun feasacht na maoirseoirí a mhúscailt maidir leis na dúshláin ghaolmhara. Tá feasacht mhéadaithe úsáideach don idirphlé leis na bainc maidir le bainistiú na rioscaí geopholaitiúla.

Cad leis a bhfuilimid ag dréim leis ó na bainc?

Ní mór do na bainc gach riosca a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a bhainistiú ar bhealach stuama coimeádach, i gcomhréir le méid agus castacht a samhlacha gnó agus a n-oibríochtaí.

D'fhéadfadh rioscaí geopholaitiúla a tharchur go dtí bainc trí riosca creidmheasa, riosca leachtachta agus maoiniúcháin, riosca margaidh, riosca samhla gnó, riosca oibriúcháin agus rialachas. Dá bhrí sin, táthar ag súil go mbreithneoidh bainc rioscaí geopholaitiúla nuair a dhéanann siad a rioscaí a shainaithint agus a bhainistiú. Ní mór béim a leagan air nach iad na bainc a bhfuil lorg idirnáisiúnta díreach acu amháin a bhíonn neamhchosanta ar riosca geopholaitiúil. Is féidir difear indíreach a dhéanamh do na bainc bheaga freisin – trína gcliaint chorparáideacha, trína spleáchas ar mhargaí caipitil idirnáisiúnta nó ar shocruithe seachfhoinsithe, go háirithe i gcás TFC agus néalseirbhísí atá comhchruinnithe i measc dornán beag soláthraithe domhanda.

Ag an am céanna, is féidir le suaití geopholaitiúla teacht chun tosaigh ar bhealaí neamhghnácha: ag brath ar chontrapháirtithe, fócas earnála nó spleáchais oibríochtúla gach bainc faoi leith, d’fhéadfadh tionchair an-difriúil a bheith ag an teagmhas geopholaitiúil céanna ar bhainc éagsúla. 

Chun na rioscaí geopholaitiúla a bhainistiú (a tarchuireadh trí chineálacha eile rioscaí), ní mór do na bainc an méid seo a leanas acu:
Creat láidir rialachais agus bainistithe riosca

Ba cheart do na bainc tionchar an riosca gheopholaitiúil a chur san áireamh ina gcinnteoireacht straitéiseach. Tá socruithe láidre rialachais, rialuithe inmheánacha láidre agus bainistiú riosca láidir de dhíth orthu chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí, amhail rioscaí geopholaitiúla agus déileáil leo. Ní mór do chomhlachtaí bainistíochta na mbanc na cuspóirí gnó agus na creataí inghlacthachta riosca a ailíniú ar mhaithe le cothromaíocht a aimsiú idir an dul i riosca agus an rialú riosca.

Tá ról lárnach ag inniúlachtaí soiléire agus iontaofa maidir le comhiomlánú agus tuairisciú sonraí riosca ó thaobh tacú le faireachán riosca agus cinnteoireacht riosca sna bainc. Leagtar amach sa modheolaíocht SREP um rialachas inmheánach agus bainistíocht riosca, an dréacht-treoir ar rialachas agus cultúr riosca agus an treoir ar chomhiomlánú sonraí riosca agus tuairisciú riosca na dea-chleachtais is féidir leis na bainc leas a bhaint as.

Bainistíocht riosca airgeadais fónta

Más gá, ní mór do na bainc gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun rioscaí a mhaolú agus tógáil iomarcach riosca a chosc. Ba cheart dóibh na leibhéil chaipitil a choigeartú nó soláthairtí in aghaidh caillteanais iasachtaí a dhéanamh de réir mar is iomchuí. Ba cheart do na bainc faireachán a dhéanamh ar thionchar an riosca geopholaitiúla agus córais réamhrabhaidh a bheith i bhfeidhm.

Chun caipiteal leordhóthanacht i ndáil le próifílí riosca na mbanc a áirithiú, d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach treoir don phróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (ICAAP) agus treoir don phróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht leachtachta (ILAAP). Roinneamar na dea-chleachtais le haghaidh na rioscaí nua i soláthairtí in aghaidh caillteanais iasachtaí freisin.

Pleanáil stuama caipitil agus tástálacha struis

Tá uirlisí ag teastáil ag bainc chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag imeachtaí geopholaitiúla ar a gcobhsaíocht airgeadais agus athléimneacht oibríochtúil a ionsamhlú. Nuair atá tuiscint ag banc ar a neamhchosaint, ba cheart don bhanc gníomhaíocht leantach a ghlacadh chun an tionchar a chosc nó téarnamh uathu.

Sa tuarascáil ar chleachtais ICAAP na mbanc, moltar do na bainc réimse leathan cásanna díobhálacha, lena n-áirítear rioscaí geopholaitiúla, a ionchorprú ina bpleanáil caipitil. Leis an treoir don ICAAP, cuirtear na dea-chleachtais le haghaidh tástálacha struis inmheánacha ar fáil.

Athléimneacht oibríochtúil

Is féidir le suaitheadh geopholaitiúil cibearbhagairtí a chruthú agus seirbhísí a seachfhoinsíodh chuig tríú páirtithe. Is féidir leis a bheith ina chúis le sceitheadh sonraí, rioscaí slándála fisiciúla agus sábháilteachta a chruthú agus a fhágáil go mbíonn smachtbhannaí idirnáisiúnta ann. Tá gá ag na bainc, dá bhrí sin, creataí láidir um chomhlíonadh agus faireachán i bhfeidhm acu.

Chun cosaint i gcoinne na rioscaí sin, ba cheart do na bainc bearta coisctheacha a chur chun feidhme agus pleanáil theagmhasach agus oiliúint foirne a dhéanamh. Comhchuibhítear leis an nGníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil na rialacha maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil a bhfuil feidhm acu maidir le cineálacha éagsúla eintiteas airgeadais agus a soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, agus cuirtear leis an treoir maidir le néalseirbhísí a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe néalseirbhísí na dea-chleachtais maidir le cur chun feidhme bhearta athléimneachta néalseirbhísí ar fáil.

Sceithireacht