Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tá na caibidlí seo a leanas sa leagan Gaeilge de Thuarascáil Bhliantúil 2021 SAM: Ráiteas tosaigh ó Christine Lagarde, Uachtarán BCE, agus Agallamh tosaigh le Andrea Enria, Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa leagan Béarla iomlán den tuarascáil, atá ar shuíomh gréasáin na Maoirseachta ar Bhaincéireacht.

Ráiteas tosaigh ó Christine Lagarde, Uachtarán BCE

In 2021, bhíomar ag déileáil go fóill le héifeachtaí phaindéim an choróinvíris (COVID-19) ar ár ngeilleagair agus ar ár saol. Bhí na freagairtí láidre, comhordaithe beartais ar ghéarchéim na paindéime, i dteannta le dul chun cinn maidir le dáileadh na vacsaíní, taobh thiar de luas mear an téarnaimh le linn na bliana. Faoi dheireadh 2021, bhí aschur eacnamaíoch sa limistéar euro ar ais ag an leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim.

Murab ionann agus géarchéimeanna roimhe seo, bhí staid airgeadais na hearnála baincéireachta láidir, rud a chiallaíonn go raibh sí in ann tacú leis an ngeilleagar agus cabhrú chun ár bhfreagairtí beartais a neartú. Ghlac maoirseacht ar bhaincéireacht sa BCE bearta de láimh lenar cinntíodh go bhféadfadh na bainc ár ngníomhartha beartais airgeadaíochta a tharchur go rianúil. Bhí na gníomhartha sin dírithe ar dhálaí fabhracha maoiniúcháin a choimeád ar bun d’earnálacha uile an gheilleagair. Meastar gur sábháladh os cionn aon mhilliún post de thoradh freagairtí beartais airgeadaíochta agus freagairtí na maoirseachta ar bhaincéireacht, i dteannta a chéile.

Cé go raibh an téarnamh thar a bheith tapa, ní mór dúinn anois ullmhú do dhúshláin iar-ghéarchéime. Ní bheidh tionchar iomlán na paindéime le feiceáil ach le himeacht ama. Agus de réir mar a nochtfar sláinte airgeadais iarbhír gnólachtaí in earnálacha atá níos leochailí don phaindéim, d’fhéadfaí go ndeanfaí difear do cháilíocht sócmhainní. Dá bhrí sin, tá súil ghéar á coinneáil ag an maoirseacht Eorpach ar charnadh rioscaí creidmheasa.

Ag an am céanna, tá athruithe níos bunúsaí tagtha ar an timpeallacht ina mbíonn bainc ag oibriú de bharr na paindéime. Tá borradh tagtha ar an digitiú agus géarú ar an bpráinn chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. D’fhéadfaí go srianfaí cumas roinnt banc iad féin a oiriúnú agus leanúint de bheith iomaíoch in aghaidh an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais mar thoradh ar shaincheisteanna a théann i bhfad siar maidir le brabúsacht lag agus ró-acmhainneacht. Tá dhá chuid sa fhreagairt chuí.

Ar an gcéad dul síos, ní mór do na bainc a gcost-éifeachtúlacht a fheabhsú agus a samhlacha gnó a athdhíriú ar athléimneacht agus ar chruthú luacha fadtéarmach. Áirítear sa mhéid sin, dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le rioscaí aeráide agus comhshaoil a leabú ina straitéisí agus ina bpróisis bainistíochta riosca reatha. Tá bóthar fada le taisteal ag na bainc chun ár gcuid ionchas maoirseachta sa réimse seo a chomhlíonadh.

Ar an dara dul síos, ní mór an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích. Le hearnáil airgeadais níos láidre, níos comhtháthaithe agus níos éagsúlaithe, d’fheadfaí an linn mhór d’infheistíocht phríobháideach san Eoraip a scaoileadh, ar infheistíocht í atá ag teastáil chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a luasghéarú.

Táim cinnte gur féidir é seo a dhéanamh. Faoi mar a rannchuidigh an earnáil baincéireachta le réiteach rathúil a fháil ar an ngéarchéim, is féidir léi cuidiú lenár ngeilleagar ullmhú do thodhchaí níos glaise agus níos digití.

Agallamh tosaigh le Andrea Enria, Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta

Cén sórt bliana a bhí in 2021 don Mhaoirseacht ar Bhaincéireacht sa BCE?

Lean an phaindéim de dhúshláin a chur roimh chách in 2021, maoirseoirí san áireamh. Tá mé an-sásta leis an athléimneacht oibríochtúil atá léirithe ag BCE le linn na paindéime. Cé nach rabhamar in ann an oiread cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh agus ba mhian linn, bhí ár maoirseacht éifeachtach i gcónaí. Bhí minicíocht ár gcaidrimh leis na bainc mórán gan athrú freisin, ach é sin ar mhodh cianoibre don chuid is mó. Bhí plé maith againn laistigh den Bhord Maoirseachta agus d’éirigh linn teacht ar chomhaontú maidir le formhór na n-ábhar. D’ainneoin na ndeacrachtaí a bhí ann de bharr na paindéime, d’éirigh linn comhar agus obair bhuíne a mhéadú ar fud na réimsí gnó laistigh de BCE, laistigh den mhaoirseacht Eorpach ar bhaincéireacht agus idir BCE agus na húdaráis inniúla náisiúnta (ÚINanna). É sin ráite, táim ag súil go mór le bualadh le mo chuid comhghleacaithe i bpearsa arís agus le cuairteanna a thabhairt an athuair ar ÚINanna, le cruinnithe i bpearsa le baincéirí agus le cigireachtaí ar an láthair.

De réir mar a mhaolaigh an éiginnteacht maidir leis an todhchaí agus de réir mar a d’fheabhsaigh an t-ionchas maicreacnamaíoch le linn 2021, chuireamar deireadh le formhór na mbeart urghnách a bhí i bhfeidhm againn chun a chumasú do na bainc déileáil le hiarmhairt láithreach na géarchéime. Ina theannta sin, chuireamar tús an athuair leis an bPróiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP), tar éis dúinn cur chuige pragmatach a ghlacadh in 2020 chun díriú ar na dúshláin a bhain leis an bpaindéim. Bhreathnaíomar den chéad uair, ar bhealach struchtúrtha, ar rioscaí a bhain leis an aeráid, agus mapáil á déanamh againn ar a mhéid atá cleachtais na mbanc éagsúil lenár gcuid ionchas maoirseachta. Tar éis cúig bliana de dhianobair, tá ár n-athbhreithniú spriocdhírithe ar shamhlacha inmheánacha curtha i gcrích againn, sprioc thábhachtach ó thaobh iontaofacht agus comhréireacht a athbhunú i dtaca le húsáid samhlacha inmheánacha le haghaidh críocha rialála. In 2021, thugamar faoin maoirseacht ar ghnólachtaí infheistíochta sistéamacha i dtíortha atá rannpháirteach san aontas baincéireachta. Bhí ár n-obair mhaoirseachta ceangailte i gcónaí le hiarrachtaí chun ár gcuid ionchas a chur in iúl go soiléir do na bainc agus do rannpháirtithe eile sa mhargadh, d’fhonn ár mbeartais a dhéanamh níos trédhearcaí agus an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le gnóthú ár gcuspóirí maoirseachta a roinnt. Ar deireadh thiar, bhaineamar triail as próiseas nuálach chun tosaíochtaí a shocrú don obair mhaoirseachta, rud a chumasóidh dár bhfoirne díriú níos mó ar na príomhrioscaí seachas ar chúraimí tiarálacha ticeála bosca.

Tá dhá bhliain den phaindéim curtha dínn anois, cén chaoi ar éirigh leis na bainc le linn na tréimhse seo, dar leat?

Ó thús na paindéime, tá athléimneacht láidir léirithe ag na bainc Eorpacha tríd is tríd. Sílim go bhfuil sé seo amhlaidh de thoradh na n-athchóirithe iar-ghéarchéime airgeadais, ár n-iarrachtaí seanbhunaithe chun caipiteal na mbanc a athstruchtúrú, na maolán cáilíochta sócmhainní agus leachtachta, agus feidhmiú pras na mbeart urghnách chun tacaíocht a thabhairt don phobal. Bhí cóimheasa caipitil na mbanc athléimneach le linn na tréimhse seo, agus bhí na bainc ábalta leanúint de chreidmheas a thabhairt do theaghlaigh, do ghnóthaí beaga agus do chorparáidí. Go dtí seo, ní raibh aon fhianaise shoiléir ar mheathlú ar cháilíocht sócmhainní.

Cé go bhfuil na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha don limistéar euro dearfach tríd is tríd, ta éiginnteacht ann fós maidir leis an gcaoi ina bhforbróidh an phaindéim. Tá comharthaí de riosca folaigh creidmheasa feicthe go háirithe in earnálacha atá níos leochailí don phaindéim. Ina theannta sin, tá suaitheadh i slabhraí soláthair ag cur isteach go mór ar thrádáil agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch fhoriomlán. Tá giaráil sa chóras airgeadais ag méadú freisin agus ní mór dúinn a bheith san airdeall toisc go bhfuil roinnt de na bainc neamhchosanta uirthi. Le coigeartuithe ar rátaí úis agus ar raon difríochta creidmheasa a dhéanfaí agus sinn ag triall ar an téarnamh, d’fhéadfaí go méadófaí an riosca creidmheasa do go leor banc agus go ndéanfaí dochar do na hiasachtóirí sin atá neamhchosanta ar institiúidí ardghiaráilte airgeadais neamhbhainc. Ní mór aird ghéar a dhíriú air seo.

Ach, tríd is tríd, is dóigh liom go bhfuil athléimneacht léirithe ag na bainc Eorpacha in aghaidh na géarchéime tromchúisí seo, agus tá siad i riocht níos fearr anois ná mar a bhí i ndiaidh na géarchéime in 2008.

Cad iad na príomhdhúshláin atá roimh na bainc Eorpacha, dar leat? An bhfuil géarchéim COVID-19 taobh thiar díobh anois?

Ar an dea-uair, tháinig feabhas ar an ionchas maicreacnamaíoch in 2021 agus nílimid ag súil a thuilleadh leis an líon mór iasachtaí neamhthuillmheacha a bhí ag déanamh imní dúinn ag tús na paindéime. É sin ráite, níor chóir do na bainc a bheith neamhairdeallach. Le forbairtí dearfacha na bliana 2021, spreagadh do na bainc a soláthar a laghdú go suntasach ó na buaicleibhéil a chonacthas in 2020. Ach is doiligh go fóill measúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca, agus tugann an t-ionchas le fios go fóill go bhfuil comharthaí de riosca folaigh creidmheasa ann. Níor tháinig laghdú ar sciar na n-iasachtaí neamhthuillmheacha in 2021. I seirbhísí lóistín agus bia, mar aon leis na hearnálacha aeriompair agus taistil, tháinig méadú suntasach ar iasachtaí neamhthuillmheacha le linn na bliana. Mar sin, leanfaimid orainn ag moladh do na bainc dul i ngleic go réamhghníomhach le rioscaí creidmheasa agus súil ghéar a choinneáil ar a leabhair iasachta i ndáil le haon mheathlú ábhartha ar cháilíocht sócmhainne.

Ina theannta sin, tá a neamhchosaint ar chontrapháirtithe ardghiaráilte corparáideacha méadaithe ag roinnt banc, thar na hionchais mhaoirseachta a bhí curtha in iúl againn roimhe seo, agus tá cuid díobh neamhchosanta go neamhdhíreach ar ghiaráil trí bhíthin cistí fálaithe agus institiúidí airgeadais neamhbhainc eile. Tá na bainc seo neamhchosanta ar choigeartuithe tobanna ar ráta úis agus raon difríochta a fhéadfaidh teacht chun cinn má tharlaíonn gur cosán corrach é an bealach amach ó thimpeallacht na rátaí ísle úis. Más amhlaidh atá, b’fhéidir go bhfeicfimid ceartúcháin shuntasacha ar phraghsanna agus raon difríochta sócmhainní, díghiaráil chostasach agus cainéil tógálachta dírí agus neamhdhírí nach raibh coinne leo.

Thairis sin, tá an iomarca banc Eorpach fós ag streachailt le brabúsacht íseal agus trom-struchtúir costas – tugtar le tuiscint le dinimic chomhiomlán an chóimheasa costais le hioncam ó 2015 i leith go bhfuil fadhb leanúnach in earnáil baincéireachta na hEorpa maidir le neamhéifeachtúlacht.

Ar an taobh thuas, thug roinnt banc faoi chláir chuimsitheacha um barrfheabhsú costas le déanaí, ar cláir iad atá dírithe ar theicneolaíocht, ach tógfaidh sé roinnt ama go bhfeicfear brabúsacht fheabhsaithe agus táscairí na cost-éifeachtúlachta de bharr na gclár sin. Mholamar do na bainc a gcuid samhlacha gnó a athdhíriú ar chruthú luacha fadtéarmach, ó tharla gurb é cumas láidir cothrom giniúna ioncaim an chéad líne cosanta i dtimpeallachtaí dúshlánacha gnó. Tá inbhuanaitheacht shamhlacha gnó na mbanc ar cheann dár dtosaíochtaí maoirseachta i gcónaí. In 2021, sheolamar sraith cigireachtaí ar shamhlacha gnó agus ar bhrabúsacht, agus leanfaidh siad sin ar aghaidh le linn 2022.

Breathnaímis anois ar dhigitiú san earnáil baincéireachta agus neamhbhaincéireachta - conas atá na bainc ag déileáil leis an iomaíocht ghéaraithe a chothaíonn sé, ar thaobh amháin, agus leis an méadú ar an éileamh ó chustaiméirí ar tháirgí digiteacha, ar an taobh eile?

Tháinig luas faoin mbunathrú digiteach le linn na paindéime agus tá an tírdhreach iomaíoch athraithe go deo. Bíonn idir dhaoine a n-éiríonn leo agus dhaoine nach n-éiríonn leo san earnáil baincéireachta chomh maith. Is príomhghníomhaithe an ratha iad bainistíocht straitéiseach éifeachtach, líon agus cáilíocht infheistíochtaí TF agus gníomhaíochtaí cinntitheacha chun cost-éifeachtúlacht a fheabhsú. Go sonrach, rinne na bainc sin ar éirigh go maith leo ina n-aistear digiteach infheistíocht chun a mbonneagair TF a nuachóiriú agus próisis a bharrfheabhsú, agus rinneadar simpliú agus digitiú ar nósanna imeachta inmheánacha éagsúla.

Ag an am céanna, cruthaíonn úsáid teicneolaíochtaí nua dúshláin nua, ní hamháin do na bainc ach do mhaoirseoirí agus rialtóirí chomh maith. Bíonn bainc neamhchosanta níos mó agus níos mó ar rioscaí TF agus ar chibear-rioscaí. Chun go mbeidh léargas níos fearr ag BCE ar na rioscaí sin, is gá go mbeidh ár maoirseoirí lánoilte sa réimse seo freisin. Agus, ar an gcaoi chéanna, ba cheart go gcuirfí an bunathrú digiteach san áireamh sa mhaoirseacht: in 2021, leanamar de shraith uirlisí um theicneolaíocht mhaoirseachta a leathadh amach chun go mbeadh obair na maoirseoirí ar fud an aontais baincéireachta níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla.

Tarraingíodh aird ar rioscaí aeráide agus comhshaoil in 2021. An dóigh leat go bhfuil bainc Eorpacha ullamh chun dul i ngleic leis an méadú atá tuartha ar na rioscaí seo?

In 2021, rinne BCE dul chun cinn suntasach maidir le bainc a spreagadh chun a bheith níos réamhghníomhaí ó thaobh bainistíocht rioscaí aeráide. D’iarramar orthu féinmheasúnuithe a dhéanamh ar a n-ullmhacht chun déileáil leis na rioscaí sin agus rinneamar a gcuid freagraí a thagarmharcáil. Phléamar ár gcuid tátal leis na bainc mar chuid dár maoirseacht leanúnach agus d’fhoilsíomar tuarascáil ina gcuirtear síos ar na dea-chleachtais a d’aithníomar le linn an chleachtaidh seo. Ar an drochuair, ní raibh ár gcuid ionchas maoirseachta á gcomhlíonadh, nó ní rabhadar ach á bpáirtchomhlíonadh, i gcás 90% de chleachtais na mbanc, de réir mheastacháin na mbanc.

Ach tá rioscaí aeráide agus comhshaoil á gcur san áireamh anois ag na bainc ina struchtúir reatha, agus tá oiriúnú á dhéanamh ag tuairim is leath díobh ar a socruithe rialachais. In 2022, leanfaimid leis an obair atá idir lámha againn ar rioscaí aeráide agus comhshaoil trí athbhreithniú téamach dírithe a dhéanamh laistigh de SREP agus trí thástáil struis maoirseachta a dhéanamh ar rioscaí aeráide. Beidh siad seo mar chleachtaí foghlama dúinn féin mar mhaoirseoir agus do na bainc, agus réiteoidh siad an bealach chun rioscaí aeráide agus comhshaoil a áireamh i modheolaíocht SREP ar mhodh níos struchtúrtha.

Luaigh tú go raibh céimeanna móra chun tosaigh á dtabhairt ag BCE chun a thrédhearcacht a mhéadú. Cén dul chun cinn a rinne sibh in 2021?

Bhí Maoirseacht ar Bhaincéireacht sa BCE tiomanta riamh don aidhm seo agus chinntíomar go raibh ár modhanna agus torthaí maoirseachta níos trédhearcaí ar bhealaí éagsúla.

I gcomhthéacs na dtástálacha struis a rinneadh in 2021, thugamar dhá mhórchéim chun tosaigh i dtreo trédhearcacht bhreise. Den chéad uair, d’fhoilsíomar torthaí na dtástálacha ardleibhéil aonair de chuid na mbanc sin nach raibh sa sampla a úsáideadh i dtástáil struis ÚBE ar fud AE, mar aon leis an toradh i dtéarmaí threoir buicéid Philéar 2 do na bainc. Leis na sonraí breise atá curtha ar fáil againn maidir leis an modheolaíocht nua do threoir Philéar 2, táimid ag súil go gcothófar tuiscint níos fearr ar úsáid thorthaí tástálacha struis laistigh de SREP.

Thairis sin, chuireamar tuilleadh sonraí ar fáil maidir leis an gcaoi ina socraímid ár dtosaíochtaí maoirseachta do na trí bliana amach romhainn. Tá ár mapa riosca don todhchaí leagtha amach go soiléir againn, agus gach leochaileacht a aithníodh nasctha le tosaíocht phraiticiúil mhaoirseachta. Treoróidh sé sin conas a dhéanfaidh Maoirseacht ar Bhaincéireacht ina hiomláine sa BCE a cuid acmhainní a leithdháileadh don tréimhse seo.

De bhreis air sin, d’fhéachamar le trédhearcacht ár gcuid oibre ar riosca aeráide agus comhshaoil a fheabhsú trí thorthaí an chleachtaidh tagarmharcála ar ullmhacht na mbanc a fhoilsiú, rud a luaigh mé cheana, agus trí dhea-chleachtais a roinnt laistigh den tionscal. Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo d’aicme riosca atá fós i dtosach a fháis agus nach mór dul chun cinn suntasach a dhéanamh ina leith go han-luath.

Ina theannta sin, rinneamar athbhreithniú ar ár dTreoir ar na measúnuithe um oiriúnacht agus inniúlacht. Chomh maith le coincheap na cuntasachta aonair, dhíríomar ar shaineolas chomhaltaí an bhoird ar rioscaí aeráide agus comhshaoil agus leagamar béim ar an tábhacht a bhaineann le héagsúlacht - éagsúlacht inscne san áireamh - i gcomhdhéanamh bhoird na mbanc.

Ar deireadh thiar, rinneamar athchóiriú iomlán ar shuíomh gréasáin BCE don mhaoirseacht ar bhaincéireacht chun go mbeadh sé níos éasca agus níos iomasaí le húsáid don phobal agus do na bainc trí bhíthin tairseach shimplithe do na bainc agus ardán sceithireachta sruthlínithe.

Ar an iomlán, táim an-sásta leis an dul chun cinn a rinneadh in 2021, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go rabhamar ag plé le géarchéim eisceachtúil agus ag teilea-obair an chuid is mó den am.

© An Banc Ceannais Eorpach, 2022

Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Teileafón +49 69 1344 0

Suíomh Gréasáin www.bankingsupervision.europa.eu

Gach ceart ar cosaint. Ceadaítear atáirgeadh chun críocha oideachais agus neamhthráchtála fad is a aithnítear an fhoinse.

Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach ar ghluais SAM (ar fáil i mBéarla amháin).

HTML ISBN 978-92-899-5126-5, ISSN 2600-5115, doi:10.2866/038681, QB-BU-22-001-GA-Q

Sceithireacht