Ceisteanna Coitianta maidir le Próiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (SREP) an lae amárach
An nuashonrú is déanaí an 11 Iúil 2025
Cén fáth a ndearnamar athbhreithniú ar SREP?
D’fhóin ár bpróisis mhaoirseachta go maith dúinn, ach tá an tírdhreach ina n-oibrímid ag athrú, le hathruithe struchtúracha, suaití seachtracha agus rioscaí nua ag cruthú timpeallacht ard-éiginnteachta. Chun leanúint dár sainordú a chomhlíonadh chun bainc na hEorpa a choinneáil sábháilte, rinneamar athbhreithniú ar sheiceálacha rialta sláinte na mbanc atá againn – an Próiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (SREP) – chun a chinntiú go bhfanfaidh sé oiriúnach dá fheidhm agus go mbeidh ár bpróisis mhaoirseachta níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ná riamh. Dá bhrí sin, chuireamar san áireamh aiseolas, ó athbhreithniú an Ghrúpa Saineolaithe ar SREP agus ó thuarascáil a d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, maidir le conas SREP a chuíchóiriú.
Cad a bhí mar aidhm againn a bhaint amach leis an athbhreithniú ar SREP?
Beidh próisis mhaoirseachta níos simplí agus níos solúbtha agus amlíne SREP níos giorra mar thoradh ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar mar thoradh ar an athbhreithniú. Tá sé d’aidhm acu freisin cultúr maoirseachta a chothú agus a choinneáil ar bun lena ndírítear níos mó ar phríomhrioscaí, lena gcuirtear breithiúnas cáilíochtúil a bhaineann go sonrach leis an mbanc chun cinn, agus lena spreagtar gníomhaíocht láidir thráthúil nuair is gá. Ar deireadh, cuideoidh na hathruithe linn cumarsáid níos soiléire a dhéanamh leis na bainc a ndéanaimid maoirseacht orthu agus ár gcuid oibre a dhéanamh níos éifeachtúla, níos trédhearcaí agus níos intuartha.
Cén chaoi a bhfuil SREP á athrú againn?
- An córas solúbtha measúnaithe riosca (RAS): an tsolúbthacht a dheonaítear do na maoirseoirí a mhéadú chun tosaíocht agus fócais a thabhairt dá measúnuithe ar phríomhrioscaí. Úsáidfidh maoirseoirí straitéis measúnaithe ilbhliantúil (MYA) a chuirfidh ar a gcumas athbhreithniú domhain a dhéanamh ar na rioscaí ábhartha uile thar thréimhse ilbhliantúil, i gcomhréir leis an gcreat lamháltais riosca (RTF), seachas athbhreithniú a dhéanamh ar na rioscaí uile gach bliain. Leis an gcur chuige solúbtha sin, beidh Comhfhoirne Maoirseachta (JSTanna) in ann acmhainní a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla.
- Pleanáil chuimsitheach: leis an SREP nua, tá comhtháthú phleanáil na gcigireachtaí ar an láthair, mionanailísí agus athbhreithnithe téamacha cothrománacha á neartú againn chun léargas struchtúrtha cuimsitheach a thabhairt ar rioscaí na mbanc. Trí fheabhas a chur ar phróiseas pleanála na ngníomhaíochtaí maoirseachta, déantar sineirgí a uasmhéadú, agus faigheann na bainc tuiscint níos soiléire ar na tosaíochtaí maoirseachta.
- Ag baint úsáid as sraith iomlán na n-uirlisí maoirseachta: trí ghéarú níos éifeachtúla agus tráthúla a áirithiú nuair nach réitítear easnaimh go pras. Áirítear orthu sin ceanglais cháilíochtúla atá ceangailteach agus bearta forfheidhmiúcháin agus smachtbhannaí, i gcás inar gá.
- Cinntí soiléire agus gonta: cumarsáid mhaoirseachta a chuíchóiriú. Tabharfaidh na cinntí SREP aghaidh go díreach ar na príomhrioscaí agus na hionchais mhaoirseachta. Mura léiríonn na measúnuithe aon athruithe ábhartha ar phróifíl riosca an bhainc, is féidir na cinntí SREP a thabhairt cothrom le dáta níos annaimhe ná uair sa bhliain.
- Simpliúcháin: na modheolaíochtaí maoirseachta a shimpliú agus iad a dhéanamh níos cobhsaí.
- Uirlisí TF agus anailíseacha: Is éard atá i gceist le clár oibre digiteach an Bhainc Ceannais Eorpaigh infheistíochtaí i gcórais TF agus anailísíocht sonraí ó 2024 go 2028, lena n-ionchorpraítear ardteicneolaíochtaí amhail an intleacht shaorga ghiniúnach chun tacú le maoirseoirí lena ngáthchúraimí.
Cén chaoi a bhfuil amlíne SREP á athrú againn?
Barrfheabhsaítear amlíne SREP 2025, agus tiocfaidh deireadh leis an bpróiseas faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair — níos luaithe ná mar a bhí sna blianta roimhe seo. Chomh maith lena chinntiú go dtabharfar fógra do na bainc faoi chinntí críochnaitheacha SREP in am trátha, tá na hathruithe ag teacht leis na spriocanna éifeachtúlachta a ghabhann le tionscnamh athchóirithe SREP agus beidh an mhaoirseacht níos éifeachtaí dá mbarr.
Cuid de na príomh-gharspriocanna atá againn:
- Tá sé beartaithe go dtosóidh na cruinnithe idirphlé maoirseachta ag deireadh mhí an Mheithimh agus go gcríochnóidh siad i lár mhí Iúil. Leis an sceideal nua sin, ceanglaítear ar na bainc aon choigeartuithe is gá a dhéanamh agus ullmhú go héifeachtúil chun go bhféadfar plé fóinteach maoirseachta a dhéanamh.
- Tá sé beartaithe tús a chur leis an tréimhse éisteachta i mí Lúnasa. Agus tréimhse an tsamhraidh á gcur san áireamh, cuirtear síneadh leis an gceart chun éisteacht a fháil ó dhá sheachtain go ceithre seachtaine go dtí deireadh na míosa, rud a thugann breis ama do bhainc athbhreithniú a dhéanamh ar dhréachtchinntí SREP agus a gceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú.
- Fógrófar cinntí críochnaitheacha SREP faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair (i gcomparáid le mí na Nollag sa timthriall roimhe sin). Tá gealltanas déanta ag na maoirseoirí laghdú a chur ar an tréimhse a ghlacann sé orthu cinntí a dhéanamh, tacú le pleanáil an chéad timthrialla maoirseachta eile ina dhiaidh sin agus an phleanáil sin a fheabhsú.
Má léiríonn measúnuithe nach bhfuil aon athruithe suntasacha ar phróifíl riosca na hinstitiúide agus má mheastar nach bhfuil gá le haon athrú ar na bearta atá ann cheana, féadfar cinntí SREP a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn nach bhfuil chomh minic sin faoi choinníollacha áirithe. Agus an cur chuige seo i bhfeidhm ar líon teoranta banc cheana, leathnófar an cur chuige sin anois.
Leis an gcur chuige seo, tá cothromaíocht ann idir chumarsáid éifeachtúil, thráthúil agus dícheall nós imeachta, rud ar deireadh a éascaíonn an próiseas maoirseacha atá níos tapúla agus níos freagrúla.
Cen chaoi a bhfuil an teimpléad maidir le cinntí SREP á fheabhsú againn?
Éireoidh na cinntí SREP níos cuíchóirithe, ag díriú ar na rioscaí agus bearta maoirseachta is tábhachtaí ionas go gcuirfidh imní mhaoirseachta in iúl go soiléir do na bainc.
Déanfar athbhreithniú ar fhormáid na gcinntí SREP 2025 chun soiléireacht agus fócas a fheabhsú. Leagfar amach na príomhúdair imní a shainaithnítear agus na ceanglais is infheidhme i gcodanna tiomnaithe den chinneadh SREP nua. Cuirfear ceanglais agus moltaí cáilíochtúla i láthair in iarscríbhinn, rud a chuirfidh ar chumas na mbanc príomhghníomhaíochtaí a leagan amach go tapa agus teacht a bheith acu fós ar mhíniú críochnúil ar na hionchais mhaoirseachta. Cuirtear i gcuimhne do na bainc ar aon nós gur gá dóibh obair leantach a dhéanamh in am trátha ar aon ghníomhaíochtaí maoirseachta a chuirtear in iúl i rith na bliana.
Is é is aidhm don fhormáid nua an trédhearcacht a fheabhsú agus tuiscint na mbanc maidir lena bpríomhthorthaí SREP a chuíchóiriú agus a éascú. Ní chiallaíonn sé go mbeidh athrú ar bhéim mhaoirseachta ná laghdú ar mhaoirseacht. Mar thoradh ar an bhformáid athbhreithnithe sin, cuirfimid deireadh le húsáid ‘litreacha feidhmiúcháin’ mar dhoiciméid a ghabhann le cinntí SREP. Beidh na cruinnithe idirphlé maoirseachta ina gcomhlánú ar an teachtaireacht sin, agus tabharfar tuilleadh sonraí iontu a moltar do na bainc iad a chomhroinnt lena mBoird.
Conas atá simpliú á dhéanamh againn ar an modheolaíocht chun ceanglais Cholún 2 a leagan síos?
Chun ár bpróisis a shimpliú agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil an mhodheolaíocht láidir, beidh ceanglais Cholún 2 á dtiomáint ar bhealach níos dírí ag réimsí áirithe riosca. Leanfaidh scóir SREP níos measa agus ceanglas Cholún 2 níos airde de bheith mar thoradh ar rioscaí níos airde. Cé nach ndéanfaidh faisnéis ó thorthaí phróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (ICAAP) na mbanc difear díreach do cheanglas Cholún 2, leanfar den mheasúnú maoirseachta ar ICAAPanna na mbanc a úsáid mar ionchur i measúnuithe SREP ar shamhlacha gnó, rialachas inmheánach agus bainistíocht riosca foriomlán.
Leis an modheolaíocht nua, tabharfar aghaidh ar bhealach níos éifeachtaí ar laigí a d’fhéadfadh a bheith ann le fada, amhail laigí a bhaineann le rialuithe inmheánacha nó saincheisteanna rialachais. D’fhéadfaí tionchar a imirt ar cheanglais Cholún 2 ar bhealach níos dírí i gcás nach réitítear na laigí sin go pras agus i gcás nach leor na bearta maoirseachta eile. Ag deireadh an phróisis, bainfidh na maoirseoirí úsáid as a mbreithiúnas saineolach chun a mheas an leor ceanglas críochnaitheach Cholún 2 i bhfianaise an mheasúnaithe chuimsithigh riosca atá déanta acu agus déanfaidh siad coigeartuithe más gá.
Cathain a chuirfear modheolaíocht nua cheanglas Cholún 2 chun feidhme?
Déanfar tástáil chuimsitheach ar an mhodheolaíocht go hinmheánach in 2025 agus cuirfear i bhfeidhm í den chéad uair le timthriall SREP 2026. Tiocfaidh ceanglais Cholún 2 atá bunaithe ar an modheolaíocht nua i bhfeidhm an 1 Eanáir 2027.
Conas atá an obair leantach ar chinntí fíorais maoirseachta á hathrú againn?
Tá cur chuige cisealta nua forbartha againn maidir leis an obair leantach a dhéanaimid ar chinntí fíorais maoirseachta agus ar bhearta maoirseachta. Cuideoidh an cur chuige sin le maoirseoirí díriú ar na saincheisteanna is suntasaí agus an obair leantach ar chinntí fíorais nach bhfuil chomh géar céanna a láimhseáil ar bhealach níos éasca. Ciallaíonn sé sin:
- go dtabharfar aghaidh ar chinntí fíorais nach bhfuil chomh géar céanna (gach cinneadh fíorais F1 agus an chuid is mó de chinntí fíorais F2) mar réamhshocrú i bhfoirm “meabhrúcháin aghaidh a thabhairt orthu” (moltaí) nó “meabhrúcháin a bheith comhlíontach” a bhaineann le himscrúduithe ar shamhlacha inmheánacha (oibleagáidí). Chun na cinntí fíorais sin a chur ina gceart, ní bheidh ar na bainc ach a dheimhniú go bhfuil gníomhaíocht leordhóthanach déanta acu chun a gcomhlíontacht a áirithiú agus, dá bhrí sin, ní bheidh orthu tuilleadh doiciméadachta a chur isteach. Beidh orthu, áfach, greim a choinneáil ar an bhfianaise uile lena gcruthaítear gur tugadh aghaidh mar is ceart ar na saincheisteanna sin ar feadh tréimhse cúig bliana; beidh an fhianaise sin ag teastáil le haghaidh seiceálacha ex post a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo. Áireofar sna bearta le haghaidh cinntí fíorais F1 agus F2 foclaíocht chaighdeánaithe agus sprioc-am réamhshocraithe, mura gcinnfidh an JST a mhalairt.
- I gcás cinntí fíorais géara (F3 agus F4), leanfaidh JSTanna dá ngnáthfhaireachán.
- Lenár dtairseach sheachtrach beidh ar chumas na mbanc rochtain a fháil ar stádas na gcinntí fíorais agus na mbeart uile aon tráth faoi leith.
Beidh na bainc freagrach as aghaidh a thabhairt ar a gcinntí fíorais ísealghéire trí nós imeachta rialachais inmheánaigh iomchuí a leanúint. Ní dhéanfaidh JSTanna grinnscrúdú gníomhach ar an gcaoi ar thug na bainc aghaidh ar na cinntí fíorais sin ach féadfaidh siad spotseiceálacha randamacha a dhéanamh. Má thagann aon neamhréireachtaí chun solais maidir leis an stádas na nithe a bhí le cur ina gceart, cuirfidh JSTanna iad sin san áireamh ina measúnuithe leanúnacha agus féadfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, cinntí fíorais sonracha nua a cheapadh. Ag brath ar chineál agus ar atarlú na saincheiste, d’fhéadfadh obair leantach mhaoirseachta nó, i gcásanna níos tromchúisí, gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a bheith mar thoradh air sin.
Céard é an chéad chéim eile?
Tá cur chuige céimnithe á ghlacadh againn maidir leis na hathruithe ar SREP a chur chun feidhme i dtimthriall 2025 agus i dtimthriall 2026 araon. Mar shampla, tá an measúnú ilbhliantúil, an córas solúbtha measúnúnaithe riosca agus cinntí SREP níos simplí á dtabhairt isteach i dtimthriall SREP 2025, agus bainfidh úsáid as an modheolaíocht nua P2R i dtimthriall SREP 2026.
Áirithíonn leis an gcur chuige céimseach sin go bhfuil na hathruithe comhoiriúnach le hamlínte na bpróiseas gaolmhar eile agus go mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha uile rannpháirteach. Déanfaimid faireachán ar an dul chun cinn agus déanfaidh an Bord Maoirseachta machnamh ar fhorbairtí agus ionchorpróimid na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme na mbeart sin.