Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tá na caibidlí seo a leanas sa leagan Gaeilge de Thuarascáil Bhliantúil 2022 SAM: Ráiteas tosaigh ó Christine Lagarde, Uachtarán BCE, agus Agallamh tosaigh le Andrea Enria, Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa leagan Béarla iomlán den tuarascáil, atá ar shuíomh gréasáin na Maoirseachta ar Bhaincéireacht.

Ráiteas tosaigh ó Christine Lagarde, Uachtarán BCE

Ba é an 28 Feabhra 2023 an scoithdháta don ráiteas tosaigh ón Uachtarán agus don agallamh le Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta.

Ba bhliain dhúshlánach í 2022 do mhuintir an limistéir euro. Bhí an geilleagar ag teacht chuige féin arís i ndiaidh na paindéime ach bhí iarmhairt dhiúltach air ag ionradh na Rúise ar an Úcráin, nach raibh bonn cirt leis. Cé go raibh iarmhairt láithreach an chogaidh ar na bainc teoranta toisc nach raibh neamhchosaintí suntasacha ag mórán díobh sna réigiúin a bhí buailte, bhí na bainc ag oibriú i dtimpeallacht ina raibh moréiginnteacht eacnamaíoch i réim, mar aon le boilsciú a bhí ní b’airde ná riamh.

D’eascair brúnna láidre boilscitheacha as an ngéarchéim fuinnimh arna spreagadh ag an gcogadh, i dteannta scrogall sa slabhra soláthair agus éileamh folaigh ón bpaindéim. I dtimpeallacht den sórt seo, tá sé de chúram ar lucht déanta beartais a chinntiú nach n-éireoidh boilsciú buanseasmhach agus go bhfillfidh sé ar an sprioc ar mhodh tráthúil. Ghníomhaigh BCE dá réir sin agus thug sé faoi normalú beartais airgeadaíochta trí dheireadh a chur le glancheannacháin sócmhainní agus ansin trí rátaí úis a ardú.

Rinne rátaí ardaitheacha úis difear d’fheidhmíocht na mbanc faoi mhaoirseacht in 2022. Bhí glanioncam úis, ar tháinig méadú air don chéad uair le roinnt blianta anuas, ag tacú le brabúsacht, a fheidhmíonn mar an chéad líne cosanta do na bainc in aghaidh turraingí. I dteannta an fheabhais leanúnaigh ar cháilíocht sócmhainní (thit iasachtaí neamhthuillmheacha go dtí an leibhéal ab ísle ó 2015 i leith nuair a cuireadh tús le tomhais ar shonraí don aontas baincéireachta), cinntíonn sé seo go ndéanfaidh na bainc ár ríoganna beartais airgeadaíochta a tharchur go rianáil chuig geilleagar an limistéir euro.

I dtimpeallacht ina bhfuil dálaí maoiniúcháin ag daingniú, áfach, ní mór do na bainc leanúint orthu ag dul i ngleic le hábhair imní maidir lena rialachas agus lena gcreataí inmheánacha rialaithe riosca. Dá bhrí sin, tá maoirseacht Eorpach ar bhaincéireacht ag coinneáil súil ghéar ar charnadh rioscaí.

Fiú roimh 2022, ba ghá do na bainc a samhlacha gnó a oiriúnú do na dúshláin struchtúracha a bhain le digitiú agus leis an athrú aeráide, ar dhúshláin iad atá níos measa de bharr chogadh na Rúise san Úcráin, nach raibh bonn cirt leis. Tá an riosca a bhaineann le cibirionsaithe méadaithe tuilleadh ag an gcogadh, agus de réir mar a éiríonn an Eoraip as ola agus gás na Rúise a úsáid, tá na rioscaí a bhaineann leis an aistriú sin ag éirí níos géire. Is gá do na bainc cur chuige réamhghníomhach cuimsitheach a ghlacadh maidir leis na rioscaí thuasluaite sin agus le rioscaí méadaitheacha fisiciúla, chun go n-éireoidh siad níos athléimní i leith turraingí aeráide agus athraithe.

Tá bearta suntasacha éagsúla glactha de láimh cheana féin ag BCE chun a chinntiú go bhfuil na bainc in ann don dúshlán sin. Leanfaimid gan staonadh lenár gcuid iarrachtaí agus dár gcion a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh muintir na hEorpa in ann brath ar earnáil láidir baincéireachta.

Agallamh tosaigh le Andrea Enria, Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta

Ba é an 28 Feabhra 2023 an scoithdháta don ráiteas tosaigh ón Uachtarán agus don agallamh le Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta.

Tharla neart rudaí in 2022. Cén sórt bliana a bhí inti do BCE ó thaobh na Maoirseachta ar Bhaincéireacht de?

Ar bhealach amháin, bliain na ngéarchéimeanna a bhí sa bhliain 2022. Ag tús na bliana, thug na comharthaí go léir le fios go raibh téarnamh seasta faoi lán seoil ó phaindéim a chuir ár saol agus ár ngeilleagair bunoscionn. Is maith is cuimhin liom go raibh bainc agus anailísithe ag tnúth go dóchasach leis an ngarthodhchaí, don chéad uair le fada, ach is ansin a thug an Rúis ionradh go héagórach ar an Úcráin. Thar aon cheo eile, d’fhulaing muintir na hÚcráine go huafásach de bharr chogadh na Rúise. Chomh maith leis sin, chruthaigh an cogadh suaitheadh eacnamaíoch agus airgeadais san Eoraip agus ar fud an domhain, agus de réir a chéile d’aistrigh sé sin ina lánturraing mhaicreacnamaíoch.

B’éigean dúinn gníomhú go sciobtha agus a bheith solúbtha ó thaobh ár gcuid maoirseachta de chun dul i ngleic le dálaí eacnamaíocha a bhí ag athrú go tapa agus leis na dúshláin a bhí ann don earnáil baincéireachta dá mbarr. Rinne an cogadh agus na smachtbhannaí difear go díreach do roinnt banc toisc go raibh neamhchosaintí díreacha acu ar an Rúis nó idirnaisc léi. Ach bhí baol ann go ndéanfaí difear díobhálach do na bainc go léir leis an turraing fuinnimh agus tráchtearraí, mar aon le timpeallacht an bhoilscithe leanúnaigh aird i dteannta normalú tapa an bheartais airgeadaíochta.

Ach, ar bhealach eile, bliain forbairtí a bhí inti don Mhaoirseacht ar Bhaincéireacht sa BCE. Bhí ár bhfoireann ar ais ag obair san oifig ar bhonn níos rialta, agus chuir sé eiteoga ar mo chroí ár gcuid oifigí a fheiceáil lán le scleondar arís. Bhain mé sult as cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe den Bhord Maoirseachta agus bhí an-áthas orm a bheith in ann cuairt a thabhairt i bpearsa ar roinnt údarás inniúil náisiúnta.

Ina theannta sin, rinneamar dul chun cinn maith i dtreo lánpháirtiú breise idir BCE agus na húdaráis inniúla náisiúnta atá rannpháirteach sa Sásra Aonair Maoirseachta (SAM). Tá cultúr comónta SAM agus conairí lánpháirtithe gairme á gcothú againn, trí dheiseanna a chruthú chun go bhféadfaidh maoirseoirí bheith ag obair go dlúth lena chéile ar fud na timthriallach maoirseachta, trí phleanáil chomhordaithe agus buiséadú comhordaithe a shaothrú, trí uirlisí SAM a fhorbairt tuilleadh maidir le comhoibriú agus trí theicneolaíochtaí comónta a thabhairt isteach maidir le maoirseacht agus oiliúint araon.

Conas mar atá ag éirí leis na bainc i ndiaidh chogadh na Rúise san Úcráin?

Ba cheart dúinn idirdhealú a dhéanamh anseo idir na bainc a bhfuil idirnaisc dhíreacha acu leis an Rúis agus na bainc eile go léir.

Rinne na himeachtaí geopholaitiúla difear díreach do dhornán banc, mar gheall ar an gcreat smachtbhannaí den chuid is mó. Bhí Sberbank Europe AG, grúpa baincéireachta a raibh a cheanncheathrú lonnaithe san Ostair agus a bhí faoi úinéireacht Rúiseach, i dteannta a chuid fochuideachtaí sa Chróit agus sa tSlóivéin, buailte ag an iarmhairt chlú agus ag eis-sreafaí suntasacha taiscí. Ar deireadh thiar, dearbhaíodh go raibh an banc ag cliseadh nó gur dhócha go gclisfeadh sé agus d’fhág sé an margadh. Sampla eile den chineál seo ba ea RCB Bank LTD, banc Cipireach a raibh banc VTB, atá bunaithe sa Rúis, ina scairshealbhóir suntasach ann. Tar éis smachtbhannaí a bheith forchurtha agus mar gheall ar an staid gheopholaitiúil athraithe, chinn an banc go ndéanfadh sé foirceannadh toilteanach ar a ghnó baincéireachta, agus tarraingíodh siar a cheadúnas baincéireachta dá bharr.

Maidir le grúpaí baincéireachta an limistéir euro a bhfuil láithreacht dhíreach acu sa Rúis, bheidís i mbaol caillteanais a thabhú freisin dá mba mhian leo an margadh sin a fhágáil agus dá n-éireodh leo déanamh amhlaidh. I gcás roinnt díobh, tá an riosca sin tagtha chun cinn cheana féin, ach bhí iarmhairt shrianta, sholáimhsithe aige.

Go dtí seo, bhí an earnáil baincéireachta ina hiomláine athléimneach i leith na turrainge maicreacnamaíche ón gcogadh, níos athléimní fiú ná mar a bhíomar ag súil leis bunaithe ar an anailís leochaileachta a d’fhoilsíomar i mí Bealtaine 2022. B’ionann Gnáthchothromas Leibhéal 1 comhiomlán ag deireadh an tríú ráithe de 2022 agus 14.7%, beagáinín os cionn an leibhéil a bhí ann ag deireadh 2019. Bhí cáilíocht sócmhainní ag feabhsú i gcónaí, agus thit líon na neamhchosaintí neamhthuillmheacha a bhí á sealbhú ag na bainc shuntasacha go dtí €349 billiún ag deireadh Mheán Fómhair 2022, an leibhéal b’ísle ó foilsíodh sonraí maoirseachta maidir le bainc shuntasacha den chéad uair in 2015. Bhí brabúsacht ní ba láidre ná riamh, agus b’ionann meántoradh na mbanc ar chothromas agus 7.6% sa tríú ráithe de 2022.

De bharr na feidhmíochta dearfaí seo, tá leithdháiltí beartaithe ag na bainc do 2023 atá i gcomhréir tríd is tríd leis na díbhinní ar gcúl agus leis an aischeannach a rinne siad in 2022, i ndiaidh srianta a bhain leis an bpaindéim. Níor chuireamar i gcoinne pleananna aon bhainc ar leith, ach tá plé maoirseachta déthaobhach ar siúl againn leis na bainc go léir mar chuid dár measúnú gnó mar is gnách ar threochtaí caipitil.

I dtreo dheireadh 2022, thosaigh an t-ionchas maicreacnamaíoch ag dul i bhfeabhas arís. Ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an turraing mhaicreacnamaíoch thart. Má leanann brúnna boilscitheacha, d’fhéadfadh an próiseas tapa riachtanach um normalú beartais airgeadaíochta difear a dhéanamh do phunanna agus línte gnó banc ar leith, rud a chruthódh raon leathan dúshlán agus buaiteoirí agus caillteoirí ionchasacha.

Ós ag caint ar dhúshláin muid, cé na príomhdhúshláin atá roimh na bainc Eorpacha, dar leat?

Is dúshláin chomhtheagmhasacha iad an chéad sraith de dhúshláin.

Mura ndéantar an ghéarchéim fuinnimh a leigheas, tá an baol ann go n-ardóidh an riosca creidmheasa i bpunanna iasachtaí corparáideacha, áit a bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch spleách ar fhuinneamh. Ar bhonn níos ginearálta, bhí athbhorradh ar mhainneachtain corparáidí ag gabháil leis an moilliú ar ár ngeilleagar i dtreo dheireadh na bliana seo caite, agus dá bhrí sin, tá gá le faireachas breise maidir le cáilíocht sócmhainní.

Bhí normalú tapa an bheartais airgeadaíochta - agus go háirithe rátaí ardaitheacha úis - ina spreagadh tábhachtach don téarnamh ar bhrabúsacht. Tá seans ann, áfach, go gcuirfidh sé seo le meathlú ar cháilíocht sócmhainní, sa chaoi go mbeidh sé crua ar iasachtaithe a gcuid fiach a aisíoc, thar raon punann iasachtaí atá thar a bheith íogair do rátaí úis.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh an t-aistriú i dtimpeallacht rátaí úis coigeartuithe mí-ordúla a chruthú i ndeighleoga áirithe den mhargadh airgeadais agus in institiúidí airgeadais neamhbhainc, rud a mhéadódh riosca creidmheasa contrapháirtí i measc banc a bhfuil neamhchosaintí comhchruinnithe acu ar na margaí agus ar na gníomhaithe margaidh áirithe sin.

Taobh amuigh den chomhtheagmhas, féadfaidh go gcuirfidh normalú rátaí úis agus an daingniú cainníochtúil iallach ar roinnt banc athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéisí maoiniúcháin sa mheántéarma agus níos mó béime a leagan ar rioscaí leachtachta agus maoiniúcháin.

Sa Phróiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP) do 2022, tarraingíodh aird ar shraith laigí leanúnancha. Tá easnaimh rialaithe riosca ag dul i gcion go fóill ar scóir riosca creidmheasa, agus bhí roinnt tátal ann maidir le héifeachtacht comhlachtaí bainistíochta, bainistíochta riosca, agus feidhmeanna um chomhlíonadh agus iniúchóireacht inmheánach. Cuireann an timpeallacht sheachtrach éiginnte lenár gcuid ábhar imní maidir le rialuithe agus rialachas riosca, toisc gur féidir le táscairí siarbhreathnaitheacha ar leibhéil riosca léiriú míchruinn a thabhairt nuair a bhíonn treochtaí agus rioscaí sa todhchaí á dtuar.

Tá an t-aistriú digiteach, mar aon le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, ina bpríomhdhúshláin do na bainc sa mheántéarma agus is gá aird láithreach a dhíriú orthu.

Luaigh tú normalú beartais airgeadaíochta. An bhfuil na bainc Eorpacha in áit mhaith chun déileáil le timpeallacht ina mbíonn rátaí úis ag athru?

Go hiondúil, dea-scéala a bhíonn ann do na bainc nuair a bhíonn ráta úis ag ardú. Ciallaíonn sé gur féidir leo níos mó airgid a thuilleamh ón gcorrlach ráta úis - is é sin an difíocht idir an ráta úis a ghearrann siad ar iasachtaí agus an ráta úis a íocann siad ar thaiscí. Tá feidhmíocht dhearfach na mbanc in 2022 inchurtha go príomha do normalú rátaí úis agus don spreagadh a thugtar do ghlanioncam úis leis an aistriú seo a bhfuiltear ag súil leis le fada. Don chéad uair le roinnt blianta anuas, tháinig méadú ar ghlanioncam úis, ní hamháin de bharr líon méadaitheach iasachtaí ach de bharr glanchorrlaigh mhéadaitheacha úis freisin.

Tá bainc agus anailísithe araon ag súil le hionchas dearfach don bhrabúsacht arís i mbliana. I gcomhréir lenár gcuid sonraí, má fhorbraíonn an mhaicreacnamaíocht mar atáthar ag súil faoi láthair, is dócha go dtacóidh méaduithe ordúla breise ar rátaí úis le meántuilleamh na hearnála.

Ar a shon sin, má imímid ón gcás bonnlíne agus má chuirimid forbairtí díobhálacha san áireamh, seans go rachaidh cúrsaí i dtreo éagsúil. I gcás punanna sonracha agus línte gnó, féadfaidh gur mó na costais a bhaineann le meathlú ar cháilíocht sócmhainní ná na sochair ioncaim de réir mar a leanann rátaí úis de bheith ag ardú, go háirithe má mhoillíonn fás eacnamaíoch. Tá seans ann go mbeidh sé crua ar iasachtaithe a gcuid fiach a aisíoc thar raon punann iasachtaí atá thar a bheith íogair do chostas creidmheasa. I measc na samplaí suntasacha de réimsí béime maoirseachta, tá iasachtú tomhaltóirí, iasachtú réadmhaoine agus maoiniú giaráilte.

Mar a luaigh mé cheana, féadfaidh go n-éireoidh margaí airgeadais mí-ordúil le linn phróiseas coigeartaithe rátaí úis. Thacaigh an tréimhse fhada de rátaí ísle úis le méadú nár sáraíodh riamh ar leibhéil fiachais, sa mhéid gur ghlac roinnt eintiteas a ndéantar níos lú rialála orthu nó roinnt eintiteas neamhrialáilte suíomhanna ardghiaráilte nó neamhéagsúlaithe, agus féadfaidh siad sin titim as a chéile go tapa má athraíonn an t-ionchas eacnamaíoch nó an timpeallacht rátaí úis gan choinne. Léiríonn mainneachtain Archegos in 2021, mar aon le suaitheadh infheistíochtaí dliteanas-spreagtha sa Ríocht Aontaithe in 2022, an chaoi inar féidir le heachtraí den sórt sin iarmhairtí a bheith acu ar an earnáil baincéireachta in éagmais idirghabhálacha beartais.

Le rátaí méadaitheacha úis agus daingniú cainníochtúil, ní mór do na bainc níos mó béime a leagan ar rioscaí leachtachta agus maoniúcháin. Mura ngníomhaíonn na bainc go tapa chun a gcumas bainistíochta riosca agus stiúradh straitéiseach a oiriúnú, tá seans ann go gcaithfear amhras ar straitéisí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas atá róshimplí agus as feidhm, amhail cleachtais trádála beir leat arna nglacadh ag roinnte bainc chun tairbhe a bhaint as tacaíocht beartais airgeadaíochta urghnách. Tá riosca ann go mbeidh bainc ar a neamh-aire.

Bhí rialuithe riosca agus rialachas inmheánach na mbanc ina réimse béime in 2022. An bhfuil tú ag súil le tuilleadh feabhais ó na bainc sa réimse seo?

Déanta na fírinne, níl dóthain dul chun cinn feicthe againn sa réimse seo.

Ar an gcéad dul síos, bhí easnaimh ann go fóill i gcomhiomlánú agus i dtuairisciú sonraí in 2022 de bharr easpaí in éifeachtacht na nósanna imeachta um rialachas sonraí agus bainistíocht cáilíochta sonraí, de bharr timpeallachtaí ilroinnte TF, agus de bharr raon agus uaillmhianta teoranta thionscadail leasúcháin na mbanc. De thoradh an méid sin ar fad, is doiligh dá gcomhlachtaí bainistíochta an fhaisnéis riachtanach a fháil chun a bheith in ann na rioscaí sin a bhainistiú agus straitéis a n-eagraíochtaí a threorú.

Ar an dara dul síos, is gá do roinnt banc tuilleadh feabhais a chur ar a bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh, go háirithe chun dul i ngleic le soláthar neamhleor foirne, le stádas íseal na feidhme agus le heasnaimh sna próisis, amhail cláir chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh agus an sainmhíniú ar fhonn riosca na mbanc. Sna hathbhreithnithe spriocdhírithe a rinneamar le linn 2022, breathaníodh ar chleachtais bainistíochta riosca na mbanc cumhdaithe i ndáil le réimsí a bhí nasctha le géarchéim na paindéime agus normalú rátaí úis, go háirithe iasachtú tráchtála agus réadmhaoine cónaithe, rioscaí rátaí úis agus raoin difríochta creidmheasa sa leabhar baincéireachta, agus riosca creidmheasa contrapháirtí.

D’fhonn dul chun cinn suntasach a éascú san áit is mó a mbeidh sé de dhíth, tá rún daingean againn lánúsáid a bhaint as na huirlisí agus cumhachtaí maoirseachta go léir atá ar fail dúinn faoi dhlí AE agus náisiúnta. I gcás nach mbeidh bearta cáilíochtúla sách éifeachtach chun a chinntiú go nglacfaidh na bainc bearta leantacha agus leasúcháin ar mhodh tráthúil maidir le laigí sainaitheanta, b’fhéidir go mbainfimid úsáid as ceanglais chaipitil spriocdhírithe Cholún 2, bearta forfheidhmiúcháin nó smachtbhannaí chun a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn cuí. Chun go mbeidh ár maoirseacht níos éifeachtaí fós, déanfaidh BCE athbhreithniú ar an gcaoi ina gcuireann sé bearta maoirseachta ar aghaidh laistigh de thréimhse a bheidh sainithe go soiléir i gcás ina mbeidh dul chun cinn na mbanc rómhall agus i gcás ina mbeidh a gcuid torthaí míshásúil ar bhonn seasmhach.

Tá roinnt daoine ann a deir go bhfuil maoirseacht Eorpach ar bhaincéireacht ró-threallúsach, go bhfuil ualach rómhór ag baint léi, agus go bhforchuireann sí ceanglais níos déine a dhéanann damáiste d’iomaíochas bhainc AE. Cén freagra a thabharfá air sin?

Ar an gcéad dul síos, ní fíor a rá go bhfuil ceanglais rialála agus mhaoirseachta caipitil níos déine ann san AE ná mar atá i ndlínsí eile amhail na Stáit Aontaithe nó an Ríocht Aontaithe. Buailimid go minic lenár gcomhghleacaithe ó na húdaráis sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe agus déanaimid comparáid idir na ceanglais a fhorchuirimid ar ár gcuid banc faoi seach, agus táimid ar aon dul tríd is tríd lenár bpiaraí. Go deimhin, tá na ceanglais chaipitil do na bainc Eorpacha is mó - na cinn sin a théann san iomaíocht ar fud na margaí domhanda - beagáinín níos scaoilte.

É sin ráite, bímid sásta i gcónaí glacadh le cáineadh. Go deimhin, tá athruithe á ndéanamh againn faoi láthair ar ár gcuid próiseas maoirseachta chun dul i ngleic le roinnt de na hábhair imní atá ag an tionscal.

Tá creat lamháltais riosca á thabhairt isteach againn a chuirfidh ar chumas na maoirseoirí dlús a chur lena gcuid iarrachtaí sna réimsí sin ina bhfuil an gá is mó leo, agus cuideoidh sé seo le tosaíochtaí uile-SAM a chuimsiú sa phleanáil mhaoirseachta do gach banc ar leith. Ní dhéanfar caighdeáin mhaoirseachta nó déine ár gcuid maoirseachta ar aon bhanc ar leith a mhaolú leis an gcreat lamháltais riosca. Ina ionad sin, neartóidh sé an bhéim a chuirimid ar mhaoirseacht riosca-bhunaithe. Ciallaíonn sé sin freisin gur lú maoirseacht ticeála bosca, líon iarratas agus ualach tuairiscithe a bheidh i gceist do na bainc, toisc nach mbeidh lámhleabhar cuimsitheach iomlán maoirseachta á chur i bhfeidhm maidir le gach banc. Ina ionad sin, beidh tosaíochtaí atá sonrach do gach banc ar leith mar stiúir againn. Is céim thábhachtach chun tosaigh é seo i dtreo ár gcuid próiseas maoirseachta a dhéanamh níos solúbtha, níos oiriúnaithí, níos comhréirí agus níos riosca-bhunaithe.

Le linn SREP ilbhliantúil nua, beidh ualach níos lú ag baint lenár maoirseacht toisc go ndéanfaimid ár gcaidreamh maoirseachta leis na bainc ar réimsí éagsúla riosca a leathnú amach thar roinnt blianta seachas iarracht a dhéanamh gach rud a chlúdach in aon bhliain amháin. Cuideoidh sé seo linn a bheith níos riosca-bhunaithe trí thosaíocht a thabhairt do na réimsí riosca is tábhachaí in aon bhliain ar leith. Ina theannta sin, táimid ag feitheamh le haiseolas ó phainéal neamhspleách saineolaithe a bhfuil measúnú á dhéanamh acu ar phróiseas SREP agus breithneoimid trédhearcacht maidir lenár gcuid modheolaíochtaí a mhéadú tuilleadh. Tá na tionscnaimh seo go léir ceaptha ár gcuid próiseas maoirseachta a chur in oiriúint a mhéid is féidir do na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag bagairt ar na bainc faoi mhaoirseacht amach anseo.

© An Banc Ceannais Eorpach, 2023

Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Teileafón +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.bankingsupervision.europa.eu

Gach ceart ar cosaint. Ceadaítear atáirgeadh chun críocha oideachais agus neamhthráchtála fad is a aithnítear an fhoinse.

Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach ar ghluais SAM (Béarla) (ar fáil i mBéarla amháin).

HTML ISBN 978-92-899-5534-8, ISSN 2600-5115, doi:10.2866/204, QB-BU-23-001-GA-Q

Sceithireacht