Céard is sealúchas cáilitheach ann?
An nuashonrú is déanaí: 13 Feabhra 2026
Is éard is sealúchas cáilitheach ann leas mór nó tábhachtach i mbanc lena dtugtar tionchar d'infheisteoir ar an gcaoi a reáchtáiltear an banc. Maidir leis an leas seo:
- tá sé comhionann le 10% nó níos mó de chaipiteal nó de chearta vótála an bhainc; nó
- tugtar tionchar suntasach dá bharr don infheisteoir ar an gcaoi a mbainistítear an banc; nó
- tá de thoradh air go bhfuil an banc ina fhochuideachta ag an infheisteoir
Féadfar an leas a shealbhú go díreach – is é sin go bhfuil an leas faoi úinéireacht an infheisteora ina ainm féin – nó go hindíreach – cuirtear an úinéireacht i gcrích trí bhíthin cuideachta amháin eile nó níos mó.
Is féidir a mheas go bhfuil tionchar suntasach ag infheisteoir ar bhanc má tá ionadaí aige ar bhord stiúrthóirí an bhainc nó má tá ceart crosta aige ar chinntí an bhoird.
Conas a thagann sealúchais cháilitheacha faoinár gcuid oibre?
Déanaimid maoirseacht ar bhainc sa limistéar euro. Áirítear leis sin a chinntiú nach bhfuil lámh ach ag páirtithe oiriúnacha sa tslí a reáchtáiltear na bainc. Sular féidir sealúchas cáilitheach i mbanc a cheannach nó a mhéadú thar thairseacha áirithe, déanaimid seiceáil gur comhlíonadh na ceanglais. Cuidíonn an obair seo leis na bainc agus leis an gcóras baincéireachta a choinneáil cobhsaí, agus le do chuid airgid a choinneáil sábháilte.
Cad iad na chéad chéimeanna atá le déanamh ag infheisteoirí a bhfuil sé beartaithe acu sealúchas cáilitheach a fháil?
Má tá sé beartaithe ag duine, ag eintiteas dlítheanach nó ag grúpa infheistíocht a dhéanamh i mbanc trí shealúchas cáilitheach a fháil, ní mór dóibh maoirseoir náisiúnta an bhainc a chur ar an eolas ar dtús. Baineann sé sin le leasanna díreacha agus indíreacha araon.
Ní mór don infheisteoir a chur in iúl don mhaoirseoir náisiúnta freisin an bhfuil sealúchas cáilitheach aige cheana féin agus an bhfuil sé beartaithe aige an sealúchas a mhéadú os cionn 20%, 30% nó 50%, nó an dtabharfadh éadáil nua leas urlámhais dó sa bhanc.
Mura n-insíonn an t-infheisteoir don mhaoirseoir náisiúnta faoina phleananna, d’fhéadfaí a chearta vótála a chur ar fionraí, nó d’fhéadfaí pionóis eile a ghearradh air. I roinnt tíortha, cuirtear cearta vótála ar fionraí go huathoibríoch sna cásanna sin.
Agus cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin?
Ó thús deireadh an phróisis, oibrímid go dlúth leis na maoirseoirí náisiúnta
- Fógra foirmiúil: Tar éis an maoirseoir náisiúnta a chur ar an eolas, deimhníonn an t-infheisteoir an méid atá á bheartú aige le fógra foirmiúil, a chuireann an maoirseoir ar aghaidh chugainne.
- Measúnú: Breithnímid an t-iarratas, laistigh de 60 lá oibre de ghnáth. Má bhíonn tuilleadh doiciméad de dhíth orainn, is féidir linn síneadh suas le 30 lá oibre eile a chur leis an mbreithniú.
- Toradh: Cuirimid toradh ár measúnaithe in iúl don infheisteoir. Ag brath ar na dlíthe náisiúnta maidir le trédhearcacht an mhargaidh, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an mbanc an fhaisnéis sin a fhoilsiú freisin.
Ó thús deireadh an phróisis, oibrímid go dlúth leis na maoirseoirí náisiúnta, a thugann a dtuairim féin i dtaobh ar cheart dúinn cur i gcoinne na héadála nó nár cheart.
Cad iad na critéir a úsáidimid inár measúnú?
Breithnímid cúig eochairchritéar inár measúnú:
- clú an infheisteora éadála, lena n-áirítear a shláine, a iontaofacht agus a inniúlacht ghairmiúil
- oiriúnacht lucht bainistíochta beartaithe an bhainc, go háirithe iad siúd a mbeidh poist acu ar a bhord stiúrthóirí tar éis na héadála
- fóntacht airgeadais an infheisteora: a chumas an éadáil a mhaoiniú agus tacú leis an mbanc ar bhealach inbhuanaithe
- comhlíonadh na rialacha a leagtar amach i rialacháin, lena n-áirítear i réimsí na leordhóthanachta caipitil, an rialachais agus an bhainistithe riosca
- sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta: seiceálaimid foinse na gcistí atá le húsáid i gcomhair na héadála agus an fhéidearthacht go gcuirfí leis na rioscaí coireacha airgeadais de bharr na héadála
Bíonn an méid mionchúise a chuirtear i bhfeidhm ar na critéir sin ag brath ar a chasta agus a rioscúla atá an t-idirbheart.
Tuilleadh eolais faoi ábhar gaolmhar
Measúnú
D’fhoilsíomar Treoir ina ndéantar cur síos ar ár gcur chuige sa mheasúnú ar nósanna imeachta maidir le sealúchais cháilitheacha.
Treoir BCE ar nósanna imeachta maidir le sealúchais cháilitheachaTionscadail comhdhlúthaithe níos leithne
Maidir le héadálacha atá nasctha le tionscadail chomhdhlúthaithe níos leithne, féach an Treoir maidir leis an gcur chuige maoirseachta i leith comhdhlúthú san earnáil baincéireachta.
Treoir maidir leis an gcur chuige maoirseachta i leith comhdhlúthú san earnáil baincéireachta