Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Prionsabail eagraíochta 

I gcás an Eurochórais, maidir leis an mbunphrionsabal díláraithe:  

Rannpháirtíocht

Cuirfidh comhaltaí uile an Eurochórais agus an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA) lena spriocanna go straitéiseach agus go hinoibrithe.

Comhar

Déanfaidh comhaltaí uile an Eurochórais agus SMA gach ceann dá bhfeidhmeanna le féith comhair agus féith na hoibre foirne.

Trédhearcacht agus cuntasacht

Beidh comhaltaí uile an Eurochórais agus SMA ag gníomhú go trédhearcach agus beidh siad go hiomlán freagrach agus cuntasach as éifeachtacht a gcuid feidhmeanna ar fad.

Ag déanamh idirdhealú idir gníomhaíochtaí Eorpacha agus náisiúnta

Déanfar gníomhaíochtaí na hEorpa a dhéanann bainc cheannais náisiúnta agus údaráis inniúla náisiúnta a aithint go soiléir agus a idirdhealú ó na cinn a bhaineann le freagrachtaí náisiúnta.

Comhtháthú agus aontacht

Agus meas againn ar stádas dlíthiúil a gcomhaltaí, beidh an tEurochóras ag feidhmiú mar eintiteas comhtháthaithe aontaithe agus beidh SMA ag feidhmiú mar eintiteas comhtháthaithe agus comhordaithe. Oibreoidh gach ceann mar fhoireann agus labhróidh siad le haon ghuth amháin, agus é mar aidhm acu a bheith gar do shaoránaigh na hEorpa.

Malartú acmhainní

Cuirfidh comhaltaí an Eurochórais agus SMA malartú pearsanra, fios gnó agus taithí chun cinn.

Éifeachtacht agus éifeachtúlacht sa chinnteoireacht

Beidh sé mar aidhm ag próisis cinnteoireachta agus meáite uile an Eurochórais agus SMA éifeachtúlacht agus éifeachtacht a bhaint amach. Díreoidh cinnteoireacht ar anailís agus argóintí chomh maith le léiriú ar réimse dearcthaí.

Cost-éifeachtúlacht, tomhas agus modheolaíocht

Bainisteoidh comhaltaí an Eurochórais agus SMA na hacmhainní ar fad go cúramach agus cuirfidh siad réitithe costéifeachtúla chun cinn ina ngníomhaíochtaí ar fad.
Forbróidh an tEurochóras agus SMA córais rialaithe agus táscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh a bhfeidhmeanna agus ailíniú maidir lena spriocanna.

Léireofar agus úsáidfear measúnú costais inchomparáide agus modhanna tuairiscithe costais tuilleadh.

Sineirgí a shaothrú agus dúbailtí a sheachaint

Taobh istigh den Eurochóras agus SMA, le meas iomlán ar an idirdhealú idir beartas airgeadaíochta agus tascanna maoirseachta, déanfar sineirgí féideartha agus barainneachtaí scála a shainaithint agus a shaothrú a oiread agus is féidir.
Seachnófar dúbailt neamhriachtanach oibre agus acmhainní agus comhoibriú iomarcach agus neamhéifeachtúil. Chuige sin, déanfar iarracht roghanna eagraíochta a bhaint amach a chinntíonn éifeachtúlacht, éifeachtacht agus a spreagann gníomh, ag baint leas as an taithí atá ar fáil trí úsáid mhéadaithe acmhainní atá ann cheana.

Déanfar machnamh ar sheachfhoinsiú fheidhmeanna agus ghníomhaíochtaí tacaíochta an Eurochórais in aghaidh na gcritéar céanna agus cuirfear gnéithe slándála san áireamh.

 

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht