Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Beartas teanga an tsuímh ghréasáin seo

Ar an suíomh gréasáin seo gheobhaidh tú eolas sna 24 theanga oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) faoi mhaoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Tá an t-eolas ar fad ar fáil i mBéarla, ach cinntímid freisin go gcuirtear an príomhábhar ar fáil i dteangacha oifigiúla AE eile, go háirithe ábhar a mbeadh suim ag saoránaigh Eorpacha ann.

Céard atá ar fáil i do theanga féin?

Tá na príomhleathanaigh seo ar fáil i mBéarla agus i mórán teangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais: an leathanach baile, leathanaigh iontrála na sé rannán, agus na leathanaigh uile sna rannáin “Eolas fúinn”, “Cleachtais mhaoirseachta”, “Eagraíocht agus Rialachas” agus “Creat Dlíthiúil agus Beartais”.

Cuirtear cuid den ábhar gréasáin ar fáil i dteangacha AE ar leith, mar sin b’fhéidir go mbeadh an t-ábhar sin ar fáil i dteanga a bhfuil cumas tuisceana agat inti fiú murab í do theanga dhúchais í. Cuirtear roinnt óráidí, agallamh agus póstálacha blag ón gCathaoirleach agus ó chomhaltaí Boird ar fáil i dteangacha eile seachas an Béarla. De ghnáth cuirtear preasráitis ar fáil i mBéarla, ach má tá siad ábhartha don phobal i gcoitinne seachas do shaineolaithe amháin, cuirtear ar fáil i dteangacha oifigiúla AE eile iad freisin.

De ghnáth foilsítear reachtaíocht an Bhainc Ceannais Eorpaigh sna teangacha oifigiúla ar fad agus is féidir teacht uirthi ar EUR-Lex.

Tá ábhar a bhaineann le comhairliúcháin phoiblí ar fáil i roinnt teangacha. Glacaimid le freagraí ar chomhairliúcháin phoiblí sna teangacha oifigiúla uile de chuid an Aontais.

Féadfaidh tú eolas faoin maoirseacht baincéireachta agus faoi théamaí eile lena mbaineann a fháil i do rogha teanga ar shuíomh gréasáin na maoirseoirí náisiúnta.

Ár mbeartas a chur i bhfeidhm

Má ghlacann tú le fianáin, cuidíonn tú linn staitisticí a fháil maidir leis an éileamh atá ar aistriúchán ar leathanaigh agus ar rannáin ar leith ar ár suíomh gréasáin. Ar an gcaoi sin is féidir linn tosaíocht a thabhairt maidir leis an ábhar atá le haistriú sa todhchaí. Mura bhfuil leathanach gréasáin ar fáil i do theanga féin go fóill, beidh ráiteas á rá sin ar an leathanach sin.

Is í Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Bhanc Ceannais Eorpach a chuireann an beartas seo i bhfeidhm.

Más mian leat ceist a chur ar an mBanc Ceannias Eorpach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar fhaisnéis in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht