Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cad a chiallaíonn sé nuair a bhíonn “ag cliseadh ar bhanc nó nuair is dócha go gclisfidh air”?

An nuashonrú is déanaí: 20 Feabhra 2026 

Tá ról tábhachtach ag na bainc sa gheilleagar. Cuireann siad seirbhísí criticiúla ar fáil do dhaoine agus do ghnólachtaí amhail iasachtaí a sholáthar, taiscí a ghlacadh agus íocaíochtaí a éascú, agus ní mór do na seirbhísí sin leanúint ar aghaidh fiú má theipeann ar bhanc. Tá an córas airgeadais fite fuaite ina chéile freisin, agus tá sé cruthaithe ag géarchéimeanna airgeadais roimhe seo gur féidir leis na fadhbanna scaipeadh go han-tapa mura dtéitear i ngleic leo go héifeachtach.

Nuair a bhíonn “ag cliseadh ar bhanc nó nuair is dócha go gclisfidh air”, ciallaíonn sé nach meastar a thuilleadh go bhfuil an banc fónta ó thaobh airgeadais de agus go bhféadfadh sé go mbeadh gá le réiteach nó leachtú lena aghaidh.

Tá ár maoirseoirí freagrach as measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil ag cliseadh ar bhainc mhóra atá faoina maoirseacht dhíreach nó an dócha go gclisfidh orthu, agus déanann na maoirseoirí náisiúnta amhlaidh do bhainc bheaga. Is féidir le húdaráis réitigh amhail an Bord Réitigh Aonair cinneadh a dhéanamh freisin go bhfuil ag cliseadh ar bhanc nó gur dócha go gclisfidh air.

Cad a tharlóidh má tá taisce agam i mbanc ar dearbhaíodh go bhfuil ag cliseadh air nó gur dócha go gclisfidh air?

Is córais iad scéimeanna ráthaíochta taiscí atá i ngach Ballstát den Aontas; faoi na scéimeanna sin aisíoctar taisceoirí más rud é nach bhfuil a mbanc in ann taiscí a íoc. Cosnaítear taiscí suas le teorainn ráthaithe €100,000. Ní mór do gach banc a bheith ina mbaill de scéim den sórt sin agus ranníocaíochtaí a dhéanamh i gciste ráthaíochta taiscí na scéime.

Cén fáth a n-eisítear dearbhú i leith bainc go bhfuil ag cliseadh ar an mbanc sin nó gur dócha go gclisfidh air?

I dtéarmaí simplithe, tá roinnt cúiseanna ann ar féidir dearbhú a eisiúint i leith bainc go bhfuil ag cliseadh ar an mbanc sin nó gur dócha go gclisfidh air:

Sáruithe tromchúiseacha ar cheanglais rialála

Tá ceanglais thábhachtacha rialála amhail íostairseacha caipitil á sárú ag an mbanc – nó is dócha go sáróidh sé iad. Ní mór na sáruithe sin a bheith tromchúiseach go leor chun go mbeadh sé cuí ceadúnas an bhainc a tharraingt siar.

Dócmhainneacht nó leachtacht neamhleor

Níl an banc in ann, nó is dócha nach mbeidh sé in ann, ar chúis éigin, a fhiacha a íoc de réir mar a bheidh siad dlite, nó is mó an méid dliteanas atá ag an mbanc ná an méid sócmhainní atá aige.

Tá gá ag an mbanc le tacaíocht urghnách ón gcóras airgeadais phoiblí

Tá gá ag an mbanc le cúnamh stáit neamhúdaraithe chun go leanfadh sé ar aghaidh ag feidhmiú.

Maidir le measúnuithe i dtaobh an bhfuil ag cliseadh ar bhanc nó ar dócha go gclisfidh air, bíonn na measúnuithe sin ag brath ar tháscairí ábhartha éagsúla. Ach is gné ríthábhachtach é an breithiúnas maoirseachta nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar an dóchúlacht go dtiocfaidh banc chuige féin.

Cad a tharlaíonn nuair a eisítear dearbhú go bhfuil ag cliseadh ar bhanc nó gur dócha go gclisfidh air?

Is próiseas é an réiteach a úsáidtear chun bainc a athchumasú ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag feidhmiú. Má chinntear go bhfuil ag cliseadh ar bhanc nó gur dócha go gclisfidh air, ní chiallaíonn sé sin go cinnte go dtabharfar faoi phróiseas réitigh.

A luaithe a chinntear go bhfuil ag cliseadh ar bhanc nó gur dócha go gclisfidh air, ní mór don Bhord Réitigh Aonair measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh bearta malartacha teacht roimh an gcliseadh laistigh de thréimhse réasúnach ama agus, mura bhféadfadh, an é leas an phobail é tabhairt faoi phróiseas réitigh. Meastar gurb é leas an phobail é tabhairt faoi phróiseas réitigh más gá an réiteach sin chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

  • an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus a chinntiú nach scaipfear an fhadhb chuig institiúidí eile
  • taisceoirí agus feidhmeanna baincéireachta criticiúla a chosaint
  • an úsáid atá le baint as cistí poiblí a íoslaghdú

Má chinneann an Bord Réitigh Aonair nach é leas an phobail é an próiseas réitigh, déantar an banc a fhoirceannadh faoi na nósanna imeachta náisiúnta um dhócmhainneacht.

Cad a chiallaíonn réiteach ó thaobh na mbanc agus an chórais airgeadais de?

Feidhmíonn an nós imeachta réitigh mar choimirce don chóras airgeadais trína áirithiú go ndéileáiltear le bainc a bhfuil ag cliseadh orthu ar bhealach struchtúrtha ordúil.

Toisc go bhféadfaí dearbhú a eisiúint ina leith go bhfuil ag cliseadh orthu nó gur dócha go gclisfidh orthu, spreagtar na bainc freisin chun aird a thabhairt ar an tábhacht a bhaineann le bainistiú riosca cuí, le rialachas inmheánach cuí agus le pleanáil chaipitil chuí, chomh maith le pleananna téarnaimh inchreidte a d’fhéadfadh cabhrú leo trioblóid thromchúiseach a sheachaint ar an gcéad dul síos.

Leis an nós imeachta réitigh, ar cuid de an dearbhú go bhfuil ag cliseadh ar bhanc nó gur dócha go gclisfidh air, treisítear an athléimneacht sa chóras airgeadais i gcoitinne. De thoradh an nós imeachta réitigh is féidir le bainc cliseadh gan tús a chur le géarchéim agus cuirtear na huirlisí ar fáil do na húdaráis réitigh aon chliseadh den sórt sin a bhainistiú go héifeachtach.

FÉACH FREISIN

Tuilleadh eolais faoi ábhar gaolmhar

Tuilleadh eolais

Bainistiú géarchéime