Tairseach SMA
Tá tú san áit cheart: tá tairseach SMA tagtha in ionad tairseach IMAS, a bhfuil na hacmhainní agus próisis chéanna go léir ar fáil uirthi is a bhí ar thairseach IMAS, agus tuilleadh lena chois sin.
Aon áit a luaitear tairseach IMAS, is do thairseach SMA a thagraíonn sé anois.
Cad í tairseach SMA?
Le tairseach SMA (tairseach IMAS roimhe seo), ceadaítear do bhainc faoi mhaoirseacht agus do thríú páirtithe faisnéis a bhaineann le próisis mhaoirseachta a chur isteach, a stádas a rianú agus faisnéis a mhalartú le maoirseoirí. Má tá cuntas agat cheana féin is féidir leat síniú isteach agus na téarmaí agus na coinníollacha a admháil.
Sínigh isteach ar thairseach SMACé atá in ann úsáid a bhaint as tairseach SMA?
Is féidir le bainc faoi mhaoirseacht (atá suntasach nó nach bhfuil chomh suntasach céanna) agus le tríú páirtithe (eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht nó daoine nádúrtha) úsáid a bhaint as tairseach SMA ag brath ar chatagóir an phróisis.
Próisis atá ar fáil trí thairseach SMA
D’institiúidí suntasacha agus d’institiúidí ar lú a suntas
- Éadáil sealúchas cáilitheach (ar fáil freisin do thríú páirtithe) — Treoirlínte Comhpháirteacha maidir le measúnú stuamachta ar éadálacha agus méaduithe ar shealúchais cháilitheacha san earnáil airgeadais
- Fógraí faoi Phasanna
- Ceadúnú (ar fáil freisin do thríú páirtithe) — Treoir maidir le measúnuithe ar iarratais ar cheadúnais
- Aistarraingtí deonacha ar údarú
I gcás institiúidí shuntasacha amháin
- Athbhreithniú ar cháilíocht chreidmheasa trí chigireachtaí ar an láthair
- Measúnuithe um inniúlacht agus cuibheas — Treoir maidir le measúnuithe um inniúlacht agus cuibheas
- Samhlacha inmheánacha:
- Athruithe agus síntí neamhábhartha ar shamhlacha
Treoracha d’eintitis faoi mhaoirseacht a líonann foirmeacha fógartha NMC isteach - Tuairisciú ar bhailíochtú samhlacha
Faireachán leanúnach ar shamhlacha
Treoracha i dtaobh líonadh isteach na foirme ina dtuairiscítear torthaí an bhailíochtaithe le haghaidh samhlacha inmheánacha - Próiseas (réamh)iarratais
Imscrúdú samhlacha inmheánacha
- Athruithe agus síntí neamhábhartha ar shamhlacha
-
Cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais (measctha) (ar fáil freisin d’institiúidí ar lú a suntas agus do thríú páirtithe atá le bheith ina gcuid de ghrúpa suntasach faoi mhaoirseacht)
-
Fógra faoi shocruithe tríú páirtí – Treoracha d’eintitis faoi mhaoirseacht a líonann isteach foirm um fhógra faoi shocrú tríú páirtí
-
Bearta maoirseachta – Treoracha maidir le faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar bhearta maoirseachta atá le cur i gcrích go fóill
Cumaisc (ar fáil freisin d’institiúidí ar lú a suntas ach atá le bheith ina n-institiúid shuntasach tar éis an chumaisc)
Córas úsáide
Tá úsáid thairseach SMA éigeantach de réir an dlí nó mar chleachtas riaracháin i dtíortha áirithe agus mar chleachtas deonach i dtíortha eile, ag brath freisin ar chatagóir an phróisis. Is féidir féachaint ar an gcóras úsáide le haghaidh faisnéis mhionsonraithe.
An bealach rochtain a fháil
Is féidir le bainc faoi mhaoirseacht a n-úsáideoirí féin a chruthú agus rochtain a n-úsáideoirí ar thairseach SMA a bhainistiú. Ceapann siad riarthóirí tarmligthe a dhéanann an cúram seo.
Gníomhaíonn an Banc Ceannais Eorpach mar riarthóir ar chuntais úsáideoirí tríú páirtí.
Bainc faoi mhaoirseacht (atá suntasach agus nach bhfuil chomh suntasach céanna)
Chun banc nua faoi mhaoirseacht a chlárú, téigh chuig aip clárúcháin thairseach SMA.
I gcás bainc atá cláraithe cheana, is féidir le riarthóirí tarmligthe rochtain a fháil ar Thairseach Aitheantais BCE agus ar thairseach SMA chun úsáideoirí nua a chur leo agus ceadanna úsáideora aonair a thabhairt, faoi seach. Déanann na riarthóirí seo riarthóirí nua eile a cheapadh dá n-eagraíocht i dTairseach Aitheantais BCE.
Tá treoracha sonracha maidir le conas rochtain a fháil ar an tairseach le fáil sna treoirlínte thíos.
Lámhleabhar úsáideora le haghaidh riarthóirí tarmligthe An bealach rochtain a fháil ar thairseach SMA den chéad uair Ag míniú thairseach SMA: conas is féidir liom rochtain a fháil ar phróisis éagsúla? Treoir Thapa maidir le hiarratais mhaoirseachtaTríú páirtithe (eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht agus daoine nádúrtha)
Déanann an Banc Ceannais Eorpach cuntais tríú páirtí a bhainistiú. Chun cuntas úsáideora tríú páirtí a chlárú, a mhodhnú nó a scriosadh, téigh chuig aip chlárúcháin thairseach SMA.
An bealach tacaíocht a fháil
Maidir le fadhbanna teicniúla le tairseach SMA nó le Tairseach Aitheantais BCE, téigh i dteagmháil le Lárionad Tacaíochta BCE trí ríomhphost a sheoladh chuig supportcenter@ecb.europa.eu nó trí ghlaoch ar + 49 69 1344 7766.
Le haghaidh ceisteanna gnó, teigh i dteagmháil le d’Údarás Inniúil Náisiúnta. Is féidir teacht ar shonraí teagmhála i dtairseach SMA. Le haghaidh samhlacha inmheánacha go sonrach, téigh i dteagmháil le do Chomhfhoireann Maoirseachta.