Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tairseach IMAS

Cad í tairseach IMAS?

Le tairseach IMAS, ceadaítear do bhainc faoi mhaoirseacht agus do thríú páirtithe faisnéis a bhaineann le próisis mhaoirseachta a chur isteach, a stádas a rianú agus faisnéis a mhalartú le maoirseoirí. Má tá cuntas agat cheana féin is féidir leat síniú isteach agus na téarmaí agus na coinníollacha a admháil.

Sínigh isteach ar thairseach IMAS

Cé atá in ann úsáid a bhaint as tairseach IMAS?

Is féidir le bainc faoi mhaoirseacht (atá suntasach nó ar lú a suntas) agus le tríú páirtithe (eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht nó daoine nádúrtha) úsáid a bhaint as tairseach IMAS ag brath ar chatagóir an phróisis.

Próisis atá ar fáil trí thairseach IMAS

Do bhainc shuntasacha agus do bhainc ar lú a suntas

Do bhainc shuntasacha amháin

Córas úsáide

Tá úsáid thairseach IMAS éigeantach de réir an dlí nó mar chleachtas riaracháin i dtíortha áirithe agus mar chleachtas deonach i dtíortha eile, ag brath freisin ar chatagóir an phróisis. Is féidir féachaint ar an gcóras úsáide le haghaidh faisnéis mhionsonraithe.

Conas rochtain a fháil

Is féidir le bainc faoi mhaoirseacht a n-úsáideoirí féin a chruthú agus rochtain a n-úsáideoirí ar thairseach IMAS a bhainistiú. Ceapann siad riarthóirí tarmligthe a dhéanann an cúram seo.

Gníomhaíonn an Banc Ceannais Eorpach mar riarthóir ar chuntais úsáideoirí tríú páirtí.

Bainc faoi mhaoirseacht (atá suntasach agus ar lú a suntas)

Chun banc nua faoi mhaoirseacht a chlárú, téigh chuig aip chlárúcháin thairseach IMAS.

I gcás bainc atá cláraithe cheana, is féidir le riarthóirí tarmligthe rochtain a fháil ar Thairseach Aitheantais BCE agus ar thairseach IMAS chun úsáideoirí nua a chur leo agus ceadanna úsáideora aonair a thabhairt, faoi seach. Déanann na riarthóirí seo riarthóirí nua eile a cheapadh dá n-eagraíocht i dTairseach Aitheantais BCE.

Tá treoracha sonracha maidir le conas rochtain a fháil ar an tairseach le fáil sna treoirlínte thíos.

Lámhleabhar úsáideora le haghaidh riarthóirí tarmligthe Conas rochtain a fháil ar thairseach IMAS den chéad uair Ag míniú thairseach IMAS: conas is féidir liom rochtain a fháil ar phróisis éagsúla Treoir Thapa maidir le hiarratais mhaoirseachta

Tríú páirtithe (eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht agus daoine nádúrtha)

Déanann an Banc Ceannais Eorpach cuntais tríú páirtí a bhainistiú. Chun cuntas úsáideora tríú páirtí a chlárú, a mhodhnú nó a scriosadh, téigh chuig aip chlárúcháin thairseach IMAS.

Conas tacaíocht a fháil

Maidir le fadhbanna teicniúla le tairseach IMAS nó le Tairseach Aitheantais BCE, téigh i dteagmháil le Lárionad Tacaíochta BCE trí ríomhphost a sheoladh chuig supportcenter@ecb.europa.eu nó trí ghlaoch ar + 49 69 1344 7766.

Le haghaidh ceisteanna gnó, téigh i dteagmháil le d’Údarás Inniúil Náisiúnta. Is féidir teacht ar shonraí teagmhála i dtairseach IMAS. Go sonrach i gcás samhlacha inmheánacha, téigh i dteagmháil le do Chomhfhoireann Maoirseachta.

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht