Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Spriocanna straitéiseacha an Eurochórais agus an tSásra Maoirseachta Aonair

Údarás admhaithe maidir le cúrsaí airgeadaíochta agus airgeadais

Ag cur lena bhunús daingean bunreachtúil, a neamhspleáchas agus a chomhtháthú inmheánach, is é an tEurochóras, an córas lárnach baincéireachta sa limistéar euro, a fheidhmíonn ina údarás airgeadaíochta ar an limistéar euro agus ina údarás ceannasach airgeadais, atá go hiomlán aitheanta taobh istigh agus taobh amuigh den Eoraip. Agus é ag iarraidh a phríomhchuspóir a bhaint amach, is é sin, cothabháil na cobhsaíochta praghsanna, tabharfaidh an tEurochóras faoi na hanailísí riachtanacha eacnamaíochta agus airgeadaíochta, glacfaidh sé leis na beartais chuí agus cuirfidh sé na beartais sin i bhfeidhm. Freagróidh sé d’fhorbairtí airgeadaíochta agus airgeadais go cuí agus go héifeachtach freisin.

Cobhsaíocht airgeadais agus comhtháthú airgeadais na hEorpa

San Eurochóras agus taobh istigh den Sásra Maoirseachta Aonair (SMA), tá sé mar aidhm againn cobhsaíocht airgeadais a chosaint agus comhtháthú airgeadais na hEorpa a chur chun cinn i gcomhar le struchtúir institiúideacha bhunaithe. Chuige sin, cuirfimid le beartais a dhéanann foráil do struchtúr fónta Eorpach agus domhanda le haghaidh cobhsaíocht airgeadais.

Freagracht, neamhspleáchas, creidiúnacht; dlúthcheangal le saoránaigh na hEorpa

San Eurochóras agus taobh istigh de SMA, cuirimid an-bhéim ar chreidiúnacht agus ar fhreagracht agus beimid trédhearcach agus sinn ag comhlíonadh na riachtanas infheidhme rúndachta go hiomlán. Tá cumarsáid éifeachtach le saoránaigh na hEorpa mar aidhm againn. Táimid tiomanta do na caidrimh le húdaráis Eorpacha agus náisiúnta a reáchtáil de réir fhorálacha an Chonartha go huile agus go hiomlán agus aird ar leith á tabhairt againn ar phrionsabal an neamhspleáchais. Chuige sin, coinneoimid ar an eolas faoi na trasfhoirmithe agus na forbairtí a imríonn tionchar ar mhargaí airgid agus airgeadais agus beimid íogair do riachtanais leas an phobail agus an mhargaidh.

Aitheantas roinnte, soiléireacht na ról agus na bhfreagrachtaí agus dea-rialachas

Tá sé mar aidhm againn san Eurochóras agus in SMA, ár n-aitheantais roinnte a neartú laistigh de chreat ról agus freagrachtaí atá sainmhínithe go soiléir do gach rannpháirtí. Chuige sin, cuirfidh an tEurochóras agus SMA le poitéinseal agus rannpháirtíocht dhomhain ár gcomhaltaí uile, chomh maith lena dtiomantas agus a dtoilteanas oibriú ar mhaithe le comhaontú. Ina theannta sin, tá an tEurochóras agus SMA tiomanta don dea-rialachas agus do struchtúir agus modhanna oibre éifeachtacha agus éifeachtúla a chur i bhfeidhm.

Dea-chleachtas maidir le maoirseacht baincéireachta; cóir chomhionann agus cothrom na féinne

Déanfaimidne in SMA measúnú ar ár gcreat maoirseachta le hais na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde. Cuirfimid na cuir chuige náisiúnta is fearr le chéile chun creat dea-chleachtais a thógáil le haghaidh maoirseacht baincéireachta ar fud na mBallstát rannpháirteach, ag baint tairbhe as ár ndearcadh ar na hinstitiúidí ar fad. Cinnteoidh SMA comhlíontacht leis an leabhar rialacha aonair agus na prionsabail agus na cleachtais mhaoirseachta bhainteacha, rud a chinnteoidh go bhfuil cothrom na féinne agus cóir chomhionann ann maidir le gach institiúid a ndéantar maoirseacht orthu.

Cur chuige bunaithe ar riosca agus comhréireacht; gníomh maoirseachta

Beidh maoirseacht baincéireachta SMA sofhreagrúil agus bunaithe ar riosca, ag úsáid breithiúnais agus measúnú criticiúil forásach. Cuirfear san áireamh an seans go dteipfidh institiúid nó institiúidí agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar chobhsaíocht airgeadais. Leanfaidh cleachtais mhaoirseachta SMA prionsabal na comhréireachta, ag athrú neart na maoirseachta de réir thábhacht sistéamach agus phróifíl riosca na mbanc a ndéantar maoirseacht orthu. Cothaíonn cur chuige SMA gníomh éifeachtach agus tráthúil trí mhonatóireacht a dhéanamh ar fhreagairt institiúidí creidmheasa.

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht