Cinnteoireacht
Tá an t-údarás againn cinntí maoirseachta a dhéanamh agus tá ceangal dlí ar na bainc faoinár maoirseacht na cinntí seo a leanúint.
Conas a dhéanaimid cinntí?
Ullmhaíonn an Bord Maoirseachta dréachtchinntí agus glacann an Chomhairle Rialaithe leo faoi nós imeachta neamhagóide. Mura gcuireann an Chomhairle Rialaithe in aghaidh na ndréachtchinnte laistigh de thréimhse sainithe ama, meastar go nglactar leis an gcinneadh.

Tá sé de dhualgas orainn míniú a thabhairt maidir lenár gcinntí
Tá réasúnaíocht shoiléir ina leagtar amach na fíorais ábhartha, cúiseanna dlíthiúla agus na breithnithe maoirseachta is bonn leis an gcinneadh ag gabháil lenár gcinntí maoirseachta.
Ceart na mbanc éisteacht a fháil
Ní mór an deis a bheith ag na bainc faoi thionchar ár ndréachtchinntí barúil a thabhairt faoi na cinntí sin sula nglacfar iad. Áirithíonn sin gur féidir leo freagairt dár n-anailís fhíorasach agus dhlíthiúil, agus déanann sé cinnte go bhfuil ár gcinnteoireacht bunaithe ar thacar iomlán faisnéise.
Ceart na mbanc rochtain a fháil ar chomhaid mhaoirseachta
Tá an ceart ag na bainc rochtain a fháil ar chomhaid mhaoirseachta sula nglacfar le cinneadh ar féidir tionchar diúltach a bheith orthu. Is féidir leo rochtain a fháil ar an gcomhad ó thús an nós imeachta maoirseachta go dtí go mbeidh an cinneadh críochnaitheach.
Prionsabal na deighilte
Chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann idir beartas airgeadaíochta agus freagrachtaí maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh a sheachaint, coimeádtar ár gcuspóirí, próisis chinnteoireachta agus cúraimí óna chéile.