Ceisteanna coitianta…
…maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair
Is creat nua le haghaidh maoirseacht ar bhaincéireacht san Eoraip é an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA). Cuimsítear ann an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis náisiúnta maoirseachta de chuid thíortha rannpháirteacha an Aontais Eorpaigh. Is iad a phríomhaidhmeanna:
- sábháilteacht agus fóntacht an chórais baincéireachta Eorpaigh a chinntiú
- comhtháthú agus cobhsaíocht airgeadais a mhéadú san Eoraip
Is garsprioc thábhachtach é SMA i dtreo aontas baincéireachta laistigh den Aontas Eorpach.
Le sásra maoirseachta a bhfuil an Eoraip trí chéile páirteach ann, laghdófar an nasc idir bainc agus tíortha náisiúnta. Cabhraíonn sé sin le hiontaoibh a atógáil as earnáil bhaincéireachta na hEorpa.
Ba léir ón ngéarchéim airgeadais cé chomh tapa agus tréan atá fadhbanna san earnáil airgeadais de chuid tír amháin in ann scaipeadh chuig ceann eile, go háirithe in aontas airgeadaíochta, agus an chaoi ar féidir leis na fadhbanna sin tionchar díreach a imirt ar shaoránaigh ar fud tíortha éagsúla.
Taobh amuigh den bhunús dlí, tá roinnt fáthanna ann ar thug an Banc Ceannais Eorpach faoin tasc nua maoirseachta ar bhaincéireacht:
- Neamhspleáchas – Mar institiúid neamhspleách ag leibhéal an Aontais Eorpaigh, cinntítear go mbeadh dearcadh Eorpach ann i leith na maoirseachta baincéireachta. Lagaíonn sé seo an lúb aiseolais dhiúltaigh idir stáit agus bainc náisiúnta.
- Saineolas – Tá go leor saintaithí ag an mBanc Ceannais Eorpach cheana féin a bheith ag deanamh anailíse ar institiúidí agus margaí airgeadais. Mar sin, tá na hacmhainní aige agus – in éineacht leis na húdaráis náisiúnta maoirseachta – an cumas teicniúil aige chun an tasc casta seo a chur i gcrích.
- Idirdhealú na dtascanna – Cinntíonn na prionsabail eagraíochta a shainmhínítear sna gníomhartha dlíthiúla ábhartha go ndéanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht neamhspleách ar bheartas airgeadaíochta.
Leagtar amach i gCreat-Rialachán SMA an struchtúr dlíthiúil le haghaidh comhoibriú le maoirseoirí náisiúnta, a dtugtar údaráis inniúla náisiúnta (UINanna) orthu freisin, laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair (SMA). Rialaíonn sé caidrimh idir an Banc Ceannais Eorpach agus maoirseoirí náisiúnta agus áirítear rialacha ann a bhfuil baint dhíreach acu le bainc.
Cuireadh roinnt socruithe cuntasachta i bhfeidhm chun an Banc Ceannais Eorpach a choinneáil cuntasach go daonlathach as a thascanna maoirseachta. Áirítear leo sin:
- tuairisciú rialta chuig Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, an Grúpa Euro agus na parlaimintí náisiúnta de chuid na mBallstát rannpháirteach
- iniúchóireacht Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
- cumhacht dhlíthiúil de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Clúdaítear gnéithe praiticiúla de chleachtas na cuntasachta daonlathaí sin le Comhaontú Idirinstitiúideach idir an Banc Ceannais Eorpach agus Parlaimint na hEorpa agus Meabhrúchán Tuisceana idir an Banc Ceannais Eorpach agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Cuntasacht
thascanna maoirseachta agus a thascanna beartais airgeadaíochta?
Tugtar faoi thascanna maoirseachta agus beartais airgeadaíochta go neamhspleách agus pléann comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh deacrachtaí beartais airgeadaíochta agus maoirseachta i gcruinnithe ar leithligh.
Thairis sin, úsáidtear deighilt eagraíochta de bhaill foirne a chuireann go díreach leis na tascanna beartais airgeadaíochta chun coinbhleachtaí leasa féideartha a sheachaint.
…maidir le hobair ullmhúcháin
Tháinig an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) i bhfeidhm ar an 4 Samhain 2014.
Ar an 15 Deireadh Fómhair 2013, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh go foirmiúil an Rialachán maidir an Sásra Maoirseachta Aonair, tar éis caibidlíochtaí le Parlaimint na hEorpa. Tháinig an Rialachán SMA i bhfeidhm ansin i ndiaidh a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Faoi Rialachán SMA, bhí ar SMA a bheith go hiomlán i bhfeidhm tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm.
Tógadh agus comhtháthaíodh struchtúir eagraíochta nua san eagraíocht ina hiomláine. Forbraíodh cuir chuige inmheánacha agus earcaíodh na baill foirne bhreise a theastaigh chun na tascanna nua a chur i gcrích.
Ba é an measúnú cuimsitheach an “tseiceáil sláinte airgeadais” ar bhainc shuntasacha i limistéar an euro agus i dtíortha rannpháirteacha. Chuimsigh sé dhá cholún chomhlántacha:
- athbhreithniú ar cháilíocht sócmhainní
- tástáil struis
- trédhearcacht – ba cheart go mbeadh rochtain ag gach geallsealbhóir ar eolas faoi bhail a mbanc
- deisiúchán – ba cheart deacrachtaí a aithníodh a dheisiú más gá agus nuair is gá
- forbairt iontaoibhe – ba cheart go mbeadh gach geallsealbhóir muiníneach go bhfuil na bainc fónta go bunúsach agus gur féidir brath orthu
Chlúdaigh an measúnú, a thosaigh i mí Dheireadh Fómhair 2013 agus a mhair 12 mhí, na 130 banc is mó sa limistéar euro. Ba chéim thábhachtach é maidir le hullmhúchán an tSásra Maoirseachta Aonair agus bhí trí phríomhsprioc aige: Measúnú cuimsitheach
…maidir le maoirseacht ar bhaincéireacht
Ó mhí na Samhna 2014, ba é an Banc Ceannais Eorpach a bhí go hiomlán freagrach as na príomhthascanna a bhaineann le maoirseacht stuamachta na mbanc. Tá an chumhacht aige, i measc nithe eile:
- údarú na mbanc uile san tíortha rannpháirteacha a dheonú/a tharraingt siar
- measúnú a dhéanamh ar éadáil agus ar dhiúscairt sealúchas i mbainc
- a chinntiú go gcomhlíontar na ceanglais stuamachta ar fad a leagtar síos i rialacha baincéireachta an Aontais Eorpaigh, agus, nuair is gá, ceanglais stuamachta níos airde a shocrú le haghaidh banc chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint
Tíortha an limistéir euro
Bíonn na tíortha sa limistéar euro rannpháirteach go huathoibríoch.
Dlúthchomhar le tíortha nach bhfuil sa limistéar euro
Is féidir le Ballstáit de chuid Aontais Eorpaigh nach bhfuil an euro mar airgeadra acu rogha a dhéanamh a bheith rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) ach a maoirseoirí náisiúnta ag dul isteach i “ndlúthchomhar” leis an mBanc Ceannais Eorpach.
Comhoibriú le tíortha taobh amuigh de SMA
Maidir leis na tíortha san Aontas Eorpach nach bhfuil rannpháirteach agus tíortha taobh amuigh den Aontas Eorpach, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis maoirseachta náisiúnta ábhartha meabhráin tuisceana a chur i gcrích ach cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhoibreoidh siad chun tascanna maoirseachta a chur i gcrích.
Meastar grúpaí baincéireachta a chuimsíonn roinnt banc aonair mar institiúid amháin.
Maoirseacht dhíreach
Táan Banc Ceannais Eorpacj ag déanamh maoirseacht dhíreach ar 109 banc suntasach a dhéanann ionadaíocht ar bheagnach 82% de na sócmhainní baincéireachta iomlána sna tíortha rannpháirteacha.
Maoirseacht indíreach
Déanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht indíreach ar bhainc a bhfuil níos lú suntais ag baint leo sna tíortha rannpháirteacha, agus tá thart ar 2,600 acu ann. Ach is féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach cinneadh a dhéanamh am ar bith teacht i gceannas ar an maoirseacht dhíreach de chuid aon cheann de na bainc sin chun cur i bhfeidhm leanúnach na gcaighdeán ard maoirseachta a chinntiú.
Liosta na mbanc a ndéantar maoirseacht orthuTá an cinneadh maidir le cibé acu an banc suntasach nó nach banc suntasach é banc ar leith bunaithe ar na nithe seo a leanas:
- a mhéid
- a thábhacht do gheilleagar na tíre ina bhfuil sé nó don Aontas Eorpach iomlán
- suntasacht a ghníomhaíochtaí trasteorann
- an ndearna nó nach ndearna sé iarratas ar chúnamh airgeadais nó an bhfuair sé é go díreach ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach nó ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais
I ngach tír rannpháirteach, is gnách go mbíonn ar a laghad na trí bhanc is suntasaí faoi réir maoirseacht dhíreach an Bhainc Ceannais Eorpaigh, beag beann ar a méid iomlán.
Moltar duit é a thuairisciú don Bhanc Ceannais Eorpach má tá amhras ort gur sáraíodh dlíthe an Aontais Eorpaigh a bhaineann le tascanna maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Clúdaíonn sé sin aon sárú a líomhnaítear a rinne bainc a ndéantar maoirseacht orthu, maoirseacht a dhéanann maoirseoirí náisiúnta nó a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach féin. Coimeádtar gach eolas a fhaightear faoi rún.
Sárú a thuairisciú
Fanfaidh tascanna amhail cosaint tomhaltóirí agus an troid in aghaidh sciúradh airgid mar inniúlacht náisiúnta. Ba cheart aon sárú ar dhlíthe a bhaineann leis na réimsí sin a thuairisciú chuig an maoirseoir náisiúnta.
Údaráis náisiúnta i bhfeighil ar chosaint tomhaltóirí
…maidir leis na gnéithe eagraíochta
Bord Maoirseachta
Chun deighilt na dtascanna maoirseachta agus beartais airgeadaíochta a chinntiú, déanann an Bord Maoirseachta tascanna an Bhainc Ceannais Eorpaigh a phleanáil agus a chur i gcrích. Áirítear leis sin dréacht-chinntí maoirseachta a mholadh, a chuirtear i láthair do Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh lena nglacadh.
Réimsí nua gnó
Agus an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) á thógáil bhí athruithe ag teastáil maidir le struchtúr eagraíochta BCE, lena n-áirítear réimsí nua gnó a chruthú. Tá ceithre Ard-Stiúrthóireacht nua agus Comhrúnaíocht nua amháin tiomanta go hiomlán don mhaoirseacht ar bhaincéireacht.
Seirbhísí comhroinnte
le feidhmeanna agus seirbhísí reatha an Bhainc Ceannais Eorpaigh, cuirtear tacaíocht bhreise ar fáil do SMA. Áirítear leo sin TF, acmhainní daonna, buiséad, staitisticí, cumarsáid, seirbhísí dlí agus riarachán.
An struchtúr eagraíochta ag an mBanc Ceannais EorpachIs é an Bord Maoirseachta, a dtugann an Coiste Stiúrtha tacaíocht dó, a dhéanann tascanna maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh a phleanáil agus a chur i gcrích. Áirítear leo sin a bheith ag tabhairt faoi obair ullmhúcháin agus dréacht-chinntí a mholadh do Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Mura gcuireann an Chomhairle Rialaithe, príomhchomhlacht cinnteoireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, in aghaidh na ndréacht-chinntí a mhol an Bord Maoirseachta, meastar go bhfuil siad glactha. Is iad na Comhfhoirne Maoirseachta a dhéanann maoirseacht laethúil ar na hinstitiúidí creidmheasa suntasacha.
Cinnteoireacht
Comhdhéanamh
Tá na Comhfhoirne Maoirseachta ar cheann de na príomhbhealaí comhoibrithe idir an Banc Ceannais Eorpach agus na maoirseoirí náisiúnta. I gcás gach bainc shuntasaigh, cuireadh foireann le chéile de bhaill foirne na maoirseoirí náisiúnta a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar an mbanc sin agus baill foirne de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh, déanann an Banc Ceannais Eorpach an fhoireann a chomhordú le tacaíocht ó na fo-chomhordaitheoirí ó gach maoirseoir náisiúnta.
Tascanna
Déanann na Comhfhoirne Maoirseachta maoirseacht leanúnach ar na bainc shuntasacha. Is iad na príomhthascanna atá acu ná anailís riosca a dhéanamh ar an eintiteas nó grúpa faoi mhaoirseacht agus an clár maoirseachta a mholadh chomh maith leis na gníomhaíochtaí maoirseachta cuí.
Oibríonn údaráis maoirseachta náisiúnta, a dtugtar údaráis inniúla náisiúnta orthu (UINanna) freisin, go dlúth le BCE. Déanann siad cinntí arna nglacadh ag an mBanc Ceannais Eorpach a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Déanann siad maoirseacht dhíreach freisin ar bhainc a bhfuil níos lú suntais ag baint leo sna tíortha rannpháirteacha, bainc nach ndéanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht dhíreach orthu. Ach is féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach cinneadh a dhéanamh am ar bith teacht i gceannas ar an maoirseacht dhíreach de chuid aon cheann de na bainc sin chun cur i bhfeidhm leanúnach na gcaighdeán ard maoirseachta a chinntiú.
Bíonn UINanna freagrach freisin as cosaint tomhaltóirí agus as sciúradh airgid a chomhrac, atá taobh amuigh de raon freagrachtaí maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
…maidir le cosaint tomhaltóirí
Déanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht ar bhainc sa limistéar euro agus i dtíortha a dhéanann cinneadh a bheith rannpháirteach. Tá tascanna ar nós cosaint tomhaltóirí agus an comhrac in aghaidh sciúradh airgid lasmuigh de raon freagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus mar sin fanann siad leis na húdaráis náisiúnta maoirseachta.
Má bhíonn gearán agat faoi do bhanc, déan teagmháil dhíreach le do bhanc nó cuir do ghearán faoi bhráid an údaráis atá i gceannas ar chosaint tomhaltóirí i do thír féin.
Údaráis náisiúnta i bhfeighil ar chosaint tomhaltóirí
Níl; de bharr riachtanais dhlíthiúla, ní féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach eolas ná sonraí a roinnt maidir le bainc aonair a ndéantar maoirseacht orthu.
Rialachán SMA, Airt. 27(1)
An Treoir um Cheanglais Chaipitil IV, Airt. 53 (1)-(3)
Déan teagmháil dhíreach le do bhanc.
Tá an chumhacht ag an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) chun iarradh ar bhainc tuilleadh airgid a choinneáil i gcúlchiste mar eangach shábhála ar fhaitíos go dtiocfadh fadhbanna chun cinn. Is féidir leis ceadúnais bhainc a dheonú nó a tharraing siar agus, i roinnt cásanna, smachtbhanna a chur ar bhainc má sháraíonn siad na rialacha. Tá sé de rún ag SMA bainc a dhéanamh níos folláine agus níos athléimní maidir le turraingí seachtracha, ar nós géarchéimeanna airgeadais, rud a choinníonn bainc iontaofa agus do choigiltis sábháilte.
Má tá tuilleadh ceisteanna agat, déan teagmháil linn trí info@ecb.europa.eu nó +49 69 1344 1300.