Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ráiteas misin an Sásra Maoirseachta Aonair

Is laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair (SMA), ina bhfuil an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis náisiúnta inniúla, a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach a thascanna maoirseachta. Tá an Banc Ceannais Eorpach freagrach as feidhmiú éifeachtach agus leanúnach SMA, ag féachaint le tabhairt faoi mhaoirseacht fhiafraitheach éifeachtach ar bhaincéireacht, cur le sábháilteacht agus sláine an chórais baincéireachta agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

Agus sinn i mbun ár gcuspóirí a bhaint amach, creidimidne in SMA gur tábhachtaí an chreidiúnacht agus an fhreagracht. Le linn dúinn a bheith i mbun ár gcuid tascanna bímid trédhearcach fad a bhímid ag leanúint na riachtanas rúndachta infheidhme go huile agus go hiomlán. Tá cumarsáid éifeachtach le saoránaigh na hEorpa mar aidhm againn. Táimid tiomanta dár gcaidrimh le húdaráis Eorpacha agus náisiúnta a reáchtáil de réir an dlí ábhartha go huile agus go hiomlán agus aird ar leith á tabhairt againn ar phrionsabal an neamhspleáchais.

Forbraímid cur chuige maoirseachta a chomhlíonann na caighdeáin idirnáisiúnta is airde. Cuirfimid beartais an Aontais Eorpaigh maidir le maoirseacht stuamachta bainc i bhfeidhm ar shlí shoiléir agus éifeachtach, bunaithe ar chreat dea-chleachtais le haghaidh maoirseacht neamhspleách a thugann súil chun cinn ar an todhchaí agus atá bunaithe ar rioscaí. Bíonn meas againn ar phrionsabal na comhréireachta, ar aontas agus ar ionracas an mhargaidh aonair agus ar leas an phobail. Cloímid le dea-rialachas agus déanaimid ár gcuid tascanna i spiorad an chomhoibrithe agus na hoibre foirne.

Gach leathanach sa rannóg seo

Sceithireacht